Tábhacht na hEitice

Page 1

Tábhacht na hEitice Tuarascáil ar Thionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann

On the Importance of Ethics A Report on the President of Ireland’s Ethics Initiative

TIONSCNAMH EITICE UACHTARÁN NA hÉIREANN THE PRESIDENT OF IRELAND’S ETHICS INITIATIVE


Ábhar

Réamhfhocal ag an Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn

3

Rannán 1: Tionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann

5

Rannán 2: Freagairt na nInstitiúidí Ardoideachais

13

Réamhrá

13

Dúshláin leathana don tsochaí

13

An eitic, na meáin agus an t-idirlíon

16

An eitic sa réimse poiblí, sa bheartas poiblí agus sa chinnteoireacht

17

An eitic i réimsí an airgeadais agus an ghnó

19

An comhionannas, an éagsúlacht agus an difríocht

21

An eitic i réimse an oideachais

23

An eitic agus an comóradh

24

Tuiscint ar an eitic agus ar chearta an duine a fheabhsú

25

Glórtha an Phobail i gcomhair Athnuachan na hÉireann (GPAÉ) – Nasc á dhéanamh idir campus and pobal

26

Rannán 3: Rannpháirtíocht na Sochaí Sibhialta

29

Forbartha

29

Bochtaineacht

31

An eitic sa réimse poiblí, sa bheartas poiblí agus sa chinnteoireacht

32

An eitic i saol na hoibre

33

An comhionannas, an éagsúlacht agus an difríocht

34

Rannán 4: Ceachtanna le foghlaim agus tátail le baint

36

Dúshláin leathana don tsochaí

36

An eitic, na meáin agus an t-idirlíon

37

An eitic sa réimse poiblí, sa bheartas poiblí agus sa chinnteoireacht

37

An eitic i réimse an airgeadais agus an ghnó

38

An comhionannas, an éagsúlacht agus an difríocht

38

An eitic agus an t-oideachas

39

An eitic agus an comóradh

39

An eitic agus cearta an duine

40

Clabhsúr: An eitic, an mhoráltacht agus an tsochaí

40

Aguisín

42


Tábhacht na hEitice // On the Importance of Ethics

Réamhfhocal an Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn Cuireadh níos mó ná 60 imeacht ar siúl ar fud na tíre ó seoladh Tionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann i mí na Samhna 2013. Léirigh earnálacha an tríú leibhéal, na sochaí sibhialta agus an phobail spéis fhorleathan sa Tionscnamh. Cuimsíonn an tuarascáil seo torthaí na dtionscadal sin a cuireadh ar bun sna earnálacha éagsúla faoi scáth an Tionscnaimh agus an Seimineár Náisiúnta deiridh a bhí ar siúl in Áras an Uachtaráin san áireamh. Baineann na spriocanna a leag mé síos i m’Aitheasc Insealbhaithe leis an gcineál sochaí ar mian linn í a thógáil in Éirinn. Ba é cuspóir an Tionscnaimh Eitice plé náisiúnta faoi luachanna a spreagadh, mar fhreagairt ar na dúshláin mhóra agus an suaitheadh sna blianta beaga anuas. Smaoiníodh air freisin mar fhreagairt ar an gcéad tionscnamh de chuid m’Uachtaránachta, An Óige agus an tÉireannachas, inar aithin an óige gur cheart díriú go speisialta ar thógáil sochaí níos eiticiúla mar chuspóir. Agus an Tionscnamh Eitice seo á chur chun cinn agam, bhí mé den tuairim go raibh níos mó i gceist leis na deacrachtaí a bhí ag cur isteach ar mhuintir na hÉireann agus na hEorpa agus orthu siúd níos faide i gcéin le blianta beaga anuas ná ceisteanna beartais nó teip sa gheilleagar sa tréimhse chomhaimseartha le gairid, ach go raibh bunús ár ndeacrachtaí i ndioscúrsa ár saoil phoiblí agus intleachta, agus sna tuairimí agus sna modhanna smaointeoireachta atá i réim agus a bhfuil an lámh in uachtar acu agus a chuireann bac ar ár roghanna polaitiúla agus eacnamaíochta. Thar aon ní eile, tá ár ndioscúrsaí i réimsí éagsúla an tsaoil: san eitic, sa pholaitíocht, sa gheilleagar, sa chultúr agus sa chomhshaol, tar éis scaradh óna chéile. Ba é cuspóir an Tionscnaimh Eitice, dá bhrí sin, smaoineamh agus iniúchadh ar na ceisteanna sin a mhúscailt chun bealaí nua smaointeoireachta a fhíorú agus a spreagadh agus chun creat féideartha a sholáthar ina bhféadfaí smaointe nua cruthaitheacha a thabhairt chun cinn. Thaispeáin an fhreagairt ar an Tionscnamh saibhreas mór dá leithéid de chruthaitheacht – agus thaifead, freisin, an spéis mhór atá ag muintir na hÉireann agus ag institiúidí in Éirinn sa tionscnamh seo chun ár ndioscúrsa a iniúchadh agus a athcheangal mar chuid de thasc tógála sochaí níos cuimsithí. Is achoimre ar na gníomhaíochtaí a cuireadh ar bun faoi choimirce ‘Tionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann’ atá sa tuarascáil seo a leanas. Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil le Ciarán Lynch (Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh - ITL), an Dr. Kieran Keohane (Coláiste na hOllscoile, Corcaigh - COC) agus an Dr Chris McInerney (Ollscoil Luimnigh -OL) as a gcuid oibre agus an tuarascáil chuimsitheach ar an Tionscnamh á cur i dtoll a chéile acu. Ba mhaith liom, freisin, mo bhuíochas a chur in iúl do na hInstitiúidí Ardoideachais, d’Acadamh Ríoga na hÉireann agus do na hEagraíochtaí Neamh-Rialtasacha (ENRanna) éagsúla a rinne óstáil ar imeachtaí mar chuid den Tionscnamh seo. Ar deireadh, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh leis na baill sin


4

go léir den phobal a bhí chomh flaithiúil lena gcuid ama agus iad rannpháirteach sa phlé bríomhar agus géarchúiseach faoi chruthú sochaí níos eiticiúla. Creidimse gur tús atá sa Tionscnamh seo le próiseas leathan tógála Fíor-Phoblachta in Éirinn.


Tábhacht na hEitice // On the Importance of Ethics

Rannán 1 Tionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann Cúlra an Tionscnaimh Le linn a fheachtais toghchánaíochta don Uachtaránacht sa bhliain 2011, leag Mícheál D. Ó hUigínn amach a fhís d’Éirinn mar seo a leanas: “Creidimse gur féidir le hÉirinn éirí aníos as an ngéarchéim reatha le sochaí agus le geilleagar níos freagraí agus le saoránaigh ghníomhacha a chinnteoidh nach ndéanfar arís na dearmaid chéanna a rinneadh san am atá caite. I dteannta a chéile, is féidir linn sochaí níos fearr a thógáil in am seo an ghátair, sochaí atá físiúil agus praiticiúil araon” .1 Ina aitheasc insealbhaithe ar an 11 Samhain 2011, gheall sé go rachadh sé i gcaidreamh le pobal na hÉireann trí shraith seimineár agus tionscnamh: “Le linn m’Uachtaránachta, tá sé i gceist agam, freisin, roinnt Seimineár Uachtaránachta a reáchtáil, a dhéanfaidh machnamh agus iniúchadh ar théamaí atá tábhachtach inár saol roinnte ach atá níos leithne agus a théann thar éilimh reachtaíochta, téamaí mar athbhunú muiníne inár n-institiúidí, an ceangal eiticiúil idir an geilleagar agus an tsochaí, agus todhchaí na hEorpa a thógfaí ar an síocháin, ar an dlúthpháirtíocht shibhialta agus ar an inbhuanaitheacht.”2 Chuathas i gcaidreamh le beagnach 2,000 duine óg mar chuid den chéad Seimineár Uachtaránachta de chuid an Uachtaráin Uí Uiginn, An Óige agus an tÉireannachas, agus tugadh cuireadh dóibh an t-athrú a thógáil i gcúram agus a bhfís do thodhchaí na hÉireann a roinnt. Léirigh roinnt mhaith díobh siúd a ghlac páirt ann gur mian leo Éire a bheadh níos airdeallaí faoin tsochaí, sochaí a mbeadh an cúram agus an cineáltas maidir le leas ár saoránach go léir i gcroílár a luachanna. I ndiaidh An Óige agus an tÉireannachas, agus Éire ag teacht as tréimhse ghéarchéime, shocraigh an tUachtarán gur cheart don dara seimineár sa tsraith iniúchadh a dhéanamh ar théama na heitice ar fud gach gné den tsochaí agus ar an dúshlán a bhaineann leis an gcuireadh maireachtáil go heiticiúil le chéile. In óráid a thug sé in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC) i Meán Fómhair 2013, rinne an tUachtarán cur síos go hachomair ar an gcuireadh a thug sé don phobal díriú le chéile ar mhachnamh ar an eitic, rud a d’fhéadfadh athrú a dhéanamh ar chomhfhios an phobail, agus a d’fhéadfadh athrú dearfach a spreagadh. Leag an tUachtarán amach a fhís don Phoblacht eiticiúil trí shraith óráidí a thug sé le bliain go leith anuas. Thug sé aghaidh ar théamaí uilíocha, lean n-áirítear cearta an duine agus an tsaoránacht rannpháirtíoch, agus, go sainiúil, ar téamaí ar nós an chomhionannas, cearta na mban, an ceart chun teacht ar chúram sláinte chomh maith le haghaidh ar dhrochdhóigh na dteifeach, an ciall atá le forbairt idirnáisiúnta agus an ceangal idir an geilleagar, an eitic agus an tsochaí.

1 Litríocht an Fheachtais Toghchánaíochta le Mícheál D. Ó hUigínn, 2011 2 Sliocht as an aitheasc insealbhaithe, Caisleán Bhaile Átha Cliath, 11 Samhain, 2011


6

D’fhiafraigh an tUachtarán, freisin, céard a chiallaíonn an dea-shaol agus céard a tharla d’Eoraip na Saoránach de chuid Jacques Delors. Féachann sé ar na ceisteanna sin le dearcadh inmheánach, Eorpach agus idirnáisiúnta agus is é an snáithe comónta atá luaite aige an t-éileamh ar “shaoránacht chumasaithe”.3

Poblacht Eiticiúil Chuir an tUachtarán Ó hUigínn tús lena thionscnamh trí chuireadh a thabhairt d’ionadaithe institiúidí tríú leibhéal agus Acadamh Ríoga na hÉireann le bualadh leis in Áras an Uachtaráin i mí na Samhna 2013. Ag an gcruinniú sin rinne an tUachtarán cur síos achomair ar chuspóirí Thionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann. Rinne sé tagairt dá Uachtaránacht mar ‘Uachtaránacht Smaointe’ agus d’fhiafraigh sé ar institiúidí tríú leibhéal cén chaoi a bhféadfaidís cuidiú leis an gceist seo a fhreagairt - “cén chaoi a bhféadfaimis maireachtáil lena chéile go heiticiúil?”. Rinne an tUachtarán cur síos ar an gcaoi a raibh an cheist “céard is dea-shaol ann?” lárnach i réimse na heitice suáilcí, ó scríbhneoireacht Arastatail go dtí scríbhneoireacht fealsúna an lae inniu. Is ceisteanna bunúsacha in aidhmeanna an Thionscnaimh iad “céard is dea-shaol ann?” agus “cén chaoi a bhféadfaimis maireachtáil lena chéile go heiticiúil?”. Is rud bunúsach i dTionscnamh Eitice an Uachtaráin Uí Uigínn an dearbhphrionsabal gur cheart go mbeadh an smaointeoireacht reatha maidir leis an ngeilleagar bunaithe san eitic agus treoraithe ag cuspóirí sóisialta. Ag labhairt dó ag an Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha i nDeireadh Fómhair 2014, dhírigh an tUachtarán aird ar an am “a raibh eacnamaíocht pholaitiúil an Iarthair bunaithe ar smaoineamh fealsúnach agus eiticiúil, agus ar samhlaíodh an beartas eacnamaíochta go príomha mar a bhain sé leis na cuspóirí sóisialta ar a raibh sé dírithe.” Leagann an tUachtarán Ó hUigínn béim go minic ar an ngá atá ann go mbeadh an geilleagar agus na margaí faoi threoir cuspóirí sóisialta seachas faoi cheannas na heacnamaíochta nuachlasaicí. Le linn dó a bheith ag Scoil Samhraidh An Geilleagar agus an tSochaí i gCorcaigh i mí na Bealtaine 2015, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn; “Go deimhin, tá dochar mór déanta dár samhlaíochtaí morálta, don bhealach a shamhlaimid ár gcaidreamh le daoine eile, don todhchaí agus dár bplainéad comhroinnte, ag an gcuireadh a tugadh dúinn féachaint ar an domhan mar uasmhéadaitheoirí áirgiúlachta réasúnacha beartacha.” Ag labairt dó le daoine óga ag bronnadh na nGradam Gaisce i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i mí Feabhra 2014, dúirt an tUachtarán O hUigínn gur cheart go mbeadh an eitic i gcroílár an tsaoil phoiblí: “Nár bhreá an cuidiú é lenár dtuiscint ar ár bhféiniúlacht agus lenár gcáil idirnáisiúnta, dá bhféadfaí ainm na hÉireann a cheangal le Poblacht eiticiúil”4

3 Aitheasc an Uachtaráin, Mícheál D. Ó hUiginn, ag an Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha, Deireadh Fómhairt 2014. 4 Murray, E, ‘Society is still numb’, lth. 2. The Irish Sun.


Tábhacht na hEitice // On the Importance of Ethics

Agus Céim 1 de Thionscnamh Eitice Uachtarán na hEireann, an caidreamh le hInstitiúidí Tríú Leibhéal, á seoladh aige, mhínigh an tUachtarán cuspóirí an tionscnaimh mar seo a leanas: • Athrú meoin a bhaint amach a spreagfadh cineál saoránachta a bheadh gníomhach seachas fulangach agus ‘comhfhios criticiúil’ a chothú. • Cuidiú le bail a chur ar an dochar a rinneadh do cháil na hÉireann de thoradh na géarchéime airgeadais, trína thaispeáint don domhan agus dúinn féin go bhfuil iarracht déanta ag muintir na hÉireann dul thar an bhfearg agus an cómhaslú trí phrionsabail nua dearfacha a leagan síos chun maireachtáil lena chéile mar shochaí. • Físeanna eile de thodhchaí na hEireann a chur in iúl chun muintir na hÉireann a mhealladh ar thuras dóchais, “caibidil nua á hoscailt” Sliocht bainte as Tuarascáil Inmheánach ar chruinniú le hIonadaithe Tríú Leibhéal, Samhain 2013

Deis Athraithe Le cúlra an mhachnaimh a spreagadh ag Deich mBliana na gCuimhneachán in Éirinn, agus Éire á ceapadh ina comhéascaitheoir ar an stáitse idirnáisiúnta maidir le ceapadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe de chuid na Náisiún Aontaithe, tá aird tarraingthe ag an Uachtarán Ó hUigínn ar dhúshlán na linne seo agus ag an am céanna ar an deis atá ann iniúchadh a dhéanamh ar an eitic agus ar struchtúir na sochaí, sa bhaile agus i gcéin. Ag labhairt dó in Ollscoil Luimnigh ar ‘Cearta Idirnáisiúnta an Duine agus an Eitic Phoiblí Dhaonlathach’ thagair an tUachtarán do ról na n-institiúidí tríú leibhéal i spreagadh an phlé ar na dúshláin a bhaineann le maireachtáil le chéile go heiticiúil: “Go deimhin, i láthair na géarchéime ar cuireadh dlús leis ag an ollchliseadh airgeadais domhanda in 2008 - géarchéim a bhfuil iarmhairtí eacnamaíochta aisti chomh maith le hiarmhairtí polaitiúla, sóisialta, intleachtúla agus morálta - agus, ar an mórgóir, i láthair na ndúshlán mór atá roimh ár sochaithe comhaimseartha - más i dtaca le forbairtí sa teicneolaíocht agus san eolaíocht, nó le scála na n-imircí domhanda nó le hathrú aeráide domhanda iad sin - iarrtar ar ollscoileanna athghabháil a dhéanamh ar chuspóir morálta an bhunmhachnaimh agus ar an scoláireacht iolraíoch agus fhuascailteach.”5 Tá béim leagtha go minic ag an Uachtarán ar ról tábhachtach na scoláireachta ar an tríú leibhéal i gceistiú na dtuairimí reatha a nglactar leo agus ar a chreideamh gur féidir le hollscoileanna, agus gur cheart dóibh, páirt a ghlacadh i gcothú bealaí eile smaointeoireachta. Tá sé luaite ag an Uachtarán, mar sin féin, go bhféadfadh a thionscnamh a bheith

5 Dioscúrsa Acadamh Ríoga na hÉireann ar ‘Cearta Idirnáisiúnta an Duine agus an Eitic Phoiblí Dhaonlathach’ , Ollscoil Luimnigh,

6 Meitheamh 2014.


8

“ina iarracht sách míchreidmheach, agus b’fhéidir fiú sách baolach, atá dírithe ar dhíospóireacht leathan phoiblí ar an eitic a spreagadh”.6

Cearta an Duine do chách San aitheasc céanna in Ollscoil Luimnigh, phléigh an tUachtarán cuid den chastacht inghreamaithe sa dioscúrsa comhaimseartha ar chearta an duine, agus béim ar fhianaise Hannah Arendt den sealbhú náisiúnta ar ‘chearta an duine’ a bhfuil aicmí nua daoine ann dá bharr agus iad gan chearta, mar atá teifigh, daoine díláithrithe agus daoine gan stát, agus chuir sé an cheist: “Cén chaoi a bhfuilimid le cearta na ndaoine sin, a bhfuil na milliúin díobh sa domhan inniu, a shamhlú?”7 Tá sraith ráiteas an Uachtaráin Uí Uigínn le linn Tionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann lán de théamaí chearta an duine agus chumasú na saoránach, téamaí atá chun cinn ina ‘Uachtaránacht Smaointe’. Agus Céim 2 de Thionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann, céim na Sochaí Sibhialta, á seoladh aige ag comhdháil de chuid Chumann Naomh Uinseann de Pól, dhírigh an tUachtarán Ó hUigínn air seo: “Tá ár saoránaigh míshuaimhneach nó go mbeidh fís acu dár dtriall mar shochaí. Tá an iomarca díobh ina gcónaí i dtimpeallacht ina bhfuil strus gan staonadh, agus iad ag déileáil le cúinsí airgeadais a chuireann teorainn ar a léargas agus a cheapann iad i réim mharthanais.”8 Lean sé air: “Tá spás á lorg ag muintir na hÉireann le machnamh a dhéanamh - chun fís iontaofa a fháil san am bánaithe i láthair na huaire”. Ag seoladh Bhliain Forbartha na hEorpa in Éirinn i mí Eanáir 2015, leag an tUachtarán Ó hUigínn béim ar thráthúlacht an ama faoi láthair le hiniúchadh eiticiúil a dhéanamh ar struchtúir shibhialta dhomhanda agus intíre. “Tugtar deis uathúil dár gcinneadóiri dul i ngleic leis na riachtanais is bunúsaí agus is práinní atá ag na milliúin daoine ar fud an domhain, daoine a bhfuil sé de cheart acu a saol a chaitheamh le dínit, agus a bhfuil an chaoi agus an tsaoirse leis sin a dhéanamh á lorg acu.” Labhair sé ar an tábhacht a bhaineann le heiseamláiri forbartha a thógáil ar chearta bunúsacha an duine agus ar an idirnasc láidir idir chearta an duine, athrú aeráide agus forbairt idirnáisiúnta.

6 Ibid. 7 Ibid. 8 Óráid a thug an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn ag Ócáid Seolta an Tionscnaimh Eitice ag comhdháil Naomh Uinseann de Pól, Óstán

Davenport, Baile Atha Cliath, 22 Meán Fómhair, 2014


Tábhacht na hEitice // On the Importance of Ethics

“Taobh amuigh dá ghnéithe eolaíochta soiléire, ba cheart dúinn, freisin, féachaint ar athrú aeráide ar bhealach iomlánaíoch, i dtaca lena iarmhairtí ar bhaint amach cearta an duine. Go deimhin, tá sé ag éirí níos soiléire de réir a chéile gur baolach iad iarmhairtí tarluithe adhaimsire do thairbhe éifeachtach raon ceart bunúsach an duine, mar shampla, an ceart teacht ar uisce agus ar bhia slán, ar chúram sláinte agus ar thithíocht fhóirstineach.” Ag labhairt dó ag comhdháil in Ollscoil Éireann Gaillimh (OÉG) ar Cheart an Duine maidir leis an tSláinte, dúirt an tUachtarán O hUiginn go sainiúil: “Is é mo thuairim láidir go bhfuil tairbhe mhór le baint as dioscúrsa ar chearta an duine agus samhlacha nua geilleagair agus sóisialta á gcruthú, go háirithe agus brú á chur ar an ngeilleagar lena bhunús eiticiúil a aimsiú arís. Tá baint ar leith aige sin leis an gceist shainiúil faoin gceart maidir leis an tsláinte, atá ceangailte chomh dlúth sin le ceisteanna dínit an duine agus a théann i ngleic le gnéithe uile an tsaoil agus an phobail chomh maith le ceisteanna comhionannais agus meas ar an éagsúlacht”9 Mar dhuine de ghrúpa de dheichniúr Ceannaire Domhanda aitheanta mar Thacaithe leis an bhfeachtas Women’s HeforShe de chuid na NA, thug an tUachtarán Ó hUigínn móraitheasc, “Cearta na mBan: Ceann de Dhúshláin Mhóra Eiticiúla Ár Linne’, ag ócáid chomórtha fiche bliain Dhearbhú Bhéising a bhí á hóstáil ag Coimisiún um Chearta an Duine agus Chomhionannas na hÉireann agus ag Comhairle Náisiúnta na mBan i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i mí Feabhra 2015. Dúirt an tUachtarán ar an ócáid sin: “Is ceist í cearta na mban a théann i ngleic le struchtúir agus luachanna bunúsacha ár sochaí agus ar an gcúis sin tá comhdháil an lae inniu ar cheann de na himeachtaí is tábhachtaí de Thionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann ....Tá clár an phlé inniu dírithe ar dhúshláin lárnacha pholaitiúla, eacnamaíochta agus chultúrtha an domhain chomhaimseartha, dúshláin nach féidir a thuiscint gan an neamhionannas agus an t-éigeart inscneach a aithint.” Cé gur chuir sé béim ar an dul chun cinn mór atá déanta le fiche bliain anuas maidir le comhionannas na mban, dúirt an tUachtarán, áfach: “Tá go leor fágtha sa scéal sin ar an iomlán a léiríonn an t-éigeart trom agus síoraí maidir le mná ar fud an domhain, agus cuireann sé na dúshláin phráinneacha agus fhadtéarmacha atá le sárú i gcuimhne dúinn más mian linn mná a chumasú ar fud an domhain.”

Oibrithe á gCumasú Ina aitheasc ar chearta na mban, d’ardaigh an tUachtarán an cheist faoin sainmhíniú atá againn ar an obair, go háirithe i gcomhthéacs na mban a bhíonn ag obair mar chúramóirí sa bhaile, iad ag tabhairt aire, b’fhéidir, do dhuine aosta sa chlann nó do dhuine faoi mhíchumas.

9 Óráid a thug an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn ag Comhdháil ar Cheart an Duine maidir leis an tSláinte, OÉG, 6 Feabhra 2015


10

Ba théama seasta sa Tionscnamh a bhí sa chiall atá leis an obair agus an chaoi a gcuireann sé leis an ‘deashaol’, agus thug an tUachtarán léacht Edward Phelan de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) ar an ábhar ‘Todhchaí na hOibre’ agus reáchtáil Comhdháil na gCeardchumann (CC) tionscnamh ‘An Láthair Oibre Eiticiúil’ faoi choimirce Thionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann. Le linn dó Léacht Edward Phelan a thabhairt dúirt an tUachtarán: “Go deimhin, tá sé riachtanach go dtabharfaí áit lárnach don obair, ina gnéithe éagsúla mar ghníomhaíocht chomhroinnte an duine, sa phlé atá againn ar na luachanna ar mian linn, mar phobal, an saol a chaitheamh faoina dtreoir. Is ceann de mhórcheisteanna sainiúla ár linne céard is “obair mhaith ann” taobh istigh de chreat an “dea-shaoil”.” San aitheasc céanna d’fhiafraigh an tUachtarán an é go mbreathnaítear ar dhaoine mar shaothraithe agus mar bhealach le cuspóir a bhaint amach, “acmhainn ghéilliúil don tomhaltas ag an “Margadh Iomlán” - agus nach tairbhithe deiridh an gheilleagair a thuilleadh iad?” San aitheasc seo a leanas tarraingíonn sé aird ar an gceist i gcroílár ghéarchéim an daonlathais san Eoraip agus deir “Níor cheart dúinn ligean don chomhtháthú sóisialta scaoileadh faoi chomhéifeachtaí an dá ghluaiseacht a bhfuil cur síos déanta agam orthu, tráchtearrú an tsaothair agus dípholaitiú an bheartais gheilleagraigh.” I Léacht Edward Phelan agus ina aitheasc ag Tionscnamh Eitice na Láithreach Oibre de chuid Chomhdháil na gCeardchumann (CC), d’iarr an tUachtarán go ndéanfaí na hoibrithe agus an aos priacail, mar a thugtar air, a chumasú agus dúirt: “Ní mór dúinn litearthacht eacnamaíochta a chothú go forleathan, le taca ó scoláireacht iolraíoch agus ó roghanna beartais freagracha i ndaonlathas tomhaiste.”

Saoránaigh á gcumasú agus an comóradh eiticiúil Lean an tUachtarán le téama na litearthachta eacnamaíochta ina aitheasc do Chomhdháil Bhliantúil The Wheel i bPáirc an Chrócaigh i mí na Bealtaine 2015. Tá an litearthacht eacnamaíochta sin ina bunchloch ag an tsaoránacht chumasaithe, ghníomhach agus rannpháirtíoch. “Creidim gur smaoineamh cumhachtach, a bhféadfadh macalla a bheith aige ag an uair seo inár stair go háirithe, atá sa bhunsmaoineamh seo den saoránach rannpháirtíoch atá cumasaithe chun a bheith rannpháirtíoch agus rathúil”


Tábhacht na hEitice // On the Importance of Ethics

Labhair an tUachtarán go minic ar an ngá le “cuimhneamh go heiticiúil” agus rinne sé cur síos ar an gcaoi a bhféadfaí bac a chur ar an tseilbh a bheith á glacadh ar an todhchaí ag cuimhne tragóideach tríd an tsamhlaíocht agus an chruthaitheacht. Is téama é sin ar thug an tUachtarán aghaidh air ina aitheasc ag Ollscoil na Banríona (OB) i mí Dheireadh Fómhair 2014: “Mar is trí thodhchaí a shamhlú, saor ó ualach na gcuimhní saofa den am atá caite agus ó dheacrachtaí an lae inniu ar cosúil dóibh a bheith dosháraithe, a fhaightear an fuinneamh chun eitic na cuimhne a d’fhéadfadh a bheith cumasach a thógáil.”10 Tá ceangal déanta ag an Uachtarán idir an fhís reatha d’fhíorPhoblacht eiticiúil agus fís shínitheoirí Fhorógra 1916. “I gcroílár an phoblachtais tá prionsabal na saoránachta rannpháirtíche, agus ceart na hionadaíochta ag gach saoránach agus ceart guth a bheith acu. Is coincheap é atá bunaithe ar thuiscint ar an Stát mar fhreagracht chomhroinnte, seachas mar aonán teibí. Ní mór fíorphoblacht a thógáil ar phrionsabail agus beartais a thugann aitheantas don leas comónta, agus a chuireann idéanna an mhuintearais agus an phobail sa chroílár, agus a dhiúltaíonn srianta choincheap na saoránachta atá caol agus indibhidiúlach” Tá sé curtha i gcuimhne ag an Uachtarán Ó hUigínn go bhfuil idéalachas na réabhlóidithe in 1916 fós ábhartha. “is cinnte go bhfuil sé fóinteach, go n-admhóimis go bhfuil go leor le foghlaim againn ó fhísithe idéalacha na tréimhse sin, agus sinn ag déanamh iarrachta tabhairt faoi phróiseas atógála agus athshamlaithe i ndiaidh na dteipeanna diana eacnamaíochta agus polaitiúla. Ar fhaitíos go mbeadh fonn orainn breithiúnas a thabhairt ar dhaoine eile go hiardhearcach, ba cheart dúinn fiafrú dínn féin ar thógamar an deis briseadh a dhéanamh le seanpharaidímí smaointeoireachta a bhfuil ag teip orthu, nó, b’fhéidir gur cheart dúinn a admháil nach raibh an misneach morálta agus an tiomantas intleach againn chun an domhan inmharthana agus cothrom atá de dhíth orainn a bhunú.”11 Tá sé mar aidhm i gcroílár Thionscnamh Eitice an Uachtaráin fíorPhoblacht a thógáil le saoránaigh ghníomhacha chumasaithe agus le struchtúir pholaitiúla agus shóisialta a bhfuil luachanna an chúraim ina gcroílár agus a thugann an deis dúinn go léir maireachtáil le chéile go heiticiúil.

An Seimineár Náisiúnta Thionól an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an dara Seimineár Uachtaránachta mór dá chuid in Áras an Uachtaráin, Dé Sathairn 28 Márta 2015, ar théama na hEitice agus bhí os cionn 100 duine sa lucht éisteachta. Bhí baill an phobail, ionadaithe na n-earnálacha tríú leibhéal agus na sochaí sibhialta, státseirbhísigh shinsearacha agus ceannairí gnó i measc an lucht éisteachta ar tugadh cuireadh dóibh 10 ‘1916 and the Ethics of Memory’, Ionad Ghleann Crí don Síocháin agus don Athmhuintearas, Meitheamh 2015 11 Ibid


12

agus a ghlac páirt sa phlé agus sa díospóireacht bhríomhar faoi thodhchaí eiticiúla na hÉireann. Rinne an seimineár sin athbhreithniú ar thoradh bliain oibre ar na deiseanna agus na dúshláin atá roimh Éirinn agus sochaí níos eiticiúla á tógáil aici. Rinne an seimineár iniúchadh ar thaithí na dtionscnamh éagsúil agus chuir sé ardán ar fáil chun plé a dhéanamh ar cheisteanna tábhachtacha eiticiúla in Éirinn, ar tháinig cuid mhaith díobh chun cinn le linn an tionscnaimh, agus an ról a d’fhéadfadh daoine aonair agus institiúidí a ghlacadh agus Éire níos eiticiúla a bheith á tógáil acu san áireamh. Cuireadh tús leis an seimineár le heochairaitheasc ón Uachtarán, agus ina dhiaidh sin bhí plé painéil, ceardlann ghrúpa agus cur i láthair ó ionadaithe earnálacha an tríú leibhéal agus na nEagraíochtaí NeamhRialtasacha (ENR). I measc na ENRanna a bhí i láthair bhí Dóchas, Comhdháil na gCeardchumann, Comhairle Náisiúnta na mBan, Cumann Naomh Uinseann de Pól agus The Wheel, a thug aghaidh ar Thionscnamh an Uachtaráin lena dtionscnaimh féin ar leith a chuaigh i ngleic ar bhealaí éagsúla le gnéithe eiticiúla na bochtaineachta, na forbartha, na hoibre agus an phobail.


Tábhacht na hEitice // On the Importance of Ethics

Rannán 2 Freagairt na nInstitiúidí Ardoideachais Réamhrá Mar fhreagairt ar an gcuireadh a d’eisigh an tUachtarán Ó hUigínn chuig na hInstitiúidí Ardoideachais (IAanna) in Éirinn chun cuidiú le ‘machnamh ar an eitic, rud a d’fhéadfadh athrú a dhéanamh ar chomhfhios an phobail, agus a d’fhéadfadh athrú dearfach a spreagadh’ tháinig raon freagairtí chun cinn. Sa chuid is mó de na cásanna rinneadh na freagairtí a fhorbairt agus a chur i láthair taobh istigh d’institiúidí aonair, ach i roinnt cásanna forbraíodh próisis shuimiúla agus nuálacha trí chomhoibriú idir institiúidí. Trí na próisis éagsúla sin, rinneadh iniúchadh ar raon leathan téamaí ‘eitice’ éagsúla, cuid díobh ag díriú ar cheisteanna leathana faoin gcaoi a n-eagraítear an tsochaí, agus cuid eile ag díriú ar théamaí níos sonraithe cé gur téamaí a sainmhíníodh go leathan a bhí iontu, amhail: an eitic agus na meáin; an eitic i réimse an bheartais phoiblí agus sa chinnteoireacht; an eitic i réimse an ghnó agus na gairme; agus ceisteanna na héagsúlachta agus na caoinfhulaingthe, agus tuilleadh nach iad. Déantar cur sios sa chuid seo den tuarascáil ar na tionscnaimh sin agus cruinnítear le chéile faoi roinnt téamaí comhaontaithe iad. Leagtar amach príomhghnéithe na dtionscnamh ar tugadh fúthu, léirítear cén chaoi ar eagraíodh iad, cé a bhí rannpháirteach agus cuid de na ceachtanna le foghlaim agus na treonna le glacadh sa todhchaí astu. Tá achoimre ar na tionscnaimh sin in Aguisín 1.

Dúshláin leathana don tsochaí Chuaigh roinnt de na hInstitiúidí Ardoideachais i ngleic le mórcheisteanna na sochaithe sa 21ú haois, agus dhírigh siad ar shochaí na hÉireann chomh maith le díriú ar cheisteanna leathana idirnáisiúnta. I gColáiste na Tríonóide (CT), Baile Átha Cliath, tugadh cuireadh do rannpháirtithe i roinnt imeachtaí, faoin gcomhtheideal ‘Comhairliúcháin maidir leis an tSaoránacht de chuid Sheomra Fada Choláise na Tríonóide’ a reáchtáladh idir Feabhra agus Meitheamh 2014, teacht isteach chuig an Ollscoil le dul i ngleic le mórcheisteanna mar An Eitic, Inniúlachtaí agus Dúshláin an Athraithe agus An tSaoránacht, An Rialachas agus An Mol Sheomra Fada na Tríonóide Is é Institiúid Taighde na nEalaíon agus na nDaonnachtaí Choláiste na Tríonóide atá i Mol Sheomra Fada na Tríonóide, atá faoi stiúir an Ollaimh Jurgen Barkhoff. Tá sé ar cheann de chúig institiúid taighde shuaitheanta na hOllscoile agus tá sé dírithe ar thaighde nuálach sna naoi mballscoil Ealaíon agus Daonnachtaí. Tá sé ar cheann de phríomhaidhmeanna Mhol an tSeomra Fhada an leas is fearr a bhaint as a shuíomh agus a bheith ina lárionad díospóireachta faoi na dúshláin atá roimh an domhan sa lá atá inniu ann agus faoi ról na nEalaíon agus na nDaonnachtaí ag dul i ngleic leo. Cuireann an Mol clár leathan éagsúil imeachtaí acadúla, léachtanna poiblí, seimineár agus comhdhálacha ar siúl, atá dírithe ar infheictheacht agus tionchar a chuid taighde a chur chun cinn.


14

Fhreagracht. Níorbh imeachtaí poiblí a bhí sna seisiúin sin ach comhráite rúnda idir líon beag rannpháirtithe leasmhara ar tugadh cuireadh dóibh. Rinne an chéad cheann de na seisiúin sin plé ar an gceist seo: an ‘teip san eitic nó teip san inniúlacht’ ba chúis le ‘géarchéim na hÉireann’ agus rinneadh iarracht iniúchadh a dhéanamh ar na luachanna eiticiúla is ceart chun tabhairt faoin athrú; bhí imeacht eile níos déanaí ann a chuaigh i ngleic le ról na saoránach i gcinntiú an rialachais agus na freagrachta in Éirinn, ag díriú go háirithe ar ról na n-údarás neamhthofa. Déantar cur síos níos faide ar aghaidh ar phlé eile sa tsraith. D’eagraigh OÉG léacht ar an téama Comhionannas Sóisialta agus an Bhochtaineacht, dúshlán a bhíonn le sárú ag formhór na sochaithe, arna thabhairt ag an Ollamh Jonathan Wolff, Coláiste na hOllscoile, Londain. Iarradh ar an Ollamh Wolff léargas a thabhairt ar thuarascáil a scríobh sé d’Fhondúireacht Rowntree ar an mbochtaineacht - cén chaoi le hí a shainmhíniú, a thomhas agus dul i ngleic léi. Maidir leis an dúshlán a bhaineann le tabhairt faoin gcomhionannas agus an bhochtaineacht i dtíortha áirithe, cuirtear barr ar an donas uaireanta nó fiú go rialta le tubaistí nádúrtha agus de dhéantús an duine. Chuir sé sin téama ar fáil le haghaidh Siompóisiam Idirnáisiúnta ar Eitic na Tubaiste a d’eagraigh Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC), a d’aithin an iliomad aincheisteanna eiticiúla a thagann chun cinn dóibh siúd atá buailte agus do phleanálaithe agus freagróirí chomh maith. Chuir an siompóisiam chun cinn an tuairim go mbíonn treoir eiticiúl agus ábhar traenála in easpa ar lucht déanta beartas, gníomhaireachtaí daonnúla agus freagróirí aonair; murach sin b’fhearr a d’fhéadfaidís tabhairt faoi na haincheisteanna dúshlánacha agus anróiteacha a tharlaíonn le linn tubaistí. Agus é ag tabhairt faoi ábhar a bhfuil suntas nach beag ag baint leis i dtíortha go leor, dhírigh Tionscadal Coinsiasa COBÁC ar an téama ‘Sceithireacht, diúltú consiasach, easumhlaíocht shibhialta’. Bhí sé mar aidhm ag an tionscnamh sin pictiúr soiléir d’easumhlaíocht bunaithe ar an gcoinsias a chur i láthair sa chomhthéacs comhaimseartha ionas go mbeadh bun ann ar a bhféadfaí idirdhealú a dhéanamh idir chineálacha cuiditheacha agus scriosacha den easaontas daonlathach. Eagraíodh trí imeacht mar chuid den tionscnamh sin. I nDeireadh Fómhair 2014, thug an tOllamh Kimberley Brownlee ó Ollscoil Warwick léacht dar teideal “Coinsias, Gairmiúlacht agus an tAturnae” agus thug an tUasal Ken Murphy, Stiúrthóir Ginearálta, Dlí-Chumann na hÉireann, freagra air. Bhí tuairim is 150 duine i láthair, aturnaetha ag cleachtadh a ngairme an chuid ba mhó díobh. Bhí an dara himeacht, ceardlann acadúil, ar siúl i mí Dheireadh Fómhair 2014 chomh maith, ar an téama ‘Coinsias, Diúltú Consiasach agus Sceithireacht’, i dTeach Newman, Faiche Stiabhna. Bhí painéal idirnáisiúnta cainteoirí ann a thug aitheasc do lucht éisteachta de 20 rannpháirtí nó mar sin. Ar deireadh, i mí na Samhna 2014, reáchtáladh plé painéil poiblí in Acadamh Ríoga na hÉireann a eagraíodh i gcomhar leis an Acadamh chun iniúchadh a dhéanamh ar fheiniméan na sceithireachta agus an diúltaithe choinsiasaigh. Is é an Breitheamh Oinigh Colm Mac Eochaidh a bhí sa chathaoir agus i measc na gcainteoirí bhí; Peter Dempsey a rinne sceithireacht ar an dlíghnólacht a raibh sé ag obair ann agus a bhfuil agra á dhéanamh air; An Dochtúir Kate Kenny, Léachtóir i Scoil Bhainistíochta Ollscoil na Banríona, Béal Feirste (OBBF) agus comhalta taighde i Scoil Ghnó Ollscoil Cambridge; An Seanadóir Susan O’Keefe; agus an Dochtúir Daniele Santoro, fealsamh polaitíochta ó Ollscoil Luiss, An Róimh. Bhí tuairim is 60 duine i láthair ag an imeacht.


Tábhacht na hEitice // On the Importance of Ethics

D’eagraigh an Lárionad um Staidéar ar Bhunúis Mhorálta an Gheilleagair agus na Sochaí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, i gcomhar le comhpháirtithe sa Danmhairg agus san Olainn, comhdháil ar théama ginearálta na sláinte, na folláine agus na heitice dar teideal “Paiteolaíochtaí Sóisialta na Sibhialtachta Comhaimseartha”. Thug an chomhdháil aghaidh ar na ‘heipidéimí’ nua atá coitianta in Éirinn agus ar fud sochaithe comhaimseartha, amhail an dúlagar, an féinmharú, an andúil, neamhoird itheacháin agus fadhbanna eile mar iad. Diúltaíodh do dhiagnóis réaduchtach an bhithleighis agus na síceolaíochta agus ba é an hipitéis taighde lárnach a threoraigh an chomhdháil go gcaithfear fadhbanna comhaimseartha na sláinte agus na folláine a thuiscint i dtéarmaí taithí aonair agus chomhchoitinne ar na hathruithe radacacha i mbunúis mhorálta ár sibhialtachta agus i ndíscaoileadh institiúidí sóisialta lárnacha. Ar deireadh ba é an Reiligiún sa Saol Poiblí, ábhar conspóideach uaireanta, a pléadh i gceardlann in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste i mí na Bealtaine 2014. Ba é cuspóir na ceardlainne an ról a bhíonn ag an reiligiún nó a d’fhéadfadh a bheith aige i ndioscúrsa poiblí an daonlathais ionadaíoch liobrálaigh. I measc na dtéamaí a pléadh bhí: áitiús reiligiúnach, diúltú coinsiasach agus agóid dhaonlathach; creideamh reiligiúnach agus freagracht aonair; reiligiún agus nuaphoblachtachas; saoirse cainte agus liobrálachas Lárionad um Staidéar ar Bhunúis Mhorálta an Gheilleagair agus na Sochaí Is comhfhiontar idir Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge atá sa Lárionad um Staidéar ar Bhunúis Mhorálta an Gheilleagair agus na Sochaí . Tá an Lárionad lonnaithe i Roinn na Socheolaíochta in COC agus tá sé faoi chomhstiúir an Dr. Kieran Keohane, an Ollaimh Colin Summer agus an Ollaimh Arpad Szakolczai . Go hachomair, is e misean an Lárionaid staidéar a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanann forbairt an gheilleagair nua-aoisigh dhomhanda, atá á tiomáint ag fás gan teorainn na teicneolaíochta agus ag bunchúis gan srian an bhrabúis , damáiste buan don chreatlach shóisialta. Tá an Lárionad ag iarraidh bealaí a lorg agus a mholadh leis an bpróiseas sin a stopadh tríd an eitic a chur ar ais sa chreatlach shóisialta agus mhorálta atá riachtanach chun saol folláin, fiúntach agus eiticiúil a chaitheamh. Eagraíonn sé cúrsaí, ar leibhéal fo-chéime agus iarchéime araon, a chuireann oideachas chun cinn atá dírithe ar shaol freagrach, fiúntach, folláin agus dóchasach. Tá tri théama shubstainteacha ag an Lárionad, mar atá múineadh, taighde agus foilsiú. Díríonn siad sin ar:

- Imcháineadh Morálta, Noirm Dhlíthiúla agus Dochar Sóisialta;

- Aisghabháil Bonn Antraipeolaíoch an tSaoil Shóisialta;

- An Díchuimhne agus An Chuimhne Shóisialta Eiticiúil.

I measc na n-imeachtaí a thugann an Lárionad fúthu tá Scoil Samhraidh Bhliantúil ar an nGeilleagar agus an tSochaí, a dhíríonn ar an bhfadhb a bhaineann leis an eitic a chur ar ais sa gheilleagar agus le hathsmaoineamh ar chultúr na hÉireann. Chun tuilleadh eolais a fháil féach http://www.moraleconomy.eu/


16

polaitiúil; ilchultúrthacht agus saoltachas agus comhréiteach reiligiúnach agus féinmheas. Bhí níos mó ná 30 acadóir, mac léinn agus ionadaithe ó ENRanna ó Thuaisceart Éireann i láthair ag an gceardlann seo.

An eitic, na meáin agus an t-idirlíon Pléadh ról na meán i gcuid mhaith de na tionscnaimh éagsúla, ach dhírigh roinnt institiúidí go háirithe air. I mí an Mheithimh 2014, in Ollscoil Luimnigh, cuireadh an cheist ‘An bhfuil Iriseoireacht Eiticiúil Indéanta (riamh)?’; tarraingíodh níos mó ná 200 duine chuig an bplé agus ar an bpainéal bhí Joe Little as RTÉ, Collette Browne ón Irish Independent, an Dr. Tom Clonan ón Irish Times agus ITBÁC, an Dr. Amanda Haynes agus Emer Connolly ó OL araon. Rinne an painéal measúnú ar an gcaoi a ndéanann an iriseoireacht tuairisciú ar lucht na cumhachta i sochaí na hÉireann, an chaoi a mínítear an choiriúlacht agus a bpléitear saol na ndaoine a gceaptar iad a bheith bocht agus eisiata. Ba é An Eitic, an Iriseoireacht agus an tIdirlíon an téama bainteach ar díríodh air in Aibreán 2014 ag imeacht de chuid ITBÁC, a thug roinnt iriseoirí le chéile (Karen Coleman, a choinnigh stiúir ar an imeacht; Kevin O’Sullivan – Eagarthóir, The Irish Times; Padraic Reidy – Colúnaí, Index on Censorship; Susan Daly, Eagarthóir The Journal.ie) polaiteoir (Pat Rabbitte TD, Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha ag an am) agus Seamus Dooley, Rúnaí Cheardchumann Náisiúnta na nIriseoirí in Éirinn. Rinne an grúpa sin iniúchadh ar na dúshláin eiticiúla áirithe roimh iriseoirí agus chleachtóirí na meán in aois na teicneolaíochta digití, agus an iomaíocht mhéadaithe, luas an tuairiscithe nuachta agus an chaoi a bhféadfadh sé tionchar a bheith aige ar chaighdeán tuairiscí nuacht san áireamh. Ábhar imní a bhaineann leis an aois dhigiteach, agus leis na meáin sa chiall leathan, a luaitear go minic, is ea an chaoi a bhfuil tionchar nó a bhféadfadh tionchar a bheith ag an idirlíon ar pháistí. Ba é sin ábhar cainte ag Mary Aiken, Stiúrthóir an Lárionaid Taighde um Chibirshíceolaíocht i gColáiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn, a tugadh i gColáiste na Tríonóide mar chuid d’fhóram poiblí ar an gCibireitic Cibirdhlí, Cibirshíceolaíocht agus Cibearbhulaíocht. Reáchtáladh an t-imeacht sin in Aibreán 2014 agus bhí níos mó na 350 duine i láthair. Rinne an chaint, dar teideal ‘Cibirshíceolaíocht Chomhéadan Páiste leis an Idirlíon agus Eitic na nAlgartam’, an cás go dtugann an t-idirlíon deiseanna foghlama, cumarsáide, comhroinnte agus sóisialta do dhaoine óga ach go bhfuil baol nach beag ag baint leis chomh maith, cuid díobh nach bhfuil fós ar eolas againn. Mar chuid den imeacht céanna, thug an Dr. Conor McGuckin, Ollamh Cúnta san Oideachas i gColáiste na Tríonóide, aghaidh ar an gceist ‘An Chibearbhulaíocht: Ceisteanna Eitice do Pháistí, Aosaigh agus Oideachasóirí’. Ina chur i láthair, dhírigh an Dr. McGuckin ar an gcaoi le cuidiú le páistí, aosaigh agus oideachasóirí deileáil leis na ceisteanna dearfacha agus diúltacha a thagann leis an teicneolaíocht nua agus chuir sé béim ar an ngá glacadh le huirlisí na nua-aimsearthachta agus le cinntiú go mbaintear leas astu chun go mbeidh torthaí dearfacha agus eiticiúla ann do chách.


Tábhacht na hEitice // On the Importance of Ethics

San Fhóram sin chomh maith, tharraing an Dr. Eoin O’Dell, as An Roinn Dlí i gColáiste na Tríonóide, aird ar chumhacht an ghréasáin dhomhanda an chaoi a mairimid agus a smaoinimid orainn féin agus ar ár bhféiniúlachtaí a athrú ó bhun agus an chaoi a bhfuil sé ag dul dian ar an dlí an bhearna a dhruidim. Dhírigh a chaint – An Chibireitic agus Cibirdhlí – An Ionann Roinnt agus Cúram? - agus an plé ina dhiaidh ar thrí dhúshlán a bhaineann le: bailiú forleathan sonraí agus faireachas; soláthar deonach an iliomad dár sonraí pearsanta do chuideachtaí móra príobháideacha; agus, ar deireadh, an chaoi a roinnimid inneachar arna ghiniúint ag úsáideoirí ar shuíomhanna meán sóisialta le daoine eile, gan smaoineamh ar na hiarmhairtí dlíthiúla agus sóisialta dúinn féin nó do dhaoine eile as a leithéid de chomhroinnt. I mí Eanáir 2015, reáchtáladh imeacht ina dhiaidh sin sa Ghailearaí Eolaíochta ‘Príobháid ar líne – Céard a deir an tIdirlíon fút?’, le taispeántas mianadóireacht sonraí agus plé painéil, agus san áireamh bhí Sinead McSweeney Stiúrthóir Beartais Phoiblí le Twitter, an Dr Eoin O’Dell ó Roinn Dlí Choláiste na Tríonóide, Jeanne Kelly, Páirtí le Mason, Hayes & Curran, Aturnaetha agus Conor Flynn ó ISAS Ltd. Ar deireadh, pléadh ról pearsan poiblí, amhail pearsana spóirt mar cheannairí sa tsochaí le linn plé painéil in Ollscoil Luimnigh i mí na Bealtaine 2014. Rinne an plé seo, dar teideal ‘Laochra Spóirt – a bheith i do Laoch Eiticiúil’ a raibh Eddie O’Sullivan agus Rosie Foley ó shaol an rugbaí agus Rachel Clancy ó shaol na cispheile páirteach ann, feasacht a mhúscailt faoin eitic agus na hiarmhairtí meabhairshláinte a d’fhéadfadh a bheith i saol an spóirt gan bhunús láidir eiticiúil.

An eitic sa réimse poiblí, sa bheartas poiblí agus sa chinnteoireacht Cé gur thug cuid mhaith de na himeachtaí, faoi choimirce Thionscnamh an Uachtaráin, aghaidh ar ról na heitice sa réimse poiblí, dhírigh cuid díobh go sainiúil ar réimse an bheartais phoiblí agus na cinnteoireachta, in Éirinn agus thar lear. Ar an leibhéal idirnáisiúnta ba é ‘Cumhachtroinnt i láithreacha fíorscoilte le tagairt speisialta don Iaráic agus do Thuaisceart Éireann’ teideal an léachta a thug an tOllamh Brendan O’Leary ó Ollscoil Pennsylvania, Comhalta Institiúid de Móra (OÉG) a reáchtáladh i nGaillimh i mí Lúnasa 2014 mar chuid de Shraith Léachtanna an Tionscnaimh Eitice de chuid na hOllscoile, a mheall níos mó ná 800 rannpháirtí. Idir an dá linn, i mí an Mheithimh 2014, tionóladh siompóisiam poiblí speisialta a d’eagraigh an Institiúid um Staidéar ar an Eolas sa tSochaí (ISES) in Ollscoil Luimnigh a bhí ar siúl in oifigí Chomhairle Cathrach Luimnigh, áit ar díríodh ar Eitic an Bheartais Tithíochta i Réimsí na hEaspa Dídine agus an tSoláthair Dhírigh. Chun eiseamláir a thabhairt den ghné idirinstitiúide de chuid de thionscnaimh na IAanna bhí ionchur ag an Dr. Eoin O’Sullivan ó Choláiste na Tríonóide agus an Dr Daithí Downey, Leas-Stiúrthóir agus Ceannasaí Beartais agus Seirbhíse le Feidhmeannas Cheantar Bhaile Atha Cliath do Daoine gan Dídean agus an Dr. Liam Thornton, Stiúrthóir Oideachais Chliniciúil Dhlíthiúil i Scoil an Dlí, COBÁC. Bhí an eitic sa réimse poiblí ina ábhar plé ag dhá imeacht a eagraíodh in ITBÁC mar chuid dá Sraith Díospóireachta Poiblí faoi stiúir an iriseora Carole Coleman in Aibreán agus Bealtaine 2014. Dhírigh an chéad cheann díobh sin ar nóisean dar teideal an Eitic agus an Timpeallacht Thógtha agus thug sé le


18

chéile ionadaithe ó Chónaidhm Thionscal na Foirgníochta, Cumann Suirbhéirí Cairte na hÉireann agus speisialtóirí na meán agus an dlí. Dhírigh an dara himeacht, a bhí ar siúl i mí na Bealtaine 2014 a aird ar an gceist An Eitic agus an tSochaí: Cáilíocht agus Sábháilteacht Bia. Dhírigh an díospóireacht phoiblí seo, a raibh ionchur ón FSS, Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann agus Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann, ar an ngaol idir an eitic, sábháilteacht bia agus cáilíocht bia; léiríodh téama ilghnéitheach a bhain le go leor gnéithe de shochaí na hÉireann ó tháirgeoirí tosaigh go tomhaltóirí agus is topaic atá ann a bhfuil aird nach beag faighte aige ó na meáin agus ón bpobal le blianta beaga anuas. Tugadh aghaidh chomh maith ar ról na heitice taobh istigh d’institiúidí poiblí in dhá imeacht in CT agus in OL faoi sheach. Ar dtús, i mí an Mhárta 2014, chuaigh ceann eile de na Comhairliúcháin ar an tSaoránacht de chuid Mhol an tSeomra Fhada in CT i mbun an ábhair dar teideal ‘Ceachtanna Eiticiúla ón nGéarchéim:’ Institiúidí Poiblí agus Ionadaithe’. Le linn an imeachta seo cuireadh an cheist céard is ceart d’ionadaithe poiblí agus d’institiúidí a dhéanamh chun meas agus muinín, a cailleadh le linn na géarchéime eacnamaíochta, a fháil ar ais agus bhíothas ag tuairimíocht faoi cé acu príomhrudaí is mó a bhfuiltear ag díriú orthu - dlíthiúlacht, inniúlachtaí nó luachanna? Thar aon ní eile, agus cuid mhaith de théamaí an tionscnaimh Glórtha an Phobail a ndearnadh tuairisciú air níos luaithe á léiriú, chuir an seimineár an cheist - cén duine nó cén rud a chinnteodh na prionsabail eiticiúla le leanúint, tharla go bhfuil an chuma air go bhfuil cuid mhaith dá n-údarás caillte ag glórtha traidisiúnta mar an Eaglais agus na meáin? Ba spreagadh a bhí i dTionscnamh Eitice an Uachtaráin chomh maith leis na téamaí sin a chuimsiú i sraith léachtaí do mhic léinn ar an mbeartas poiblí, an eitic agus an fhreagracht a chuir an Roinn Polaitíochta agus Riaracháin Phoiblí in OL ar fáil, mar chuid de mhodúl ar an “bpróiseas beartais phoiblí”. I gCorcaigh, chuir Roinn na Fealsúnachta in COC ceardlann ar siúl ar an téama ‘Ceartas Sóisialta agus Éigeartas Sóisialta’ in Aibreán 2014. Ba í aidhm na ceardlainne bealaí le muinín inár n-institiúidí a thabhairt ar ais, go háirithe in institiúidí an cheartais shóisialta. Ba é an tOllamh Mathias Risse, Ollamh le Fealsúnacht agus Beartas Poiblí sa John F. Kennedy School of Government, Ollscoil Harvard a bhí ina phríomchainteoir. Is ceannródaí domhanda é an tOllamh Risse i gcur chun cinn smaoineamh na ‘staide institiúidí’ sa cheartas domhanda. Chuala rannpháirtithe sa cheardlann trí léacht: Dr. Vittorio Bufacchi (Fealsúnacht, COC): “Social Injustice and the Problem of Exclusion”. Dr. Cara Nine (Fealsúnacht, COC): “The Right Against Displacement and Justice”. An tOllamh Mathias Risse (John F. Kennedy School of Government, Harvard): “Thinking about Justice”. Agus cor níos sainiúla á thógáil le haghaidh a thabhairt ar cheann de na ceisteanna beartais is práinní i sochaí na hÉireann agus sa domhan, reáchtáladh roinnt plé dhúshlánaigh ar an tsláinte agus ar chúrsaí maireachtála in OÉG agus in CT. Ar dtús, in OÉG, áit ar eagraigh Lárionad um Chearta an Duine na hÉireann agus Scoil an Leighis mórchomhdháil i mí Feabhra 2014 ar ‘Cearta an Duine maidir leis an tSláinte’ agus, go háirithe ar an dúshlán a bhaineann le cúram sláinte a chur ar fáil go cothrom, taobh istigh de chreat cearta an duine. Rinne na cainteoirí agus lucht an phainéil, a bhain le réimsí an leighis, an dlí, na heitice, na forbartha idirnáisiúnta agus an ghníomhaíochais, an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ina measc, plé ar an gceangal


Tábhacht na hEitice // On the Importance of Ethics

idir an tsláinte agus cearta an duine agus ar chur i bhfeidhm coincheapa agus modhanna chearta an duine le dul i ngleic le dúshláin na sláinte in Éirinn agus thar lear. Tugadh aghaidh ar théama a bhféadfaí téama níos bunúsaí a thabhairt air dar teideal ‘Dearadh na Beatha - Eitic na Bitheolaíochta Sintéisí (CT)’, ina ndearna an Gailearaí Eolaíochta in CT, i gcomhar le Mol an tSeomra Fhada, iniúchadh ar eitic agus treocht na bitheolaíochta sintéisí - réimse eolaíochta atá ag teacht chun cinn agus a d’fhéadfadh dearadh orgánach beo a cheadú amach anseo. Chuala lucht éisteachta de níos mó ná 150 duine ón Ollamh Drew Endy ó Ollscoil Stanford sna SA, ceann d’eolaithe ceannródaíocha an domhain sa réimse, agus ó Hugh Whittall ón Nuffield Council on Bioethics, grúpa a bhfuil athrú á dhéanamh acu ar an mbealach a ndéantar cinntí eiticiúla ar an gcur chuige maidir le biteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn.

An eitic i réimsí an airgeadais agus an ghnó Ar an mbealach céanna gur spreag tionchar na géarchéime iarrachtaí leis an eitic sa réimse poiblí a phlé, tháinig nádúr na heitice i saol an airgeadais faoi imscrúdú, mar a mbeifeá ag súil leis. In Ollscoil na Banríona, i mBéal Feirste, ba é an téama ‘Rialúchán Gníomhairí Corparáideacha’ a sholáthar teideal agus fócas siompóisiam ullmhúcháin aon lae, a réitigh an bealach le haghaidh tionscadail taighde a leanann go fóill. Bhí an siompóisiam, a reáchtáladh i mí na Samhna 2014, agus a mhaoinigh an Institiúid um Staidéar ar Chlaochlú Coimhlinte agus Ceartas Sóisialta, ar an gcéad cheann i sraith a dearadh le líonra taighdeoirí idirnáisiúnta tras-institiúideacha a chruthú a dhéanfadh comhiarratas ar mhaoiniú a fháil ón UK Arts and Humanities Research Council (AHRC) chun iniúchadh a dhéanamh ar ról an rialachais chorparáidigh sa Regulating Corporate Agents - Is grúpa taighde é seo taobh istigh den Institiúid um Staidéar ar Chlaochlú Coimhlinte agus Ceartas Sóisialta in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Oibríonn an grúpa ar an mbonn nach féidir neamhaird a dhéanamh ar thionchar gníomhairí corparáideacha ar an tsochaí agus ar an timpeallacht agus moltaí á gcur i bhfeidhm maidir le scéim ceartais shóisialta. Tá sé mar aidhm ag an ngrúpa dá réir: - Tacar soiléir teoiriciúil, idirdhisciplíneach de cheisteanna taighde ar théama rialúchán gníomhairí corparáideacha a fhorbairt. - A líonra taighdeoirí a mbeadh suim acu oibriú ar na ceisteanna sin a mhéadú. - Iarratas mór idirdhisciplíneach ar dheontas taighde a fhorbairt, a mbeadh baint ag taighdeoirí ó institiúidí eile sa RA agus san Eoraip leis. - Foilseacháin ardchaighdeáin i bhfoirm alt agus monagraf ó údar amháin nó ó chomhúdair, bailiúcháin chomheagraithe foilsithe mar shiompóisiamaí agus eagráin speisialta a tháirgeadh le príomhirisí agus foilsitheoirí. Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le: cmcbride@qub.ac.uk


20

chliseadh airgeadais le gairid. Baineann an tionscnamh taighde leathan leas as saineolas sa dlí, sa rialachas corparáideach, san fhealsúnacht mhorálta agus san eacnamaíocht pholaitiúil. Tá sé mar aidhm aige tuiscint a fháil ar an gcaoi ar tharla na teipeanna, arbh iad ba chúis leis an gcliseadh eacnamaíochta le gairid, trí ionchais luaineacha taobh istigh de chorparáidí, agus pé ceachtanna is féidir a fhoghlaim a chinntiú, ó dhearcadh ceartais shóisialta, i gcomhair rialúcháin inmheánaigh agus sheachtraigh níos fearr a chur i bhfeidhm ar ghníomhairí corparáideacha. Ar an bport céanna, bá é Ceachtanna Eiticiúla ón nGéarchéim: Saol an Ghnó, an téama a pléadh in CT níos luaithe sa bhliain i mí an Mhárta 2014, ceann eile den tSraith Chomhairliúcháin maidir leis an tSaoránacht de chuid Mhol an tSeomra Fhada. Bhí sé mar aidhm ag an gcomhrá áirithe seo roinnt ceisteanna a fhreagairt: cérbh iad ‘síolta’ ghéarchéim eacnamaíochta na hÉireann; cén chaoi ar féidir le cleachtais eiticiúla cuidiú le saol an ghnó muinín tomhaltóirí, a ndearna an Tíogar Ceilteach dochar dóibh, a fháil ar ais agus céard í an chothromaíocht cheart idir fhéinrialú corparáideach agus freagracht fhorfheidhmithe ag rialtas? Bhí imeacht eile bainteach sa tsraith sin in CT in Aibreán 2014, agus rinne sé nasc de chineál éigin idir an réimse poiblí agus an réimse príobháideach. D’fhéach an plé sin ar Ceachtanna Eiticiúla ón nGéarchéim: na Gairmeacha, agus chuir roinnt ceisteanna dúshlánacha: cé a chuireann caighdeáin ionracais, eitice agus iompair in iúl do na gairmeacha rialaithe?; an bhfuil an t-idirdhealú idir gairmeacha agus gnó caillte?; an bhfuil braistint na gairme beatha ag baint a thuilleadh leis na gairmeacha; agus an féidir leis na hathruithe rialála atá iartha ag an Troika cleachtais eiticiúla a fheabhsú? Rinne Ollscoil Luimnigh óstáil ar roinnt imeachtaí a dhírigh ar earnálacha an airgeadais agus an ghnó. Ba é an chéad cheann díobh sin comhdháil dar teideal An Eitic agus an Ghníomhaíocht Mhorálta san Airgeadas agus in Earnáil an Airgeadais a reáchtáladh in Aibreán 2014 i gcomhar leis an Centre for Ethics and Value Inquiry (CEVI) in Ollscoil Ghent sa Bheilg. I measc na bpáipéar a cuireadh i láthair bhí plé ar an gcánachas, ‘Ceist Dlí nó Moráltachta’; ar an mbreithiúnas gairmiúil agus an eitic le linn na géarchéime airgeadais agus machnamh ar an méid ar ghné chórasach de na próisis, den loighic agus de réasúnaíocht institiúideach na hearnála airgeadais ba chúis leis an ‘ngéarchéim’. D’eagraigh an chomhdháil cruinniú comhchéime freisin le féachaint ar an gcaidreamh idir na cleachtais i dtionscal an airgeadais, a chuid cód gairmiúil agus a mhaíomh morálta, agus ar a bhfuil le tairiscint ag dearcthaí tábhachtacha sóisialta agus fealsúnachta chun ceisteanna an ghníomhaithe agus na gcleachtas morálta i saol an ghnó agus an airgeadais a mhíniú. I measc rannpháirtithe an chruinnithe sin bhí Brian Keegan, stiúrthóir cánachais le Chartered Accountants Ireland; Lorcan Roche Kelly ó Agenda Research; John Walshe ón Examiner chomh maith leis an Dr. Stephen Kinsella agus Miriam Brosnan ó Ollscoil Luimnigh. I mí Mheán Fómhair 2014, reáchtáladh cruinniú poiblí dar teideal ‘Airgead Eiticiúil – Príomhcheist na Muiníneachta, in OL agus bhí sé ar cheann de shraith léachtaí bliantúla a eagraíodh ó 2010 i leith ar ghéarchéimeanna eacnamaíochta, éiceolaíochta agus daonnúla ar fud an domhain. Rinne an léacht, a raibh meascán d’acadóirí agus mic léinn áitiúla agus idirnáisiúnta i láthair aige, rioscaí fiachais a lonnú i ngach aon cheann de na tri chineál airgid bhainc: fíorairgead mar stór rachmais, airgead muiníne nó ainmniúil mar mheán malartaithe, agus airgead ex nihilo mar aonad cuntais. D’ardaigh an léacht ceist faoin seans go bhféadfadh leid a bheith san eacnamaíocht airgeadais féin faoi gcúis go ndeachthas ó rath agus faoina bhféadfadh airgead eiticiúil a bheith ann ar chor ar bith.


Tábhacht na hEitice // On the Importance of Ethics

Aghaidh á tabhairt ar Eitic an Ghnó agus na Margaíochta an dúshlán a bhí roimh mhic léinn agus iad ag tabhairt faoin MA i mBainistíocht Ghnó i Scoil Ghnó Kemmy in Ollscoil Luimnigh in earrach na bliana 2014. Rinne ranganna scrúdú ar na difríochtaí idir an mhoráltacht agus an eitic, phléigh siad luach ráiteas eitice do ghnóthaí agus rinne iniúchadh ar an gcaoi a bhféadfaí ráitis dá leithéidí a fhorbairt, a chur in iúl, a chur i bhfeidhm agus a mheasúnú. Maidir le COC, reáchtáladh seimineár máistir-ranga ar An Mhoráltachta agus an Margadh i nDeireadh Fómhair 2014. I measc na gcainteoirí bhí an tOllamh Laurence Fontaine (Stiúrthóir Taighde sa Centre Maurice Halbwachs CNRS-ENS-EHESS i bPáras agus iarOllamh le Stair agus Sibhialtacht san Institiúid Ollscoile Eorpach i bhFlórans na hIodáile); rinne a pháipéarsan “On Morality and the Market” iniúchadh ar an idirghaolmhaireacht stairiúil agus antraipeolaíoch dhomhain idir chaidrimh mhargaíochta agus eiticiúla. Bhí an tOllamh Arpad Szakolczai (COC) páirteach sa mháistir-rang chomh maith agus labhair sé faoi “The Genealogy of Fairground Capitalism” agus d’aimsigh sé ‘neamhrialachas’ agus ‘easpa smachta’ na margaí airgeadais agus na baincéireachta domhanda ina leithéidí d’institiúidí i bhfoinsí amhail an sorcas agus an carnabhal. Ar deireadh, d’eagraigh Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge, faoi stiúir Tom Boland agus Ray Griffin (i gcomhar leis an Lárionad um Staidéar ar Bhunúis Mhoráltachta an Gheilleagair agus na Sochaí i COC) Scoil Samhraidh An Geilleagair agus an tSochaí i mí Bealtaine 2015. Tháinig 50 scoláire le chéile le linn na scoile samhraidh bliantúla seo a bhíonn ar siúl i gCaisleán Blackwater i gCorcaigh, le haghaidh dianchúrsa chónaithe thaitneamhaigh a phléigh An Eacnamaíocht, An Eitic agus An Mhoráltacht. Thug an scoil samhraidh aghaidh ar roinnt ceisteanna faoi ‘eitic na heacnamaíochta’ agus d’fhiosraigh ár n-eitic eacnamaíochta sa lá atá inniu ann agus cheistigh an dóthain iad smaointe faoi shaoirse liobrálach an duine aonair. Spreag sé mic léinn freisin, le machnamh a dhéanamh ar chomh fada is ceart do stáit idiragairt a dhéanamh agus an bhfuil bearna oscailte idir nósmhaireachtaí eacnamaíochta agus noirm shóisialta. Is é an tUachtarán O hUiginn a sheol Scoil 2015.

An comhionannas, an éagsúlacht agus an difríocht Chuir aitheantas ar na coincheapa ríthábhachtacha de chomhionannas, éagsúlacht agus difríocht i sochaí na hÉireann amhábhar ar fáil do chúig imeacht ar leith. I dtosach, in Ollscoil Luimnigh, d’eagraigh an Grúpa Taighde ar an bhFuath agus an Naimhdeas (GTFN) ceardlann i bhFeabhra 2014 chun plé a dhéanamh ar An Eitic i gCairdeas agus Teanga: Dúshlán á Thabhairt do Naimhdeas i Leith Difríochta. Bhí an cheardlann seo, a reáchtáladh ar Champas OL, dírithe ar dhaltaí Idirbhliana. Chomhóstáil GLEN (An Líonra Comhionannais do Dhaoine Aeracha agus Leispiacha), an Sophie Lancaster Foundation agus BelongTo an t-imeacht. Ba é seo an chéad cheann i sraith ceardlann a reáchtáil HHRG chun réimse an ghrúpa agus gluaiseacht an No Hate Speech a leathnú. Creideann HHRG go bhfuil ról lárnach le himirt ag daoine óga le cur le naimhdeas i leith difríochta a thuiscint agus a dhúshlán a thabhairt sa saol laethúil. Tá an obair seo ina chuid de shainchúram leathan an HHRG a bhfuil sé mar aidhm aige taighde aistritheach a dhéanamh ar naimhdeas i leith difríochta in Éirinn, agus bealaí agus modhanna le tacú le héagsúlacht agus le barántúlacht a fháil.


22

Ba é an fócas a bhí le tionscadal taighde de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, dar teideal ‘Eitic an Aistriúcháin sa Chathair Ilteangach’ dul i ngleic leis an tsaincheist a bhaineann leis an gcaoi ar féidir le daoine ó chúlraí cultúrtha agus teangeolaíocha éagsúla agus ó oidhreachtaí éagsúla cónaí le chéile agus cumarsáid a dhéanamh thar am agus ag an am céanna gnéithe tábhachtacha dá n-aitheantas, teanga san áireamh, a choinneáil. Trí úsáid a bhaint as coincheap an ‘chrios aistriúcháin’, tá sé mar aidhm leis an tionscadal seo ‘an tríú bealach’ a aimsiú – idir, ar an lámh amháin, smaoineamh ar an gcathair mar chómhaireachtáil de theangacha aonaracha agus ar an lámh eile, an eiseamláir den ‘mheascán mearaí’ comhshamhlaithe leis na hóst-teangacha ceannasacha. Tionóladh seisiún i mBealtaine 2014 a bhí tiomanta do ‘Dúshláin na hEitice Idirchultúrtha’ sna Comhairliúcháin maidir leis an tSaoránacht i Mol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide chun an tríú thionscnamh faoi theideal leathan na héagsúlachta agus na difríochta a phlé. Rinneadh iarracht sa seisiún tuiscint a thógáil ar an eitic a bhaineann le cumarsáid idirchultúrtha agus ceistíodh céard is féidir le cultúir éagsúla foghlaim agus gnóthú óna chéile. Tar éis an cheist a chur an féidir linn foghlaim le tuiscint a bheith againn ar leithleachas cultúr agus luachanna agus noirm chontrártha a réiteach, rinneadh díospóireacht ag an imeacht cibé ar cheart go mbeadh idirghabháil ann nuair a sháraítear prionsabail a mheasaimid a bheith uilíoch? D’eagraigh OÉ Mhá Nuad an chéad imeacht eile i nDeireadh Fómhair 2014, a bhí níos staidéaraí faoin teideal ‘gríosaitheach’, Moladh na hÉadulaingthe. Léirmheas ar Mhiotas na Caoinfhulaingthe Glaine. Thug Henryk M. Broder, iriseoir, údar agus pearsa teilifíse Gearmánach a rugadh sa Pholainn do Éagsúlacht agus Difríocht – An Grúpa Taighde ar an bhFuath agus an Naimhdeas (GTFN) Bhunaigh acadóirí an Hate and Hostility Research Group in Ollscoil Luimnigh agus é mar aidhm leis scoláireacht a bhunú i réimse na staidéir um fhuath agus naimhdeas in Éirinn ó pheirspictíocht idirdhisciplíneach. Aithníonn an grúpa an tábhacht a bhaineann le comhoibriú leis an bpobal agus le comhpháirtithe sibhialta agus rialtais. Trí rannpháirtíocht trasearnála, déanann an grúpa iarracht dialóg a chur chun cinn idir na páirtithe leasmhara ar fad sa réimse. Tá cúig ghné ina aidhmeanna: i. cur le tuiscint níos doimhne ar na sainiúlachtaí a bhaineann le coireacht fuatha agus eachtraí fuatha ó pheirspictíocht theoiriciúil; ii. tuiscint ar ábharthacht an trasnachais i leith na coireachta fuatha agus eachtraí fuatha a chothú chun tairseach chriticiúil a fhorbairt i measc páirtithe leasmhara; iii. corpas taighde eimpíreach a chothú i réimse nach bhfuil dóthain taighde déanta ann i gcomhthéacs Éireannach; iv. cur le beartas fianaisebhunaithe agus forbairt reachtúla sa réimse; v. modhanna sibhialta agus oideachasúla le dul i ngleic le coireacht fuatha a thuiscint agus a fhorbairt. I gcomhair tuilleadh eolais féach: http://www.ul.ie/emotions/hhrg


Tábhacht na hEitice // On the Importance of Ethics

thuismitheoirí Giúdacha (marthanóirí ó na sluachampaí géibhinn), léacht ag an imeacht. Tá aithne ar Broder mar dhuine de na pearsana is neamhbhailbhe i ndioscúrsa poiblí na Gearmáine. Tá ailt scríofa aige do Der Spiegel (2010) agus tá sé ag scríobh faoi láthair do Der Welt. Tá monagraif foilsithe aige ar ábhair chaoinfhulaingthe agus an Eoraip. Bhí an léacht ar siúl in Acadamh Ríoga na hÉireann agus lucht éisteachta de 40-50 ar mic léinn an chuid ba mhó díobh, reáchtáladh comhrá comhstádais ina dhiaidh a raibh Liz O’Donnell ina cathaoirleach air agus a raibh acadóirí ó Mhá Nuad (an tOllamh Mary Corcoran agus an Dr Susan Gottlöber) agus an Seanadóir Sean Barrett páirteach ann. Ar deireadh, reáchtáladh imeacht eile in Ollscoil Luimnigh ar an téama leathan na héagsúlachta agus na difríochta ina raibh seimineár ar an téama ‘Míchumas sa Seomra Cúirte: lárnacht stádas coimhthíoch na n-íospartach faoi mhíchumas’. In aghaidh chúlra d’aitheantas níos mó ar íospartaigh i ndlí agus beartas na hÉireann, dhírigh an seimineár seo ar fheasacht a ardú ar na bealaí éagsúla nach n-oireann gnáthchoincheap ‘uilíoch’ na híosparta d’íospartaigh atá faoi mhíchumas. Sainaithníodh an chaoi a leantar ag cothú stádas an choimhthígh maidir le híospartaigh na coireachta i mbeartas an cheartais choiriúil, an próiseas sáraíochta, an teanga a úsáidtear sa dlí coiriúil agus i soláthar seirbhíse. Aithníodh sa seimineár bealaí eile ina léiríonn an teip ar dhul i ngleic le himeallú íospartach faoi mhíchumas sárú ar dhualgais idirnáisiúnta um chearta an duine. Bhí torthaí an tseimineáir seo mar bhunús le haighneacht a cuireadh chuig an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.

An eitic i réimse an oideachais Chuaigh trí thionscnamh i ngleic le saincheisteanna na heitic i réimse an oideachais, péire in Ollscoil Luimnigh agus ceann in COC. I Meitheamh 2014, d’eagraigh Lárionad Ráth Fhlaithín um Staidéir Útóipeacha in OL comhdháil dar teideal ‘Oideolaíochtaí Ríthábhachtacha in Ollscoil Chomhaimseartha na hÉireann: Dúshláin, Modhanna agus Léargais’ chun plé dírithe ar an eitic a spreagadh ar roinnt saincheisteanna atá roimh chleachtóirí oideachais i gcóras ollscoile comhaimseartha na hÉireann. Agus é sin á dhéanamh, cuireadh roinnt ceisteanna, agus ina measc, an raibh aon tiomantas sainiúil i gcóras ollscoile na hÉireann chun smaointeoireacht chriticiúil mar chleachtas eiticiúil a fhorbairt ina mhic léinn i ndáil lena ndomhan agus a n-institiúidí (foirmiúla agus neamhfhoirmiúla)? Ba cheart a cheistiú a thuilleadh cén chaoi ar cheart do mhúinteoirí ollscoile rannpháirtíocht chriticiúil le hábhar a mheas agus a aithint agus an chaoi ar féidir le hollscoileanna freastal do shaoirse acadúil agus riosca intleachtúil i measc a mac léinn agus a múinteoirí? Chuaigh an dara himeacht in OL, a reáchtáladh i mí na Nollag 2014, i ngleic le téama ‘An Eitic san Ardoideachas: díbhuanú méadaitheach an teagaisc laistigh de dhioscúrsa poiblí maidir le cáilíocht agus sármhaitheas’. Chuathas i ngleic le saincheist, a raibh suim ag na meáin inti le déanaí, ag an seimineár, ag ar labhair Ard-Rúnaí Cheardchumann Unite, Jimmy Kelly. Bhí sé mar aidhm ag an seimineár díospóireacht náisiúnta a thosú i ndáil le heitic agus an díbhuanú teagaisc san ardoideachas atá ag méadú agus inbhuanaitheacht an dioscúrsa phoiblí maidir le cáilíocht agus sármhaitheas sa teagasc amach anseo. Rinneadh iarracht chomh maith comhfhiosacht agus feasacht a ardú i ndáil leis an tsaincheist ar


24

fud Institiúidí Ard-Oideachais in Éirinn agus tús a chur le ‘fadhb a dhéanamh de’ ar bhealach a thugann dúshlán do chlár oibre feidhmíochta na margaí. Ar deireadh, in COC, cuireadh tús le cur chuige iomlán nua le fadhbanna na coireachta, na claonaíochta agus na pionóseolaíochta a mheas, inar athcheapadh an choireolaíocht ar bhonn criticiúil agus eiticiúil. Bogann staidéar na coireolaíochta, a bhfuil dlúthnasc aige leis na daonnachtaí agus na saorealaíona in COC, le cláir idirdhisciplíneacha ina bhfuil modúil dírithe go sonrach ar Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach do dhéantóirí beartais agus do ghairmithe sa Gharda Síochána, sa tseirbhís phríosúin agus i seirbhísí bainteacha, go cinntitheach thar gnátheiseamláir ‘na claonaíochta, na coireachta agus an phionóis’, agus athcheaptar é i dtéarmaí ‘cáineadh morálta, noirm dhlíthiúla agus dochar sóisialta’. Leathnaítear athcheapadh na Coireolaíochta laistigh d’eiseamláir eiticiúil chuig MA nua idirdhisciplíneach sa Choireolaíocht agus an chéad BA fochéime sa Choireolaíocht in Éirinn.

An Eitic agus an Comóradh Tá dáimh ag téama an chomórtha linn agus muid ag bogadh i dtreo comóradh 100 bliain éirí amach 1916, agus tá iarrachtaí comhoibrithe idir Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus COC dírithe air. Cuireadh tús leis an gcomhoibriú i bhFeabhra 2014 nuair a cuireadh an t-ábhar faoi bhráid chomhdháil bhliantúil Chumann Antraipeolaíochta na hÉireann a reáchtáladh in Institiúid Teicneolaíochta Shligigh. Ina dhiaidh sin, i mí Dheireadh Fómhair 2014, reáchtáladh comhshiompóisiam in COC ar an téama ‘Comóradh: Comhthéacsanna agus Coincheapa’. Ba é a bhí mar aidhm leis an siompóisiam raon scoláirí a bhí ag obair i réimse na cuimhne agus an chomórtha a thabhairt le chéile. Mar thoradh air seo, tháinig taighdeoirí ó OBBF, COC, ITPL, Cambridge, COBÁC agus OÉMN agus líonraí lena n-áirítear an Irish Memory Studies Network agus International Political Anthropology le chéile chun raon páipéar a chur i láthair maidir le: plé


Tábhacht na hEitice // On the Importance of Ethics

coincheapúil ar chuimhne agus comóradh; staidéir chuimhne na hÉireann; comóradh i bpolaitíocht SAM; comóradh i dTuaisceart Éireann; séadchomharthaí poiblí in Éirinn; an díchuimhne sa pholaitíocht; cuimhne eiticiúil i gcúrsaí gnó, agus ealaín mar fhoirm chomórtha. Rinneadh forbairt bhreise ar an téama seo ag comhdháil Chumann Antraipeolaíochta na hÉireann maidir le “Buaine agus Aistriú” i Márta 2015; agus mórchomhdháil eile ina dhiaidh sin ar an téama céanna i Meán Fómhair 2015. Ghlac OÉG le téama an chomórtha chomh maith idir Meán Fómhair 2014 agus Márta 2015 agus osclaíodh roinnt léachtaí i Scoil na nDaonnachtaí chun deis a thabhairt do raon mac léinn níos leithne freastal orthu. Bhain na léachtaí seo le meascán topaicí agus bhí raon cainteoirí i láthair. Mar shampla, i léacht a d’eagraigh an Institiúid um Chúrsa Saoil agus Shochaí, Scoil na Staire agus Ionad Taighde Leanaí agus Teaghlaigh UNESCO, labhair Don Mullan faoi “Sos Cogaidh Nollag An Chéad Chogaidh Dhomhanda 1914 agus Garraí Síochána Fhlóndras – foghlaim ón daonnacht agus ón tsochaí”. Ar an gcaoi chéanna, cuireadh chun cinn sraith léachtaí fealsúnacha inar féachadh ar an eitic phraiticiúil, smaointeoireacht chriticiúil agus an bhitheitic agus osclaíodh sraith bhreise léachtaí ar an teoiric pholaitiúil do gach mac léinn.

Tuiscint ar an eitic agus ar chearta an duine a fheabhsú Eagraíodh roinnt imeachtaí chun tuiscintí coincheapúla níos leithne ar an eitic agus ar chearta an duine a shaibhriú, dírithe i roinnt cásanna ar lucht éisteachta poiblí níos leithne, agus díríodh cuid eile ar mhic léinn tríú leibhéal go príomha. In Ollscoil Luimnigh i Meitheamh 2014, scrúdaíodh smaointe maidir le ‘Cearta Idirnáisiúnta an Duine agus an Eitic Phoiblí Dhaonlathach’ le linn Dioscúrsa de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann. D’oscail an tUachtarán Ó hUigínn an t-imeacht; thug an tOllamh Richard Bellamy ón Institiúid Ollscoile Eorpach an spreagaitheasc agus chuir an tOllamh Mary Daly, Uachtarán ARÉ fáilte roimh gach duine. Ghlac os cionn 160 duine páirt san imeacht poiblí. I Meitheamh 2014 chomh maith, le díriú níos sainiúla ar ábhar na saoirse, thug an tOllamh Philip Pett, Ollamh Ollscoile Laurence S. Rockfeller le Polaitíocht agus Luachanna Daonna ag Ollscoil Princeton léacht dar teideal ‘Stair Achomair na Saoirse agus a Ceachtanna’ ag OÉG. Meastar go bhfuil an tOllamh Pett ar dhuine de na príomhfhealsúna agus teoiricithe polaitíochta comhaimseartha, a bhfuil clú air as athbheochan agus forbairt an phoblachtachais san fhealsúnacht pholaitíochta agus as an méid a chuir sé le díospóireacht phoiblí maidir le saoirse, daonlathas, comhionannas agus ceartas sóisialta. D’fhreastail an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar an gcaint seo. Ar deireadh, i gColáiste na Tríonóide, thug an fealsamh morálta ceannródaíoch, an Banbharún O’Neill as Bengarve CH CBE FBA, an chéad Léacht Edmund Burke agus d’fhiafraigh sí ‘Céard a mheasfadh Edmund Burke de Chearta an Duine?’. Reáchtáil Institiúid Ealaíon agus Daonnachtaí Mhol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide an léacht bliantúil seo in Aibreán 2014 chun comóradh a dhéanamh ar nasc Choláiste na Tríonóide le fealsamh, staraí agus polaiteoir an 18ú haois Edmund Burke. Ceann de bhuarthaí lárnacha Burke ar feadh a shaoil ba ea cé na cóid mhorálta ar cheart a bheith mar bhonn agus taca le hord sóisialta


26

agus mar bhunchloch lenár n-iompar mar shaoránaigh fhreagracha, buarthaí atá chomh tábhachtach céanna inniu is a bhí siad in am Burke. D’fhreastail an tUachtarán Ó hUigínn ar an imeacht seo chomh maith, a mheall lucht éisteachta os cionn 200 duine.

Glórtha an Phobail i gcomhair Athnuachan na hÉireann (GPAÉ) – Nasc á dhéanamh idir Campas agus Pobal Ionchur atá in Glórtha an Phobail i gcomhair Athnuachan na hÉireann (GPAÉ) i dtreo dialóige arna thosú ag ‘Tionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann: Cruth a Chur ar Thodhchaí Chomhroinnte na hÉireann’. Ba é cuspóir an tionscadail tacú le sraith comhráite pobalbhunaithe faoin gcaoi gur féidir Éire níos eiticiúla a chothú. Tugadh faoi agus dearadh GPAÉ go speisialta mar fhreagra ar Thionscnamh Eitice an Uachtaráin. Spreag cuireadh an Uachtaráin muintir na hÉireann chun an eitic a fhiosrú agus le dul i ngleic leis an dúshlán a bhaineann le maireachtáil go heiticiúil i nach gné dár sochaí. Theastaigh ón Uachtarán go mbeadh daoine ar fud an oileáin seo páirteach sa dioscúrsa seo, le tabhairt faoin machnamh seo ar an eitic le chéile a chuideoidh le hathrú a thosú sa chomhfhios poiblí agus a bheidh ina spreagadh d’athrú dearfach agus d’athnuachan. Dhírigh GPAÉ go sonrach ar an nasc idir Institiúidí Ard-Oideachais agus pobail áitiúla a bhreisiú. D’éascaigh COC, ITL agus OL é12, iad ag obair i gcomhar le roinnt eagraíochtaí pobalbhunaithe éagsúla agus iad páirteach i gcruthú spásanna sábháilte chun plé oscailte a dhéanamh ar shaincheisteanna na heitice agus an chineáil sochaí is mian linn a chruthú. D’oibrigh sé gan buiséad ar bith go praiticiúil agus tharraing sé go mór ar thacaíocht agus ar shuim chomhpháirtithe áitiúla tiomanta. Ar an iomlán, ghlac beagnach 300 duine páirt thar thréimhse naoi mí, ag fiosrú na dtéamaí seo: an baile, an chomharsanacht, agus an pobal, mar phríomhfhoinsí dár n-aitheantas eiticiúil – spásanna sóisialta inar féidir linn saolta níos fearr, níos dóchasaí agus níos bríche a mhaireachtáil. Reáchtáladh comhráite GPAÉ i seacht n-ionad idir Bealtaine 2014 agus Feabhra 2015 lena n-áirítear: Cathair Chorcaí i mBealtaine 2014; Cloch Shiurdáin i Meán Fómhair 2014; Gaillimh i nDeireadh Fómhair 2014; Luimneach, na hAilichí agus Port Láirge i Samhain 2014 agus Loch Garman i bhFeabhra 2015. Trí shraith imeachtaí a óstáil, chuir GPAÉ béim ar thimpeallachtaí flaithiúla, cumasaithe gus dearfacha a chruthú i gcomhair comhrá, díospóireachta, easaontaithe agus dialóige. Ba é an príomhthosaíocht rannpháirtíocht a éascú dóibh siúd ar fad a rinne iarracht a bheith i láthair ag imeachtaí agus lena chinntiú go mbeadh deis ag gach duine a mbarúlacha agus a dtuairimí a thabhairt. Chun é seo a dhéanamh, glacadh le cur chuige World Café chun comhráite a óstáil. Déantar cur síos ar an World Café mar bhealach simplí ach nuálaíoch chun daoine a thabhairt isteach i gcomhráite faoi cheisteanna a bhfuil tábhacht leo. 12 Níos sonraíche, thug na páirtithe seo a leanas faoin tionscnamh seo: an Roinn Polaitíochta agus Riaracháin Phoiblí ag Ollscoil Luimnigh (an Dr Chris McInerney); an Centre for the Study of Moral Foundations of Economy and Society in COC agus ITPL (an Dr Kieran Keohane); an Oifig Forbartha in Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh (Ciaran Lynch) agus an Ralahine Centre for Utopian Studies in Ollscoil Luimnigh (an tOllamh Tom Boylan).


Tábhacht na hEitice // On the Importance of Ethics

Níor theastaigh ó chur chuige GPAÉ comhaontú a chothú maidir leis na saincheisteanna atá á bplé. Ina ionad sin, spreagadh daoine le tuairimí a chur in iúl, díospóireacht a dhéanamh fúthu, easaontú fiú, ach cinntíodh go raibh an neamhspleáchas ag na rannpháirtithe ar fad chun go dtaifeadfaí agus go dtaispeánfaí meas dá dtuairimí. Ceann de na gnéithe is dúshlánaí agus is mó a ghlac am maidir le comhráite a óstáil is ea cinneadh a dhéanamh maidir leis na ceisteanna is ceart a chur. Ba é an cur chuige a bhí ag GPAÉ sraith ceisteanna a aontú leo siúd a bhí páirteach in eagrú an imeachta sa Linn Dubh i gCorcaigh agus ina dhiaidh sin na ceisteanna a athbhreithniú le haghaidh soiléireachta agus iad a chur in eagar d’imeachtaí níos déanaí má ba ghá. Ach, d’fhan téamaí na gceisteanna comhsheasmhach i ngach láthair. Mar thoradh ar an bpróiseas sin, ardaíodh ceithre cheist ghinearálta:

• Samhlaigh am ina mbreathnófaí ar Éirinn mar cheann de na tíortha is fearr le teacht ar an saol, le fás aníos, le hoibriú, le cónaí, le héirí sean inti... Cén chuma a bheadh air... Cén chaoi a mbreathnódh sé....a mothódh sé?

• Tá go leor éadóchais agus leithlisithe agus uaignis feicthe againn in Éirinn le déanaí. Cén chaoi ar féidir linn dul i ngleic leis seo agus é a athrú?

• Deirtear “Iad siúd nach féidir leo cuimhneamh ar an stair, beidh an athstair i ndán dóibh.” Cén chaoi ar féidir linn a chinntiú go bhfoghlaimímid ó na botúin a rinneadh cheana? • Cad iad na príomhrudaí is féidir linn a dhéanamh chun sochaí atá cothrom agus cóir a chruthú.

• I rith comhráite éagsúla GPAÉ, tháinig roinnt imní coitianta chun cinn. Déantar achoimre orthu sin sa chairt thíos. Seasann roinnt téamaí uileghabhálacha amach as seo, agus fonn láidir le féachaint arís ar thorthaí agus ar mheonta ar an gceann ba mhó díobh; an gá le díriú ar nascadh, ar chumarsáid agus ar rannpháirtíocht ag leibhéal an phobail á chur in iúl arís is arís eile; an mhian institiúidí daonlathacha níos cuimsithí agus níos rannpháirtí a bheith ann agus gá le díospóireacht a dhíriú níos láidre ar luachanna agus prionsabail.


28

References, Services, 87, 6.5% Rural Specific Issues, 13, 1%

Remembering & Learning Lessons, 88, 6.5%

Is féidir breac-chuntas iomlán ar thionscnamh GPAÉ agus sonraí maidir le comhráite ag leibhéal áitiúil a Outlook and fháil ag www.communityrenewed.ie Mar fhreagra ar iarratais ó rannpháirtithe, tá achoimre ar thionscadal leantach i gcomhair comhrá Democratic le páirtithe pobail á pleanáilOur ag na hinstitiúidí a bhí Institutions, páirteach in GPAÉ. Tá sé i gceist go14% gcuirfidh sé seo ar 189, chumas agus go dtacóidh sé le comhráite ag leibhéal áitiúil maidir le cineál sochaí na hÉireann agus an domhain.

References, Gender, 3, 0%

References, Values & Principles, 128, 9% Connection, Communication & Engagement, 297, 22%

Attitudes, 309, 23%

Environmental & Spatial Issues, 54, 4%

Urban Specific Issues, 2, 0%

References, Culture, 17, 1% References, Education, 51, 4%

References, Economy, 125, 9%

Cad Ar a Raibh Daoine ag Caint

Ag Cuimhneamh agus ag Foghlaim Ceachtanna, 88, 6.5%

Ceisteanna Tuaithe, 13, 1%

Tagairtí, Seirbhísí, 87, 6.5%

Dearcthaí agus Meonta, 309, 23%

Ceisteanna Uirbeach, 2, 0% Tagairtí, Luachanna & Prionsabail, 128, 9% Ceangal, Cumarsáid & Rannpháirtíocht 297, 22%

Ár nInstitiúidí Daonlathacha, 189, 14%

Tagairtí, Cultúr, 17, 1% Tagairtí, Inscne, 3, 0%

Ceisteanna Timpeallachta & Spásúil, 54, 4%

Tagairtí, Oideachas, 51, 4%

Tagairtí, Geilleagar, 125, 9%


Tábhacht na hEitice // On the Importance of Ethics

Rannán 3 Rannpháirtíocht na Sochaí Sibhialta Déantar cur síos sa rannán seo den tuarascáil ar an méid a chuireann Eagraíochtaí Sochaí Sibhialta (ESSanna) le Tionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann. Áiríodh leis na gníomhaíochtaí a rinneadh roinnt a bhí pleanáilte cheana ach a bhí dírithe ar shaincheisteanna a raibh an Tionscnamh Eitice le dul i ngleic leo agus roinnt eile a eagraíodh go sonrach mar fhreagra ar an Tionscnamh. Bhí an raon topaicí a ndeachaigh na ESSanna i ngleic leo leathan, ó inbhuanaitheacht, freagracht dhomhanda agus gníomhachtú pearsanta, go dúshláin a bhaineann le hathrú a thosú, an caidreamh idir saoránaigh agus polaiteoirí, an gá le rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht, an díospóireacht náisiúnta a leathnú chun topaicí seachas an geilleagar a chur san áireamh agus an tábhacht a bhaineann le dul sa tóir ar chothroime inscne. Áiríodh sna modhanna trína ndeachthas i ngleic leis na saincheisteanna seo ceardlanna, comhdhálacha, ‘Comhráite Saoránach’ agus díospóireachtaí agus áiríodh leis na rannpháirtithe sna gníomhaíochtaí seo go leor saoránach gníomhach mar aon le go leor cineálacha ceannairí pobail, polaiteoirí sinsearacha, mórfhigiúirí idirnáisiúnta agus ceannairí náisiúnta. Tá roinnt de ghníomhaíochtaí na ESSanna fós ag dul ar aghaidh agus níl a gconclúidí curtha i gcrích go fóill.

Forbartha Thug Dóchas faoi roinnt de na saincheisteanna móra ata roimh shochaí an domhain ina ionchur leanúnach i mBliain Eorpach na Forbartha 2015, arna ainmniú ag Parlaimint na hEorpa. Is é teideal uileghabhálach an chláir Dóchas seo, a sheol an tUachtarán Ó hUiginn ‘Ár nDomhan, Ár nDínit, Ár dTodhchaí’ agus tá sé bunaithe ar an gcroí-chreidiúint go mbaineann ceist na forbartha leis an gcaoi a mairimid seachas an méid a thugaimid. Cuireann Dóchas chun cinn an tuairim go mbeidh gá do shaoránaigh na hÉireann saincheisteanna domhanda a chur san áireamh mar aon le saincheisteanna áitiúla agus measúnú á dhéanamh acu ar a n-iompar féin, mar gheall ar dhianseasmhacht bochtaineachta domhanda, neasacht an athraithe aeráide agus teacht chun cinn móreipidéimí sláinte. Mar is léir ón ngéarchéim teifeach sa Mheánmhuir, tá na saincheisteanna seo anois ina n-ábhar imní do gach duine agus ní hamháin dóibh siúd a bhfuil tionchar orthu. Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tUachtarán Ó hUiginn “Ní bronntanas atá i bhforbairt an fhéidearthacht le ‘rath a bheith ort’ i do phobal agus i do cultúr, agus rochtain ar na bealaí lena dhéanamh, a thabharfaidh tabharthóir geanúil; is ceart agus dualgas morálta atá ann. Ba cheart go dtiomáinfeadh saoránaigh a bhfuil eolas maith acu agus a éilíonn go bhforfheidhmíonn a rialtais beartais mhaithe bunaithe i riachtanais normatacha an cheartais, an chomhionannais agus na dínite.” Go dtí seo in 2015 thug Dóchas faoi roinnt gníomhaíochtaí. Ar dtús, mar chuid dá iarracht chun peirspictíochtaí a bhailiú ó shochaí ar fad na hÉireann ar an mbrí a bhaineann daoine as “forbairt inbhuanaithe”, iarradh ar Fheisirí Éireannacha Pharlaimint na hEorpa a bpeirspictíochtaí a thabhairt maidir leis an gciall a bhaineann siad as forbairt inbhuanaithe. D’fhoilsigh


30

Dóchas cóip de na ráitis seo in Eanáir 2015 (http://www.dochas.ie/sites/default/files/meps-visions-websize. pdf ) Ina dhiaidh sin, d’eagraigh Dóchas cruinniú do ENRanna agus do dhaoine óga le Comhairleoir Speisialta Rúnaí Ginearálta na NA maidir le Forbairt iar-2015, Amina Mohammed, in Eanáir 2015 chomh maith. Ag labhairt tar éis an imeachta, dúirt Iníon Mohammed ‘Bhí an-tionchar ag fuinneamh, léargais agus paisean dhaoine óga na hÉireann ar chas mé leo inniu agus a bpiaraí ar fud na tíre a thacaíonn le forbairt inbhuanaithe orm. Tá a mbaint agus a rannpháirtíocht riachtanach ní hamháin mar thairbhithe ach mar ghníomhairí don athrú.’ Áirítear le himeachtaí eile a d’eagraigh Dóchas agus a bhalleagraíochtaí comhdhálacha de chuid Comhairle Náisiúnta na nÓg (CNÓ), Christian Aid, Ceartas Sóisialta Éireann, Africa Centre, An Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha (IGNI) agus Wezesha mar aon le díospóireachtaí a d’eagraigh Comhlámh, UCD Volunteers agus an Kerry One World Centre.

Dóchas… Is é Dóchas Cumann Eagraíochtaí Forbartha Neamhrialtasacha na hÉireann (ENRanna), scátheagraíocht d’eagraíochtaí neamhbhrabúis um fhorbairt idirnáisiúnta, ceartas daonnúlach agus domhanda a bhfuil tiomantas comhroinnte acu le dul i ngleic le bochtaineacht agus éagothroime sa domhan. Trí Dóchas, tagann ENRanna na hÉireann le chéile chun a dtaithí a roinnt agus a mhalartú, agus chun an taithí sin a úsáid chun deireadh a chur le gach cineál bochtaineachta agus éagóra. Is é cuspóir Dóchas, ionchur na hÉireann i bhforbairt an domhain a bhreisiú ar na bealaí seo: • earnáil na forbartha a threorú i dtreo caighdeáin níos airde cleachtais agus • bheith ina ghuth ionadaíoch neamhspleách d’earnáil forbartha na hÉireann, d’fhonn tionchar a imirt ar dhíospóireacht phoiblí agus cinnteoireacht in Éirinn agus san Aontas Eorpach Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi Dóchas feic http://www.dochas.ie/


Tábhacht na hEitice // On the Importance of Ethics

Bochtaineacht

Thacaigh Cumann Naomh Uinseann de Pól le Tionscnamh na hEitice trí roinnt imeachtaí a eagrú agus tacú leo, le dul i ngleic le roinnt de na mórdhúshláin atá roimh Shochaí na hÉireann. Áiríodh na nithe seo a leanas orthu sin. Ag deireadh Mheán Fómhair 2014 chomhsheol CUP céim ENR Tionscnaimh na hEitice leis an Uachtarán Ó hUigínn agus a fhoireann, trí imeacht os comhair an phobail ina raibh baill, comhpháirtithe agus na meáin páirteach. Thug an t-imeacht seo ardán le dul i ngleic agus le machnamh a dhéanamh ar an eitic agus ar luachanna i measc ball agus foireann CUP féin, eagraíochtaí pobail agus deonacha eile agus an pobal i gcoitinne trí na meáin. Anuas air sin, thacaigh an Cumann agus chuir siad le lá comhairleach arna eagrú ag a comheagraíocht, an Chomhpháirtíocht Uinseannach um Cheartas Sóisialta (CUP mar aon le hIníonacha na Carthanachta, Holy Faith Sisters agus na hAthaireacha Uinseannacha), i Samhain 2014. Ba léir do CUP mar gheall ar rannpháirtíocht sa tionscnamh go bhfuil a ról mar eagraíocht treorach pobail agus dheonach lárnach chun sochaí eiticiúil a thógáil. Tá spás tugtha ag an Tionscnamh do CUP le ceist a chur maidir leis an bhfís atá ag muintir na hÉireann mar phobal agus atá ag CUP mar eagraíocht; agus chun ceist a chur maidir le cén fhís ba chóir a bheith ann do shochaí chóir agus inbhuanaithe in Éirinn. Ag eascairt as na tionscadail seo, tá CUP i lár comhrá náisiúnta a fhorbairt faoi na cineálacha luachanna is ceart a bheith mar bhonn agus taca le sochaí na hÉireann. De réir mar a thagann borradh beag arís faoi gheilleagar na hÉireann; mar a shroichimid comóradh céad bliain Éirí Amach 1916, spriocanna um


32

fhorbairt inbhuanaithe náisiúnta agus dhomhanda á bhforbairt agus olltoghchán ag druidim linn, tá comhráite ar siúl faoi na saghsanna buiséad is ceart a bheith againn, agus na beartais is ceart a bheith ag Éirinn tar éis an chúlaithe, tar éis na dtarrthálacha bainc agus tar éis an Troika. Tá suim ag CUP an téarnamh ceart a cheapadh agus a mholadh, agus cás á dhéanamh acu i gcomhair infheistíocht shóisialta, agus féachaint ar na cineálacha geilleagair a theastaíonn mar bhonn agus taca leis seo, ar bhealach a bheadh inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil. Le dul i ngleic leis na saincheisteanna seo, tá sé i gceist ag CUP tarraingt ar thaithí na mball agus na foirne, ar cheachtanna ó eagraíochta eile, ar theagasc sóisialta Caitliceach agus ar chreat geilleagrach maith agus aitheantas a thabhairt do ról daoine mar ‘mhaoir’ ar ár dtimpeallacht mhaireachtála.

An eitic sa réimse poiblí, sa bheartas poiblí agus sa chinnteoireacht Tionscnamh de chuid The Wheel i gcomhpháirt le Carnegie UK Trust (www.peoplesconversation.ie) is ea Comhrá an Phobail – Athmhachnamh ar an tSaoránacht do 2016. Sheol an tOmbudsman Eorpach, Emily O’Reilly, an tionscadal go foirmiúil ag imeacht i dTeach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath i nDeireadh Fómhair 2014, agus thug sí aitheasc ar an ábhar “An tSaoránacht nó an Féinleas: cé acu i gceannas i sochaí na hÉireann?” Ina dhiaidh sin, reáchtáladh “comhrá poiblí” ina raibh an lucht éisteachta i bplé le painéal cainteoirí, lena n-áirítear Tom Clonan, Colm O’Gorman, Eleanor Tiernan agus Jillian van Turnhout. Tá sé i gceist go dtáirgfidh an tionscnamh cáipéis físe ina n-áireofar moltaí praiticiúil don athrú agus a mbeidh clár rannpháirtíochta tacaíochta agus poiblí in éineacht leis a dhearfar chun an t-ábhar seo a chur faoi bhráid an phobail roimh an olltoghchán agus comóradh céad bliain Éirí Amach 1916. Tá sé beartaithe sa tionscadal seo roinnt comhráite a spreagadh idir daoine páirteacha maidir le roinnt ábhar ríthábhachtacha. Áirítear iad seo a leanas ar na téamaí atá tagtha chun solais go dtí seo –

The Wheel Comhlacht tacaíochta agus ionadaíoch is ea The Wheel a nascann eagraíochtaí pobail agus deonacha agus carthanais ar fud na hÉireann. Bunaíodh The Wheel i 1999 agus tá sé tiontaithe ina ionad acmhainne agus fóram don earnáil phobail agus dheonach. Is iad cuspóirí The Wheel: • Labhairt ar son leas comhroinnte na n-eagraíochtaí pobail agus deonacha • Tacú leis na heagraíochtaí seo a gcuid oibre a dhéanamh • An ríthábhacht a bhaineann le saoránacht ghníomhach a chur chun cinn chun áit níos fearr a dhéanamh d’Éirinn le cónaí inti I gcomhair tuilleadh faisnéise ar the Wheel, feic www.wheel.ie


Tábhacht na hEitice // On the Importance of Ethics

• An dínascadh braite idir na daoine agus a n-ionadaithe tofa, agus an gá go mbeadh guth ag daoine idir thoghcháin.

• An gá le struchtúir athchóirithe rialtais agus riaracháin ionas go mbeidh saoránaigh páirteach sa chinnteoireacht. • Glaoch ar chóras oideachais a fhorbraíonn saoránaigh ghníomhacha a bhfuil eolas acu ar a gcearta.

• Frustrachas go bhfuil an dioscúrsa polaitiúil agus na meán teorannaithe níos mó agus níos mó ag teanga an gheilleagair mhargaidh.

• An gá le tuiscint choitianta ar na cearta bunúsacha atá ag saoránaigh agus bunleibhéal freagrachta, trédhearcachta agus cothroime ina ndéileáil leis an stát. • An luach a bhaineann le gníomhaíochas, eagraíocht phobail agus iarracht chomhchoiteann.

• An comhthéacs leathan Eorpach agus idirnáisiúnta agus an chaoi a mbíonn tionchar aige seo ar ár múnla saoránachta. • Deis do gach duine bheith ina saoránach gníomhach d’ainneoin a stádas.

Shocraigh eagraíochtaí comhpháirtíochta de chuid The Wheel na comhráite seo agus áirítear orthu: The Africa Centre, Basic Income Ireland, Cumann na gCúramóirí, Fondúireacht COPE, Gaisce – Gradam an Uachtaráin, Global Citizen Contact Point, Eagraíocht Náisiúnta na hÉireann do Dhaoine Dífhostaithe (INOU), KARE, Forbairt Chomhtháite Mhuineacháin Teoranta, Second Republic, SpunOut agus Start Strong. Léiríonn na téamaí atá ag teacht chun cinn sa tionscnamh seo go láidir na téamaí atá ag eascairt as gníomhaíochtaí eile Thionscnamh na hEitice, lena n-áirítear, go háirithe an tionscadal Community Voices.

An eitic i saol na hoibre Chun an comhrá faoin eitic a shíneadh go dtí domhan na hoibre, chomhordaigh Comhdháil na gCeardchumann (CC) tionscadal dar teideal ‘’Is éard is obair eiticiúil ann … Glór na n-oibrithe ar ról na hoibre i sochaithe eiticiúla agus ríol na heitice san obair’, inar tugadh deis d’oibrithe machnamh a dhéanamh ar an mbrí atá leis an obair agus an chiall atá le hionad oibre eiticiúil (féach http://www. ethicalworkplace.ie/). Áiríodh leis na téamaí a fiosraíodh an nasc idir sochaí agus geilleagar eiticiúil a thógáil agus glór a bheith ag duine ag an obair; dínit, comhionannas agus meas san ionad oibre; pá agus coinníollacha oibre cothroma; cosaint fhisiciúil agus folláine daoine ag an obair; an tacaíocht a thugann fiontair d’fhostaithe chun scileanna agus cumas a bhreisiú; déileáil le himeachtaí saoil agus freagrachtaí cúraim. Ba é an cuspóir cluas éisteachta a thabhairt do ghuthanna oibrithe agus fís na n-oibrithe a roinnt leis


34

an Uachtarán. In Aibreán 2015, tugadh cuireadh don Uachtarán Ó hUigínn chuig Halla na Saoirse chun amharc ar thaispeáint ilmheáin maidir le torthaí chomhairliúchán CC le hoibrithe. Chuala sé filíocht chomh maith ar théama na hoibre ó Vincent Woods agus amhráin ar théama na hoibre ó Mary McPartland. Ba cheart go gcuideodh roinnt an mhachnaimh seo ar an eitic le hathrú a thosú sa chomhfhios poiblí, agus bheith ina spreagadh d’athrú dearfach. Tá CC tiomanta don obair seo a chur ar aghaidh trí Chairt um Ionad Oibre Eiticiúil a fhorbairt gur féidir le cumainn atá ina mbaill agus fostóirí bheith páirteach ann.

An comhionannas, an éagsúlacht agus an difríocht Ar deireadh, arís ag labhairt faoi théama an chomhionannais, na héagsúlachta agus na difríochta, d’eagraigh Comhairle Náisiúnta na mBan in Éirinn (CNBÉ) comhdháil le Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Chomhionannas i bhFeabhra 2015 chun cearta na mban agus comhionannas in Éirinn agus ar fud an domhain a léiriú. Dhírigh plé na comhdhála ar ionchur luachanna an fheimineachais agus chearta na mban i bhforbairt na sochaí agus fiosraíodh an chaoi go bhféadfadh luachanna an fheimineachais cur le forbairt na sochaí in Éirinn agus na sochaithe ar fud an domhain; agus pléadh tábhacht chearta na mban a bhaint amach mar réamhtheachtaí le dul i ngleic le héagothroime ar fud an domhain. Thug an chomhdháil deis chun na feabhsúcháin i gcearta na mban agus i gcomhionannas a aithint, agus chomh maith leis sin na dúshláin atá fós ann a leagan amach agus bealaí lena sárú a chur chun cinn. Agus an chomhdháil á hoscailt aige, chuir an tUachtarán Ó hUigínn cearta na mban, an comhionannas agus tiomantas don fheimineachas ag lár an athraithe. ‘Ceist atá i gcearta na mban a théann i ngleic leis na struchtúir agus luachanna is bunúsaí inár sochaí ... téann sé chuig croílár na ndúshláin polaitiúla, geilleagracha agus cultúrtha inár ndomhan comhaimseartha, nach féidir ceann ar bith díobh a thuiscint gan cineál inscneach na héagothroime agus na héagóra a aithint. Bhí os cionn 300 rannpháirtí ó raon leathan cúlraí, earnálacha agus láithreacha ag an gcomhdháil. Áiríodh leo sin mná ag obair ar leibhéal na cosmhuintire, dlíodóirí agus gníomhaithe um chearta an duine, an earnáil phoiblí agus dheonach (áitiúil agus náisiúnta), grúpaí óige, ENRanna forbartha agus grúpaí dlúthpháirtíochta, acadóirí, polaiteoirí, ceardchumainn agus an earnáil ghnó. Thug go leor de na cainteoirí aitheantas don tábhacht a bhaineann le haitheantas a thabhairt don dul chun cinn a rinneadh i ndáil le comhionannas na mban, agus roinnt díobh ag leagan béime ar an tábhacht a bhaineann le Dearbhú Bhéising agus an Platform for Action mar spreagadh don athrú. Bhí dhá sheisiún iomlánaíoch maidir le ‘Cumhacht agus Cinnteoireacht’ agus ‘Neamhspleáchas Geilleagrach agus Bochtaineacht’ agus 10 seisiún chomhthreomhara ar réimse ábhar lena mbaineann. Bhain moladh ríthábhachtach ó na seisiúin sin ar fad le chomh mall is a bhí an t-athrú do chomhionannas


Tábhacht na hEitice // On the Importance of Ethics

na mban agus bhí tacaíocht iomlán don mholadh ó Mhná na NA gur gá go mbeadh luas faoin athrú sna 5 bliana atá romhainn agus gur gá sprioc a leagan chun comhionannas a bhaint amach do mhná faoi 2030. Aithníodh athrú beartais agus reachtúla agus uirlisí (e.g. cuótaí) is gá chun an sprioc a bhaint amach mar aon leis an tábhacht a bhaineann le haistrithe cultúrtha, athrú cultúrtha agus toil pholaitiúil. Leagfar an comhthéacs d’obair CNBÉ i bhforbairt Plean Gníomhaíochta Náisiúnta nua do Mhná in Éirinn sa Tuarascáil Chomhdhála agus Moltaí Deiridh, agus cuirfidh sé seo, pléití leanúnacha, pléití AGM agus pléití ar líne mar bhonn agus taca le hobair NWCI maidir le comóradh 1916.


36

Rannán 4 Ceachtanna le foghlaim agus tátail le baint Ag féachaint ar an raon agus an éagsúlacht imeachtaí, gníomhaíochtaí agus comhráiteg atá ag tarlú faoi choimirce Thionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann, is léir go bhfuilimid anseo in Éirinn ag labhairt faoin eitic cheana féin; is sochaí eiticiúil atá ionainn go fóill. Feicimid anseo réimse foirmeacha agus fóram ina bhfuil machnamh ar an eitic ag tarlú, sna hOllscoileanna, Institiúidí agus Coláistí; i measc ENRanna agus eagraíochtaí deonacha; agus i measc pobal. Cloisimid comhrá saibhir, beoga agus éagsúil agus machnamh faoin eitic, ó chúrsaí ginearálta – domhanda fiú – machnaimh ar an eitic i dtéarmaí an cheartais shóisialta agus chearta an duine; tríd an eitic i réimsí na tráchtála agus an gheilleagair; caighdeán chaidreamh na saoránach leis an rialtas agus an riarachán; an eitic sa saol poiblí agus sna meáin, lena n-áirítear na meáin shóisialta nua; an eitic i réimsí na sláinte, na tithíochta, agus na mbealaí ina gcónaímid mar chomharsana, chairde agus phobail; chuig an eitic an-bheachtaithe agus fheidhmeach, ag teorainneacha na heolaíochta, na teicneolaíochta agus an leighis. Mar gheall go raibh roinnt de na himeachtaí agus gníomhaíochtaí a dtuairiscítear orthu anseo ceaptha agus i gcásanna áirithe ar siúl cheana féin, agus ansin gur spreagadh, ailíníodh agus gur tugadh chun críche iad faoi choimirce Thionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann, leagtar béim níos mó ar an gcultúr morálta faoi bhláth agus an tsuim bheoga atá san eitic a bhfuil sé den ádh orainn bheith againn in Éirinn chomhaimseartha; cé, mar a tá a fhios againn go maith, go rabhamar ag maireachtáil trí cheann de na tréimhsí ba dheacra inár stair nua-aimseartha. Léiríonn an díograis agus an toilteanas a bhí ag go leor daoine agus institiúidí agus iad ag cur leis an Tionscnamh Eitice ár ndua, ár suim, agus go deimhin ár ngá domhain daonna le saol bríoch agus eiticiúil a chaitheamh mar nuair a smaoinímid ar na dúshláin a bhaineann leis an téarnamh ón ngéarchéim le déanaí, tuigimid nach fiontar agus nuálaíocht i ngeilleagar agus teicneolaíocht amháin atá ina saincheist, ach níos bunúsaí, athbheochan inár n-institiúidí polaitiúla, cultúrtha agus morálta. Tiocfaidh ár gcumas aonair agus comhchoiteann a bheith nuálaíoch agus cruthaitheach, dul in oiriúint don athrú agus ár sochaí agus ár ngeilleagar a athcheapadh le dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le téarnamh agus leis an todhchaí, bíodh sin i réimse na heolaíochta agus na teicneolaíochta, an tionscail agus an gheilleagair, an dlí agus na polaitíochta, an chultúir agus na n-ealaíon, go príomha ó fhís mhorálta agus ó chur i bhfeidhm breithiúnais eiticiúil bunaithe ar údarás maith, arna spreagadh agus faoi threoir luachanna agus idéil níos airde.

Dúshláin leathana don tsochaí Is é an ceacht is ginearálta atá le foghlaim ó na gníomhaíochtaí ar tugadh fúthu faoi choimirce Thionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann gur gá fócas athnuaite a bheith ar an ‘leas coiteann’. Tá sochaí chomhaimseartha na hÉireann, cosúil le formhór sochaithe nua-aimseartha, an-aonair, iolraíoch agus éagsúil, gan aon údarás morálta amháin ná sraith luachanna amháin a gcloítear leo go forleathan. Sa chomhthéacs nua seo ní féidir glacadh leis gur ann don mhoráltacht choitianta nó do shraith luachanna coitianta. Ina áit sin, táimid i spás inar gá dóibh sin a bheith faoi réir idirbheartaíochta agus breithiúcháin, inar gá go mbeadh difríocht agus éagsúlacht ina bprionsabail threoraithe. Is é a theastaíonn ó shochaí na hÉireann, díospóireacht ar na luachanna agus na prionsabail eiticiúla is mian linn seasamh leo agus láidriú; is gá dúinn comhrá(ite) a bheith againn ar ár dtuiscint faoin rud is ann don ‘dea-shaol’, nó don ‘saol faoi


Tábhacht na hEitice // On the Importance of Ethics

bhláth’, ní hamháin do dhaoine aonair ach do phobail. Bhí sé seo ar cheann de na téamaí a chualathas go minic ó thionscnamh Ghlórtha an Phobail agus ó na comhairliúcháin maidir leis an tsaoránacht i sraith Mhol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide. Ceacht soiléir atá le foghlaim is ea má tá fócas athnuaite le bheith againn ar cheist an ‘leasa choitinn’ is gá do shochaí na hÉireann ócáidí agus fóraim struchtúrtha a thógáil agus a chur ar fáil inar féidir plé mar sin a chumasú agus a thacú. Chuir go leor de na himeachtaí faoi Thionscnamh Eitice an Uachtaráin tús leis an bpróiseas seo agus tá sé i gceist ag roinnt díobh ar a laghad leanúint ar aghaidh leis amach anseo.

An eitic, na meáin agus an t-idirlíon Chuaigh na gníomhaíochtaí Ollscoile agus Sochaí Sibhialta a ndearnadh cur síos orthu i rannáin níos luaithe i ngleic le ról na meán agus an idirlín. Bainteach leis an ngá le fócas athnuaite ar an leas coiteann, tá tábhacht nach beag le ról na meán cumarsáide, na hiriseoireachta, na nuachta agus na hionadaíochta, agus b’fhéidir go háirithe ról an idirlín agus na meán sóisialta nua. Tá ról ríthábhachtach ag na meáin sin sa chumarsáid, le haghaidh agus faoi shochaí eiticiúil, ach ní dhearbhaíonn sé in aon chor gur ról dearfach a bhíonn ag na meáin i gcónaí. Mar aon le claontacht chórasach agus léiriúcháin ar roinnt pobal curtha as riocht, eascraíonn saincheisteanna eiticiúla le bailiú sonraí agus le faireachas ag an stát agus ag cuideachtaí móra príobháideacha agus le scaipeadh agus roinnt faisnéis phearsanta. Mar aon leis sin tá ceisteanna maidir lena bhféadfadh agus cén chaoi a bhféadfadh na meáin shóisialta nua ionadaíoch a dhéanamh ar bhealach éigin ar struchtúir an phobail agus na sochaí (a dtuigtear iad de ghnáth mar dhaoine, mar bhaill de chomharsanachtaí, mar chumainn agus mar institiúidí), mar chreatlach morálta na sochaí.

An eitic sa réimse poiblí, sa bheartas poiblí agus sa chinnteoireacht Ceacht soiléir atá le foghlaim, agus ceacht atá bainteach leis an débhríocht a bhaineann leis na meáin shóisialta nua mar ionadaí agus mar uile-íoc, an gá leanúnach domhain le daonlathas níos machnamhaí. Thar gach earnáil agus gníomhaíocht tá gairm shoiléir do dhíospóireacht oscailte agus féinscrúdú ar na rudaí atá i gceist le sochaí eiticiúil agus pobail rathúla, agus ina theannta sin nach ceacht acadúil a bheadh sa chomhrá seo ná nach mbeadh sé teoranta don sochaí sibhialta; ach, ag croí na ceiste tá ceisteanna faoin rannpháirtíocht pholaitiúil, an tsaoránacht ghníomhach agus an t-athchóiriú polaitiúil ar an reachtas, ar na struchtúir chumhachta agus ar na próisis chinnteoireachta. Arís, rud a chuirtear i láthair go soiléir i roinnt de na próisis Ollscoile agus Sochaí Sibhialta an gá le deiseanna a chruthú do phlé saoránaigh agus do mhachnamh ar cheisteanna atá tábhachtach do dhaoine agus do phobail.


38

An eitic i réimse an airgeadais agus an ghnó Ar an téama seo, ceacht lárnach a tháinig chun cinn is ea an gá le dúshlán a thabhairt don chlaonadh i dtreo laghdú sa bhfreagracht eiticiúil, a ndearnadh cur síos air mar ‘íostachas eiticiúil’ agus róbhrath comhthreomhar ar an rialachán. I sochaí chomhaimseartha uaireanta bíonn fócas cúng agus úsáidí sainiúla ag ‘an eitic’, ag tagairt do ghníomhartha arna rialú i gcleachtais, comhthéacsanna agus cásanna ar leith ag treoirlínte gairmiúla agus dlíthiúla i raoin áirithe ghníomhaíochta, ‘an eitic leighis’ agus ‘an eitic dhlí’ mar shampla; iriseoireacht eiticiúil, an eitic sa spórt, agus mar sin de, a mbeidh cás mar thoradh air ina mbíonn breithniúcháin ar an eitic aicmithe agus teoranta do ‘shadhlanna’ ar leith. Eitic íostach atá anseo, a bhraitheann an iomarca ar rialachán, agus a dhéanann neamhaird ar cheisteanna níos leithne agus níos doimhne faoi leas coiteann na sochaí ina iomláine. Go leor saincheisteanna agus cinntí tábhachtacha, i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta agus an leighis; scaipeadh íomhánna agus faisnéise ar an Idirlíon agus sna meáin shóisialta dhigitithe; caidreamh geilleagrach agus idirbhearta margaidh sa gheilleagar domhandaithe, mar shampla, agus níl anseo ach trí réimse ginearálta, arna rialú ag an Dlí (i gcásanna coiriúlachta agus ollchionta), ach go minic, nó b’fhéidir den chuid is mó, ag an eitic ghairmiúil agus cóid iompair sna réimsí áirithe sin. Is féidir le cóid iompair agus le heitic ghairmiúil, arna maoirsiú ag coistí eitice, cinntiú go mbíonn cleachtóirí gairmiúla aonair ag ‘cloí leis na rialacha’ ‘i gceart’, ach bíonn sé seo ina chúis le cásanna ina mbíonn daoine aonair á n-iompar féin de réir na rialacha agus na nósanna imeachta á leanúint acu, agus d’ainneoin sin ag feidhmiú go mímhorálta, go minic i ngan fhios uaireanta ach uaireanta go comhfhiosach agus d’aon turas, ag déanamh coire: an chosaint Nuremburg míchlúiteach a d’úsáid na Naitsithe – ‘Ní raibh mé ach ag leanúint orduithe’ an cás stairiúil clasaiceach den nasc achrannach idir mhoráltacht na sochaí, an dlí, an beartas rialtais agus poiblí, agus an eitic aonair. Le déanaí agus i bhfad níos gaire do bhaile, cloisimid faoi dhaoine aonair i bpoist chumhachtacha, a dhéanann cinntí feidhmeannacha a bhfuil iarmhairtí ollmhóra leo ar shaol daoine eile, atá ag feidhmiú ‘laistigh de chreat dlíthiúil’, ag feidhmiú ‘gnáthnósanna imeachta eiticiúla baincéireachta’, ‘ag sásamh dualgas fioscacha’ agus ‘ag feidhmiú de réir beartas agus treoracha oifigiúla’; daoine atá ag cloí go scrupallach le fuarlitir an dlí eiticiúil ach ag sárú an spioraid, na moráltachta shóisialta, a spreagann agus atá mar bhonn agus taca leis an dlí.

An comhionannas, an éagsúlacht agus an difríocht Tá sochaí chomhaimseartha na hÉireann an-aonair; tá a cultúr ag éirí níos iolraíche agus a féiniúlacht níos éagsúla; is sochaí sinn gan aon údarás morálta aonair ná sraith luachanna amháin a gcloítear leo go forleathan. Ach tá gá domhain fós ag daoine le saol bríoch agus eiticiúil a chaitheamh. Mar shampla, in Éirinn chomhaimseartha, mar atá ar fud an domhain, b’fhéidir go n-aithneoimid meath, ní i dtábhacht an reiligiúin per se i saol daoine, ach meath sa tábhacht a bhaineann le creideamh amháin ar leith, agus teacht chun cinn go leor creideamh agus léirithe spioradáltachta éagsúla. Ar an gcaoi chéanna feicimid, i dtoradh an Reifrinn ar an bPósadh le gairid mar shampla, aitheantas agus meas ar iomadúlacht cineálacha teaghlach, agus na féiniúlachtaí, eitneachtaí agus gnéasachtaí atá faoi bhláth laistigh de agus in aice le pobail agus féiniúlachtaí fadbhunaithe atá fós rathúil in Éirinn. Beidh gá sonraíochtaí cultúrtha agus eitic idirchultúrtha a chur san áireamh go dáiríre in eitic don Éirinn chomhaimseartha. Ardaítear an eitic i ndáil


Tábhacht na hEitice // On the Importance of Ethics

le taithí neamhchothroma maidir le saincheisteanna ar leith agus substaintiúla: sláinte, tithíocht, fostaíocht agus soláthar díreach, mar shampla, taithí atá modhnaithe agus athraithe trí éagsúlacht agus difríocht chultúrtha agus mar gheall air sin bíonn sé deacair prionsabal aontach a aimsiú. Ach tharla gurb í an ghné is ginearálta den éagothroime an éagothroime inscneach, ba cheart go mbeadh luachanna feimineacha i gcroílár an phlé seo ar fad.

An eitic agus an t-oideachas Ceacht soiléir a foghlaimíodh is ea go bhfuil tábhacht lárnach leis an oideachas, foirmiúil agus neamhfhoirmiúil, chun luachanna, prionsabail eiticiúla agus braistint freagrachta aonair a chur i gceann daoine den chéad ghlúin eile. Ní oideachas faoin eitic per se is ceart a bheith san eitic sa chóras oideachais ná go deimhin in eitic an chórais oideachais, ach oideachas i gcultúr agus i smaointeoireacht mar chleachtas eiticiúil. Tá teagasc teangacha, mar shampla, agus ról na n-ealaíon agus na samhlaíochta, na litríochta agus an aistriúcháin ríthábhachtach don oideachas i sochaí iolraíoch; chabhródh sé dá mbeadh níos lú béime ar ‘mo cheartasa agus mo theidealsa’ agus níos mó ar chearta daoine eile i dteagasc ceart sibhialta. Tá soiléiriú ar an gcaoi a mbaineann moráltacht agus an eitic leis an dlí, an rialtas agus an mbeartas poiblí ar cheann de na dúshláin oideachais is tábhachtaí lenár linn. D’fhéadfaí saothrú agus forbairt na teanga, na gcoincheap agus na soiléireacht intinne lena dhéanamh, ní hamháin i measc fealsúna Ollscoile agus eiticithe gairmiúla sa dlí, leigheas agus eolaíocht agus sna gairmeacha arda, ach i measc leanaí cliste agus meabhracha na hÉireann san aonú haois is fiche, a bhaint amach trí shiollabas pleanáilte san fhealsúnachta a thabhairt isteach i gcuraclam na hiar-bhunscoile.

An eitic agus an comóradh Tá deis foghlama thábhachtach againn sna deich mbliana de chomóradh agus go háirithe comóradh 1916 chun machnamh a dhéanamh ar luachanna, prionsabail eiticiúla agus ardaidhmeanna a bhfuiltear ag súil go nglacfaidh saoránaigh na hÉireann leo, go seasfaidh siad leo agus go gcosnóidh siad iad lenar linn. Tá deasghnátha agus cleachtais chomórtha tábhachtach mar gur foinse eitice iad, go gcuireann siad cruth ar fhéiniúlacht chomhchoiteann agus go gcothaíonn siad dlúthpháirtíocht, go gcruthaíonn siad traidisiúin, tugann siad brí trí bhraistint a chur ar fáil faoin áit ónar thángamar agus faoin ár dtriall, cuireann siad in iúl leas ábhartha bhaill an ghrúpa agus éascaíonn siad gníomh comhchoiteann, léiríonn siad bealach chun déileáil le himeachtaí trámacha an ama a caitheadh, agus is bealach féideartha atá iontu chun coimhlint a mhaolú trí dhéileáil le náire agus fearg maidir le himeachtaí stairiúla. D’fhéadfadh comóradh, agus comóradh 1916 go speisialta, a bheith ina ócáid le haghaidh cuimhneachán eiticiúil / eitic an chuimhne / cuimhneamh ar an eitic, “mar is trí chuimhneamh go coinsiasach agus go heiticiúil a fhaighimid an cumas le scaoileadh le héagóracha an am a caitheadh agus a fhaighimid an rún chomh maith le teacht roimh an athbheochan fuatha agus eisiaimh” (an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn, 2015). D’fhéadfadh comóradh 1916 machnamh córasach ar an eitic agus dearbhú ar luachanna saoránachta na hÉireann a chumasú, d’fhonn cód eiticiúil d’Éirinn nua-aimseartha a fhorógairt in 2016.


40

An eitic agus cearta an duine Tá tábhacht bhunúsach le cearta an duine agus is cuid de phrionsabail lárnacha na heitice sa sochaí chomhaimseartha iad. Ach, mar a bunaíodh i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, ag leibhéal an duine aonair, cé go bhfuilimid i dteideal ár gcearta daonna, ba cheart go mbeadh meas againn ar chearta daonna daoine eile. Dá bhrí sin, ní hamháin go luaitear teidil i gcearta, ach baineann siad le dualgais agus freagrachtaí. Dúshlán ar leith don Éirinn chomhaimseartha is ea cothromaíocht a chothú idir cearta agus dualgais, mar aon le tuiscint níos leithne ar an gcothromaíocht sin a dhaingniú. Tugadh le fios, áfach, gur bhog cultúr domhanda an tomhaltachais agus na sástachta láithrí an chomhfhiosacht i dtreo an teidil agus ar shiúl ón dualgas. Chuaigh an fealsamh Banbharún Onora O’Neill i ngleic leis an téama seo, a mhol ina hionchur in CT ‘gur cheart dúinn féachaint ar chearta ní mar chearta dár gcuid féin, ach mar chearta daoine eile, a bhfuil sé de dhualgas orainn iad a chosaint, a dhearbhú agus a fhíorú’. Labhair an dúshlán seo ar an iliomad téamaí a aibhsíodh sa tuarascáil seo agus níl aon dabht ach go spreagfadh sé comhrá saibhir ní hamháin i bhfóraim shaoránach a luadh níos túisce ach in athdhíriú ar an gcaoi a múinfí cearta sibhialta agus daonna san oideachas bunscoile, iar-bhunscoile agus tríú leibhéal.

Clabhsúr: An eitic, an mhoráltacht agus an tsochaí Léirítear i dTionscnamh Eitice an Uachtaráin gur cuid den toradh a bhaineann lena bheith ina shochaí níos eiticiúla an próiseas machnaimh féin; go bhfuil díospóireacht níos leithne, níos doimhne agus níos miondifreáilte faoin eitic ina bhealach, agus d’fhéadfadh sé a bheith ina mhórbhealach, le bheith ina shochaí eiticiúil agus ina dhaonlathas níos tomhaiste. Léirigh na machnaimh éagsúla go léir ar an eitic atá tarlaithe faoi choimirce Thionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann ní amháin go bhfuil ceisteanna na heitice aonarach, iompraíoch agus síceolaíoch, ach go bhfuil siad comhchoiteann agus sóisialta. Braitheann iompar eiticiúil aonair ar bhunsraitheanna leathana, doimhne, bunúsacha na moráltachta. Ionas go mbeadh daoine aonair eiticiúla ann, is gá go mbeadh ‘creatlach’ shóisialta – is é sin le rá morálta: líonra tiubh agus beoga de struchtúir shóisialta chuimsithe agus idirghabhála – grúpaí, cumainn dheonacha, institiúidí agus pobail ina bhfuil daoine aonair sóisialaithe, ina gcuirtear oideachas orthu agus ina gcuimsítear iad mar shaoránaigh agus mar bhaill, a chothaíonn agus a atáirgeann an mhoráltacht agus an eitic trína gcomhrá. Cuirtear an caidreamh seo in iúl anseo in go leor de na comhráite atá ag tarlú faoi choimirce Thionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann, trí fhocail mar “sochaí eiticiúil” a úsáid. Tá gaol an-ghairid idir an mhoráltacht agus an eitic; go deimhin tá siad fite fuaite lena chéile. Má lagaítear struchtúir agus institiúidí sóisialta, cumainn agus pobail, éiríonn an chreatlach mhorálta a chothaíonn agus a chumasaíonn an eitic lomchaite. Cuirtear in iúl in go leor de na gníomhaíochtaí agus imeachtaí agus sa phlé a thuairiscítear anseo go bhfuil feasacht ann ar an gcaoi go bhfuil an chreatlach shóisialta / mhorálta a chothaíonn agus a chumasaíonn an eitic ag éirí tanaí, ach i gcás go gcuirtear dainséar níos mó in iúl, cuirtear i láthair na cumhachtaí sábhála riachtanacha agus tá siad le cloisteáil sna comhráite céanna. Má tá snáithe órga ar féidir é a aithint trí na himeachtaí agus na gníomhaíochtaí ar fad a thuairiscítear anseo, a nascann na comhráite seo fud fad na


Tábhacht na hEitice // On the Importance of Ethics

tíre, a aontaíonn daoine agus pobail, na heagraíochtaí deonacha, na coláistí agus na hollscoileanna, is é an snáithe sin, téad agus inneach na creatlaí sóisialta de shochaí na hÉireann, an t-ábhar imní atá againn le meath agus folmhú na struchtúr sóisialta, na n-institiúidí comhtháite, na gcumann agus na bpobal a chothaíonn agus a chumasaíonn muid mar bhunchloch morálta le bheith ina ndaoine eiticiúla, buartha, gníomhacha, agus inár saoránaigh rannpháirteacha ag roinnt ceart agus pribhléidí go cothrom agus ag comhlíonadh dualgas agus freagrachtaí ár bPoblachta; ag roinnt agus ag déanamh aithrise ar ár stair, ár dtaithí, ár gcuimhní, i measc a chéile, laistigh de chomharsanachtaí, pobail agus ó ghlúin go glúin. Sa mhéid is gurb é seo an talamh choiteann a tháinig chun solais sna comhráite, sa phlé agus sna himeachtaí atá ag tarlú faoi choimirce Thionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann, molann sé chomh maith bealach chun cinn. Is é atá ag teastáil le tacú agus le saibhriú breise a dhéanamh ar ár “machnamh ar an eitic a d’fhéadfadh athrú a thabhairt chun críche i bhfeasacht an phobail, agus a bheith ina spreagadh don athrú dearfach” deiseanna, ócáidí agus cúrsaí struchtúrtha inar féidir le daoine comhráite agus plé bríoch a bheith acu faoi na ceisteanna agus na cinntí sin is mó tábhacht. Thabharfadh na deiseanna struchtúrtha seo spás do chomhrá maidir leis na luachanna a roinnimid; na hidéil ata mar aidhm againn; na dlíthe ar mian linn bheith faoi chomaoin acu; na cearta ar mhaith linn leas a bhaint astu; na freagrachtaí agus na dualgais a dteastódh uainn seasamh leo agus a bheachtú sa tionscadal comhchoiteann a bhaineann lenár bPoblacht a athnuachan.


42

Aguisín: Tionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann – Imeachtaí Ollscoile Téama Dúshláin leathana don tsochaí

Teideal an imeachta

Dáta

An Eitic, Inniúlachtaí agus Dúshláin an Athraithe – Comhairliúchán maidir leis an tSaoránacht

Feab. 14

Glórtha an Phobail i gcomhair Athnuachan na hÉireann – Comhráite Pobail

Beal. 2014Feab. 2015

COC (Socheolaíocht): OL (Polaitíocht agus Riarachán Poiblí); ITL (Oifig Forbartha)

DF-14

Scoil na Fealsúnachta, OÉG

Siompóisiam Idirnáisiúnta ar Eitic na Tubaiste

Beal.-14

Scoil an Altranais agus na nEolaíochtaí Daonna, Institiúid na hEitice, ITBÁC agus COST Action IS1201

'Sceithireacht, diúltú consiasach, easumhlaíocht shibhialta'– léacht, ceardlann agus fóram poiblí.

DF-Samh. 2014

Scoil na Fealsúnachta, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Cearta an Duine maidir leis an tSláinte – Comhdháil

Feab. 14

Ionad um Chearta an Duine na hÉireann agus an Scoil Leighis

ag http://www.nuigalway. ie/irish-centre-humanrights/news/humanright-to-health-conference.html.

Dearadh na Beatha – Eitic na Bitheolaíochta Sintéisí – Léacht Phoiblí

Ean.-13

Gailearaí Eolaíochta agus Mol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide

https://www.youtube. com/watch?v=8d-g2dDaZpU

Léacht ar Comhionannas Sóisialta agus an Bhochtaineacht leis an Ollamh Jonathan Wolff, Coláiste na hOllscoile, Londain

Beal.-14

Acmhainní

Mol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide

An Lárionad um Staidéar ar Bhunúis Mhorálta an Gheilleagair agus na Sochaí, COC.

Paiteolaíochtaí Sóisialta na Sibhialtachta Comhaimseartha – Comhdháil

Laochra Spóirt – a bheith i do Laoch Eiticiúil – Plé Painéil

Arna Eagrú ag

Roinn an Chorpoideachais agus Eolaíocht Spóirt. OL

www.communityrenewed.ie

https://www.youtube. com/channel/UC4ElnjI4B_Eq3eW9vDezdnA


Tábhacht na hEitice // On the Importance of Ethics

Téama An eitic, na meáin agus an t-idirlíon

An eitic sa réimse poiblí, sa bheartas poiblí agus sa chinnteoireacht

Teideal an imeachta

Dáta

Arna Eagrú ag

Acmhainní

'An bhfuil Iriseoireacht Eiticiúil Indéanta (riamh)?'– Plé Painéil Poiblí

Meith.-14

An Eitic, an Iriseoireacht agus an tIdirlíon – Léacht Phoiblí

Aib.-14

Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

http://www.istory.ie/projects/ethics-society-journalism-and-internet

An Chibireitic - Cibirdhlí, Cibirshíceolaíocht agus Cibearbhulaíocht – Fóram Poiblí

Aib.-14

Mol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide

https://www.youtube. com/watch?v=ixDicGJSkfw

‘Cumhachtroinnt i láithreacha fíorscoilte le tagairt speisialta don Iaráic agus do Thuaisceart Éireann’ – Léacht Phoiblí

Lún.-14

Scoil na hEolaíochta Polaitiúla agus na Socheolaíochta OÉ Gaillimh i gcomhpháirt le hInstitiúidí Moore agus Whitaker san Ollscoil

Eitic an Bheartais Tithíochta i Réimsí na hEaspa Dídine agus an tSoláthair Dhírigh. – Siompóisiam Poiblí

Meith.-14

Institute for the Study of Knowledge in Society, OL

An Eitic agus an Timpeallacht Thógtha – Léacht Phoiblí

Aib.-14

Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

https://www.youtube. com/watch?v=ynk2_i1PitA

An Eitic agus an tSochaí: Cáilíocht agus Sábháilteacht Bia – Léacht Phoiblí

Beal.-14

Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

https://www.youtube. com/watch?v=MbsmeHZrbAI

'Ceachtanna Eiticiúla ón nGéarchéim: Institiúidí Poiblí agus Ionadaithe'

Már.-14

Mol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide

Léachtaí do mhic léinn ar an mbeartas poiblí, an eitic agus an fhreagracht

Earrach 2014

An Roinn Polaitíochta agus Riaracháin Phoiblí, OL

An Reiligiún sa Saol Poiblí – Ceardlann

Beal.-14

Scoil na Polaitíochta, Staidéar Idirnáisiúnta agus Fealsúnachta, Ollscoil na Banríona.

‘Ceartas Sóisialta agus Éigeartas Sóisialta’ – Ceardlann

Aib.-14

Rannóg na Fealsúnachta, COC

OL


44

Téama An eitic i réimse an airgeadais agus an ghnó

Teideal an imeachta Rialúchán Gníomhairí Corparáideacha – Siompóisiam agus tionscadal taighde leanúnach

Dáta

Arna Eagrú ag

Acmhainní

Samh. 2014 Scoil na Polaitíochta, Staidéar Idirnáisiúnta agus Fealsúnachta, Ollscoil na Banríona.

Ceachtanna Eiticiúla ón nGéarchéim: Saol an Ghnó – Comhairliúchán maidir leis an tSaoránacht

Már. 2014

Mol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide

Ceachtanna Eiticiúla ón nGéarchéim: na Gairmeacha – Comhairliúchán maidir leis an tSaoránacht

Aib.-14

Mol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide

An Eitic agus an Ghníomhaíocht Mhorálta san Airgeadas agus in Earnáil an Airgeadais – Comhdháil

Aib.-14

Scoil Ghnó Kemmy, OL

‘Airgead Eiticiúil – Príomhcheist na Muiníneachta – Léacht Phoiblí

MF-14

Scoil Ghnó Kemmy, OL

Eitic an Ghnó agus na Margaíochta – léachtaí mac léinn

Earrach 2014

Scoil Ghnó Kemmy, OL

Seimineár Máistir-ranga ar An Mhoráltachta agus an Margadh

DF-14

Roinn na Socheolaiochtya leis An Lárionad um Staidéar ar Bhunúis Mhorálta an Gheilleagair agus na Sochaí, COC.

An Eacnamaíocht, An Eitic agus An Mhoráltacht – Scoil Samhraidh An Geilleagar agus an tSochaí

Beal.-15

Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge leis an Lárionad um Staidéar ar Bhunúis Mhorálta an Gheilleagair agus na Sochaí in COC

http://vimeopro.com/ user22584303/prof-conleth-d-hussey-ethical-money-the-fiduciary-issue


Tábhacht na hEitice // On the Importance of Ethics

Téama

Teideal an imeachta

Dáta

An comhionannas, an éagsúlacht agus an difríocht

An Eitic i gCairdeas agus Teanga: Dúshlán á Thabhairt don Naimhdeas i Leith Difríochta – Ceardlann

Feab. 14

‘Eitic an Aistriúcháin sa Chathair Ilteangach’ - Tionscadal Taighde

Leanúnach

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

‘Dúshláin na hEitice Idirchultúrtha’ – Comhairliúchán maidir leis an tSaoránacht

Beal.-14

Mol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide

‘Moladh na hÉadulaingthe. Léirmheas ar Mhiotas na Caoinfhulaingthe Glaine’ – Léacht Phoiblí

DF-14

‘Míchumas sa Seomra Cúirte: lárnacht stádas coimhthíoch na n-íospartach faoi mhíchumas’– Seimineár An eitic i réimse an oideachais

An eitic agus an comóradh

Arna Eagrú ag

Acmhainní

Grúpa Taighde ar an bhFuath agus an Naimhdeas (GTFN), OL

Roinn na Fealsúnachta, OÉ Mhá Nuad

Scoil an Dlí, OL

‘Oideolaíochtaí Ríthábhachtacha in Ollscoil Chomhaimseartha na hÉireann: Dúshláin, Modhanna agus Léargais’ – Comhdháil

Meith.-14

Lárionad Ráth Fhlaithín um Staidéir Útóipeacha OL

‘An Eitic san Ardoideachas: díbhuanú méadaitheach an teagaisc laistigh de dhioscúrsa poiblí maidir le cáilíocht agus sármhaitheas’– Seimineár

Noll. 14

OL agus Third Level Workplace Watch

Comóradh: Comhthéacsanna agus Coincheapa – Siompóisiam

DF-14

ITPL agus COC

https://www. youtube.com/ watch?v=zGdsSzAMzIc


46

Téama Tuiscint ar an eitic agus ar chearta an duine a fheabhsú

Teideal an imeachta

Dáta

Arna Eagrú ag

Dioscúrsa Acadamh Ríoga na hÉireann 'Cearta Idirnáisiúnta an Duine agus An Eitic Phoiblí Dhaonlathach'

Meith.-14

Acadamh Ríoga na hÉireann agus Ollscoil Luimnigh

Stair Achomair na Saoirse agus a Ceachtanna – Léacht

Meith.-14

Scoil na hEolaíochta Polaitiúla agus na Socheolaíochta OÉG

‘Céard a mheasfadh Edmund Burke de Chearta an Duine?'– Léacht

Aib.-14

Mol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide

"Sos Cogaidh Nollag An Chéad Chogaidh Dhomhanda 1914 agus Garraí Síochána Fhlóndras – foghlaim ón daonnacht agus ón tsochaí". – Léacht

DF-14

Scoil na nDaonnachtaí, OÉG

Acmhainní



Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.