3 minute read

Brollach

Is cúis áthais dom an tuarascáil seo a thairiscint duit ó Áras an Uachtaráin ar bhliain neamhghnách le linn na paindéime.

Bheadh sé deacair áibhéil a dhéanamh faoin mothú suaite agus éiginnteachta, tráma agus tragóide a cruthaíodh leis an bpaindéim Covid-19, agus í ina cúis leis an anró a chuir ár saolta, ár sochaithe agus ár ngeilleagair - ár mbeathaí go deimhin - trí chéile le linn 2020.

Bhí orm, cosúil leis an oiread sin daoine, le bliain anuas, in éineacht leis an bhfoireann in Áras an Uachtaráin, dul in oiriúint do bhealaí nua oibre. Nuair a tháinig na chéad srianta Covid i bhfeidhm i Márta 2020, breithníodh i dtosach cealú a dhéanamh ar go leor imeachtaí pleanáilte nó iad a chur siar. Tá áthas orm a thuairisciú, áfach, mar gheall ar aistriú bainistithe chuig modhanna agus nósanna imeachta nua, go rabhthas in ann leanúint ar aghaidh le líon suntasach coinní poiblí a bhí beartaithe i rith na bliana.

Cé go mbraithim go mór uaim na deiseanna fáilte a chur roimh na mílte duine a dtugaimid cuireadh dóibh de ghnáth chuig Áras an Uachtaráin, nó mo chuairteanna ar ghrúpaí agus ar eagraíochtaí a chuir ar mo chumas a gcuid gníomhaíochtaí a fheiceáil i bpobail ar fud na tíre, tá súil agam maidir leis na hóráidí a rinneadh chuig ceamara agus leis na teachtaireachtaí a scríobh mé do ghrúpaí éagsúla, go raibh an éifeacht mhianta leo, is é sin buíochas a ghabháil le saoránaigh i ngach áit agus iad a spreagadh.

Rud suntasach in 2020 ba ea ár rannchuidiú le Deich mBliana na gCuimhneachán in Éirinn trí fhorbairt na sraithe seimineár ‘Machnamh 100’ a cheadaíonn spás a thabhairt do mhachnaimh mheasta, agus muid ag leanúint ar aghaidh le meabhrú eiticiúil ar na himeachtaí a mhúnlaigh breith an náisiúin seo 100 bliain ó shin. Leanfar leis na seimineáir seo i rith 2021 agus isteach in 2022 agus muid ag ceiliúradh Cogadh Saoirse na hÉireann, críochdheighilt agus an Cogadh Cathartha.

Cuirtear an tuarascáil seo ar fáil chun cur le mo thiomantas níos mó trédhearcachta agus inrochtaineachta a thabhairt trí fhorbhreathnú a chur i láthair ar phríomhobair Uachtarán na hÉireann, lena n-áirítear mórchoinní, imeachtaí, cuairteanna agus caiteachas a tabhaíodh le bliain anuas. Comhlánaíonn an t-athbhreithniú an saibhreas faisnéise atá foilsithe cheana ar an suíomh gréasáinwww.president.ie a chuimsíonn, chomh maith le sonraí a sholáthar maidir le coinní poiblí an Uachtaráin, rannán ilmheán ina bhfuil leabharlann óráidí i bhformáid fuaime, físe agus scríofa, grianghraif, foilseacháin agus eisiúintí nuachta.

Tá súil agam go mbeidh an foilseachán seo ina chuidiú maidir le léargas níos doimhne a thabhairt ar obair agus ar fheidhmiú Oifig an Uachtaráin. Tá súil agam go mbeidh sé faisnéiseach maidir leis an iliomad daoine agus eagraíochtaí - Ranna Rialtais éagsúla, comhlachtaí Stáit amhail Oifig na nOibreacha Poiblí, an Garda Síochána agus na Fórsaí Cosanta – a ndéanaimid idirghníomhú leo agus a sholáthraíonn tacaíocht ríthábhachtach domsa mar Uachtarán agus d’obair Oifig an Uachtaráin.

Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil le muintir na hÉireann agus leo siúd uile a ghlac páirt sna himeachtaí a cuireadh san áireamh anseo, i mo dhara athbhreithniú bliantúil. Gabhaim buíochas leo as a dtacaíocht leanúnach, a bhfuinneamh seasta agus an obair dhíograiseach a dhéanann siad i dtreo fíorú fhís na todhchaí, a bhunófar ar na mianta ar labhair mé fúthu agus a roinnimid le chéile, comhionannas, cuimsiú, cruthaitheacht agus inbhuanaitheacht ina measc. Le linn mo thréimhse Uachtaránachta bhíodh agus tá sé go fóill, mar aidhm agam a bheith mar Uachtarán do mhuintir uile na hÉireann, cibé áit a bhfuil siad agus cibé coinníollacha a maireann siad iontu.

Beir beannacht.

Micheál D. Ó hUigínn Uachtarán na hÉireann

“Níl aon amhras faoi gur imir scaipeadh an víris Covid-19 an-tionchar ar ár saolta go léir, agus gur chaill mórán daoine daoine muinteartha agus slite beatha, nó gur athraíodh a saolta ar bhealaí suntasacha.

Bhí orainn go léir bheith ag brath ar dhlúthpháirtíocht daoine eile, i dtuiscint nua nach mbeadh aon duine sábháilte ón víreas go dtí go mbeimis go léir sábháilte.”

An tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn, 16 Deireadh Fómhair 2020