iMúscraí

Page 1

iMúscraí

A haon, a dó, a trí - dip!

Nuachtlitir Chomharchumann Forbartha Mhúscraí

Eagrán #4, Dé Luain 30 Eanáir 2012

Imbolc chugainn

http://www.imuscrai.com

SAOR IN AISCE

Plean oibre 2012 an Chomharchumainn Tosaíocht á thabhairt don teanga agus do thurasóireacht

Liam Ó Maonlaí, duine de na cainteoirí a bheidh ag glacadh páirte in Imbolc 2012 san Ionad Cultúrtha ar 18 Feabhra. Liosta le háireamh iad na cainteoirí atá ar an gclár don triú fhéile Imbolc a bheidh á reachtáil go luath san Ionad Cultúrtha i mBaile Mhúirne. Tomás agus Bernice Uí hAodha atá ag stiúradh na féile seo agus is iontach an coincheap atá ar a chúl. Leagan Gaeilge atá ann den siomposiam idirlín, www. ted.com, ina mbíonn cainteoirí iomráiteacha ag tabhairt oráidí ar réimse leathan ábhar chun sinn a spreagadh agus lón machnaimh a thabhairt dúinn. I measc na gcainteoirí eile atá ar an gclár, tá Feargal Ó Moráin ó Fiontraíocht Éireann, Úna O’Boyle, duine de na ceoltóirí a bhí páirteach sa ghrúpa ‘Hyperborea’ agus an scríbhneir óg, Eoghan Mac Giollabhríde. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an suíomh idirlín www. imbolc.ie agus tá áis ansan chun do thicéid a chur in áirithe. Ar an Aoine, 17ú Feabhra beidh coirmcheoil le Liam Ó Maonlaí san Ionad Cultúrtha.

Breis feola a chur ar an bplean teanga, tionscnaimh turasóireachta bunaithe ar oidhreacht Ghaelach Mhúscraí agus tacú le coistí is grúpaí áitiúla - is iad san tosaíochtaí Chomharchumann Forbartha Mhúscraí don bhliain seo romhainn. Tá an plean oibre do 2012 aontaithe anois ag Coiste an Chomharchumainn agus iarratas seolta le haghaidh deontais reachtála ó Údarás na Gaeltachta a thacóidh linn na haidhmeanna sin a chur i gcíich. Le cúinsí eacnamaíochta fé mar atá faoi láthair tá baol ann go mbeidh ciorruithe ar mhaoiniú an Chomharchumainn ach leanfaimid orainn ag cur lenár seirbhísí a oiread agus ar féidir linn, ag brath ar na hacmhainní atá againn. Tá sé i gceist go mbeadh féile deireadh seachtaine in omós an fhile Múscraíoch, Seán Ó Riordáin i rith an tSamhraidh agus beidh seachtainí saoire á dtairiscint againn dírithe

The Comharchumann’s programme of work includes organising a festival to commemorate the life and work of the internationally acclaimed Múscraí-born poet, Seán Ó Riordáin, and offering week long Irish language courses to families interested in learning Irish.

ar chúnamh a thabhairt do theaghlaigh an Ghaeilge a fhoghlaim. Is cuid tábhachtach d’obair an Chomharchumainn í cur chun cinn na Gaeilge agus beimíd ag gabháil timpeall ar choistí áitiúla chun cuidiú leo cur isteach ar Ghlór na nGael, comórtas náisiúnta a bhronnann duaiseanna ar phobail as ucht a n-iarrachtaí ar son na teanga. Is é 29ú Feabhra an dáta deireannach d’fhoirmeacha iontrála a bheith istigh le heagraithe an chomórtais.

Ag canadh go binn i dteampall Lachtaín

Bhí Cór Chill na Martra ana ghnóthach ag an Nollaig. Díreach roimh an fheile, thaifead siad ar Aifreann nuachumtha agus tá an dlúthdhiosca anois ar fáil ar fuaid Mhúscraí. B’í Gobnait Ní Chonchúir a chum an ceol agus bhí foireann de shaoithe Chill na Martra i mbun cumadóireachta agus aistriúcháin ar na hiomainn. Ina measc tá Seán Ó Múimhneacháin, Dáithí Mac Suibhne, Gobnait Ní Chonchúir agus Gearóid Ó hÉalaithe. Chomh maith leia sin bhí Coirmcheoil Carúil i Séipéal Naomh Lachtaín agus in éineacht le Cór Chill na Martra bhí aíonna speisialta, Cór Dhúiche Ealla. Cór ceithre chuid é Cór Chill na Martra - agus thuas tá na déagóirí. Tá pictiúir eile ón oíche istigh ar Leathnach 5.

Ag troid ar son scoileanna na Gaeltachta- Lch 3 Comharchumann Forbartha Mhúscraí Oifig Sheirbhísí Teanga Mhúscraí Ionad Óige Dónal Ó Liatháin Cúil Aodha Co. Chorcaí. Teil: 026 65781 085 8130777 http://www.imuscrai.com


2

Nuacht

iMúscraí

Dé Luain, 30 Eanáír 2012

Torthaí an Údaráis 68 post nua cruthaithe i Múscraí, laghdú ar an ráta caillteanais post

Cruthaíodh 734 post nua i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta in 2011. Bhí 7,500 post (7,000 lánaimseartha agus 500 páirtaimseartha) i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht an Údaráis ag deireadh na bliana. Nuair a thógtar líon na bpost a cailleadh san áireamh, bhí glanchaillteanas de 104 post i gceist. I Múscraí cruthaíodh 68 post nua san iomlán. Nuair a chuirtear san áireamh poist a tháinig deireadh leo, bhí glan mhéadú de 18 post. Tá deontais €2m ceadaithe ó anuraidh a bheidh 60 post nua eile mar thoradh orthu nuair a bheidh na tograí sin faoi lán tseoil i rith na bliana seo agus ina dhiaidh sin. San iomlán tá 633 ag obair i gcomhlachtaí i Múscraí a fhaigheann tacaíocht ón Údarás. Ba i nGaeltacht Mhaigh Eo agus i Múscraí a tharla go raibh glan mhéadú ar líon na bpost. In ainneoin na haeráide eacnamaíochta dúshlánaí agus an maoiniú laghdaithe

Somex - comhlucht atá ag soláthar postanna i Múscraí a bhí ar fáil ón Státchiste, cheadaigh Údarás na Gaeltachta tograí ina mbeidh infheistíocht iomlán mheasta de €21 milliún ag baint leo in 2011. Táthar ag súil go gcruthófar 400 post nua i gcomhlachtaí Gaeltachta nuair a bheidh na tograí sin faoi lán tseoil. “Tá muid ag súil chomh maith, leis na hacmhainní atá ar fáil dúinn, go gceadófar tograí nua i rith na bliana a chruthóidh thart ar 700 post nua,” a dúirt urlabhraí an Údaráis, Siubhan Ní Ghrianna. Cailltear poist go bliantúil mar ghnáth-chuid den saolré gnó de réir mar a athraíonn

treochtaí na n-earnálacha agus mar a dhéanann fiontair athstruchtúrú ar a ngnó chun feabhas a chur ar a gcumas iomaíochta. “Tá sé thar a bheith tábhachtach mar sin go dtacófar le poist nua leis an leibhéal fostaíochta a choinneáil slán agus bunús fáis don todhchaí a chinntiú,” a dúirt an urlabhraí. Ar ndóigh tá ról tábhachtach ag an Údarás maidir le cur chun cinn na teanga agus tacú le forbairt phobail. Lean an tÚdarás ag tacú le gníomhaíochtaí pobail agus teangabhunaithe sa Ghaeltacht in 2011. Cuireadh tacaíocht ar fáil d’fheidhmiú

Mhic Íre - Daniel Kelleher, Cúl a’ Bhuacaigh 4ú Duais - Dealbh lámhdhéanta ó Mhonarca Prince August, Cill na Martra - Gerard Kelleher, Cluain Droichead. 5ú Duais - Ciseán bídh ó Folláin - David Myers, Árdán Naomh Ghobnait 6ú Duais - 10 mála chnónna do ghadhair ó Red Mills Rian Mac Mathúna 7ú Duais - €50 ó Mhuileann Adhmaid Fred McSweeney Seán Sullivan, Cluain Droichead

8ú Duais - Ciseán Cáise Coolea Cheese - Paudie O’ Leary, Farran 9ú Duais - Dearbhán le haghaidh Gruaiglann Sheila agus Martina, Baile Mhic Íre. - Liam Corcoran 10ú Duais - buidéal biotaille ó Thigh Tábhairne Bharr a’ Chuma, Juliet Twomey Ó Gráda 11ú Duais Buidéal Fíona ó Costcutters, Baile Mhic Íre Míchael Casey. 12ú Duais - Buidéal Biotaille ó Margaret O’Sullivan - Dan Desmond, Baile Mhic Íre.

Torthaí crannchuir an chlub gunna

Bhí crannchur ag Club Gunna Bhaile Mhúirne/Chúil Aodha le linn na Nollag. Bhí an tarraingt ar siúl an oíche roimh Oíche Chinn Bliana in Óstán Ghobnatan, Baile Mhúirne. Is iad seo na torthaí. Céad Duais: Dhá oíche ag Seamount B&B, Iarthar Chorcaí - Mícheál Ó Ceallaigh Dara Duais: Pictiúr le Máire Ní Shúilleabháin - Johnny Lynch, Toonsbridge 3ú Duais - €100 ó Mhuileann Adhmaid Uí Loinsigh, Baile

82 naíonra agus naíolann Gaeilge ar a raibh 950 páiste ag freastal agus cuireadh cúnamh ar fáil do 62 club óige agus ionad buail isteach ina bhfuil os cionn 2,000 ball. Cuireadh tacaíocht ar fáil chomh maith do 34 ionad seirbhísí teanga inár fhreastal os cionn 600 duine ar ranganna/cúrsaí Gaeilge i rith na bliana. Tá ionadaíocht ag an Údarás ar ghrúpaí oibre atá bunaithe le díriú ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Is í aidhm na ngrúpaí oibre ná scrúdú a dhéanamh ar an réimse feidhmeanna a bheadh ag Údarás na Gaeltachta, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ag tógáil san áireamh feidhmeanna agus gníomhaíochtaí reatha mar aon leis na bearta sonracha atá luaite i réimsí gnímh na Straitéise, agus moltaí a dhéanamh maidir leis na struchtúir, na hoifigí, na hacmhainní agus an líon foirne a theastódh chun na feidhmeanna sin a chur i gcrích.

In its annual review of 2011, Údarás na Gaeltachta reported that the rate of job loss in Gaeltacht areas has slowed down while 734 jobs were created during 2011. A further 400 jobs are to be created in the short to mid term as a result of investments made in Údarás client companies during 2011. In Múscraí, 68 new jobs were created during the past year. The net gain for Múscraí was 18 new jobs. However, a further 60 jobs will be created in Múscraí as a result of investment made in Údarás client companies during 2011. Údarás is taking a key role in local development and the promotion of the Irish language. Údarás is participating in a working group at Government level to implement the 20 Year Strategy for the Promotion Of Irish 2010-30. Community level groups such as the Comharchumann are helping to implement the Strategy in Múscraí.

Cuireadh na Dáimhe Fáilte go Dáimhscoil Mhúscraí 2012 Le Pádraig Ó Fiannachta, Uachtarán Fáilte roimh baird éigsíní is filí Chun Dámhscoil ghealgháireach Mhúscraí Veidh lucht éisteachta léannta ag fáil ardú croí Agus fuascailt ón ngruaim seo is an ualach imní Atá ag bagairt gach sos ‘rainn ó mhaidin go hoich’. Beidh deisbhéalaí na sean agus fuinneamh na n-óg Ag spalpaireacht grinn agus ag sníomh na gceapóg Ag díbirt pus agus bréiolll ó bhéal is ó bheol Ag tabhairt misnigh is dóchais in áít olagón Is ag cur lenár muinín i nDia is Muire mhór. Beidh ceist ag an rúnaí le cur ós ár gcomhair Le súil go mbeadh réiteach ar chás na ndearói. Is ar cheann de na fadhba d’fhag lucht bainc is stóir Ar an bpobal nár chiontach i gcalaois ná éagóir.


Dé Luain 30 Eanáír 2012

Nuacht

iMúscraí

Bonn óir Uí Riada ag dul go Maigh Eo

Cúpla focal

B’é Tim McHugh ó Mhaigh Eo a bhuaigh Bonn Óir Sheáin Uí Riada i gcraobh an chomórtais le déanaí. Craoladh an babhta ceannais beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Óstán an Rochestown Park. Anseo sa phictiúir le Tim, tá na moltóirí Mary Bergin agus Michael Tubridy. B’é Matt Molly an tríú moltóir agus bhí sé siúd ag éisteacht le ‘Skype’ ó na hOileáin Chanáracha! B’é Peadar Ó Riada a chur an Coirmcheoil i láthair agus b’é freisin a d’eagraigh an comórtas. Bhí an comórtas do cheoltóirí ar an bhfeadóg mhór agus ar an bhfeadóg stáin i mbliana.

Mary Bergin agus Michael Tubridy le buaiteoir Sheáin Uí Riada, Tim McHugh.

Scoileanna i mbaol

Imní faoi threoir nua ón Roinn Oideachais Tá an treoir nua ón Roinn Oideachais agus Scileanna ina chúis imní do phobail na nGaeltachtaí ar fad agus, go deimhin, don phobal tuaithe ar fud na tíre. Más amhlaidh go ligtear don treoir seo seasamh, beidh méadú ar an gcóimheas idir páistí agus múinteoirí. Tá sé ráite go neamh bhalbh ag an Roinn go bhfuil siad ag iarraidh ‘spreagadh’ a thabhairt do scoileanna beaga a roghanna ‘chomhnasctha’ a fhiosrú. De réir na dtreoracha seo, i Meán Fómhair 2014, beidh ar scoil dhá oide 21 dálta a bheith ag freastal ar an scoil chun an dara oide a choimeád. Faoi láthair is é 12 dalta atá ag teastáil. Ardóidh sé seo go dtí 14 i Meán Fómhair na bliana seo agus go dtí 17 ag tús na scoil bhliana 2013/14. Is é 49 dalta atá ag teastáil le haghaidh an tríú oide a choimeád i scoil trí mhúinteoir i láthair na huaire. Méadóidh seo go dtí 51 i Meán Fómhair na bliana seo agus go dtí 54 an bhliain seo chugainn. Beidh 56 ag teastáil in 2014. Chomh fada agus a bhaineann sé le Múscraí, tá dhá scoil go díreach sa bhearna baoil, Scoil Náisiúnta

3

Gaeltacht and rural schools will be hit hard by proposed new Pupil Teacher ratios. Schools who do not meet the criteria of the Department could lose teachers and, eventually, be forced to amalgamate with other schools. By 2014, a two teacher school will have to have 21 pupils to retain its second teacher. At present it’s 12. Three teacher schools will have to have 56 students to retain their 3rd teacher. A national protest in Dublin is being planned.

Chúil Aodha/Barr d’Ínse agus Scoil Náisiúnta Réidh na nDoirí. Is scéal náisiúnta é seo sa chiall is go bhfuil 17 scoil Gaeltachta as 23 i nGael-

Faigheann Comharchumann Forbartha Mhúscraí tacaíocht ó:

tachtaí na Mumhan faoi bhagairt. Sin 73%! In iarthar Chorcaí, tá 40 scoil as 56 i mbaol - sin 71%. Is cinnte go bhfuil buntáistí ag scoileanna beaga tuaithe i gcomparáid le scoileanna uirbeacha ina bhfuil líon mór daltaí i ngach rang. Ach is mó i bhfad na míbhuntáistí agus is mó arís iad sa Ghaeltacht, de bharr, i measc rudaí eile, teip na n-údarás an tacaíocht chuí i bhfoirm téacsleabhar is acmhainní eile a chur ar fáil. Beidh agóid á dhéanamh faoi seo i mBaile Átha Cliath go luath. Éiseofar fógra trí na scoileanna chun tuismitheoirí a chur an eolas. Ag cruinniú poiblí i nDún Mánmhuí le déanaí bhí slua de bhreis is 700 i láthair le toscaireacht láidir ó Mhúscraí. Is cinnte go dtugtar éisteacht do dhaoine nuair a eiríonn leo a léiriú nach amháin go bhfuil siad ceart - ach go bhfuil go leor acu ann.

A luaithe agusa raibh an bhagairt do Stáisiún Ghardaí Bhéal Atha’n Ghaorthaidh curtha ar leataobh, tháinig bagairt tra om chúiseach don saol pobail i Múscraí sna sála air. Is cinnte go bhfuil cúrsaí eacnamaíochta go holc faoi láthair ach is olc an mhaise d’aon rialtas iachall a chur ar ár bpáistí íoc as peacaí na mbanc, na bhforbróirí agus lucht caimiléireachta. Tá pobail tuaithe ar fud na tíre anois ag fáil amach faoin éiric a bheidh le hioc as an méid a tharla le linn ré an Tíogair Cheiltigh. Ní ar mhaithe le leasú a dhéanamh ar an gcóras oideachais atá na ciorruithe seo á moladh - is é coigilt airgid an príomh ghnó. Is mór an trua nach bhfuil an fhís ag na h-údaráis a fheiscint gur ionann caiteachas ar oideachas ár bpáistí agus infheistíocht sa todhchaí. Nílimíd ach ag cur ár dtodhchaí féin le scian má ligtear do chiorruithe den tsort titim amach gan troid fiochmhar a chur ina gcoinnibh. Is breis tacaíochta atá ag teastáíl ónár scoileanna, go háirithe scoileanna Gaeltachta, i bhfianaise na hoibre a bheidh orthu a dhéanamh chun leithéidí na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm.

Scríbhneoirí Teicniúla ag Teastáil

Tá 4 Scríbhneoir Teicniúil á lorg faoi láthair ag Bard na nGleann (ag trádáil mar Bárd), a bhfuil a cheanncheathrú lonnaithe i mBéal Átha’n Ghaorthaidh, Co. Chorcaí le hoifigí satailíte i gCathair Chorcaí agus i nGleann Silicon, California. I measc freagrachtaí na bpost d’fhéadfadh go mbeadh scríobh cáipéisíochta d’fheidhmchláir bhogearraí i ndlúthchomhar le lucht forbartha bogearraí agus bainisteoir réitigh, scríobh cáipéisíochta cumraíochta agus feidhmithe & meantóireacht ar scríbhneoirí le níos lú taithí acu. Níl aon Ghaeilge i gceist leis an bpost seo! Scileanna Riachtanacha n 3+ bliana taithí phraiticiúil ag obair mar fhorbróir faisnéise/scríbhneoir teicniúil, de rogha sa tionscal TF nó bogearraí n Cumas léirchruthaithe chun tascanna oiriúnaithe, le feasacht ar ríomhchlárú de dhíth, a thuiscint agus a scríobh n Taithí ar FrameMaker, Acrobat, MS Word, Visio, RoboHelp agus pacáiste grafaicí cosúil le PhotoShop n Tuiscint mhaith ar shaolré na forbartha bogearraí agus ar phróisis foilseachán n Feasacht/taithí ar Cisco n Scileanna cumarsáide den chéad scoth Breis eolais: Má tá suim agat sna poist seo seol CV agus litir chumhdaigh (i mBéarla) le do thoil chuig info@bardnangleann.com Le haghaidh a thuilleadh eolais ar na folúntais déan teagmháil linn ar 026 47330


4

Muintir Mhúscraí

iMúscraí

Dé Luain, 30 Eanáir 2012

Ag síniú an chonartha le haghaidh togáil na dtithe shoisialta i mBaile Mhúire, bhí, ar chúl, Micheál Ó Ceallacháin, Andrias Ó Muineacháin, Séan Mac Carthaigh. Chun tosaigh, Eibhlín Ní Cheilleachair, Séan Ó Murchú, Pat Cullinane, Donal Ó Riordán

Bhí cruinniú le déanaí ag Conradh na Gaeilge, Baile Mhúirne, chun an bhliain nua a phleanáil. Seo iad an coiste a toghadh. Chun tosaigh: Bernice Uí Aodha (rúnaí) agus Domhnall Ó Loingsigh(cathaoirleach) Ar chúl: Derry Ó Duinnín (leaschathaoirleach) Seán de Búrca(Cisteoir) & Liadh Ní Riada(OCP.)

Dónal & Máire UíLiathain le Siobhán Uí Laoire ag Coisir na Seanóirí i mBéal Átha’n Ghaorthaidh Grianghraf le Nóirín Uí Thuama

A haaon, a dó, a trí...dip. Rós de Róiste, Karen Ní Chatháin agus Marian Ní Loingsigh ag glacadh páirte i Dip na Nollag i gCúil Aodha. Bailíodh isteach is amach le €2500 do chiste na linne. Tá Comhaltas Chosanta Chúil Aodha fíorbhuíoch as an tacaíocht. Grianghraf le Cathal Twomey

Péigí Uí Shíocháin, an tSráid, agus Annie Uí Dhuinnín, Eachros, ag Cóisir na Seanóirí. Grianghraf le Nóirín Uí Thuama

Siobhán Uí Laoire lena deirfiúr, Máire Uí Riordáin, & Nóra Uí Bhuachalla ag Coisir na Seanóirí. Grianghraf le Nóirín Uí Thuama

Péigí Uí Éalaithe agus Siobhán Uí Éalaithe, Cuan Barra, ag Coisir na Seanóirí. Griangraf le Nóirín Uí Thuama

Seán Ó hArgáin,Labhrás Ó Tuama & Liam Ó Tuama ag cabhrú ar an lá. Grianghraf le Nóirín Uí Thuama


Dé Luain 30 Eanáír 2012

iMúscraí

Tá coiscéim coilligh sna trathnóntaí le gairid agus tá daoine ag beartú cad é a dhéanfaidh siad i gcaitheamh na míonna atá romhainn. Seo fógra a tháinig chomh fada linn ó Pheadar Ó Riada faoi eagrais a bhfuil baint mór aige leo. Tá fáilte á fhearadh aige roimh dhaoine ar mhaith leo bheith páirteach.

Mhuileann. Dámh Talahaiochta gach Marit 8:30 Dáimh Fuinnimh gach Máirt ag 8:30 Dáimh Amhránaíochta gach Céadaoin ag 9:30 Dáimh Staire gach Déardaoin 8:00 Ní gá ach teacht chun ballríocht a shlánú Is féidir breis fiosruithe a chur faoi bhráíd Gobnait Ní Chrualaoi, Túnlán

Pobal Mhúscraí 5

Anois teacht an Earraigh...

Acadamh Fodhla Tá Dámha Acadamh Fódhla ag suí uair sa tseachtain as seo go samhradh. Tá fáilte roimh gach éinne bheith ina mbaill. Suíon gach Dáimh sa

Cór Chúil Aodha Bíonn fáilte roimh baill nua aon uair. Oscailte d’fhir agus buachaillí araon. Is gnáthaí cleachta gach oíche

Luain ó 9 - 10:00. Fiosruithe tar éis Aifrinn 10:00, i gCúil Aodha, aon Domhnach. Cór Ban Chúil Aodha Bíonn fáilte i gcónaí roimh aon bhean bheith ina ball. Bíonn cleachtadh gach Céadaoin ar a 8:00 in Ionad Cultúrtha Bhaile Mhuirne Ní gá ach teacht isteach oiche chleachtaidh chun fiosruithe nó ballríocht a bhaint amach nó labhairt leis an leabharlannaí Eibhlín Ní Laoire sa Leabharlann i mBaile Mhúirne.

Dónal Ó hÉa0laithe, Saoi, Dáimh Staire, i mbun suirbhé i Reilig Ghobnatan

Cór bhinn Chill na Martra

Comhalta tofa ar bhórd an Údaráis, Mícheál Ó Scanaill, agus Liam Ó Cuinneagáin ag an cruinniú sa Mhuileann

Caint spreagúil faoi thurasóireacht teanga

Bhí slua brea i láthair i Músaem an Mhuilinn roimh Nollag le haghaidh caint spreagúil faoin turasóireacht teanga a thug cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Liam Ó Cuinneagáin. Tháinig sé ar chuireadh ón gComharchumann chun labhairt faoin slí ar bhunaigh sé Oideas Gael na blianta ó shin i 1984. Labhair sé faoi na cosúlachtaí idir a cheantar dúchais féin, Gleann Cholmcille i ndeisceart Thír Chonaill agus ceantar Mhúscraí chomh fada agus a bhaineann sé leis an teanga. Mhothaigh sé gurb amhlaidh an scéal i go leor Gaeltachtaí - gur mhothaigh sé go raibh an Ghaeilge ag sleamhnú ón bpobal. Agus chuir sé roimhe iarracht a dhéanamh an Ghaeilge agus an eacnamaíocht a cheangal go dearfach. An chéad bhliain, bhí 34 foghlaimeoir fásta ag freastal ar chúrsaí Oideas Gael. Leagadh béim ar úsáid a bhaint as acmhainní áitiúla. Bheadh Scoil Samhraidh ina mbeadh gnéithe den chultúr lárnach ann.

Tá fás tagtha ar an tinreamh ag Oideas Gael gach bliain ó shin. In 2011 bhí tinreamh 1400 duine ar na cúrsaí. Bionn réimse leathan cúrsaí ar fáil agus tá curtha go mór leis na háiseanna atá á dtairiscint do na rannpháirtithe. Is í margaíocht an phríomh thoisc san obair seo go léir agus bionn Liam féin ag taisteal go hidirnáisiúnta go minic chun earcaithe nua a aimsiú. Uirlis amháin sa mhargaíocht leanúnach an iris idirlín www.beo.ie. Tá sé i gceist go mbeidh Múscraí ag leanúint sampla Oideas Gael agus ag díriú ar chúrsaí ar leith a thairiscint do theaghlaigh ar mhian leo an Ghaeilge a fhoghlaim. Bainfear triail as an Samhradh seo nuair a bheidh dhá chúrsa seachtaine á reáchtáil. Ag an am céanna beidh féile filíochta deireadh seachtaine á eagrú chun saol agus saothar Sheáin Uí Riordáin a chomóradh. Beidh tuilleadh eolais faoi na tograí seo in eagráin iMúscraí amach anseo. Bígí ag faire ar an spás seo agus ar www.imuscraí. com don eolas is déanaí.

Painéal na bpáistí, Cór Chill na Martra Coirmcheoil na gCarúl roimh na Nollag

Painéal na mban, Cór Chil na Martra

Painéal na bhfear, Cór Chill na Martra


6

Nuacht an Chomharchumainn Oíche oscailte ag CLG Naomh Abán

Beidh oíche clárú ballraíochta agus eolais ar siúl ag an gCumann in Óstán Ghobnatan ar an Satharn an 4ú lá de Mhí Feabhra óna 7.00 go dtí a 9.00 a chlog. Cuirfear fáilte roimh baill nua. Registration / membership renewal and information night on Saturday February 4th in Óstán Ghobnatan between 7.00 and 9.00 pm. New members welcome.

Ranganna Gaeilge

Tá ranganna Gaeilge á reáchtáil faoi láthair ag an gComharchumann. Bíonn siad ar bun san Ionad Áise i Réidh na nDoirí gach Máirt ag 7 in (le haghaidh tosnaitheoirí) agus ag 8in (dóibh san atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge). Breis eolais ar 085 8130777/026 65781. Irish classes are ongoing at the Ionad Áise in Réidh na nDoirí every Tuesday night. Organised by the Comharchumann, new recruits are always welcome. For extra info, please contact the above numbers.

Cruinniú teanga Beidh cruinniú faoi phleanáil teanga i gCuan Barra i mBéal Átha’n Ghaorthaidh ar an Déardaoin, 2ú Feabhra, ag 8in. Beidh fáilte roimh dhaoine ar mhaith leo bheith páirteach i meitheal oibre chun feoil a chur a phleán teanga Mhúscraí. Tuilleadh eolais ó 026 65781.

Amchlár an bhainisteora

Bíonn Concubhar Ó Liatháin, Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Mhúscraí, i láthair ag oifig na heagraíochta san Ionad Óige i gCúil Aodha óna 9-5in Dé Luain, Déardaoin agus Dé hAoine de ghnáth. Ar an Máirt, de ghnáth, bíionn sé i gCúil Aodha go dtí 1in agus ansan i gCois Cille i gCill na Martra óna 2in go dtí 4in. Ar an gCéadaoin bíonn sé i gCúil Aodha go dtí 1in agus i gCuan Barra i mBéal Átha’n Ghaorthaidh idir 2in4in. Fáilte roimh gach éinne teacht chun cainte leis agus is féidir teacht air ag an uimhir fóin: 026 65781 nó ar an bhfón póca:085 8130777.

Leas Mhúscraí an phríomhaidhm iMúscraí

Dé hAoine, 27 Eanáir 2012

Iarratais ar Leader agus LCDP á meas ag POBAL

Tar éis don tubaist a thit amach do Mheitheal Forbartha na Gaeltachta i mí Mheán Fómhair seo chaite, tá pobail Gaeltachta ar fuaid na tíre fágtha gan teacht ar chistí Leader agus iad buartha freisin faoi thacaíocht leanúnach a bheith ar fáil don scéim LCDP Cé nach raibh aon bhaint ag Meitheal Mhúscraí leis an méid a thit amach le MFG, ní hionann sin agus a rá nach bhfuil an eagras áitiúil a bhfuil sárobair déanta aige agus an bhfoireann chumasach ann i gcaitheamh na mblianta buailte go trom ag an méid a thit amach. Bhí slua mór i láthair ag cruinniú san Ionad Áise ag deireadh mí na Samhna chun a dtacaíocht do Mheitheal Mhúscraí a chur in iúl. Beartaíodh d’aon ghuth ag an gcruinniú sin go raibh tacaíocht an phobail ag Meitheal Mhúscraí iarratas a sheoladh chuig POBAL, an grúpa atá i mbun na gcomhpháirtíochtaí áitiúla seo, ionas go

mbeadh an eagras ábalta leanúint air ag soláthar seirbhísí ar nós an córas iompair áitiúil, lón do na seanóirí agus a leithéid. Faoi láthair tá Comhpháirtíocht Chiarraí Thoir agus Thuaidhag tacú leis na seirbhísí sin a chur ar fáil i Múscraí. Tá seo á dhéanamh ar bhonn sealadach agus mairfidh an conradh reatha go deireadh mí na Márta. D’fhéadfaí an conradh sin a athnuachan do thrí mhí ag an bpointe sin agus, go deimhin, gach trí mhí ina dhiaidh sin. Is léir go dtuigeann na húdaráis go bhfuil gá le na seirbhísí a bhí á gcur ar fáil ag Meitheal Mhúscraí i gcaitheamh na mblianta. Níl sé i gceist go mbeidh Meitheal Mhúscraí ag lorg ceannais ar an sciar den chiste Leader a bhíodh á riar ag MFG. Cé gur thug Meitheal Mhúscraí cabhair maidir le líonadh na bhfoirmeacha seo, bhí an gnó seo ar fad á riaradh ag MFG ón gceanncheathrú i gCorca Dhuibhne.

Tá bearna ann anois agus go leor grúpaí pobail i Múscraí imníoch faoi cé acu an mbeidh teacht acu ar Leader amach anseo. Tá deontais ceadaithe do cuid acu agus iad ag feitheamh go fóill ar dhearbhú ón Roinn Comhshaoil go dtiocfaidh an t-airgead sin chuchu gan a thuilleadh moille. Tá obair déanta ag cuid eile ar a bhfoirmeacha iarratais agus iad ag feitheamh ar an lá go mbeidh iarratais á lorg arís ó Mhúscraí agus na Gaeltachtaí eile. Tá grúpa bunaithe, Meitheal Oibre an Iarthair agus na Mí, chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo. Tá ionadaíocht ar an ngrúpa oibre seo ag comharchumainn, grúpaí pobail agus oibrithe pobail ó ar fud na tíre. Rinne an grúpa cur i láthair do POBAL roimh Nollag agus síltear go bhfuair siad éisteacht dearfach ó POBAL. Is cinnte go bhfuil go leor buntáistí ag an Meitheal Oibre mar go bhfuil siad ag tairiscint

struchtúir a chúimseoidh na Gaeltachtaí ar fad agus a chinnteoidh go mbeidh seirbhís trí Ghaeilge á tairiscint. Más amhlaidh go nasctar na ceantair Ghaeltachta éagsúla le grúpaí Leader atá cheana féin ann, ní bheadh aon chinnteacht ann go mbeadh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil. Ceapann Meitheal an Iarthair agus na Mí gur féidir leo struchtúr a bheith in áit chun Leader agus aon conradh eile a bhronnfar orthu a chur ar fáil faoi dheireadh mhí Aibreáin. Má bhronntar an conradh orthu le haghaidh Leader agus LCDP tá siad ag rá go mbeidh siad sásta scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht poist a lonnú i Múscraí. Tá sé ríthábhachtach féachaint chuige go bhfuil Múscraí i lár an aonaigh le haghaidh aon chabhair rialtais nó Eorpaigh atá ar fáil, go h-áirithe in am na géarchéime

Welfare of Múscraí is top priority After the disaster which befell Meitheal Forbartha na Gaeltachta last September, which led to the organisation going into liquidation, Gaeltacht communities throughout Ireland have been left without access to Leader funds. They are also very concerned about future Government support for LCDP While Meitheal Múscraí had no part in whatever led to the downfall of MFG, it is still very much feeling the fallout of that event. Meitheal Mhúscraí and its highly competent and professional team conducted business in an exemplary fashion throughout its history. At the end of November, at a public meeting at the Ionad Áise, a large attendance illustrated the overwhelming community support for Meitheal Múscraí and its excellent work in organising classes for marginalised groups, assisting the elderly and other necessary local development work in Múscraí. At present, support for the ongoing assistance for services for the elderly is being channelled through the North and East Kerry Partnership. This contract is due for

renewal at the end of March and there is a high degree of probability that it will continue to be renewed in the absence of a more permanent structure being put in place to encompass the various Gaeltachtaí or the Múscraí Gaeltacht in particular. The authorities understand well the vital role played by Meitheal Mhúscraí in the provision of essential services and the need to maintain those services at present and into the future. Meitheal Mhúscraí, however, has not been involved in the administration of Leader funds in the past and has not applied to POBAL to administer Leader funds. Community groups and others throughout Múscraí are reliant on Leader to support their efforts in carrying out essential works and boosting local development. Projects that qualify for assistance from Leader can get at least 75% of the costs covered by the fund. It’s also a good deal for the Government for every Euro it contributes, the EU contributes two. Some local groups were badly caught out when the MFG cri-

sis erupted in September. Even though their grants had been approved by MFG, they still have to be paid out to these groups. There has been no definite date announced for the payment of these grants and some people are out of pocket as a result. Other groups were in the process of completing their application forms and submitting them for approval by MFG. There is no mechanism in place at present to evaluate or grant aid applications for Gaeltacht based projects. A new organisation has been formed to ensure the Gaeltacht doesn’t lose out on the Leader funds. Meitheal Oibre an Iarthair agus na Mí is a working group comprising of representatives from Gaeltacht co-operatives throughout Ireland as well as other community groups and local activists. This group made a presentation to the board of POBAL before Christmas and they have said that they were given a fair hearing with positive feedback at this presentation. A significant advantage of this group’s proposal to POBAL

Pobal is assessing bids for LCDP and Leader contracts

is that it offers a structure which would embrace all the Gaeltachtaí. If the various Gaeltachtaí were separated from one another and instead paired with existing Leader companies, it would lead to complications: would these groups be able to deal with Gaeltacht applicants in Irish, for instance? Given that the Government is ostensibly pursuing the implementation of the 20 Year Strategy for the Promotion of Irish, allowing a situation where Gaeltacht applicants would have to resort to English to seek public funding would send a mixed message at best. The working group believes it can be up and running by the end of April and that it can deliver both Leader and LCDP if granted these contracts. It also has promised to examine the possibility of locating some of the workforce in Múscraí, a central location between the Munster Gaeltachtaí. What it boils down to is Múscraí must be able to access funds such as Leader on the same basis as other communties and Gaeltachtaí. This has never been as vital as now.


Dé Luain 30 Eanáir 2012

iMúscraí

Gaoluinn Mhúscraí

7

Stair Mhúscraí Uí Fhloinn Le Dónal Ó hÉalaithe

Sna heagráin de iMúscraí as seo amach, beidh sleachtaí de stair Mhúscraí de réir mar atá scríofa ag Dónal Ó hÉalaithe, ar saoi é i nDáimh Staire Acadamh Fódhla, á fhoilsiú anseo. Beidh fáilte roimh dánta, aistí agus a leithéid ó scríbhneoirí eile an cheantair seo. Cuir glaoch ar: 026 65781/085 813077 nó cuir r-phost chuig concubhar.oliathain@gmail.com

Dáimhscoil Mhúscraí Beidh an Dáimh Scoil ar siúl i mbliana tar éis na Cásca. Thug Leas Uachtarán na Dáímhe, Betsy Ní Shuibhne an méid seo le fios do iMúscraí ag tús na seachtaine seo. Tá an Dáimhscoil á reáchtáil i Múscraí ó 1925 nuair a reáchtáladh an chéad Dáimhscoil i mBaile Mhúirne ar Domhnach Cincíse. Tá obair éachtach á dhéanamh ag coiste na Dáimhe, go háirithe an Monsíneoir Pádraig Ó Fiannachta, Uachtarán na Dáímhe, Betsy Ní Shuibhne an Leasuachtarán agus Peadar Ó Liatháin, an Cléireach, chun an ócáid ar leith seo a choimeád ar siúl. Seo chugaibh Ceist na Dáimhe arís - agus bígí ag fáire ar an spás seo le h-aghaidh a thuilleadh eolais faoi Dháimhscoil 2012. Tá an cuireadh ar Leathnach 2.

An Cheist Fear óg dár dtír ag leanúint Críost Aspal ár n-aoise féinig Bhí sa Chéinia cúpla mí Ach ba mhaith leis a shaol a chaitheamh ann Ní bhfuair se ach mar mheas sé grá Ach na blianta thall anois caite aige – cé spreag an ráfla grana Cé phioc suas é – RTÉ Shéan an sagart é – thug sé gach seans Cad é an cruthú – ní éistfeadh RTÉ Chraoladh an scéal – bhí RTÉ cinnte Bhí ar an sagart glanadh leis as a pharóiste dúchais Ach bhí dlíodóir amháin a sheasfadh leis San Ard Chúirt d’órdaigh an Príomh Breitheamh Chuadar chun cúirte, mar Ó Conaill fadó, Is bhí an aturnae chomh maith leis aon lá Thug an Breitheamh de Valera a bhreith ar an gcás Agus bhí RTÉ sa dock aige in achar gear Mo ghraidhn sibh a Athar, a Aturnae is a cháirde Peadar Ó Liatháin An Cléireach Samhain 2011

Ins sa ghiota cainte seo, beidh mé a’ cur síos ar an gceanntar seo, Múscraí Uí Fhloinn, dúthaigh áluinn, nádúrtha, taobh tíre atá lán de stair, de sheandálaíocht, de bhéaloideas, de cheol agus de sheannachas, agus ceanntar atá lán de nádúr, de dhúlradh, de sléibhteach, ceanntar, b’fhéidir ná bhéadh thar moladh beirte, uaireannta, ag daoine árd-nósacha, ach, chómh fada agus a bhaineann sé liom-sa, is iad na lochtanna seo, mar a ceaptar, buaic órnáidí an cheantair, agus ní féidir, ní féidir riamh, púicín a chur ar órnáid, ná ar radharcanna nádúrtha. Timpeall an dtaca seo anuraidh chumas píosa filíochta nó amhrán, dár teideal ‘Ceanntar Glas Mhúscraí’ agus chuir Peadar Ó Riada ceol leis. Cuireann an t-amhrán seo síos ar áilneacht nádúrtha an cheantair, na habhní, na srutháin, bláthanna, na luibeanna agus na hainmhithe fiáine, a mháireann sa dúthaig, maraon le stair cosanta, cultúrta, seanachais, ceoil agus bealoideasa an cheantair. Níl aon dabht ná go bhfuil tarrac mealltach ag ceanntar Mhúscraí orainn go léir, i ngan-fhios dúinn féin. Tá sé mar mhagnet, dár ndaonacht, agus de mhianta ár súl. Tá radharcanna máiseacha agus leagadh amach ealadhanta na gcnoc, na ngleann, na cumaracha, na h-aibhní, agus na srutháin ar fuaid Mhúscraí, tá siad mar toradh agus mar chruthú ar na milliúin blianta de fás agus de aibiú ar thíreolas an cheantair seo, tireolas agus géineolaíocht, ná ceannódh a bhfuil d’airgead ná de shaibhreas an domhain. Múscraí Uí Fhloinn ab ea sean ainm an cheantair, ainm atá fíor ársa. Tagann an t-ainm ó fear ar a dtugtí Cairbre Musc, mac do Chonaire Mór, Rí Éireann sa 3ú aois, agus is é an an brí a bhí leis an bhfocal ‘rai’ ná an réimse talún

Gaelainn Mhúscraí Focail leis an nguta ‘i’ - cosúil le ‘i’ in ‘in’ Oilte - oilthe - tá an ‘t’ séimhithe le morán focail i Múscraí. Ainm - ainim Binneas-bingeas - ‘inn’ fuaimnithe mar ‘ing’ anseo. Sinne - singnu Culaith éadaigh - culaith íadaigh. Is minic a fhuaimnítear ‘éa’ mar ‘ía’.

Domhnall Ó Loingsigh “é” Aithne - ahini éinne - éngi Aoire - éri Aoinní - éngí Cliste - gliste Aois - aos Tagtha- tagaithe Faoiseamh - féshuv OIdeachas - ideachas. béim réiltíní - réilthíní ar an siolla deireannach) Buíochas - baochas Isteach - isdeach Réalta - réaltha

a bhí fé na ceannas, agus mar sin is as an dá fhocal san, MUSC agus RAÍ, a geineadh an focal Múscraí. Do bhí cúig chinn de Mhúscraithe i gCúige Múmhan sa 4ú agus sa 5ú aois – ach níl fágtha indiu ach Múscraí Chorcaí, nó Múscraí Uí Fhloinn, nó Múscraí Uí Fhloinn mar a glaodtar air. Is i Magh Chromtha agus i nDún Dá Radhairc a bhí dúnta agus caisleáin ag Múintir Fhloinn ar feadh 6 nó 7 de chéadta bliain, ach le linn ré Eibhlíse, do chailleadr a réim agus a gcomhacht, agus do fuair Tadhg na nGall Mac Carthaigh, na táaa tseana shaol do thugtar Múscraí ar an gceanntar chomh fada soir leis an nDruipsí agus Baile ’nChollaig, ach sa lá atá inniu ann, is iad na paróistí atá i nGaeltacht Mhúscraí, ná Uibh Laoire, Baile Mhúirne agus Cill na Martra. Bhuel, do bhíos ag trácht ar áilneacht nádúrtha an cheantair, ó chianaibh, agus níl aon dabht, ná go bhfuil morán sligte éagsúla le focail a nascadh agus a snaidhme le chéile chun ceantracha máisiúla Mhúscraí a mholadh ach braithim gur bí an fhilíocht an módh is éifeachtaí le san a dhéanamh agus mar sin seo a leanas an cur síos a dhein an file Donncha Ó Laoire ar Bhaile Mhúirne agus ar Mhúscraí. Is breá é, amharc, a cnoic ‘sa sléibhte a’s a gleannta féarmhar gach maidean ceoigh. Agus fuaim gach caise, a sníomh go héasca, go sroisid béal na mara móire. Is breá iad coillte, na gcrannaibh díreach, d’fhás go líonmhar i measg gach gleann. Mar a bhfaigheann an sionnach scath agus díon ann, an druide cíor-dhubh, an broc, san creabhair.

Comórtais na míosa

Tá sé i gceist againn an duais a bhí á thairiscint an mhí seo caite a thairiscint arís. Is é sin an leabhar nua de dhánta Sheáin Uí Riordáin, Na Dánta. An cheist an uair seo, cén naomh patrún i Múscraí a bheidh a féile á cheiliúradh i mí Feabhra? Freagraí le bhúr dtoil chuig concubhar.oliathain@gmail.com nó chuig Comórtais ‘iMúscraí’ Comharchumann Forbartha Mhúscraí Ionad Óige Dónal Ó Liatháin Cúil Aodha.

Comórtas #4 iMúscraí Ceist: Cén chontae arbh as do Martin Hayes, an veidhleadóir, atá páirteach sa ghrúpa ‘Triúr’ le Peadar Ó Riada agus Caoimhín Ó Raghallaigh Duais: An dara albam ón dtriúr sárcheoltóir seo, Triúr Aris, a bheidh á éisiúint roimh dheireadh mhí Feabhra. Freagraí chuig: concubhar. oliathain@gmail.com


8

Eolas/imeachtaí

iMúscraí

Dé Luain, 28 Eanáír 2012

Múscraí

Fáilte Welcome Bienvenue a Wilkommen Benvunto 欢迎 ようこそPowitanie добро пожаловать ‫אבה ךורב بيحرت‬ Ongi etorri Deuet mat Croeso Bienvenida Benvinguda Fáilte Welcome Bienvenue a Wilkommen Benvunto 欢迎

Béal Átha’n Ghaorthaidh/Ballingeary Lóistín/Accommodation: よGougane Barra Hotel, www.gouganebarrahotel.com, 026 47069 (Dúnta i rith an Gheimhridh - closed during Winter) Tig Barra House, B&B, Gallery. 026 47016 Buaicphointí Turasóireachta/Tourist Attractions: Loch Allua Tours Jerry O’Sullivan 0860887861 (weather permitting) Bia agus deoch- Food and Drink: Cronin’s Bar and Café, Gougane Barra 026 47031 (Dúnta i rith an Gheimhridh) Ard na Laoi, Pub, Béal Atha’n Ghaorthaidh, 026 47092 Tig Seartan, Pub, Béal Atha’n Ghaorthaidh, 026 47072 Na hEaspaig Bheaga Caifé, Béal Atha’n Ghaorthaidh 086 223 5085 Centra/Gniomhaireacht Phoist, Béal Atha’n Ghaorthaidh

Baile Mhúirne/Ballyvourney- Baile Mhic Íre/Ballymakeera Lóistín/Accommodation: Abbey Hotel Baile Mhúirne 026 45324, www.theabbeyhotel.ie The Mills Inn/An Muileann, 026 45237, www.millsinn.ie Weston House, Baile Mhúirne, B&B, 026 45097 Buaicphointí Turasóireachta - Tourist Attractions: Eas Coille Art Studio, Máire Ní Shúilleabháin 026 45155 Abhainn Gharbh Art Studio, Pauline Dodds, 026 45212 Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne, Centre for Traditional and Contemporary Arts, www.ionadculturtha.ie, 026 45733 Fabulous Fabrics, http://www.thefabulousfabriccompany.ie/ 026 45235 Lee Valley Walking, http://www.leevalleywalking.com/ 026 45642 Bia agus Deoch/Food and Drink An Crúiscín Lán, Baile Mhic Íre 026 45537 Tigh Uí Scanaill, Pub, 026 45079 Tigh Kebab Shani 026 65804

こそPowitanie добро пожаловать ‫ אבה ךורב بيحرت‬Ongi etorri Deuet mat Croeso Bienvenida Benvinguda Fáilte Welcome Bienvenue a Wilkommen Benvunto 欢迎 よ うこそPowitanie добро пожаловать ‫אבה ךורב بيحرت‬ Ongi etorri Deuet mat Croeso Bienvenida Benvinguda Fáilte Welcome Bienvenue a Wilkommen Benvunto 欢迎 ようこそPowitanie добро пожаловать ‫אבה ךורב بيحرت‬ Ongi etorri Deuet mat Croeso Bienvenida Benvinguda Fáilte Welcome Bienvenue a Wilkommen Benvunto 欢迎 ようこそPowitanie добро пожаловать ‫אבה ךורב بيحرت‬ Ongi etorri Deuet mat Croeso Bienvenida Benvinguda Fáilte Welcome Bienvenue a Wilkommen Benvunto 欢迎 ようこそPowitanie добро пожаловать ‫אבה ךורב بيحرت‬ Ongi etorri Deuet mat Croeso Bienvenida Benvinguda www.imuscrai.com Fáilte Welcome Bienvenue a Wilkommen Benvunto 欢迎 Treoir é seo atá dírithe ar chuairteoirí go Múscraí agus is éard atá i gceist leis ná eolas riachtanach i leith lóistín, tábhairní agus bialanna, buaicphointí turasóireachta, imeachtaí agus eile a chur ar fáil. Beidh sé saようこそPowitanie добро пожаловать ‫بيحرت‬ nuachtlitir seo go rialta agus cuirfear fáilte roimh eolas nua, leasuithe is eile. ‫אבה ךורב‬ Ní gá ach teagmháil a dhéanamh linn, 026 65781/085 8130777 concubhar.oliathain@gmail.com う This is a guide for visitorsDeuet to Múscraí and it is intended to contain information relating toBenvinguda accomodation, local Ongi etorri mat Croeso Bienvenida bars and restaurants, tourist attractions, events and more. It will be a regular feature of iMúscraí and, if you wish to have your venue/event/location included in the guide, Fáilte Welcome Bienvenue a Wilkommen Benvunto 欢迎 please contact 026 65781/085 8130777 or email concubhar.oliathain@gmail.com Imeachtaí-Events 29ú Eanáir - Aonach an Phobail, Cúil Aodha, 10.45rn - mean lae. Community Market, after Mass. 3ú Feabhra - Coirmcheoil san Ionad Cultúrtha, Breandán Ó Beaglaoich, Laoise Kelly agus Tommy Peoples. 11ú Feabhra, Lá le Gobnait 17ú Feabhra, Coirmcheoil le Liam Ó Maonlaí, Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, 026 45733. Mar chuid de Imbolc. www.imbolc.ie 18ú Feabhra - Imbolc: Cainteanna ó dhaoine spreagúla. Ionsparáid na bliana. 25ú Feabhra 10in. An Muileann - Oíche ‘Father Ted’ ar son carthanachta i gcomhrac na hailse - Father Ted Fundraiser to combat cancer. More info from Rós de Róiste.

Cill na Martra/Kilnamartyra - Reidh na nDoirí/Reinaree Lóistín/Accommodation: An Cuasán, B&B, Cill na Martra 026 40018 Findus House, B&B, Cill na Martra, 026 40023 Buaicphointí Turasóireachta/Tourism Attractions Prince August Toy Soldier Factory, Visitor Centre, www.princeaugust. ie, 026 40222 Coolavokig Pottery, N22 between Ballyvourney and Macroom, http:// www.coolavokigpottery.com 026 40172/ 087-9184024 Bia agus deoch/Food and Drink An Chrois, Pub, Cill na Martra, 026 40076 Halfway House (Mons Bar), 026 40333 Tig Uí Mhurchú, Pub, 026 40002 For more information and updates:

Cúil Aodha - Coolea Lóistín/Accommodation: Bun a’ Bhaile, B&B, www.bunabhaile.ie, 026 45213 Tír na Meala, B&B, http://www.tirnameala-coolea.com/ 026 45651 Buaicphointí Turasóireachta/Tourism Attractions Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Ionad Óige, 026 65781, www.imuscrai.com Seán Ó Riada statue, Séipéal Chúil Aodha Cór Chúil Aodha, Stiúrthóír: Peadar Ó Riada. Mass at 10am, Sunday. Bia agus deoch/Food and Drink Top of Coom, the Highest Pub in Ireland, 064 6685373

Le haghaidh breis eolais is nuashonraithe


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.