Tuarascáil Bhliantúil 2009

Page 50

Goal 3 Gaeilge 2

14/09/2010

17:20

Page 4

SPRIOC 3 Éagsúlú a spreagadh i ngeilleagar na Tuaithe agus Cáilíocht an tSaoil faoin Tuath a fheabhsú Roghanna Tá an Clár Roghanna bunaithe chun breithmheas iomlán feirme agus cothromaíocht saothair / saoil a chur chun cinn. Tá poitéinseal ollmhór ag an gclár an chumhacht a thabhairt do theaghlaigh fheirme staid an teaghlaigh a anailísiú agus a luacháil. Cuireann na comhairleoirí go léir thar na hAonaid Limistéir Chomhairligh go léir an clár i bhfeidhm. Táirgeadh beagnach 2,000 phlean. D’athnaigh na pleananna seo leis na teaghlaigh fheirme cá mbeadh athrú agus éifeachtúlachtaí go tairbheach. Sholáthraigh siad naisc freisin go seirbhísí speisialta i dTeagasc agus go gníomhaireachtaí eile mar LEADER, Bhoird Fhiontar Chontae, FÁS agus Coistí Gairmoideachais.

Soláthraíodh comhairle agus dianthreoir mar a leanas i leith an 1,950 theaghlach fheirme ar a ullmhaíodh Pleananna Rogha: – 26% bainistíocht fheirme theicniúil – 23% scéimeanna – 23% bainistíocht airgeadais – 8% ualach oibre – 6% comharbas – 6% éagsúlú – 4% fostaíocht eisfheirme – 4% sábháilteacht fheirme Chuimsigh an dhianchomhairle seo athrú iomlán d’fhiontar, fairsingiú nó laghdú ar an bhfiontar. San áireamh in éagsúlú bhí foraoiseacht, turasóireacht na tuaithe, eachaí, orgánaigh, éanlaith chlóis, bearta eile feirme agus eisfheirme.

Díolann feirmeoirí Jenni agus Pat McNally léirithe le Carol Griffin (ar dheis) de Theagasc Bhaile an Ásaigh a dtáirgí go díreach do thomhaltóirí.

Táirgeadh orgánach Tá an margadh in Éirinn do tháirgeadh orgánach de luach €104 mhilliún in aghaidh na bliana anois. Tá an margadh san Eorap de luach níos mó ná €16 billiún leis na díolacháin is mó sa Ghearmáin, sa Ríocht Aontaithe, sa Fhrainc agus san Iodáil. Tairbhíonn táirgí orgánacha de sciar ard den mhargadh i dtíortha mar an Danmhairg, an Ostair, an Eilbhéis agus an tSualann. Níl ach go díreach níos mó ná aon fán gcéad den achar talún in Éirinn tugtha do tháirgeadh orgánach ag 1,100 fheirmeoir, arb amhlaigh níos lú ná an meán de chúig fán gcéad d’achar talún an AE in úsáid do tháirgeadh orgánach. Sé polasaí an Rialtais ná táirgeadh bia orgánaigh a mhéadú faoi cúig fán gcéad faoi 2012. Choinneál an fhoireann orgánach de cheathrar chomhairleoir móiminteam na bliana roimhe sin i gcur chun cinn an chláir gnó de tháirgeadh orgánach méadaithe. Seachadadh naoi gcúrsa FETAC Leibhéal 5 ar fud na tíre ar Thús Eolais ar Fheirmeoireacht Orgánach. Bhí 20 shiúlóid phoiblí fheirme ar fheirmeacha taispeána. D’fhreastal 200 in Aibreán ar Chomhdháil Náisiúnta Táirgthe Orgánaigh. .

. . .

48

Tugadh 210 Chuairt ar Fheirm . Críochnaíodh 63 phlean Comhshó Orgánaigh . Tionóladh 4 sheimineár Réigiúnach Tharla go raibh pléghrúpa go tairbheach agus go heolach dos na rannpháirtithe go léir.


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.