nós* - eagrán 3

Page 1

nós* iris ghaeilge don nua-aois

eag. 3

!

ag teastáil Scannán úr Jolie

agus go leor eile istigh...

cartúin chlasaiceacha

Cuid a haon de na cartúin is fearr ariamh

nòs ùr in inbhir nis

Torthaí an chómortais d’amhráin nua-chumtha

SÚIL SIAR EURO ‘08

Feachtas sciliúil na Spáinne san Ostair 7 san Eilvéis


*


fáilte Léideanna smididh agus liosta faisin an tsamhraidh; léargas ar choimhlint leanúnach na Síne agus na Tibéide; liosta imeachtaí; léirmheas gig KT Tunstall; pic eisiach de Wanted; albaim úra Weezer agus Sara Bareilles; an focal taobh istigh ar Firefox 3; súil siar ar Euro ‘08 agus Corn Bingham; Batman; na Smurfs; Bill Gates; cuid den dearadh is fearr as Éirinn agus an domhan; deirfiúracha Olsen; scéaltaí collaíochta; cuairt ar Chóbanhávan... Agus ar fad i do theanga féin. Cén áit eile a bhfaighfeá é ach ar leathanaigh na hirise Gaeilge is fearr ar domhan? Ach ní ar an scáileán amháin a bheas leathanaigh nós* le léamh amach anseo nó tá sé i gceist againn an chéad chéim eile a ghlacadh agus leagan clóite a fhoilsiú go luath. Ní bheidh muid in ann an fhorbairt iontach seo a dhéanamh gan chuidiú ár léitheoirí, mar sin, má cheapann tú gur fiú nós* bheith i do lámha agat (agus tá muid cinnte go gceapann!) beidh tú in ann cabhrú linn ó thús Lúnasa ar aghaidh. Tuilleadh eolais ar lch 5. Idir an dá linn, seo eagrán eile lán spraoi daoibh.

foireann (uaillmhianach) nós*

* ***** ***** **


n贸s* i gcl贸 t


! a h m lá o d i * s ó n r cu Tá dea-scéala againn daoibh - foilseofar leagan clóite de nós* in 2008.

Cén uair go díreach? Bhuel, braitheann sin oraibh, ár léitheoirí dílse! Tá ag éirí go hiontach le nós* ar líne ach, toisc gur foilsechán deonach é, ní féidir linn an chéad chéim eile a thógáil gan chabhair ónár bpobal léitheoireachta. Beidh nós* le fáil in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann ach dá mba mhaith leat an iris Ghaeilge is snasta ar domhan bheith i do lámha agat chomh luath 7 is fearr, is é an bealach is éifeachtaí ná síntiús a ghlacadh linn. Sa tslí seo, rachaidh an iris díreach chugat sa phost gach mí agus cuirfidh sé ar ár gcumas nós* a fheabhsú, a phoibliú agus a dhíol níos fearr. Is é 300 síntiús an chéad sprioc atá againn agus a luaithe is a bhaintear an líon sin amach, cuirfear nós* i gcló láithreach bonn! Beidh sonraí uile na forbartha iontaí seo - chomh maith le gach eolas faoi conas síntiús a ghlacadh - ar fáil ar www.nosmag.com ó thús Lúnasa ar aghaidh.

Cabhraigí linn splanc eile a chur i saol na Gaeilge. Cabhraigí linn nós* a chur i bhur lámha.


istigh 52 ar taispeáint Dearadh 7 Ealaín

63 LÉARGAS An caidreamh reatha idir an tSín agus an Tibéid

ceol 9 Anoir Aduaidh Rapal agus Niall Iain 13 Amhráin Nua-Chumtha Comórtas Ceilteach Nòs Ùr 16 Léirmheasanna Albaim

scáileán

t t

22 Léirmheasanna Hancock, Kung Fu Panda, The Dark Knight, Wanted

stíl bheatha

FAISEAN 7 scéimh

t

33 Sin a bhfuil a chairde! Cartúin Chlasaiceacha - Cuid 1 36 Euro ‘08 Súil siar ar an gcomórtas Eorpach 40 Rugbaí Aerach

taisteal 47 København Cuairt ar phríomhchathair na Danmharige

t

44 Wishlist an tSamhraidh Éadaí go leor le Sinéad Ní Churnáin

collaíocht 59 An Cailín sa Chathair Easpa aicsin ag an gcolúnaí clúiteach

teicneolaíocht

t t t

27 Firefox 3 30 FCX Clarity Carr Hidrigine Honda 28 Gael-Teic abair.ie


* ceol

t


ceol


anoir aduaidh

FOCAIl tim armstrong

l! a p a R a iv v , c o r a iv V

T

ha rudan a’ gluasad ann an ceòl ùr na Gàidhlig. Tha scene beag lasanta againn a-nis, le dòrlach math de chòmhlanan a bhios a’ cluich agus a’ seinn ann an Gàidhlig, agus nach tàinig an dà latha. Deich bliadhna air ais, bha ceòl ùr ann an Gàidhlig cho tearc ri smeuran dubha anns an Fhaoilleach. Ach an-diugh, chanainn gu bheil mu dhusan còmhlanan nuadh eadardhealaichte a’ cluich a-mach agus cuid dhe na h-òrain ùra aca anns a’ chànan. Cò aig a fios carson a chaidh ceòl nuadh Gàidhlig am meud cho luath san linn ùr, ach dh’fheumadh nach b’ e co-thuiteamas a bh’ ann gun deach a’ chiad prògram aig Rapal a chraobh-sgaoileadh air Diluain, 28mh Cèitean, 2001. Bidh a h-uile duine beò ann an saoghal Gàidhlig na h-Alba eòlach air Rapal, am prògram-rèidio ròc beòthail spòrsail a thèid a-mach gach oidhche, Diluain gu Diardaoin,

air BBC Radio nan Gaidheal. Thar nam beagan bliadhnaichean sa chaidh, thug sgioba Rapal an t-uabhas de thaic do chòmhlanan ùra Gàidhlig, dha na còmhlanan agamsa nam measg. Cha ghabhadh e tomhais dìreach cho cudromach ‘s a tha taic mar sin do chòmhlan beag ùr a sheinneadh ann am mion-chànan. Chluicheadh Rapal an clàr agad, chuireadh iad seisean beò air dòigh dhut air an rèidio, agus a-nis, mar a chaidh prògram Rapal a’ leudachadh gu TBh ann an 2007, chuireadh iad air an teilidh thu, ceart cho math. Tha a h-uile cothrom aig na mòrchànanan san t-saoghal shuarach far a bheil sinn beò, agus mar sin, nì an taic a bhios Rapal a’ tabhann an diofar eadar beatha agus bàs do chòmhlan òg brisg. Nach ann leamsa a tha an t-eòlas! Ann an 2007 rinn iad ceum taiceil seòlta eile nuair a chuir sgioba Rapal farpais òran ùra Gàidhlig air bhog a

o

CEOL CHUN TOSAIGH: Niall Iain, láithreoir Rapal


AR LÍNE: Suíomh idirlín Rapal

bha air a dealbhadh gus sgrìobhadhciùil a bhrosnachadh agus shoirbhich iad gu math leatha. “Chaidh tòrr òran ùra a chuir a steach air a shon,” arsa Niall Iain Dòmhnallach, DJ air a’ phrògram, “an dà chuid bho chòmhlain-ciùil air an robh sinn eòlach agus cuideachd bho dhaoine nach robh air òran a sgrìobadh roimhe seo. Bha farsaingeachd de stoidhlichean eadar-dhealaichte nam measg agus b’ e obair dhuilich a bh’ ann a bhith a’ taghadh dìreach aon òran ‘son buannachadh!” Leis cho cudromach ‘s a tha am prògram do cheòl na Gàidhlig, is math an rud mar sin gu bheil Rapal fhèin a’ sìor leasachadh. Thòisich am prògram le Niall Iain, ach a-nis, mar a chaidh e a leudachadh gu T.Bh., tha dithis DJan eile ag obair còmhla ris air an sgioba, Michelle NicDhòmhnaill agus Anndra Robasdan, agus tha iad uile an làn dùil gun gabh am prògram pàirt mòr anns an t-seirbhis ùir dhiditich a tha romhainn. Chlàraich iad an treas sreath dhen phrògram T.Bh o chionn ghoirid, sreath a thèid a-mach uair san fhoghar, agus tha Niall Iain dhen bheachd gu bheil Rapal ceart cho cudromach mar sin airson daoine ùra a tharraing dhan chànan. “Bidh tòrr dhaoine aig nach eil Gàidhlig ga choimhead agus tha mise toilichte mu dheidhinn sin - cò aig

tha fios nach bi cuid nam measg a bhios ‘son barrachd ionnsachadh mun chànan? Tha mi ‘n dòchas gun cùm Rapal a’ dol mar a tha e air a bhith, an da chuid air T.Bh agus air rèidio, le bhith a’ cluich ceòl nach eil ri chluinntinn mar as trice air stèiseanan-rèidio eile agus a’ brosnachadh ceòl ùr Gàidhlig do na Gaidheil ‘s daoine eile cuideachd.” Thathar an dòchas gu bheil e ceart agus gun cùm iad orra, oir gu dearbh fhèin, ann an gluasad ceòl ùr na Gàidhlig, lorgar prògram Rapal aig an teis meadhan, agus e geal-theth.

*

gluaisghaelach rudan a’gluasad an-diugh eadardhealaichte sgioba taic cudromach chaidh e dhan toilichte ionnsachadh nach eil tric gu dearbh

rudaí ag bogadh inniu difiriúil foireann tacaíocht tábhachtach chuaigh sé chuig an, go dtí an sásta foghlaim nach bhfuil minic go dearfa


t a g a l ceo Tá nós* ag iarraidh cloisteáil ó bhannaí 7 ceoltóirí a cheolann

?

- nó atá in ann ceol - as Gaeilge

l a chruthaíonn tú, má tá sé maith agus má Pop, rac, hip hop, gormacha, snagcheol nó trad - is cuma cén sórt ceoi tá Gaeilge agat, déan teagmháil linn anois ar eolas@nosmag.com ach beidh na traiceanna is fearr le Ní hamháin go dtabharfar ardán do bhannaí agus ceoltóirí anseo ar nós* mháil! cloisteáil ar na haerthonnta chomh maith! Bígí ag ceol, bígí i dteag


(advertise anseo)

léirmheas gig KT TUNSTALL Olympia, Baile Átha Cliath Ó bhris Iníon Tunstall isteach ar shaol an cheoil sa bhliain 2005 lena hamhrán bríomhar ‘Black Horse and the Cherry Tree’, tá sí tar éis lucht dílis éisteacht a mhealladh chuici ar fud an domhain. Tá go leor dá cuid tacadóirí anseo in Éirinn ar ndóigh agus bhí an Olympia lán go doras leo ar 21 Meitheamh. Is mór an clú atá ar an Albanach seo as an bheocht a chuireann sí isteach sna seónna beo a dhéanann sí agus níor loic sí ar a lucht féachana i mBaile Átha Cliath. Bhí a banna mór in éineacht léi ar an ardán, chomh maith leis an ‘wee bastard’ féin - an t-ainm a thugann sí ar an loop pedal atá aici muna miste leat! - agus ba chumhachtach an taispeántas a chuir siad i láthair. Chan sí go leor ón albam is déanaí uaithi - Drastic Fantastic - agus ba léir an spraoi malartach in amhráin ar nós ‘If Only’ agus ‘Hold On’. Shásaigh sí an slua leis na seanchinn chomh maith - ‘Suddenly I See’ san áireamh - agus níor chuir sí cos as áit an oíche ar fad. Gig den scoth.

BEO BEATHACH: Tunstall na hAlba

fogra@nosmag.com


nòs ùr

r ù c n a l p s FOCAIl tomaí ó conghaile BBC RAIDIÓ ULADH

C

eoltóirí ó Cymru agus ó Breizh a bhuaigh na duaiseanna móra ag Nòs Ùr, comórtas d’amhráin nua-scríofa sna teangacha Ceilteacha a bhí ar siúl in Inbhir Nís na hAlban ar 21 Meitheamh. 12 iomaitheoir as Éirinn, Alba, An Bhreatain Bheag agus an Bhriotáin a ghlac páirt sa chomórtas nuálach agus bhí

amharclann Eden Court lán go doras ar an oíche, leis na sluaite eile ag leanúint an cheoil beo ar líne. Ba í Paula Kehoe agus a hamhrán Taibhsí ag bhí san iomaíocht ar son na hÉireann ach sa deireadh ba í an Briotánach Gwennyn a bhuaigh Duais an Lucht Éisteachta lena hamhrán Bugale Belfast (Páistí Bhéal Feirste)


agus thóg an banna óg Breatnach, Yr Annioddefol, Duais na mBreitheamh le Drysu (Mearbhall). “Bhí an spéis a chuir daoine sa chomórtas go hiontach ar fad,” arsa Brian Ó hEadhra, eagraí Nòs Ùr. “Bhí daoine anseo as gach cearn den Eoraip agus d’éirigh go geal leis - tá muid ag pleanáil le haghaidh na bliana seo chugainn cheana féin. “Léirigh na ceoltóirí ar fad anchumas scríbhneoireachta agus ceoil, le réimse leathan stíleanna ó reggae go punc, ceol traidisiúnta go neamhcheol. “Tá súil againn go mbeidh níos mó daoine fós ag teacht go hInbhir Nís do na comórtais amach romhainn.” Beidh an dá bhuaiteoir anois ag ceol ar son na dteangacha Ceilteacha ag an mhórchomórtas Eorpach d’amhráin nuachumtha i dteangacha mionlaithe - Liet Lavlut, a bheas ar siúl i mí Dheireadh Fómhair in Lulea, An tSualainn. Tá Yr Annioddefol ag súil go mór leis cheana féin. “Tá muid an-bhuíoch gur bhuaigh sinn,” arsa duine de bhaill an ghrúpa. “Comórtas iontach atá ann, bhí am den scoth againn anseo in Inbhir Nís. “Beirt sa bhanna, ní raibh siad riamh ar eitleán sular eitil muid suas anseo ón Bhreatain Bheag mar sin fíor-eachtra a bhí ann dúinn. Tá muid ag tnúth go mór le dul amach chun na Sualainne agus páirt a ghlacadh sa Bhabhta Ceannais.”

*

DEISEAL ÓN CHLÉ: Griogair Labhraidh (Alba), Yucatan (An Bhreatain Bheag), Gwennyn (An Bhriotáin), Gareth Bonello (An Bhreatain Bheag) agus Yr Annioddefol (An Bhreatain Bheag)


BUAiteoiRÍ cHomóRtAS nA dt-LÉinte D’fhreagair an ceathrar seo thíos gur bunaíodh na Gaeil óga sa bhliain 2004. Tá t-léine úrnua de chuid nGó ag dul chucu ar fad - comhghairdeas! Vinnie Gilsenan Elaine Nic Reamoinn Seán O Bradáin Somhairle ó Meachair


FOCAIl félim borland

albam agat? Ná déan dearmad go bhfuil nós* ag iarraidh cloisteáil ó bhannaí 7 ceoltóirí a cheolann - nó atá in ann ceol - as Gaeilge. Má tá amhrán nó albam curtha le chéile agat nó ag do ghrúpa, déan teagmháil linn anois chun do cheol nua a phoibliú! Bígí ag ceol, bígí i dteagmháil!

eolas@ nosmag .com

A

mhránaí, scríbhneoir, agus pianódóir is ea Sara Bareilles as California. Is é seo a céad albam ar mhórlipéad ceoil cé go bhfuil sí ag eisiúint ábhair ó 2004. Faoi láthair tá an t-albam seo ag 36 sna cairteacha i bPoblacht na hÉireann. Tá ag éirí níos fearr léi sna Stáit Aontaithe, áit ar eisigh sí Little Voice i mí Iúil 2007 agus shroich an t-albam uimhir 7 i gcairteacha Mheiriceá, Billboard. Chabhraigh iTunes go mór lena hainm a chur chun cinn ós rud é gur eisíodh an t-amhrán Love Song go saor in aisce in 2007. Ar barr air sin tá cuid dá hamhráin san áireamh ar fhuaimrianta na scannán Monster-In-Law agus Girl Play. Déantar comparáidí idir ceol Bareilles agus ceol Natasha Bedingfield agus Vanessa Carlton go forleathan: meascán de liricí faoi fhadhbanna laethúla caidrimh

Sara Bareilles

WEEZER

Little Voice

Red Album

hhhhh

hhhhh

agus de cheol raic/pop bunaithe thart ar an bpianó. Amhrán le blas an tsamhraidh, go leor fuinnimh agus liricí le dearcadh láidir atá i Love Song agus é ag uimhir 7 sna cairteacha Éireannacha ag am foilsithe. Tá go leor leor amhrán eile seachas Love Song ar fiú éisteacht leo, mar shampla Bottle It Up, One Sweet Love agus Morningside. Ar uairibh ceaptar nach bhfuil ach cleas amháin ag Bareilles: pianó agus drumaí mar réamhrá ar na hamhráin Love Song, Morningside agus Love On The Rocks. Is cinnte go n-oibríonn an cleas gach uair mar gheall ar bhinneas a gutha agus liricí lán de bhrí agus mothúcháin, go háirithe ar an amhrán City. D’fhéadfaí Many The Miles a sheinnt arís agus arís, amhrán ceolmhar, anamúil agus spraoiúil. Tá Bareilles ag díriú isteach ar mhargadh Mheiriceá agus í ag dul ar chamchuairt le Maroon 5 agus Counting Crows an samhradh seo. Ní léir go fóill an mbeidh ábhar nua á thaifeadadh aici go luath, ní mór di déanamh amhlaidh chun bheith ráthúil.

T

á go leor déanta ag baill Weezer taobh amuigh de ghnó an ghrúpa óna n-albam deireanach Make Believe in 2005, san áireamh tá neart taobh-thionscadal, céim ó Harvard, bainis agus breith páistí. Mar thoradh ar an sos gairme tá an t-ábhar an-úr agus difriúil ón stuif roimhe seo. An difear is mó an iarracht seo ná go bhfuil go leor den ábhar ar an albam níos oiriúnaí do na cairteacha ná mar a bhí ábhar Weezer a riamh, agus cuid den ábhar sin scríofa ag an ngiotáraí Brian Bell agus ag an drumadóir Patrick Wilson. Ní chuireann an t-athrú as an iomarca don albam mar tá seanstíl aitheanta Weezer fós i réim mar is féidir cloisteáil ar amhráin ar nós Troublemaker, The Greatest Man That Ever Lived agus Pork and Beans. Ar Heart Songs, tugann Cuomo buíochas do na ceoltóirí a thug

spreagadh dó: John Lennon, Bruce Springsteen, Iron Maiden agus mórán eile. Is sampla maith é Everybody Get Dangerous agus Dreamin’ den éabhlóid atá tar éis teacht ar Weezer chun ábhar cairteacha a chur ar fáil ach fós a choinníonn greim ar a seanfhuaim. Amhráin lán-ghiotáir agus liricí cliste atá iontu a mbeidh tóir orthu ag a ngigeanna amach anseo. Ó Thought I Knew ar aghaidh tá athrú iomlán nach mór le cloisteáil ar a bhfuaim. Ní nach ionadh mar amhrán atá ann ar scríobhadh i dtosach do ghrúpa Bell, The Relationship agus tá Bell féin ina amhránaí air. Ar Cold Dark World, cloistear an dord-ghiotáraí Scott Shriner ag canadh agus ag rapáil, agus ar Automatic a thugtar deis do Patrick Wilson a chuid a dhéanamh. Is leagan maith de The Weight de chuid The Band atá déanta acu anseo agus ar fiú éisteacht leis. Ar an iomlán, is cosúla go mbeidh díomá ar fhíorleantóirí Weezer le Red Album de dheasca an imeacht i dtreo riachtanas na lipéad ceoil.


an raibh a fhios agat gur féidir cliceáil ar na naisc san iris seo? ó áidh, is féidir. bain triail as! nach iontach an teicneolaíocht seo?


an g spota CLUB GAEILGE BHÉAL FEIRSTE

G COOLCHEOL, DJANNA, SÉISIÚIN, DEOCHANNA & BIA AR REIC 1ú Aoine de gach mí cumann chluain ard, sráid na sceiche, BF

AIMSIGH É! www.bebo.com/angspota

beidh Is leabhrán úrnua ceoil é CEÒL ina m i arr na focail de 50 de na hamhráin is fe iamh. nGaeilge na hÉireann 7 na hAlban ar do hí Idir trad agus nuacheol, is áis iontac AR FÁIL go luath! Ghael.


Scéim Chónaithe Ghaeilge DIT

Níl aon tinteán mar do thinteán féin...

ALT FÓGRAÍOCHTA! Tá Scéim Chónaithe Gaeilge á eagrú don chéad uair ag Coiste na Gaeilge agus Saol an Champais, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Tá an scéim chónaithe a eagrú chun pobal Gaeilge na hInstitiúide a láidriú agus a chothú agus chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i saol mac léinn na hInstitiúide. Cuirfear tacaíocht ar fáil do 5 mac léinn le Gaeilge chun árasán a roinnt lena chéile i lár chathair Bhaile Átha Cliath ar Shráid Líosain. Cuirfear scoláireachtaí ar fiú €850 an duine iad ar fáil dóibh siúd a bhíonn rath orthu lena n-iarratais agus beidh an Ghaeilge mar theanga labhartha an tí.

Cuirfear scoláireachtaí ar fiú €850 an duine iad ar fáil do 5 mac léinn le Gaeilge chun árasán a roinnt lena chéile i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Dáta deiridh d’iarratais: 1 Lúnasa 2008 Gach eolas: gaeilge@dit.ie nó 01 4027504

www.dit.ie/news

Tá an t-árasán i Halla Leeson suite i gceantar áisiúil i lár na cathrach, in aice láimhe le Faiche Stiabhna agus Sráid Grafton le seirbhís bus den scoth ag freastal ar an gceantar. Níl Sráid Líosain ach 5 nóiméad siúil ó DIT Shráid Chaoimhín agus Sráid Áinséir. Tá campas Ráth Maonais taobh istigh de 15 nóiméad siúil agus tá na campais i Sráid Bolton, Sráid Chathail Brugha agus Cearnóg Mhuinseo timpeall 25 nóiméad siúil ó Shráid Líosain. Tá an t-árasán nuachóirithe, mór, geal, compordach agus lonnaithe i

dteach Victeoiriach agus tá go leor de na feistis bunaidh ann go fóill. Tá gach fearas ar fáil, ina measc, rochtain idirlín saor in aisce agus teilifís chábla agus tá costais teasa, leictreachas agus teilifís san áireamh sa chíos. Is iontach an deis a bheireann an scéim chónaithe do mhic léinn cónaí trí mheán na Gaeilge agus beidh rannpháirtithe na scéime gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath chomh maith. Ní mór d’iarrthóirí Gaeilge a bheith acu agus a bheith tiomanta i leith cur chun cinn na teanga. Fáilteofar roimh iarratais ó mhic léinn lánaimseartha na hInstitiúide agus ó mhic léinn a bheas ag freastal don chéad uair ar an Institiúid i Mí Mheán Fómhair 2008. Is é 5.00 i.n. Dé hAoine 1 Lúnasa 2008 an dáta deiridh d’iarratais agus cuirfear rannpháirtithe an ghearrliosta faoi agallamh ar an Aoine, 08 Lúnasa agus ar an Luan, 11 Lúnasa 2008. Tá gach eolas maidir leis an scéim chomh maith le foirmeacha iarratais ar fáil ach dul i dteagmháil le Clare in Oifig na Gaeilge ar 01 4027504 nó gaeilge@dit.ie


*


scรกileรกn agus ardรกn


FOCAIl tomaí ó conghaile

kung fu panda

hhhhh

Mark Osborne, John Stevenson , PG

Is panda ramhar é Po (Jack Black) a oibríonn i mbialann noodle agus atá an-tugtha don kung fu, cé nach dócha go mbeidh sé in ann an ealaíon a chleachtadh mar is ceart ariamh. Nuair a fhaigheann an Maistir Oogway amach go bhfuil sé i gceist ag an liopard olc Tai Lung ionsaí a dhéanamh ar an cheantar áitiúil, eagraíonn sé comórtas chun an laoch a rachaidh chun troda le Lung a roghnú. Cé go meastar go forleathan gur duine den chúigear clúiteach - Tigress (Angelina Jolie), Monkey (Jackie Chan), Mantis (Seth Rogen), Viper (Lucy Liu) nó Crane (David Cross) - a bheas ann, roghnaítear Po sa deireadh i ndiaidh dó pléascadh isteach i lár an chomórtais de thimpiste. Ní mór don Máistir Shifu (Dustin Hoffman) an panda ciotach a thraenáil san ealaíon chomhraic agus leantar é go dtí an choimhlint deiridh. Lán grinn, is scannán sultmhar éadrom é Kung Fu Panda a bhfuil scoth na beochana ann ó thús deireadh.

hancock Peter Berg, 12A

hhhhh

Tá Hancock (Will Smith) ina shárlaoch atá in ainm is bheith ag cuidiú leis an saol mór ach, mar gheall ar an ól agus ar fháthanna eile, ní éiríonn leis go díreach in am ar bith. Bíonn an pobal anuas air dá bharr - tá siad ag iarraidh air stad nó aistriú go háit éigin eile! - agus mar sin, tar éis dó gníomhaí PR (Jason Bateman) a shábháil, socraíonn an ‘laoch’ ar iarracht níos fearr a dhéanamh agus cabhraíonn an saineolaí caidrimh phoiblí leis. Is í an teagmháil seo idir Smith agus na daoine thart air a chruthaíonn mórchuid an ghrinn sa scannán agus tá cuid de na héifeachtaí ar ardchaighdeán chomh maith. Le plota suimiúil agus an réalta scannáin is mó ar an phláinéad, shílfeá nach bhféadfadh sé ach bheith iontach ach, ar chúis éigin, ní éiríonn le Hancock lánmharcanna a bhaint amach. Is fiú é a fheiceáil ar mhaithe leis an chraic mar sin féin agus ar mhaithe leis an líne dheireannach - a thagann i ndiaidh na dteideal creidiúna dála an scéil!

THE DARK KNIGHT Chris Nolan, 15A

hhhhh

An scannán leantach ar Batman Begins, tá Christian Bale ar ais sa chulaith dhubh agus é ag éirí go measartha maith in éadan choirpigh an domhain, le cuidiú na bpéas Jim Gordon (Gary Oldman) agus Harvey ‘Two-Face’ Dent (Aaron Eckhart). Tá scáth dorcha de shaghas éigin eile ar an Dark Knight áfach mar gurb é seo an scannán deiridh a rinne Heath Ledger sula bhfuair sé bás. Is mór an t-éacht atá déanta ag an aisteoir Astrálach i bpáirt an Joker, príomhnamhaid Batman uair amháin eile, agus tugann a thaispeántas cumhacht sa bhreis don íomhá ar fad. Leantar an choimhlint idir an bheirt go deireadh an tsaothair le buaic mhór a mbeifeá ag súil leis i scannán ollmhór aicsin den chineál seo. Is díol suntais chomh maith í an fhoireann an-cháiliúil a cuireadh le chéile dó, le Michael Caine, Morgan Freeman, Maggie Gyllenhaal agus an tÉireannach Cillian Murphy uilig páirteach ann.


FoXY: Jolie in Wanted

Wanted

hhhhh

Timur Bekmambetov SAM 15A

IS iomaí greannán a cuireadh in oiriúint don scáileán mór le tamall de bhlianta anuas ach níl mórán acu chomh sultmhar leis an iarracht seo ó timur Bekmambetov. Tá clú ar an stiúrthóir Rúiseach as na scannáin chasta a dhéanann sé ach díríonn sé isteach ar an aicsean don chuid is mó sa saothar seo, an chéad cheann atá déanta aige i stiúideonna hollywood. Bunaithe ar shraith greannán mark millar agus J.G Jones, leanann Wanted an t-oibrí oifige Wesley Gibson (James mcAvoy) nach bhfuil ag éirí go rómhaith leis ina shaol go dtí go mbuaileann sé le Fox (Angelina Jolie) a chuireann in iúl dó gur ball í den Fraternity, buíon ársa marfóirí atá ag coinneáil an domhain saor ó olc le míle bliain. Ar an ábhar go raibh a athair ina bhall, déantar marfóir de Gibson trí chúrsa craiceáilte traenála a dhéanamh ina bhfaigheann sé amach go raibh cumhachtaí speisialta aige i gcónaí - is féidir leis léim an-fhada agus piléir a chasadh san aer, an gnáthrud beag nó mór. Ach ní fios i ndáiríre cé hiad an Fraternity céanna agus cuireann an t-amhras sin go mór leis an atmaisféar iomlán. Níl caill ar McAvoy ach tá Jolie an-chumasach - agus gnéasach - ina ról féin agus má léimeann tú isteach san aicsean ón tús, is cinnte go mbainfidh tú taitneamh mór as an gceann seo.


GLAC SIN!: Radharc iontach ón scannán nua The Forbidden Kingdom, a bheas faoi chaibidil againn sa chéad eagrán eile


* teicneolaĂ­ocht

t


teicneolaĂ­ocht


firefox 3 Brabhsálaí Idirlín

M

Saor in aisce ó www.getfirefox.com

ás duine tú a chuireann spéis i gcúrsaí ríomhaireachta, tá gach seans ann go bhfuil tú mar chuid de lucht tacaíochta Firefox. Murach sin, is dócha go bhfuil tú tinn tuirseach den lucht tacaíochta úd. Pé slí é, tá cloiste ag cách, faoin am seo, faoi Firefox 3 – an leagan is nua agus is snasta atá eisithe ag Mozilla go fóill. Ar aon slat tomhais a bhfuil aithne agamsa air, tagann Firefox amach go mór chun tosaigh ar an bpríomh-iomaitheoir atá aige, Internet Explorer (IE). Ní hamháin go mbíonn gach leagan de

sionnach úrnua: Leagan 3 de Firefox

FOCAIl diarmuid ó muirgheasa eagarthóir teicneolaíochta

hhhhh

ar fáil as Gaeilge ag an am céanna le gach teanga eile, ach tá sé níos sciobtha agus níos so-aistrithe ná IE chomh maith. Measaim chomh maith go léiríonn sé go bhfuil ciall agus stíl ar leith agat nuair a thuigeann daoine nach mbacann tú le IE ach ní dóigh liom go mbunaíonn léitheoirí ciallmhara nós* a gcinntí teicneolaíochta ar fhaisean, an mbunaíonn? Tá argóintí i gcoinne IE ann, agus argóintí láidre chomh maith – trí neamhaird a dhéanamh de na caighdeáin atá leagtha síos don ghréasán, déanann Microsoft obair éinne a dhearann don idirlíon i bhfad níos

deacra ná mar is gá dó bheith. Deir an saineolaí teicneolaíochta Paul Thurrott – duine a thacaíonn le Microsoft de ghnáth – “My advice is simple: Boycott IE. It’s a cancer on the Web that must be stopped.” Tá iontas orm uaireanta nuair a fheicim go bhfuil níos mó daoine fós a úsáideann IE ná mar a úsáideann Firefox. Cé go mb’fhéidir go bhfuil mion-laige nó dhó ag an brabhsálaí seo, tá sé i bhfad amach chun tosaigh ar iarrachtaí Microsoft (más féidir iarracht a ghlaoch ar cad atá á dhéanamh acu le IE).

An t-aon chúis nach bhfuilim amuigh ar an sráideanna, ag lorg geallúintí ó chuile dhuine a fheicim go bhfaighfidh siad ré leis an ailse úd, ná an cartún glic seo ar féidir feiscint ag xkcd.com/198/. Mar sin féin, níl aon gheallúint ann go gcoimeádfaidh sé sin siar ar feadh i bhfad mé - ná bí ar an duine atá fós ag úsáid IE nuair a ghéillim don fhonn!

Beimid ag féachaint ar Opera agus Safari, na mór-iomatheoirí eile sa mhargadh seo, an mhí seo chugainn.


abair é!: Comhéadan an tsuímh abair.ie

GAEL-TEIC www.abair.com FEIDHM: Pacásite Oifige

M

COSTAS: Saor in aisce

ar a deir an phreaseisiúnt a seoladh chugainn, “Is minic a fheiceann daoine focail nó abairtí as Gaeilge - comharthaí bóthair, ainmneacha daoine, obair bhaile páistí agus nach mbíonn siad róchinnte faoin dóigh a ndeirtear iad”. Cé nach bhfuil an leigheas a mholann siad foirfe go hiomlán, is áis í fós a d’fhéadfadh cabhrú go mór le héinne atá ag déanamh iarrachta a gcuid Gaeilge a fheabhsú. www.abair.ie atá i gceist anseo, agus, mar a fheicfidh tú nuair a thugann tú cuairt air, déanann sé jab iontach leis an gcuid is mó de na focail nó abairtí a chaitear ina threo (fiú d’éirigh leis m’ainmsa a rá nach mór mar is ceart, rud nach féidir le tromlach mhuintir na tíre déanamh). Dar ndóigh, titeann sé síos chomh luath agus a chaitheann tú focal ar nós ‘deartháir’ chuige (toisc nach bhfuaimnítear mar a litrítear é). Ní maith leis an gcóras an focal “éacht” ach oiread, agus le beagán spraoi d’éirigh liom leath-dhosaen focal eile a aimsiú nach bhféadfadh sé foghrú ar chaoi ar shásaigh mé. Dá mbeinn ag lorg laigí eile d’aon ghnó,

d’fhéadfainn dearadh an tsuímh an lochtú, nó d’fhéadfainn gearán a dhéanamh nach bhfuil aon phlean ann guth Bhaile Átha Cliath a chur leis an gcóras. Ach is dócha go dtiocfaidh feabhas ar an suíomh le ham (níl anseo ach leagan béite), agus lena gceart a thabhairt dóibh siúd a bhfuil ag obair air, is dócha nach bhfuil i nGaeilge ait Átha Cliath atá agam féin ach meascán de na mór-chanúintí uile eile. Más rud é go bhfuil drogall ort go fóill dul ann, deirfidh mé seo: mar áis foghlama, creidimse gurb í seo an dul chun cinn aonarach is mó atá feicthe le tamall. Ó thaobh chaint na Gaeilge a chur chun cinn mórthimpeall na tíre, tá an cumas sa chlár seo feabhas ollmhór a chur ar chursaí, agus foghlaim na Gaeilge a athrú go hiomlán. Ní féidir liom moladh níos airde ná sin a thabhairt, seachas a rá go bhfuil éacht déanta acu. Agus ní dhéanfaidh mé sin, ar eagla go bhfuil duine éigin amuigh ansin atá ag úsáid abair.ie chun an t-alt seo a léamh amach.

AN MHÍ SEO CHUGAINN: MICROSOFT OFFICE


teic-nUAcHt

* FOGhLAIThE AG IONSAí NA SUALAINNE! * GEATA DRUIDTE

Sheas Bill Gates siar ó microsoft an mhí seo. Chaith sé 33 bliain leis an gcomhlacht, agus in ainneoin na ngearán a dhéanaimid uilig anois agus arís faoi tháirgí microsoft, bhí ról lárnach ag Gates i bhforbairt agus cur chun cinn an ríomhaire phearsanta. Deireadh ré cinnte, agus ceann nach ndéanfar dearmad air ar feadh i bhfad.

FOCAIl diARmUid ó mUiRGHeASA

Tá suíomh idirlín thepirateBay i ndiaidh tús a chur le feachtas nua: is mian leo an ruaig a chur ar an tSualainn (ina iomlán) ón idirghréasán! Tá an feachtas seo i ndiaidh teacht chun cinn de thoradh ar dhlí nua atá sínithe isteach i bParlaimint na Sualainne le déanaí, agus a thugann cead d’údarás ar leith (an FRA) cúléisteacht a dhéanamh ar ghlaonna guthán, ríomhphoist agus trácht eile idirlín. Deir peter Sunde, riarthóir an tsuímh úd, “We want Sweden to be banned from the Internet. The ISPs need to block Sweden in order to protect their own customers’ integrity since everything they do on Swedish ISPs networks will be logged and searched.” Níl suim aige i leath-iarrachtaí ar aon nós! Beidh nós* ag coimead súil géar ar an scéal seo le feiscint cén toradh a bheidh ag an bhfeachtas.

* FóGRAí DMCA

GRiAnGHRAF Remy Steinegger

Tá scéal tagtha chugainn ón University of Washington a mhíníonn gur éirigh le grúpa mac léinn ‘takedown notice’ (is é sin fógra ag tabhairt foláirimh faoi eachtraí mídhleathacha) a mhealladh ó lucht dmcA, Digital Millennium Copyright Act. Ní hamháin gur bhain an fógra le an-chuid

ríomhairí sa choláiste nach raibh baint ar bith acu le haon saghas píoráideachta, ach bhain ceann le clódóir chomh maith! Ardaíonn an scrúdú seo mórán ceisteanna nach mian le lucht an DMCA a fhreagairt. Scéal iomlán ó http://dmca.cs.washington. edu/


* carr hidrigine honda Tá gluisteáin nua-aoiseach, bunaithe ar chumhacht hidrigine, i ndiaidh teacht chomh fada leis an tomhaltóir. Bhuel, cúpla tomhaltóir, ar aon nós. Tá Honda i ndiaidh an FCX Clarity, ag a bhfuil raon 270 míle ar umar breosla 171 lítear, a chur ar fáíl do “chúpla dosaen” duine i ndeisceart California. Tá an Governator, an tUasal Schwarzenegger é féin, go mór i bhfabhar teicneolaíocht mar seo a chur chun cinn, agus is cinnte go bhfuil sé bródúil as an bhforbairt atá déanta ina stát, áit a bhfuil trí stáisiún hidrigine le breosla a sholáthar do na réaltaí a bheidh ag baint tairbhe as an teicneolaíocht nua seo. I measc na réaltaí seo tá Jamie Lee Curtis, Christopher Guest agus Laura Harris. Ní fios fós cathain a mbeidh Arnold féin ag taisteal ar chumhacht hidrigine.


* stĂ­l bheatha

t


stĂ­l bheatha


! e d r i a h c a l Sin a bhfui T

á sé de nós* ag an iris seo bheith ag amharc chun tosaigh i gcónaí ach tá a fhios againn chomh maith gur breá linn ar fad bheith ag smaoineamh siar ar laethanta na hóige; an samhradh iontach sin nuair a bhí tú 16, na bréagáin is fearr a bhí agat agus na cartúin a bhí coitianta nuair a bhí tú ag fás aníos. Ceapann gach glúin go bhfuil na cartúin ar bhreathnaigh siad féin orthu níos fearr ná cinn ar bith eile ach - mar a thugtar faoi deara go minic maidin Dé Sathairn - ní bhíonn cuimhne bheacht againn i gcónaí ar gach rud a thit amach roimhe. San eagrán seo mar sin, agus sna heagráin amach romhainn, breathnófar ar chuid de chartúin chlasaiceacha na haoise seo caite agus, ag an am céanna, aistreofar tú ar ais go dtí an saol mar a bhí. Agus muna bhfuil do chartún is fearr clúdaithe? Cuir in iúl dúinn ag eolas@nosmag.com

inspector gadget Bíonn téamamhráin mhaithe ag na cartúin is fearr i gcónaí agus tá tiúin Inspector Gadget ar na cinn is so-aitheanta go fóill, cé go bhfuil breis is 20 bliain ann anois ó bhuail sé scáileáin an domhain den chéad uair. D’fhág timpiste éigin go raibh ar na húdaráis an chuid is mó de chorp Gadget a aththógáil arís le giuirléidí glice de gach saghas - láimhe insíte agus héileacaptar ina hata san áireamh - agus baineann sé úsáid astu ar fad le smacht a choinneáil ar an choirpeach Dr. Claw, ceannaire an eagrais MAD. Bhuel tá sé in ainm is bheith mar, i ndáiríre, is cigire measartha ciotach é Gadget agus is é a neacht Penny agus a mhadadh Brain a réitíonn na fadhbanna ar fad sa deireadh. Ní dhearnadh riamh ach dhá shraith de Inspector Gadget - cuid acu aistrithe go Gaeilge ar TG4 - ach tugadh aitheantas dó in 1999 nuair a rinneadh fadscannán - ina raibh Mathew Broderick agus nach raibh ró-iontach! - de chlár an chigire.

GADGET: Fear na ngiuirléidí


THE SMURFS Ní ionann agus cartúin eile, is branda idirnáisiúnta iad na Smurfs ar chruthaigh an cartúnaí Beilgeach Peyo ar dtús agus a leathanaigh ar fud an domhain mar gheall ar shraitheanna teilifíse Hanna-Barbera. Cónaíonn siad i sráidbhaile gorm smurfach, bíonn sean-smurfaí agus smurfaí óga gnéasacha ann agus is iad Gargamel agus a chat Azrael na naimhde atá acu. Éiríonn leis na Smurfaí fanacht ar shiúil ó Gargamel den chuid is mó agus bíonn saol maith smurfach acu i measc na gcrann. Nach aoibhinn beatha an Smurf! Rith na sraitheanna le linn na 80í ar fad agus is léir go raibh tionchar éigin acu ar aos óg na linne nó is minic a fheictear daoine ‘aibí’ na laethanta seo agus iad gléasta i ngorm tráth na Samhna!

he-man Craolta ar dtús idir 1983-1985, tá He-Man ar na cartúin is cáiliúla ón 20ú aois agus bhí sé le feiceáil ar an teilifís anseo san Eoraip suas le 1990. Beidh cuimhne mhaith ag neart léitheoirí ar an laoch láidir fionn atá ina phrionsa de ghnáth ach atá ar an fhearr is cumhachtaí sa chruinne a luaithe is a leagann sé mear ar a chlaíomh draíochta. “By the power of Grayskull... I have the power!” an líne speisialta atá aige agus a bhí ag neart buachaillí óga tráth! - agus caitheann sé

féin, a pheata Cringer aka Battlecat, Man-at-Arms, Teela, Orko agus eile formhór a gcuid ama ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar an namhaid nimhneach Skeletor. Is é He-Man is láidre ar ndóigh agus, mar a tharlaíonn i gcartúin pháistí, bíonn an bua aige agus ag a chairde i gcónaí. Rud amháin nach bhfuil ar eolas ag mórán faoin seó ná gurb é an scannán Conan The Barbarian a spreag é ach de bharr Arnie bheith rófhoréigneach agus róghnéasúil, athraíodh an t-ainm go He-Man agus is stair í an chuid eile, mar a deirfeá!


SCOOBY DOO Is deacair a chreidiúint gur tháinig Scooby amach siar sa bhliain 1969 ach tá an madra aiféiseach fós i measc na gcartún, agus na n-aimhnithe, is clúití dá bhfuil ann. Agus a chara Shaggy i gcónaí lena thaobh, déanann Scoob iarracht eachtraí mistéireacha a oibriú amach ach is é féin a chruthaíonn na fadhbanna seachas iad a réiteach. Is iad na mic léinn eile sa tsraith - Fred, Velma agus Daphne - a dhéanann mórchuid na hoibre bleachtaireachta, a bhaineann le haithne na ndaoine dainséaracha rúndiamhra a aimsiú, agus is í claidhreacht agus amaidí Scooby bunús an ghrinn ar fad. Rud eile - mar aon le trioblóid! - a bhfuil dúil ag an mhadadh seo ann ná bia agus is tric a mhealltar é le sneaic bhlasta éigin. Hippies na 60í iad an dream seo chomh maith, iad ag taisteal thart ina veain ghlas, an Mystery Machine, agus cé gur tháinig roinnt spinoffs dá bharr - drochscannáin san áireamh - is é an bunchartún an réalta mhór go fóill. MADRA MAITH: Scooby

aon moltaí agat do chartúin an chéad eagráin eile? abair linn! eolas@nosmag.com


olé olé! olé olé! an Spáinn den chéad ag te ai bu pa or hE na ir ca Sa bh ao Tá Cr ar Euro ‘08 r sia a rc Bu de an lli Ci n an rc ha Am . uair le 44 bliain


I

s í an bhliain sin arís, agus tá craobh sacair na hEorpa tagtha agus imithe. I mbliana, ghlac an Ostair agus an Eilvéis an onóir bheith mar thíortha óstacha, ag cur fáilte roimh 16 tír a chruthaigh go leor dráma is conspóide agus iad san iomaíocht don phríomhdhuais. Thosaigh sé uilig ar 7 Meitheamh leis na tíortha scartha i gceithre roinn agus fios acu nach mbeadh ach beirt ó gach grúpa ag dul fríd chuig na cluichí ceathrú ceannais. Ar ndóigh, ní raibh an bóthar a fhad leis sin furasta ar chor ar bith - b’iomaí iontas a bhí ann ar an bhealach, theip ar Shasana cáiliú don mhórchomórtas agus bhí ‘an cúl sin’ de chuid David Healy an tuaiscirt in aghaidh na Spáinne ina measc.

“Bhí comórtas gairid ag an Fhrainc, ag imeacht gan bhua amháin acu fiú, i mbliain anmhealltach dóibh, 10 mbliana ó bhain siad an Corn Domhanda...” Thaitin an Iodáil leis na geallghlacadóirí ach ba léir go mbeadh seans maith ag an Ghearmáin agus an Phortaingéil chomh maith. Bhí comórtas gairid ag an Fhrainc, ag imeacht gan bhua amháin acu fiú, i mbliain an-mhealltach dóibh nó ba í seo deich mbliana ó bhain siad an Corn Domhanda go deireanach.

Bhí na comharthaí ann ón tús ina gcéad chluiche leis an Rómáin a bhí mall neamhshuntasach. D’éirigh sé níos measa arís do na Francaigh nuair a chaill siad amach in éadan na hÍsiltíre i gcluiche a chríochnaigh 4 - 1. Bhí an scéal mar an gcéanna don Eilvéis, ceann de na tíorthaí aíochta a tháinig in áit dheireanach a ngrúpa. Bhí cúis bhróid amháin acu, áfach, ina mbua 2-0 in aghaidh na Portaingéile, Hakan Yakin mar laoch an lae i ndiaidh dhá chúl den scoth. Ach ag dul isteach sna cluichí ceathrú ceannais, bhí an comórtas faoi lán seoil, na hainmneacha móra ag ullmhú chomh maith le cupla tír eile ar nós na Rúise agus na Tuirce nach raibh réidh éirí as chomh furasta sin go fóill. Tháinig biseach ar an Rúis i ndiaidh bualadh ceart a fháil ó na Spáinnigh ag tús an chomórtais agus sheas siad an fód chun an bua a fháil ar an Ísiltír i ndiaidh am breise. Bhí na hOllannaigh cráite ag Arshavin ó thús go deireadh, an tosaí Rúiseach ag déanamh cinnte de go raibh an tslí chuig na cluichí leathcheannais glan dá fhoireann, leis an tríú cúl a fháil ceithre bhomáite roimh dheireadh an cluiche. Bhí an Tuirc ábalta a n-áit féin a chinntiú chomh maith in aghaidh na Cróite ach ar dhóigh níos drámata ar fad. Is cinnte gur shíl an Chróit go raibh go leor déanta acu nuair a chuir Ivan Klasnic a chloigeann leis an liathróid le soicindí le spáráil ach, ar bhealach éigin, fuair an Túirc cúl den scoth i gcic deireanach an cluiche, ag buachán 3-1 faoi dheireadh i gciceanna pionóis. Ag an am céanna bhí rudaí ag tarlú a chuirfeadh dearcadh eile ar an chomórtas ar fad. I ndiaidh na dtaispeántas corrach sna céimeanna grúpaí, cuireadh an Iodáil amach i gciceanna pionóis i gcoinne na Spáinne, foireann a bhí ag fás go mór

o

BEAGNACH ANN: Michael Ballack


i mbéal an phobail mar gheall ar a n-imirt mhaith ar feadh na Craoibhe ar fad. Bhí na curaidh dhomhanda amuigh; bhí an comórtas lán oscailte. Ach cuireadh le dóchas na Spáinne agus scriosadh brionglóidí na Rúise sa cluiche leathcheannais ina raibh an bua go hiomlán tuillte ag foireann na hIbéire. Ní féidir a argóint go raibh an fuinneamh céanna ag an Rúis agus a bhí acu ní ba luaithe sa chomórtas agus baineadh buntáiste mór as seo. Chuir Xavi, Guiza agus Silva a n-ainmneacha ar an liosta scóir gan mórán stró - rachadh an Spáinn isteach i gcluiche ceannais na hEorpa don tríú huair i stair na Craoibhe le bualadh leis an Gearmáin, fathaigh an tsacair! Is cinnte go raibh gach móidín de chuid Learpholl le cluinstin (agus tá go fóill is dóiche!) nuair a fuair Fernando Torres a chúl slachtmhar thar chúl báire Jens Lehmann. Dóbair do Senna cur leis an scór arís, agus cé go raibh Michael Ballack na Gearmáine mar bhagairt go dtí an deireadh, níor éirigh leis tabhairt ar chomhscór. Bhí an bua tuillte ag foireann Luis Aragones mar sin, iad i gceannas le linn an chluiche ar fad. Bhí breis agus 51,000 sa staid i Vín - leis na mílte eile taobh amuigh - nuair a thóg an captaen, Iker Casillas, Corn henri Delaunay agus bhain an Spáinn Craobh na hEorpa don darna huair ariamh. Bhuel, bhí sé deas, seans go raibh sé róghairid, ach caidé atá i ndán dúinn anois? An Corn Domhanda san Afraic Theas ar ndóigh! Níl 2010 rófhada le fanacht, an bhfuil?

*

coRn An átHAiS: Carlos Marchena


*

(advertise anseo) Chun f贸gra a chur anseo, gabh chuig nosmag.com/ fograiocht n贸 seol rphost chuig fogra@nosmag.com


FOCAIl tom shanahan emerald warriors

B

BÁC m i m a h g n i B n Cor

unaíodh an chéad chlub aerach rugbaí i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2003 agus ó shin i leith tá an club ag dul ó neart go neart. Tá sé mar phríomhaidhm ag na Emerald Warriors deis a thabhairt d’fhir aeracha agus déghnéasacha rugbaí comórtais a imirt in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Faoi láthair, tá an club páirteach i sraith J4 Laighean, iad ag imirt in aghaidh chlubanna cosúil le Cluain Tairbh, Old Belvedere, Old Wesley agus Coláiste Naomh Mhuire. I mbliana áfach bhí an spotsolas idirnáisiúnta ar an gclub nuair a reáchtáladh Corn Bingham - an comórtas idirnáisiúntna aerach rugbaí - i mBaile Átha Cliath idir 13 agus 15 Meitheamh. Ainmnítear an Corn i gcuimhne Mark Kendall Bingham, imreoir diongbháilte clúiteach le foireann San Francisco Fog a fuair bás ar 9 Meán Fómhair 2001 i Nua Eabhrach. An bhliain dar gcionn tháinig foirne aeracha rugbaí le chéile chun cumann nua a bhunú IGRAB ina bhfuil le 32 foireann as gach cearn den domhan - a

o


bhfuil sé mar sprioc aige rugbaí a chur chun cinn mar spórt cuimsitheach agus neamhidirdhealaitheach ar féidir le chuile dhuine a imirt, beag beann ar chlaonadh gnéasach. Tharla an chéad chomórtas de Chorn Bingham in 2002 i San Francisco, Londain in 2004 agus Nua Eabharac in 2006. I mbliana bhí na mílte turasóirí as ar fud an domhain in DCU le haghaidh an chomórtais, iad ag tabhairt tacaíochta d’fhoirne as an Astráil, an Nua-Shéalainn, na Stáit Aontaithe, Ceanada, an Eoraip, an Bhreatain, Béal Feirste (Ulster Titans) agus

“I mbliana bhí na mílte turasóirí as ar fud an domhain - An Astráil, SAM, an Eoraip - in DCU le haghaidh an chomórtais.”

Baile Átha Cliath (Emerald Warriors). Bhí an-iomaíocht i measc na bhfoirne agus bhí bua tuaisceartach ann sa deireadh le Titans Uladh ag buachan Sciath Bingham; bhuaigh Sydney Convicts an Corn; bronnadh Pláta Bingham ar World Barbarians agus Bhabhla Bingham Bowl ar Atlanta Bucks. Bhí dhá foireann de chuid Emerald Warriors ag glacadh páirte sa chomórtas - fuair siad an lámh in uachtar ar Northern Stag (26-5) agus ar na Philadelphia Gryphons (18-17) agus níor éirigh leo in

aghaidh San Francisco Fog (22-0) agus Leoin Caerdydd (21-19). Go raibh rath níos fearr orthu in 2010! Bíonn na Warriors ag traenáil dhá uair le linn na seachtaine i bPáirc an Fhionnuisce agus i bPáirc Tymon, Tamhlacht. Níl aon taithí riachtanach agus tá fáilte roimh chuile dhuine a bhfuil spéis aige sa rugbaí. Tuilleadh eolas le fáil faoi Emerald Warriors ag www.ewrfc.ie agus faoi na Ulster Titans ag www.ulstertitans.com

*

LAOCHRA NA PRÍOMHCHATHRACH: Foireann Emerald Warriors


*


FAISEAN agus SCÉIMH


FOCAIl SINÉAD NÍ CHURNÁIN THE ONCE A WEEK SHOW RTÉ 2

wish list an tsamhraidh

Brístí géine Hudson

s

ó Marc Jacobs agu 1.Cuaráin (sandals) áille le búclaí tá kimono galánta gorm tney

2.Bristí áille dubha ó Stella McCar

iaga

3.Gúna gleoite le ruffles ó Balenc 4.Briste le cosa leathan ó Chanel

compordach sin – 5.Éadaí ó Bobi mar tá siad chomh n tá siad i bhfad nios agus anois go bhfuil mé in San Fra saoire, hurray! 6.Jeans ó Made in Heaven agus

Hudson

s i ndubh, le 7.Blazer deas neata i ngrom agu s jeans. Tá siad seo ar fud caitheamh le gúnaí, sciortaí agu ters agus River Island na háite i.e Topshop, Urban Outfit ceoil srl orthu. Bíodh 8.T-léinte ar stíl vintage le bannaí ná an méid a bhíonn agat sé méid amháin nó dhó níos mó na siopaí carthanachta, de ghnáth. Téir chomh fada leis atha Cliath nó Eager Beaver nó Flip i mBaile súla - tá siad chomh 9.Bróga Moccasin i ndáthanna éag rithe agus tú ag siúl ar compordach agus an-áisiúil go hái fud na cathrach úil an tráth seo

áisi 10.Cóta trinse le muinchille ¾, anden mbliain

Gúna de chuid Bobi


leideanna smididh Níor chóir go mbeadh ort bonnsmideadh (foundation) tiubh a chaitheamh na laethanta seo, is leor maothóir dathach (tinted moisturiser). Tá an-chuid acu seo thart faoi láthair, msh Laura Mercier, Benefit, Origins agus Clinique. Déanann siad san ar fad cinn deasa éadroma agus bí cinnte go bhfaigheann tú an dath ceart. Uaireannta ní bhíonn SPF iontu seo mar sin bí ag faire amach dó sin. Caith uait an púdar freisin - lig don aer feabhas a chur ar do chraiceann. Má bhíonn tu ag lorg luisnigh (blusher) nua ná bac le púdar ach faigh crème blush deas, féachann sé níos nádurtha agus tá sé eadrom freisin. Cur mascara dubh/donn ar na súile agus ní bheidh aon ní eile uait. Go pearsanta is maith liom Chanel Inimitable nó Bad Gal Lash ó Benefit. Más rud é go bhfuil tú bréan tuirseach den smideadh cheana, bain triall as smideadh déanta as mianraí i.e Bare Escentuals nó Jane Iredale. Ní hamháin go mbreathnóidh tú go hálainn ach beidh tú ag deanamh maitheasa don chraiceann chomh maith.

ginghams & checks Tá go leor éadaí Gingham agus checks sna siopaí faoi láthair. Ní gá go gcoimeádfá don picnic nó BBQ iad seo. Is féidir leo bheith cute, funky nó edgy. Is cuma mas gúna, sciorta nó léine a fhaigheann tú, beidh tú i ndáiríre. Beidh tú in ann iad a chaitheamh nuair a bheidh an samhradh caite le bríste dubh, jeans agus geansaí muineál nó gúnaí le riteoga teimhneacha (opaque tights). Is féidir earraí eagsúil a fháil í Topshop, ASOS, Urban Outfitters agus Oasis.

Beidh éadach nua spóirt á thairiscint go luath ag Mary Kate agus Ashley Olsen - go bhfóire Dia orainn! An bhfuil aon ní nach bhfuil an bheirt óg seo in ann a dhéanamh? ‘Elizabeth & James’ a bheidh mar ainm ar an mbailliuchán nua agus deirtear go mbeidh sé sna siopaí i mí Mheán Fómhair. N’fheadar an mbeidh sé chomh costasach leis an éadach atá acu in Barneys i Nua-Eabhrach? Seá, anois, beimid ar fad chomh maith leis na Hollywood celebs... an gcialaíonn sé sin go gcaithfimid dul chuig an gym? Le do thoil, noooo!


taisteal


cool københavn.

Tá éagsúlacht agus spiorad iontach le fáil i bPríomhchathair na Danmhairge, mar a fuair nós* amach le déanaí... FOCAIl scott de buitléir


CARRAING NA MAIGHDNE: Dealbh clúiteach Chóbanhávan

T

agann an logainm København ó Købemændshavn - Cuan na gCeannaitheoirí - agus ba é sin go díreach céard a bhí i gceist leis an gcathair álainn seo – margadh iontach d’éinne ag iarraidh roinnt rudaí a cheannach ar saoire! Agus is álainn an chathair í gan amhras, suite ar an gcósta le meascán deas de stair spéisiúil agus de shaol nua-aoiseach Chríoch Lochlann.

ROGHA LEATHAN Nuair a thagann tú amach ón aerfort, is fearr traein a fháil go Hovedbanegården (go liteartha, an phríomhstaisiún iarnróid) chun a bheith i gcroílár na cathrach. Ó shin, is féidir dul chuig do rogha áite, bíodh sin siopadóireacht a dhéanamh nó béile a fháil ar Strøget (an phríomhshráid siopadóireachta) nó ceann de na hóstáin fhaiseanta agus saor i lár na cathrach. Ar na hóstlanna is fearr sa chathair tá DanHostel (45 Hans Christian Andersen Blvd.), an leagan Danmhairgeach de An Óige. Má tá cárta ballraíochta An Óige agat, is féidir rátaí a fháil ar phraghasanna níos lú ná an gnáthchostas, ach fós ní chosnaíonn gnáthsheomra ach 70 Kroner Danmhairgeach (¤25) an duine an oíche.

“Is breá leo chomh maith cúis ar bith bheith acu chun cóisir a chaitheamh, agus tá na clubanna is fearr i gCríoch Lochlann suite i lár København.”

Seo an áit inár fhan mise don tsaoire, agus bhí an áit iontach gléasta suas agus glan, ach caithfidh mé a admháil nach raibh an rogha bia ann sármhaith, go háirithe do véigeatóirí. Níorbh fhadhb mhór í áfach mar tá ná bialanna sa chathair dochreidte amach is amach.

FÁILTE MHÓR LOCHLANNACH Agus ní bheidh tú san fhaopach muna bhfuil an teanga áitiúil agat ach an oiread mar tá Béarla iontach ag na Danmhargaigh - tá orthu é a fhoghlaim ar scoil ó 4 bliain d’aois agus tá paisean acu chun fáilte ollmhór a chur roimh thurasóirí. Is breá leo chomh maith cúis ar bith bheith acu chun cóisir a chaitheamh, agus tá na clubanna is fearr na Lochlannach suite i lár København. Tá Pan CPH suite cúpla nóiméad ó Strøget agus seinntear gach uile sórt ceoil ó pop go damhsa go latino, ag brath ar an oíche. De ghnáth, cosnaíonn sé timpeall 15DKK (¤10) chun dul isteach, ach is fiú go mór é.

GRIANGHRAFANNA GO LEOR Don té a théann thar lear díreach chun na mílte griangrafanna a thógáil, is fiú siúl go dtí deireadh Strøget mar tagann tú go Nyhavn, áit a dtógtar gach pic chárta poist de København. Lán de chaiféanna, siopaí beaga agus pub nó dhó, tá na céanna seo foirfe do thurasóirí atá ag éirí tuirseach tar éis lá mór siopadóireachta nó dul timpeall na háite. Gearr do Nyhavn, táthar in ann Amelienborg Slot (Caisleán Amelienborg), áit chónaithe Chlann Ríoga na Danmhairge, a fheiceáil. Ní féidir turais lastigh a thógáil seachas ar laethanta náisiúnta speisialta, ach is pálás iontach atá ann, mar sin is fiú go mór

o


Níl mórán sa mhúsaem atá ar thaispeáint go buan, mar sin bheifeá cinnte nach mbeadh an dara cuairt cosúil leis an gcéad cheann ar chor ar bith. Chomh maith leis sin, tá sé saor isteach, muna bhfuil aon ócáid speisialta ar siúl. Tá go leor eile le déanamh san áit músaem na long Lochlannach agus Gairdíní Tivoli san áireamh - ach mar atá a fhios ag éinne, ní féidir cuairt a thabhairt ar

København gan Den Lille havefrue – An Mhaighdean Mhara Bheag – a fheiceáil. Is fearr tacsaí, ‘taxa’, a thógáil amach chuici mar tá an dealbh suite i lár na docklands, beagáinín amach ó lár na cathrach. Ach, tóg faoi ndeara go bhfuil sí chomh beag mar atá luaite ina hainm – ní Big Ben Londan nó Túr Eiffel í an Lille havefrue! Fós, an rud is annamh is iontach.

*

{FOCAL AR FHOCAL}

griangraf nó dhó a thógáil de. Má leantar ar aghaidh ón Slot baineann tú amach Kongens Nytorv, páirc álainn chathrach atá ar nós Fhaiche Stiabhna i mBaile átha Cliath Cliath. ó shin, is féidir siúl tríd go dtí go bhfeiceann tú Statens Musæm for Kunst An Músaem Stáit d’Ealaíon - agus ní féidir Cóbanhávan a fhágáil gan cuairt a thabhairt ar an áit dochreidte seo.

ag dul? Aer Lingus BáC - Cóbanhávan Ryanair BáC - Billund

BReiS eoLAiS

www.visitcopenhagen.com

hvordan går det? (Voh’dan gore day?) Conas atá tú? Går det godt, tak! Og selv? (Gore day gott, tak! Oh sell?) Tá go maith, go raibh maith agat! Agu s tú féin? Taler du engelsk (eller gælisk)? (Tah-ler doo ayn-elsk (ay-ler gael-isk An bhfuil Béarla (nó Gaeilge) agat? )?)

Jeg forstår ikke dansk (Yai forsto’ egg-a dansk) Ní thuigim Danmhairgis

Jeg/Vi kommer fra Irland (Yai/Vee komma frah Eer-lan’) Is as Éirinn mé/muid

Kan jeg have én øl? (Kan yai hay aon úl?) An féidir beoir amháin a fháil?

hver er den nærmeste irske pub? (Ver air den nermest eerska pub?) Cá bhfuil an pub Éireannach is gior ra?


an pótaire ceart NÍL SÉ SLÁINTIÚIL BHEITH AG ÓL AN tAM AR FAD AGUS CÉ GO mBÍONN TART AIR I gCÓNAÍ, TUIGEANN AN PÓTAIRE SIN GO RÍMHAITH. MAR SIN STAON SÉ DE NA PIONTAÍ AN MHÍ SEO ACH BEIDH SÉ AR AIS GO LUATH AGUS FONN MÓR RAGAIRNE AIR. DON’T SAY WE DIDN’T WARN YOU!


* ar taispeรกint

t


ar taispeรกint


LAURA GERAGHTY - dearthóir Is as contae na Mí do Laura, ar céimí de chuid NCAD i mBaile Átha Cliath í. I measc na hoibre atá déanta aici tá leabhar Gaeilge do pháistí dar teideal ‘Cá bhfuil tú a Phádraig?’. Maisithe agus scríofa ag Laura féin, baineann an scéal le conspóid mhotarbhealach an M3 atá á thógáil taobh le Teabhair Na Rí. Tá sampla de leathanaigh an leabhair ar taispeáint anseo. www.laurageraghty.com


miLK - SØRen KJÆR Is deasc an-íostach é Milk ón dearthóir Danmhargach Søren Kjær. Ní hamháin nach mbíonn na cáblaí le feiceáil ach is féidir bosca bruscair, umar éisc, irisí agus eile a chur isteach ann. Praiticúil, nuálach agus glan. www.milk.dk



SnoWBencH - dUncAn WiLSon Mar is léir ón teideal, is é binse páirce clúdaithe le sneachta atá mar ionsporáid ag an tolg seo ón dearthóir, Duncan Wilson. Baineann sé úsáid as cúrphlaisteach cuimhne chun inphrionta an duine a choinneáil, rud a fhágann go mbeidh a fhios agat cá háit ar chóir duit do thóin a chur an chéad iarraidh eile! www.duncan-wilson.com


pHoton - VALVomo Is cuideachta ailtireachta ón Fhionnlainn í Valvomo a dhearann earraí eile seolta chomh maith. Dearaithe le haghaidh daoine a chaitheann go leor ama amuigh faoin spéir, is córas iniompartha grianphainéal é Photon ina bhfuil mála uiscedhíonach, strapa gualainne agus cás faoi choinne gutháin ghluaisteach. Is féidir fóin a luchtú leis an strapa gréine nó is féidir é a úsáid in áiteanna eile chomh maith, ar dhíon cairr nó báid mar shampla. www.valvomo.com


collaĂ­ocht


Foras feasa an tseomra leapa T

á easpa collaíochta ag teacht idir an cailín seo agus codladh na hóiche. Tarlaíonn sé don duine is fearr againn, deirtear liom, ach ní haon sólás sin agus tú sáinnithe ann. Tugtar ‘dry spell’ air sa Bhéarla i dtéarmaí réamhaisnéis an chraicinn ach is míchruinn ar fad mar théarma é mar ní seal tirim atá ann ar chor ar bith, ach tréimhse taise. Ní tirim a bhíonn bean a bhfuil fonn leathair uirthi... guiséad fliuch, bíonn fiabhras uirthi agus í sa tóir ar a cuidsa. Nach bocht an scéal é, mé i mo Chailín sa Chathair le colún collaíochta le scríobh agam agus gan scéal ar bith agam le hinsint. Mar sin, tabharfaidh mé cur síos rí-, agus b’fhéidir róphearsanta, daoibh ar an bhfrustrachas a bhaineann le saol na mná singil nuair nach bhfuil ag éirí léi ar a tóraíocht. Cloiseann tú oiread grinn agus magadh faoi fhéinsásamh na bhfear ach ní go rómhinic a luaitear mná ag

tabhairt lámh chúnaimh dóibh féin, mar níor cheart go mbeadh dúil ag na mná ina leithéid... mar dheá. Pfft, seafóid agus raiméis! Níl aon dabht ach go dtagann fonn comhluadair ar mhná ach sílim go mbíonn sé níos deacra orthu uaireanta é seo a admháil agus a chur in iúl i bhfocail. Tá an tsuim chéanna ag mná i gcúrsaí collaíochta

“Níl aon dabht ach go dtagann fonn comhluadair ar mhná ach sílim go mbíonn sé níos deacra orthu uaireanta é seo a admháil agus a chur in iúl i bhfocail.”

Babhta #4: Colúnaí collaíochta nach gcleachtaíonn a ceird

is atá ag na fir, níos mó fiú ag amanna áirithe ina dtimtriallta míosúla. Déanann na hormóin fiáin iad! Ag tabhairt sracfhéachaint shabhhsach ar gach bodach a shiúlann thar bhráid, ag leagadh súil shantach ar shoc scairde an cheatha, ag suí cos crosáilte ar an inneall níocháin agus ag súil leis an gciogal casaidh - bíonn fuadar fúthu agus iad ag iarraidh an tochas atá orthu a scríobhadh. Tá ‘adharcach’ chomh mí-oiriúnach céanna le ‘horny’ an Bhéarla le cur síos ar dhrúis na mban. Leicne luisneacha agus éirí ar na síní, úsc muscach sna triúisíní... ach ní thagann adharc ar bith orainne! Tá foclóir na collaíochta breac le gnéasachas teanga den chineál seo ar an ndrochuair, ach tiocfaidh muid ar ais chuige sin am éigin eile. Níor cheart go mbeadh aon náire ar mhná as na mianta seo bheith acu ach bíonn drogall orthu labhairt mar gheall ar ghlacaireacht aonair, is dócha toisc go bhfuil caighdeán dúbailte

o

cailín sa

m chathair


seafóideach ann ó thaobh cúrsaí gnéis go fóill. Bímis ionraic, a chailíní - baineann muid an oiread taitnimh as babhta maith inár n-aonair is a bhaineann na leaids! Luaigh mé cheana sa cholún seo an spraoi a bhaineann le bréagáin lán cadhnraí agus is teiripe mhaith í an tsiopadóireacht cinnte - ar leithéidí LoveHoney.co.uk ach go háirithe. Ach luaigh mé chomh maith go bhfuil níos mó spraoi le baint as na rudaí seo má aimsíonn tú céile don chluiche, mar sin más easpa páirtí leathair atá ag déanamh buartha duit ní bheidh ach faoiseamh sealadach sna bréagáin ghnéis. Tarlaíonn sé liomsa chomh maith nach leor an gníomh féin le go mbainfidh mé súnás amach; bíonn orm mo shamhlaíocht a spreagadh chomh maith le mo bhrillín. Bíonn roinnt den fhantaisíocht rómánsúil i gceist, cinnte, ach is cabhair mhór an spreagadh súl chomh maith...

FÉINSPRAOI: Maith, ach níos fearr le céile leapa

Ní fheadar an fíor é nach bhfuil dúil ag mórchuid na mban sa phornagrafaíocht. Tá dúil agam féin ann, caithfidh mé a admháil. Ní bheinn ag tabhairt cuairte ar chúlseomra an tsiopa fhíseáin ar tóir Debbie Does Dallas ná tada, nó ag malartú DVDanna gorma le mo chairde (samhlaigh - “hey a chailíní, fonn oraibh teacht anall anseo oíche Aoine, pizza agus porno?” ní dóigh liom é! Sin ráite, ní bheinn ag tabhairt cuireadh chun Sex and the City agus buidéal chardonnay dóibh ach oiread).iAch óir go bhfuil fáil

“Bímis ionraic a chailíní - baineann muid an oiread taitnimh as babhta maith inár n-aonair is a bhaineann na leaids!” againn ar fad ar an idirlíon na laethanta seo tá teacht againn ar phorn i bpríobháideachas ár seomraí leapa. Domsa bíonn cineál d’iomramh na n-iontas i gceist le porn go minic, oscailt súl chomh maith le fuascailt na leise. Tá go leor le foghlaim uathu, cleasanna collaíochta agus suíomhanna luí nár luígh liom ariamh agus freisin foghlaimím níos mó faoi na rudaí éagsúla a bhfuil tóir agam féin orthu, na gnéithe den chollaíocht a dtugaimse tosaíocht dóibh. Cé a cheap go mbeadh dúil agam i ... *ahem* Nuair nach bhfuil de chomhluadar agat ach an laptop, is é an leathanbanda an tomhas is tábhachtaí. B’fhearr liom go mór go mbeadh suiríoch saolta agam, áfach, mar sin cén dóigh is fusa dom tabhairt faoin gcluiche athuair? Ar an ndrochuair, níl nóisean agam. Fáilte roimh aon chomhairle a bheadh agaibh, a léitheoirí! Conas is féidir leis an gCailín seo sa Chathair a cuidsa a aimsiú arís?

*


* lĂŠargas

t


lĂŠargas


n í S t n a an Tibéid 7

Breatnaíonn Colin Ryan ar an gcaidr eamh reatha idir pobal na Tibéide agus údaráis na Síne, agus ar chúlra an achrainn ardiomrá.


T

á na Sínigh sásta dul chun cainte arís leis an Dalaí Láma – an ‘scarúnaí mór’ ar mian leis leas na Tibéide a threascairt, dá gcreidfeá an bholscaireacht shearbh oifigiúil a bhí ar siúl go dtí le déanaí. B’fhéidir go mbeadh sé ina dhiabhal arís amach anseo, ach faoi láthair tá fáilte roimh a chuid toscairí. Níl stad ag Rialtas na Síne ach ag fógairt gur ar sochar do na Tibéadaigh a chuaigh rialú na Síne. Tógadh bóithre, cuireadh oideachas nuaaimseartha agus áiseanna an tsaoil nua ar fáil, agus cuireadh deireadh leis an bhfeodachas. Admhaíonn an Dalaí Láma féin go ndearna na Sínigh maitheas éigin don Tibéid ar na bealaí sin, cé gur cinnte go ndéanfaí an tír a nuachóiriú ar aon chuma leis an aimsir, bíodh na Sínigh ann nó as. Ar scéal eile a chuimhníonn na Tibéadaigh féin, go háirithe an t-aos óg, agus go háirithe an méid acu atá ina gcónaí i Lása. Níl poist ann dóibh, is beag aird a thugtar ar dhúchas na tíre agus tá na sluaite ag brú isteach ón tSín ar an mbóthar nua iarainn. Tá cathair Shíneach déanta de Lása féin. Is minic a dúirt an Dalaí Láma go mbeadh sé sásta le méid éigin féinrialtais seachas le neamhspleáchas iomlán, ach is deacair foighne a chur sa ghlúin nua.

TEANGA AG GÉILLEADH Tá an Tibéidis féin ag géilleadh don tSínis ar shlite áirithe. Ní sa Tibéid amháin a labhraítear í ach i Ladakh, i Sikkim agus i Neipeal chomh

maith, agus i gcúigí Sichuan agus Xinjiang sa tSín. Is iomaí canúint aici ach úsáidtear an aibítir chéanna i gcónaí, ceann a tháinig ón India sa seachtú haois in éineacht leis an mBúdachas. Trí Thibéidis a mhúintear daltaí Tibéadacha sna bunscoileanna ar feadh an chéad trí bliana; ina dhiaidh sin tugtar Sínis isteach de réir a chéile. Sínis a úsáidtear sna meánscoileanna, agus ní mór scrúdú a dhéanamh sa teanga sin chun dul ar aghaidh go dtí an coláiste. Is beag an t-ionadh go bhfuil cuid Tibéadach ag brú Sínise ar a gclann, rud a chuirfeadh i gcuimhne duit ar tharla don Ghaeilge sa 19ú haois. Is amhlaidh freisin go bhfuil móran focal Sínise ag sleamhnú isteach sa teanga. Tugtar le tuiscint gur trí Shínis amháin is féidir plé leis an saol atá anois ann – rud nach fíor i ndáiríre. Tá feidhmeannaigh Thibéadacha ann ach is beag an meas atá ar a dteanga i gcúrsaí riaracháin. Ach ní mhaolaíonn neartú seo na Sínise an dúil atá ag na Tibéadaigh sa tsaoirse.

STAIR ACHRANNACH D’eascair an t-achrann atá anois ann as conspóidí a tharla i deireadh an 17ú haois agus i dtús an 18ú haois, nuair a rinne an tSín coimearcas den Tibéid. Mar sin féin, choinnigh an Tibéid a teanga, a cuid feidhmeannach, a dlíthe agus a harm, agus níor íocadh pingin chánach leis an Impire. I rith an 19ú haois laghdaigh neart na Síne, rud a d’fhág an Tibéid ina náisiún neamhspleách i dáiríre, cé gur dhiúltaigh an Bhreatain, na Stáit Aontaithe agus na tíortha

o

GRIANGHRAF Kiri Barker


Iartharacha eile an neamhspleáchas sin a aithint. Ghabh an tSín nua an Tibéid sa bhliain 1951, agus b’éigean do rialtas na Tibéide smacht na Síne a aithint go hoifigiúil, cé gur theith an Dalaí Láma go dtí an India. Sa bhliain 1965 bhunaigh na Sínigh an Réigiún Féinrialaithe Tibéadach, agus iad ag iarraidh margadh a dhéanamh leis an Dalaí Láma agus é a thabhairt abhaile. Ach ní raibh na Sínigh sásta an daonlathas a cheadú, agus bhí doicheall orthu roimh éileamh na dtoscairí Tibéadacha go mbunófaí Tibéid Mhór a mbeadh na ceantair a cailleadh san 18ú haois mar chuid di.

“...d’éirigh an tslándáil níos déine agus cuireadh teorainn le bláthú an chultúir agus an chreidimh.” Bhí na Sínigh sásta comhréiteach éigin a dhéanamh ar dtús. Rinneadh mainistreacha Búdacha a athoscailt, agus ceadaíodh manaigh nua a earcú agus an Tibéidis scríofa a úsaid níos forleithne. Ceapadh feidhmeannaigh Thibéadacha, ligeadh srian leis an ngeilleagar agus cuireadh leis an mbonneagar.

Ach d’fhág an Réabhlóid Chultúrtha a rian ar an Tibéid díreach mar a tharla sa tSín féin, agus is iomaí mainistir a scriosadh. Bhí mímhuinín ag na feidhmeannaigh Shíneacha is dúire as an mbeartas ‘bog’ riamh, agus acu a bhí an lá. Le beagán blianta anuas d’éirigh an tslándáil níos déine agus cuireadh teorainn le bláthú an chultúir agus an chreidimh. Ach cuireadh dlús le dul chun cinn an gheilleagair, rud a mheall na mílte anall ón tSín agus dúil acu san airgead a bhí á caitheamh chomh fial sin ag an rialtas.

BOLSCAIREACHT RIALTAIS Sa tSín féin tá an-éifeacht le bolscaireacht an Rialtais. Baintear tairbhe as an ngrá dúchais, agus is beag duine nach gcreideann gur fearrde an Tibéid a bheith ina cuid den tSín. Nuair a bhriseann an ghráin amach ar shráideanna Lása mar a tharla i rith na gcíréibeacha, déantar tagairt do ‘scarúnaithe’. Ach tuigeann an chuid is ciallmhaire de na húdaráis nach mór socrú polaitiúil de shaghas éigin a dhéanamh, agus dá bhrí sin nach mór dul chun cainte leis an Dalaí Láma féin, más beag féin an mhuinín atá acu as. Tá meas mór ag na Tibéadaigh fós air, cé go bhfuil an t-aos óg (daoine nach bhfuil ag cuid acu ach Sínis) ag éirí tuirseach de bheartas na síochána. Faoi láthair is fearr caint ná achrann, cé gurbh fhurasta don lámh láidir teacht i dtreis arís.

*


liosta imeachtaí

CEOL NUA G-Spota An chéad Aoine de gach mí, Cumann Chluain Ard, Sráid na Seiche, Béal Feirste Tús: 9in Cead Isteach: £4 angspota@gmail.com Rasta Ruaidh Córas Fuaime Rasta Ruaidh Reggae Gaelach ar an chéad Satharn de gach mí, Club Ghort na Móna, Béal Feirste

STUIFF TRAD

CEOLNUA TR EILE ANNÁIN SC TRAD FF STUI EOLNUA

Tá tús á chur anseo le liosta nua imeachtaí de na hócáidí is fearr atá ar siúl sa saol Gaelach in Éirinn agus thar lear. Cur d’imeacht féin sa liosta! Seol rphost chuig liosta@nosmag.com

Club Chronáin Ranganna Seite 7 Sean-Nós Gach Aoine, 8.00in-10in Ceol, Rince & Amhránaíocht Gach Aoine, 9.30in Cead Isteach: €4 eolas@araschronain.com 01-4574847 Glór na Móna Oíche Ghaelach le ceol

traidisiúnta, amhráin Ghaeilge agus tráth na gceist Cumann Ghort na Móna, gach dara Déardaoin sa mhí Gaeil Óga Oirialla Oíche Ghaelach le craic agus ceol sa The Real McCoy, An Mullach Bán, Ard Mhacha Theas Aoine dheireannach den mhí

EILE Clasaic Gailf Scoil Mobhí Dáta: 25 Iúil 2008 Áit: Club Gailf Hollywood, Baile Bachaille, Co. Átha Cliath. Eolas iontrála: cormac@tuige.com 0868116809 Na Cnocadóirí Siúlóidí rialta Gaeilge i sléibhte Bhaile Átha Cliath 7 Chill Mhantáin Fáilte roimh bhaill nua i gcónaí www.cnocadoiri.com


n贸s* i gcl贸 铆 a r n o s h d a tuille ! n n i a g u h c o an mh铆 se


nós

sa chéad eagrán eile:

Féilte neamhchoitianta Euro 08 na mionteangacha Euskal Herria SAM Gaelach léirmheasanna ceoil, scannán 7 pubanna beidh eagrán 4 ar fáil le híoslódáil MEÁN FÓMHAIR Má tá aon mholadh agat do nós*, nó dá mba mhaith leat cur leis an iris, seol rphost chuig eolas@nosmag.com


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.