Fleadh Feirste 2016

Page 1

18/11/2016

11:28

Page 1

Dé Sathairn 3 Nollaig • Saturday 3 December Scéalaíocht le Máire Zepf 11rn

Storytelling with Máire Zepf 11am

Tá an t-údar aitheanta Máíre Zepf chun seisiún scéalaíochta a dhéanamh le páistí óga óna leabhar ‘Ná Gabh ar Scoil’. Bhí an leabhar seo agus ‘Lá Leis na Lochlannaigh’ ó pheann Mháire ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló do na leabhair is fearr do pháistí le haghaidh 2016. Imeacht saor in aisce.

The acclaimed author Máire Zepf will join us for some storytelling and fun as she reads from her book, ‘Ná Gabh ar Scoil’. It’s a book young children and their parents will enjoy immensely. This is a free event.

Agallamh poiblí 12 meán lae

Public Interview 12 noon

Agallamh poiblí ag Eoghan Ó Néill leis an iriseoir agus údar aitheanta, Deaglán de Bréadún, faoina shaol agus a shaothar agus é ag seoladh a leabhair nua, Cinnlínte.

Author and journalist Deaglán de Bréadún is interviewed by Eoghan Ó Néill of Raidió Fáilte about his new book which features highlights from his illustrious career as a writer and journalist.

Dé Domhnaigh 4 Nollaig • Sunday 4 December Ceardlann Ealaíne na Fleá do Pháistí 12 meán lae - 2in

Art Workshop for Children 12 noon - 2pm

Seisiún Snagcheoil 1in-3in le Fat Lip agus Caoimhín Mac Giolla Chatháin

Féasta is Filíocht 1in/pm Dánlann Gerard Dillon Beidh cuireadh roimh chairde Liú Lúnasa agus gach duine bia dá gcuid féin a thabhairt leo le haghaidh na hócáide eisceachtúla seo. Cuirfear cúrsa tosaigh agus príomhchúrsa ar fáil. Beimid ag ithe ár gcoda féin agus ag malartú scéalta agus dánta i gcomhluadar filí aitheanta amhail Gearóid Mac Lochlainn, Séamus Barra Ó Súilleabháin agus, ó Thír na mBascach, Yoseba Peña. Beidh táille £10 ar an imeacht seo agus roinnfear an brabús idir Taca agus Liú Lúnasa. Tá ort do shuíochán ag an tábla a chur in áirithe roimh ré – bí ag faire ar shuíomh Facebook Liú Lúnasa agus na Cultúrlainne le haghaidh eolas breise.

You are invited to join us, the friends of Liú Lúnasa, Belfast’s revolutionary new cultural festival/movement, and bring your own favourite dish along to this exceptional event. We will be feasting among friends, along with our comrade poets, Gearóid Mac Lochlainn, Séamus Barra Ó Súilleabháin and, from Euskal Herria, Yosepa Peña. There will be a £10 charge for this event. The profit from the event will be shared by Taca and Liú Lúnasa.

Cothaigh 7in Bialann ‘Bia’

Cothaigh 7pm Bialann ‘Bia’ Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich Is í Forbairt Feirste a reáchtálann an léacht agus dinnéar bliantúil le linn Fleadh Feirste, féile na Ceathrún Gaeltachta, ar mhórthéama na fiontraíochta agus na forbartha faoin teideal Cothaigh. Le cúpla bliain anuas tá scoth na bpríomhchainteoirí idirnáisiúnta a bhfuil próifíl ard acu tugtha chuig an Cheathrú Ghaeltachta ag Forbairt Feirste. Thug siad leo deis fhuinniúil do mhalartú smaointe, taithí agus ceachtanna a chur go mór le múnlú ár gcuid uaillmhianta agus le treoir a thabhairt dóibh. Is suntasach scála na deise athghiniúna atá romhainn leis an chuid seo den chathair a chothú mar cheantar atá nuaaimseartha agus ina bhfuil saibhreas oidhreachta. Beidh aoichainteoirí ann ar an oíche. Tabharfar omós speisialta dár gcara Éamon Ó Faogáin a rinne obair éachtúil i réimse an oideachais.

Forbairt Feirste organise this event to celebrate and highlight the developments and progress made in the flourishing Gaeltacht Quarter. The annual event event is designed to provide a high profile public platform to both shine a light on the development of the Gaeltacht Quarter and to bring together key stakeholders and individuals of influence. There will be guest speakers on the night. There will be a special tribute to our friend, Éamon Ó Faogáin, focusing on his work in Irish Medium Education.

Céilí na Fleá 8in

Charity Céilí 8pm

Cultúrlann, £10/6

Cultúrlann, £10/6

Céilí na Carthanachta ar son cistí éagsúla chun fóirithint ar phobail i gcéin.

A night of music and dancing to aid the impoverished.

Féile bhríomhar a dhéanann ceiliúradh ar Cheathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste, ceantar a bhfuil clú air as a chultúr, as a cheol, as a oidhreacht agus as an Ghaeilge. Gach imeacht @ An Chultúrlann seachas nuair a deirtear a mhalairt.

Féile na Ceathrún Gaeltachta Seo Linn, John Spillane, Aodán Ó Curnáin, Clann Mhic Ruairí, An G-Spota, Máire Zepf, Quioz na Ranganna, Céilí agus go leor eile...

All events at An Chultúrlann except where other venue is stipulated.

Urraíocht ó

C ult úrl

a

Teagmháil Contact: 028 90 964180 www.culturlann.ie 216 Bóthar na bhFál Béal Feirste BT 12 6 AH

An energetic festival celebrating Belfast’s Gaeltacht Quarter, an area renowned for it’s culture, music, heritage and the Irish language.

30/11/2016 - 4/12/2016

McAdam

25

5

2

Find the G-Spota in the company of the Gaels with a top class concert featuring Dysania, Seamus Barra Ó Súilleabháin, Seán Mac an tSionnaigh and Niall.

nn

Blia

á in ag F

Fiaich

Ticéid/Tickets £5 Aimsigh G-Spota na Gaeilge le ceolchoirm den scoth le haíonna ar nós Dysania, Seamus Barra Ó Súilleabháin agus Seán Mac an tSionnaigh agus Niall. Oíche cheoil den scoth atá geallta.

It’s Sunday lunchtime and whether or not you’re feeling the worst for wear after a hectic few days of Fleadh Feirste, this is the ideal opportunity to relax before the evening céili. You’ll be in the super cool company of Caoimhín Mac Giolla Chatháin from Bréag and the very excellent Fat Lip.

Ó

An G-Spota 9.30in/pm

Am lóin Dé Domhnaigh agus ní bheidh cuid againn ach ag múscailt tar éis Fleadh Feirste lán go béal. Seo é an bealach is fearr le suaimhniú síos agus ullmhú do chéilí an tráthnóna – seisiún snagcheoil den chéad scoth lenár gcairde Caoimhín Mac Giolla Chatháin agus Fat Lip, an bhuíon snagcheoil is clúití cois cuain!

fleadh feirste 2016:Layout 1

s


fleadh feirste 2016:Layout 1

18/11/2016

13:43

Page 4

Dé Céadaoin 30 Samhain • Wednesday 30 November Tráth na gCeist Ranganna Amharclann Nic Cionnaith 7in/pm £10 an fhoireann. Ceol ina dhiaidh le Éiriú. Beár ar oscailt. An bhfuil tusa páirteach i rang Gaeilge áit ar bith fud fad Bhéal Feirste - nó thíos fán dtír? Má tá, tá fáilte romhat bheith linn le haghaidh Quiz Mór na Ranganna a bheidh ar siúl againn arís le linn Fleadh Feirste. Tráth na gceist boird a bheidh ann agus beidh fáilte roimh gach rang foireann amháin - nó níos mó - a chur isteach chun go bhfiosróimid cad é an rang is cliste i mBéal Feirste. Beidh duaiseanna do na foirne is fearr agus beidh ceol i ndiaidh an aicsin le “Éiriú”. Oíche den scoth atá geallta.

Are you attending Irish language - or any - classes in the Cultúrlann or throughout Belfast or further afield even? If so you’re welcome to join us for The Great Quiz of the Classes that we will again host as part of Fleadh Feirste. It’s a table quiz and every class is invited to send one team (or more) of five members. We want to find out which is the brainiest class in Belfast! Are you up for the challenge? There’ll be fine prizes to be won and music afterwards with Éiriú! A great night is in store.

Déardaoin 1 Nollaig • Thursday 1 December Ceardlann Coimicí Gaeil le hAodán Ó Curnáin 11rn-1in /11am-1pm SAOR IN AISCE/FREE Tá clú agus cáil ar Aodán nó is é a thosaigh agus a fhoilsíonn go fóill na greannáin Ghaeilge, Rí Rá agus Ruaille Buaille. Thosaigh sé a shaol mar chartúnaí le Lá laethúil. Tá spéis níos mó ná riamh i ngreannáin agus úrscéalta grafacha agus chun teacht i dtír air sin tá Aodán chun a chuid taithí a roinnt linn i gceardlann phraiticiúil.

Aodán’s work as the founder and publisher of Irish language comics, Rí Rá and Ruaille Buaille, is acclaimed and his cartoons for the Irish language daily newspaper, Lá, were widely enjoyed. This workshop aims to introduce participants to a practical experience in preparing comics or graphic novels.

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 25 Bliain ag Fás 7in/pm Agus an Chultúrlann ar an fhód le 25 bliain, is mithid dúinn smaoineamh ar an aistear fhada atá déanta againn mar eagraíocht. Is cúis bhróid dúinn go bhfuil an Chultúrlann ag fás agus ag dul ó neart go neart le breis is 500 imeacht in aghaidh na bliana agus foirgneamh breá inar féidir le Gaeil Bhéal Feirste tacaíocht agus spreagadh a fháil chun saol iomlán˜a chaitheamh trí mheán na Gaeilge agus inar féidir le cuairteoirí blaiseadh a fháil ar chultúr na nGael. Tá an Chultúrlann aitheanta ar fud na hÉireann agus go hidirnáisiúnta mar ionad atá ag brú na Gaeilge chun tosaigh, ag mealladh daoine i dtreo na teanga agus ag tabhairt tacaíochta do ghrúpaí atá tiomanta d’fhiontair nua a chur ar bun. Sa taispeántas seo táimid ag amharc siar ar na daoine agus na tograí a thug saol don Chultúrlann, agus ar an mhéid atá bainte amach againn thar an tréimhse ama sin.

To celebrate a quarter century of Cultúrlann, we are hosting an exhibition of the people and projects that formed what is now a thriving cultural centre which is open seven days a week and which hosts over 500 cultural events per year.

.

Taispeántas Daniel Dowling Via de Plata, Camino de Santiago 7in/pm

Dé hAoine 2 Nollaig • Friday 2 December

Dánlann Dillon Taispeántas é seo leis an ealaíontóir ó thuaisceart Bhéal Feirste a fhaigheann an spreagadh ó shiúlóid a rinne sé ar an Camino de Santiago. Creideann an tealaíontóir ina shaothar an oiread sin gurb é tús agus deireadh a shaoil é, ar shlí. Níos túisce i mbliana chaith sé sé seachtaine ag siúl an Via de Plata, cúrsa 1000km ó Sevilla i ndeisceart na Spáinne go dtí Santiago de Compostela ó thuaidh. Theastaigh uaidh na naisc ársa idir na Ceiltigh agus an Spáinn a fhiosrú. Chuir sé aithne ar an chathair réamh-Rómhánach Tartessos, cathair le stair shaibhir Cheilteach. Is ionann is cinnte gur labhraíodh Gaeilge de chineál éigin sa lonnaíocht seo idir Sevilla agus Huelva san aimsir ársa fadó.

An exhibition by North Belfast artist Daniel Dowling which draws inspiration from the world famous Camino de Santiago. Dan has always believed in living his art and he is currently attempting to unite the many disparate aspects of his existence through his work – painting, travelling, walking, Irish language and culture, Spanish language and culture, blogging and using social media as an art form. This year, 2016, he spent six weeks walking the Via de Plata, a 1000 kilometre pilgrimage route, from Seville in southern Spain to Santiago de Compostela in the north. Initially, he wanted to explore ancient Celtic/Spanish connections. He got to know the preRoman and fabulously rich Celtic city of Tartessos, located between Sevilla and Huelva where a form of Irish was almost certainly spoken.

Íde Na Tine: Tionscadal Joni Mitchell

Sweet Fire: The Joni Mitchell Project

Léireoidh Tionscadal Joni Mitchell an chuid is fearr dá cuid amhrán ó Big Yellow Taxi, Woodstock is Both Sides Now go dtí The Jungle Line agus God Must Be a Boogie Man. Is iad na filí Liam Ó Muirthile agus Gabriel Rosenstock a chuir Gaeilge bhinn bhlasta i mbéal Joni agus is í Caitríona O'Leary a chanfaidh. I dteannta Chaitríona beidh Dick Farrelly (giotáir), Nick Roth (sacs), Dave Redmond (dord) agus Graham Hopkins (drumaí). Teilgfidh Margaret Lonergan na liricí ar scáileán móide íomhánna draíochtúla.

£2 an dalta “Báidín Fheidhlimidh”, “Níl sé ’na Lá”, “Trasna na dTonnta” agus “An Poc Ar Buile” - amhráin iad seo a d’fhoghlaim muid ar scoil. Seo deis don ghlúin óg na hamhráin chéanna a fhoghlaim i dteannta John Spillane, a d’eisigh dhá albam a shroich barr na gcairteacha dornán de bhlianta ó shin agus atá atheisithe ar na mallaibh, ‘Irish Songs We Learned At School’ agus ‘More Irish Songs We Learned At School’. Beidh fáilte ar leith roimh dhaltaí bunscoile ag an cheolchoirm seo. Tá lascaine speisialta ar fáil do ghrúpaí - ach, bí ar an airdeall, níl ach líon teoranta ticéad ar fáil!

Irish Songs We Learned At School with John Spillane 11am £2 per student We all remember some Irish songs we learned at school, a fact which was highlighted a few years ago when John Spillane brought out two chart topping albums, Irish Songs We Learned at School and More Irish Songs We Learned At School. Songs like ‘Báidín Fheidhlimidh’ and ‘An Poc Ar Buile’ will feature at the John Spillane concert we’re planning for schoolchildren attending primary school in Belfast during Fleadh Feirste.

Lasadh Shoilse na Nollag

8.30in/pm £10/8 Amharclann Shiobhán Nic Cionnaith Duine de na cumadóirí amhrán is mó dá raibh riamh ann í Joni Mitchell, dar le Rolling Stone. Sna liricí sárfhileata aici, pléitear téamaí an ghrá - an tnúth, an cumha, an ríméad, an domlas - chomh maith le ceisteanna móra sóisialta agus timpeallachta. Cuimsíonn a stíleanna ceoil an ceol tíre fuaimiúil, ceol rithim agus gormacha, popcheol agus turgnaimh chasta snagcheoil.

Na hAmhráin Ghaeilge a d’Fhoghlaim Muid ar Scoil le John Spillane 11rn/am

5in/pm Joni Mitchell has been described by Rolling Stone as ‘one of the greatest songwriters ever’. Her intensely poetic lyrics probe romantic themes of longing, joy and disillusion, as well as social and environmental concerns. Her music ranges from acoustic folk, rhythm and blues, and pop to harmonically complex jazz experiments. Sweet Fire: The Joni Mitchell Project features the very best of Mitchell’s songs – from ‘Big Yellow Taxi’, ‘Woodstock’ and ‘Both Sides Now’ to ‘The Jungle Line’ and ‘God Must Be a Boogie Man’. Translated into exquisite Irish by poets Liam Ó Muirthile and Gabriel Rosenstock, they will be performed by singer Caitríona O’Leary. She will be accompanied by Dick Farrelly (guitars), Nick Roth (saxophone), Dave Redmond (bass) and Graham Hopkins (drums). Margaret Lonergan has created stunning screen projections of the lyrics.

Beidh aíonna speisialta i láthair chun na soilse Nollag a lasadh ag an Chultúrlann – an fear mór é féin, Daidí na Nollag, san áireamh. Is é an t-amhránaí iomráiteach Brian Kennedy a lasfaidh na soilse!

The traditional switch-on of the Christmas Lights will be attended by special guests - including the big man himself, Santa Claus. Join us to start the Christmas festivities with a Cultúrlann party! West Belfast’s own Brian Kennedy will switch on the light and who knows he may sing a song or two!

Ceolchoirm le Clann Mhic Ruairí agus aíonna speisialta

Ceolchoirm with Clann Mhic Ruairí and special guests

8in/pm £8/6 Geallaimid oíche speisialta cheiliúrtha daoibh, a chairde nó tá clú agus cáil ar an teaghlach Chonallach seo a bheidh ag teacht go Béal Feirste chun blaiseadh a thabhairt dúinn dá saibhreas amhrán agus ceoil. Beidh aíonna eile ag seinm ar an oíche.

A concert with Clann Mhic Ruairí,one of Donegal’s best known family groups, will delight you as they bring us their inimitable brand of rich singing and music. Other guests yet to be revealed will also perform on the night.


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.