CRAIC! - Eagrán #1

Page 1

Eagrán #1 - Mí na Samhna ’08 Saor in Aisce

San Eagrán Seo: Eachtraí na Agallamh le Alan Cuallachta Titley Mystic Peig Grianghraif Léirmheasanna Agus go leor eile… www.bebo.com/AnChuallacht AnChuallacht@uccsocieties.ie


Fáilte Isteach

Ós rud é go bhfuil na cóisirí imithe go léir anois tréis Freshers Week, agus ina n-áit atá brú an staidéir agus spriocdhátaí na haistí (ní thugann daoine go leor bá dúinn in aon chor im thuairim..), do bhíomair ag smaoineamh go mbeadh spéis oraibh rud a fháil chun faoiseamh a thabhairt daoibh. Mar sin, fáilte romhaibh isteach don gcéad eagrán irisleabhar nua na Cuallachta, Craic! Is mór m’uarraim an réamhra a thabhairt daoibh agus páirt a ghlacadh ins an scéim úrnua corraitheach seo. Tá súil againn go mbainfidh sibh sult as an iris seo agus go mbeidh sibh in ann léargas a fháil maidir leis na heachtraí is obair ghinearálta na Cuallachta i gcaitheamh na bliana as seo amach. Is í ár naidhm leí ná foilsiú rialta mac léinn a chur ar fáil as Gaeilge, ag freastal ar lucht na teanga timpeall na hollscoile go léir. Mar sin, má tá aon moladh nó tuairim agaibh, ná bíodh eagla oraibh a bheith i dteagmháil linn. Chomh maith leis sin, má tá fonn ar éinne baint leis an gCuallacht, beidh fáilte is fiche rompu (ní angry Gaeilgeoirs sinn!) Go dtí an chéad eagrán eile,

Is mise le meas, Neil Ó Briain, O.C.P Iriseoireacht na Cuallachta.


Tuarascáil Imeachtaí Díreach i ndiadh an chéad cúpla eachtraí Cuallachta, tugtar tuarascáil mar gheall orthu ionas go gcuirfeir iad in iúl do dhuine…

Bhuel, fáilte romhaibh go hiris nua na Cuallachta, CRAIC!! Thosnaíomar sa Thirsty (tigh tábhairne iontach ar Shráid Washington) i mbliana ar an 1ú Deireadh Fómhair! Bhí ceapairí álainne déanta ag cailíní na Cuallachta agus bhí slua mór bailithe le néisteacht leis an gceol traidisiúnta, leis an nGaeilge a labhairt agus gan amhras… leis na gceapairí a ithe! Lá dár gcionn, agus eireaball na meisce ar chuid againn, bhuaileamar le chéile sa Seomra Caidrimh in Áras Uí Rathaille le haghaidh tae agus brioscaí agus tuilleadh craic! Seachtain i ndiaidh ar an 8ú D.F chasamar ar a chéile sa Thirsty arís nuair a bhí Cóisir Pizza againn! Chasamar ar a chéile arís an lá dár gcionn sa Seomra Caidrimh chun nuacht na hoíche a phlé! Ar an 15ú D.F cuireadh fáilte romhainn sa Thirsty agus arís bhí lascaine dí a tharraingt

ag Fear an Tí, Damien! Bhí na ceoltóirí iontacha i láthair arís (buíochas lenár n-oifigeach ceoil Caitlín!) agus tar éis an bua a bhí ag foireann na hÉireann sa sacair bhíomar go léir ag céiliúradh níos déanaí i F’Eddies! Gan amhras bhíomar bailithe sa Seomra Caidrimh an lá dár gcionn chun na scéalta a chloisint! Ar an 22ú D.F d’fhreastal An Chuallacht ar fad ar imeacht Club Daonphoblacht Chorcaí sa Roundy! Bhí Brian Deady agus na Snazzy Kools ann chun réamhrá a thabhairt do ‘Féile na Jazz’ agus bhí ‘Splanc’, grúpa traidisiúnta ann chomh maith! Sár-óiche a bhí sa Roundy agus comhgairdeagas le ar fad sa Club DP! Thosnaíomar ar hoodies na Cuallachta a dhíol an mí seo chomh maith, mar sin bí ag faire amach dóibh an mhí seo chugainn.

Michelle Ní Mhurchú, Reachtaire na Cuallachta.


Na hEachtraí ag Teacht Seo liosta den cúpla eachtraí a bheidh ar siúl go luath. Mar is léir, tá mórán imeachtaí fairsinge ar siúl againn, agus bheadh sé go hiontach dá bhfreastalódh éinne a bhfuil suim acu iontu. Bíonn nithe nua ag teacht ar 27/10

01/11

05/11

12/11

? 19/11

24/11

ár gclár go minic, mar sin, bígí cinnte go mbíonn sibh i gcónaí ag féachaint ar ár mBebo chun an t-eolas lán a fháil mar gheall ar na rudaí atá ag tarlú linn. www.bebo.com/AnChuallacht

Mórshiúil (ag bualadh le chéile in Áras na Mac Léinn, 5pm) – Glac páirt sa cheiliúradh ar son na teanga agus ár gcultúr féin. Molaigí go núsáidfeadh daoine an Ghaeilge níos minice. Seó Des Bishop (Cork Opera House, 8.30pm) – Tá ticéidí le fáil ón gCuallacht i gcomhair an oíche thar barr seo. Beimid ag dul go Club na Féile ina dhiaidh. Oíche den scoth atá i gceist! The Thirsty (Washington Street, 9.30pm) – Bainigí sult as an atmaisféir den scoth ins an thig tábhairne seo. Le ceol ón TradSoc. Turas Mistéireach (Cén áit!) – Cá mbeimid ag dul? Bhuel, níl ach aon slí amháin chun é a fháil amach! Bígí ann le haghaidh sároíche lán spraoi. Club Daon-Phoblacht (Roundy, 8.30pm) – Bígí linn nuair a bhainimid leis an gclub sóisialta seo le haghaidh deochanna, craic agus ceoil. Spraoi Cois Laoi – Bígí ann i gcaitheamh na seachtaine go léir i gcomhair ár bhféile bhliantúil!

Chomh maith leis na heachtraí luaite thuas, buailimid le chéile gach Déardaoin ins an tSeomra Caidrimh ar a haon a chlog ar feadh uair. Tarigí le haghaidh tae is brioscaí agus beidh fáilte mhór romhaibh. Is féidir linn cúrsaí a chur in iúl daoibh ann, leis, ionas go mbíonn gach sonra ar eolas agaibh.


Léirmheas

TAKEN Meastachán: 3/5

ACDC – “BLACK ICE” Meastachán: 4/5

Chun cur le liosta na réaltaíaicsin, glacann Liam Neeson an té Bryan sa scannán “Taken”. Ó tus go ndeireadh, Scannán Aicsin ceart is ea é. Ligeann air iar-CIA ag déanamh iarracht chun gaol a h-athchruthú idir é féin agus a iníon fad is a caitheann sé an scannán chun í a shabháil tar éis a fuadach. Maraíonn sé gach duine ’tá ag baint leis an eachtra. Scannán lán de fuinneamh, fola agus foréigean. Ní scannán “Hollywood” é sin. Níl sé cosúil leis na scannáin Van Damme nó Sagal. Tá mothú realtachta fén scannán seo. Shéan Liam Neeson an páirt mar James Bond i 1995; dúirt sé go raibh sé ró-bhog is ró-lag mar aisteoir. Tar éis an scanáin sin, i mo thuairmse, rinne sé an rogha mí-cheart!

’Sé Black Ice an chéad albam a sheol ACDC ó tháinig Stiff Upper Lip amach sa bhliain 2000. I mo thuairm, tar éis é a chlos tá jab maith déanta acu. Tá 15 amhrán san albam, an príomh amhrán ná Anything Goes a bheidh á sheoladh mar shingil go luath. Amhráin eile atá go maith dar liom ná Big Jack agus Rock N’Roll Train. Deirtear ná díolfar an méid chéanna le Back in Black ach ba cheart dó déanamh go maith ar na cairteanna ag an am chéanna. Deireann Rolling Stone gurb é an albam agus gurb iad na hamhráin atá istigh ann, an albam agus na hamhráin is fearr a scríobh Aongus agus Malcolm de Siún ó dheineadar Razor’s Edge. Is fiú éisteacht leis!

- Seosamh Ó hÉamhthaigh

- Feargal Ó Grifín


Grian Buaicphointí ónár_

Seo chughaibh cuid des na grianghraif a thógadh ag imeachtaí Cuallachta go dtí seo. Dh’éirigh go breá linn Lá na gCumann agus bíonn an Thirsty plódaithe gach Céadaoin chomh maith. Tar chughainn agus seans go mbeidh do ghrianghraif sa chéad eagrán eile.


ghraif n-imeachtaí go dtí seo!


Pionta le Titley Bhí deis againn labhairt le Ollamh na Nua-Ghaeilge agus scríobhneoir, an Dr. Alan Titley. Seo cad a d’inis sé dúinn…

Cén áit is fearr leat sa domhan? Tá dhá áit i ndáirire. Áit amháin ná Guagán Barra, mar chaitheas cuid mhaith de m’óige ann. Áit eile draíochtach domsa is ea an Ghaeltacht in Albain. Dá mbeifeá in ann a bheith i d’ainmhí, cén cineál a phiocfá? Ba mhaith liom a bheith i mo ghabhar. Níl a fhios agam canathoabh, ach is dócha gur ainmhí uasal é agus is fear uasal mé féin.. agus ní itheann daoine gabhar. An bhfuilir sásta le stádus na Gaeilge fé láthair? Is féidir féachaint air i dhá shlí. Tá an ghloinne leath-fholamh nó leath-lán. Dearfainn go bhfuil Gaeilge a lán níos fearr ag daoine anois, go bhfuil an córas scoile a lán níos fearr ná a bhí, agus go bhféadfá comhrá a dhéanamh as Gaeilge ar an sráid gan daoine ag féachaint

ort. Bíonn áthas ar dhaoine Gaeilge a chloisint. Cad é an leigheas chun Liam a thógaint ar ais cois Laoi? Deireadh a chur le peil. An bua atá ag Cill Chainnigh ná nach bhfuil aon pheil ann. Ní fheiceann tú é. Fiú i gCathair

Peil Chorcaí: Ní bheadh saol sláintiúl fada fágtha ag an gcluiche dá mbeadh an rogha ag Alan.

Chorcaí anois tá níos mó peil ná iomáint. Dá bhrí sin, caithfimid tosnú arís le léigeanna de dhaoine óige, dhéanfaí rogha idir iomáint is peil agus thabharfaí seacht noiread tacaíochta don iomáint seachas an pheil. Nílim ag magadh, sin é an leigheas air. Cé hiad na scríobhneoirí a bhfuil an tionchar is mó acu


Cumann na Drámaíochta

ar d’obair féin? Ar shlí amháin, nílim chun aon rún a scaoileadh! Ach braitheann sé ar an am. Nuair a bhíos i bhfad níos óige, is cinnte go raibh tionchar ag na fathaigh móra cosúil le Ó Cadhain agus Joyce orm. Thaispeánadar misneach agus is rud iontach é sin. Cé ná scríobhaim mórán filíochta, is maith liom filíocht ag insint scéil chomh Ó Cadhain: Tá tóir maith. Ach ón uaigh níos fearr aige ná ag Caitríona is cabhair mór é a Pháidín. bheith ag léamh nuair a bhíonn tú i do scríobhneoir mar téann gach rud a léann tú i bhfeidhm ort go pointe. Muna mbeifeá i d’fhear Gaeilge, cén slí bheatha a cheapair go mbeadh agat? Is dócha go mbainfeadh sé le gné éigin den léann liteartha, b’fhéidir le stair nó leis an mBéarla. Ní bheinn i m’fhear gnó, bheadh an banc briste ar maidin! Ach tá mo chroí sa Ghaeilge.

- Neil Ó Briain

Tá Tráth na gCeist ar siúl againn ar an 4ú lá do Mhí na Shamhaine san Old Bar ar a 8 a chlog. Is é ábhar an tráth na gceist ná ceol! Tá failte roimh cách mar sin bígí ann agus tabhair do cháirde libh! Dúiseanna iontach le buachaint chomh maith! Beidh dráma Seosamh Ó hÉamhthaigh dár teideal ‘Fag’ ar siúl againn sa choláiste an seachtain ina dhiadh, an 11ú lá do Mhí Samahin! Beidh fógraíocht déanta ar titim amach agus am an dráma an tseachtain roimhe sin! Roimh saoire na Nollag beidh cóisir Cumann na Drámaíochta againn! Beidh craic, spraoi agus spórt ann le h-aghaidh na baill, a cháirde agus éinne eile a bheadh suim acu in oíche cuideachtúila! Beidh dáta agus áit socraithe níos chóngaraí den am! Beidh tuilleadh ar siúl ina dhiaidh sin. Bígí páirteach! cumannd@uccsocieties.ie


Mystic Peig Is saol deacair scanrúil taghdach é saol an choláiste. Mar sin, chuir Treasa agus Julanne Ní Mhurchú achainí ar Pheig chun cúpla nod a thabhairt dúinn. Dhein sí machnamh agus seo cad a thug sí dóibh… Márta 21 – Aibreán 19

Aibreán 20 – Bealt. 21

An Reithe Bí ag faire amach do strainséir mistéireach an mhí seo, ní bheadh a fhios agat cad a tharlódh! Leabhar tráthúil: Peig!

An Tarbh Tá a fhios agat cad a tharlaíonn nuair a fheiceann an tarbh brat dearg…

An Cúpla Ná bí ró-thógtha suas le duine amháin an t-am ar fad, tá rogha fhairsing ann duit.

Léachtóir tráthúil: An tOllamh Alan Titley

Deoch tráthúil: Guinness

Meith. 21 – Iúil 22

An Portán Tóg comhairle do chairde, tá duine speisialta ann duit! Tá a fhios ag do chairde go dtaitníonn tú leis/léi chomh maith. Club Oíche tráthúil: Rafters

M.Fóm 23– D.Fóm 22

An Mheá Déan suas d’aigne maidir le gné thábhachtach de do shaol. Leabhar tráthúil: An Bíobla

Iúil 23 – Lúnasa 22

Bealt. 21 – Meith. 20

Lún. 23 – M.Fóm. 22

An Leon Níl tú chomh cliste nó fileata is a cheapann tú. Cuimhnigh air sin.

An Mhaighdean Ná bí ag iarraidh an iomad rudaí a dhéanamh ag an am céanna. Ní féidir gach rud a dhéanamh.

Amhrán tráthúil: I want to break free

Bia tráthúil: Cabáiste

D.Fóm 23 – Samh. 21

Samh. 22 – Nollaig 21

An Scairp Ba cheart duit do shúil a choiméad ar dhuine áirithe. Beidh sé fiúntach. Ainm tráthúil: Matthew

An Saighdeoir Ná bí tú féin an t-am ar fad. Bí duine éigin eile chomh minic agus is féidir leat. Ainmhí tráthúil: Coileán


Nollaig 22 – Eanáir 19

An Gabhar Ná bí ag cruthú scéalta fé dhaoine don chraic. Ní bheidh toradh sásúil air. Dán tráthúil: Dónal Óg

Eanáir 20 – Feabh. 18

Feabh. 19 – Márta 20

An tUisceadóir Tá “full moon” ar an mbealach…ná bí i do “wherewolf”!!!

Na hÉisc Tá a fhios agat cad a tharlaíonn nuair a thagann an t-iasc amach as an uisce…

Imreoir GAA tráthúil: An Gooch!

Carachtair “Fair City” tráthúla: Keith agus Úna

Cumann an Cheoil Traidisiúnta Le Gearóid Ó Duinn

Téann roinnt rudaí le chéile níos fearr ná rudaí eile. Sampla de sin is ea an cairdeas idir an Chuallacht agus Cumann an Cheoil Thraidisiúnta athá chomh sean leis na cnoic agus gan dabht, beimid ag obair le cheile go han-mhinic le linn na bliana seo. Cuireadh tús leis an gCumann, nó Tradsoc mar a thugtar air go minic, bliain is triocha ó shin ach, i mbliana, tá

sé i gceist ag an gCoiste barr a chur ar gach uile bliain a d’imigh tharainn go dtí seo. Chomh maith leis na seisiúin gach seachtain sa Spailpín Fánach, thá siad ag bualadh le chéile gach dara seachtain san Avenue Bar taobh leis an Roinn Ceoil, gan trácht ar TradFest, an fhéilé mhór cheoil thraidisiúnta ar siúl an tseachtain dheireanach de mhí Eanair 2009. Agus thá said deas go leor a gcuid tallainne a leiriú ag an gCuallacht gach Céadaoin sa Thirsty. Tugaigí bhur dtacaíocht do cheol binn na tíre seo agus téigí chuig a n-imeachtaí chun seinnt, casadh nó fiú amháin chun éisteacht. Cuirfear fáilte roimh chách. Is féidir gach eolas mar gheall ar imeachtaí éagsúla an chumainn a fháil ar www.bebo.com/UCCTradsoc


Puzal Fáilte chun an leathanaigh puzal. Is anseo a mbeidh tú in ann do mheabhair a choimeád láidre, d’éirim a choimeád tapa, is do stór focal a fheabhsú go leibhéal ard maisiúil dochreidthe gan a bheith ag éinne eile go dtí seo. Mar sin, déan é go curamach agus déan é go Ná bí measchta sna blianta déanacha: Coinnigh an meabhair úr anois le cuidiú ceart agus, ar ndóigh, bain ónár bpuzail. taitneamh as.. San eagrán seo, táimid ag tabhairt cuardach focal daoibh.. Tá Oíche Shamhna ag teacht agus is ceart do chách ullmhú. Lig é seo a bheith mar do chéad chéim. Liosta Focal: taibhse púca cat dubh cailleadh úlla milseáin feisteas scéalta taibhsí masc ollphéist cóisir foghlaí mara puimcín cnámharlach bob nó bia draoi peist eagla uibhe tithe


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.