2 minute read

Príomhthéamaí

Tá an ghné seo dá chuid oibre struchtúrtha ag an tUachtarán Ó hUigínn ar roinnt téamaí, tugtha le chéile i roinnt tionscnamh speisialta:

• Rannpháirtíocht agus Claochlú – Tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis sochaí níos uilechuimsithí a chur chun cinn mar bhunchloch dá chuid oibre, bunaithe ar a chreideamh daingean go bhfuil cion luachmhar le déanamh ag gach duine in Éirinn agus go neartaítear an tsochaí nuair a thacaíonn sí le héagsúlacht eispéireas agus peirspictíochtaí, agus nuair a bhíonn sí múnlaithe acu siúd. • Samhlaíocht agus an Náisiún – Tá an tionscnamh

Samhlaíochta agus an Náisiúin bunaithe ar dhearcadh an Uachtaráin gur gá cumhacht na n-ealaíon cruthaitheach chun mealladh, dúshláin a thabhairt, claochlú agus cumhachtú a cheiliúradh agus a chosaint. I rith na bliana, d’oibrigh an tUachtarán Ó hUigínn chun aird a tharraingt ar thábhacht na healaíne agus na cruthaitheachta i saol na hÉireann, trí cheiliúradh a dhéanamh ar a

chumhacht chun mealladh, dúshláin a thabhairt, claochlú agus cumhachtú. • Éire Chomhroinnte, Oileán Comhroinnte –

Is é aidhm an tionscnaimh seo ag an Uachtarán plé poiblí a chur chun cinn maidir le conas is féidir linn go léir a bheith rathúil ar oileán na hÉireann, agus muid ag maireachtáil ar aon dul le meas ar ár stair chasta. Le bliain anuas, thug an tUachtarán Ó hUigínn cuireadh do smaointeoirí ó chúlraí, ó phobail agus ó ghrúpaí cultúrtha éagsúla chuig Áras an Uachtaráin, agus chuig a thionscnamh Machnamh 100. • Athmhachnamh a dhéanamh ar an nGeilleagar – Ina chruinnithe agus ina óráidí poiblí, lean an tUachtarán Ó hUigínn le díospóireacht phoiblí níos mó a chur chun cinn faoi bheartas eacnamaíoch agus faoi dhéanamh beartas. Ag leagan béime dó ar a thábhachtaí atá sé níos mó rannpháirtíochta poiblí le beartas eacnamaíoch a chur chun cinn, spreag an tUachtarán díospóireacht ar na beartais a d’fhéadfadh teacht in áit na mbeartas a d’fhág go bhfuil méadú ag teacht ar neamhionannas agus ar bhagairtí don phláinéid.

I mí na Nollag 2020, chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh an údar Áine Ní Ghlinn, an cúigiú Laureate na nÓg, agus roimh an Ollamh Kevin Rafter, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon chuig Áras an Uachtaráin

Ócáid neamhchoitianta a cheiliúradh le daoine urghnácha

Ar an Satharn, 29 Feabhra - lá neamhchoitianta - bhí an tUachtarán Ó hUigínn ina óstach ar theacht le chéile leanaí lena dteaghlaigh chun Lá Idirnáisiúnta Galar Neamhchoitianta 2020 a cheiliúradh.

Thug an tUachtarán cuireadh do líon mór othar Galar Neamhchoitianta agus a dteaghlaigh chuig Áras an Uachtaráin.

Sainmhínítear galar neamhchoitianta mar ghalar a bhfuil leitheadúlacht níos lú ná 5 chás ann i ngach 10,000 duine. Déantar cur síos ar thart ar 8,000 galar neamhchoitianta faoi láthair, agus meastar go bhfuil galar neamhchoitianta ar suas le 300,000 duine in Éirinn.

Cuairteoirí ag ócáid arna óstáil ag an tUachtarán Ó hUigínn chun Lá Galar Neamhchoitianta a cheiliúradh, 29 Feabhra 2020

“Tá na prionsabail a fheidhmíonn mar threoir inár dtiomantas athnuaite chun an víreas Covid-19 a chomhrac bunaithe ar roinnt luachanna bunúsacha a léiríonn go cinnte an chuid is fearr dínn féin, amhail Dlúthpháirtíocht, Cúram, Trócaire agus Cineáltas.

Le bheith éifeachtach tá tiomantais dearfacha ag teastáil uainn go léir agus ní mór dúinn labhairt agus spreagadh a thabhairt dá chéile chun fís a bheith againn faoin solas a thiocfaidh, go cinnte, as ár n-iarrachtaí uile nuair a dhéantar iad a athnuachan agus a athdhúbailt.”

Nollaig 2020