Issuu on Google+

nuacht 24 3 Meitheamh 2011

‘Sea, a Aire’

www.nuacht24.com

na gradaim chumarsáide

tuairisciú speisialta istigh

Pobal na Gaeltachta le cur ina dtost Eoghan Ó Néill An tAire seachas an pobal a roghnóidh baill Bhord Údarás na Gaeltachta amach anseo. Rud a fhágfaidh pobal na Gaeltachta gan guth acu i ngnóthaí an Údaráis den chéad uair ó na 1980í. Cúlú millteanach de réir pholaiteoirí an fhreasúra a chonaic idir mhaith agus olc sna moltaí. Maith, mar go mbeidh cumhachtaí fiontraíochta ag an Údarás go fóill, rud a raibh amhras ann faoi le fada. Agus mar go mbeidh an Ghaeltacht freagrach as gnóthaí Gaeltachta seachas an Foras. Olc, mar gur baineadh siar de go leor nach mbeidh toghcháin don Údarás ann amach anseo agus go bhfuil Bord an Údaráis le laghdú go 10-12 ball seachas an 20 ball a atá anois ann. Dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil an bás fada pianmhar i ndán don Ghaeltacht má leanann an rialtas lena bpleananna don Ghaeltacht is don Údarás. Agus cé gur chuir an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh fáilte roimh roinnt de na moltaí atá sa phacáiste atá fógartha ag an Aire Donncha Mac Fhionnghaile, dar leis go bhfuil an plean chun fáil réidh le toghchán an Údaráis mídhaonlathach amach is amach. Ina dhiaidh sin ar fad is é an

reachtaíocht a bheidh tábhachtach seachas na moltaí atá déanta go dtí seo dar leis. Gheall sé go gcuirfeadh Sinn Féin ina choinne. Bhí an t-iarAire Éamon Ó Cuív ar aon intinn leis. Dar leis siúd gur cúlú ón daonlathas atá sa chinneadh chun fáil réidh le toghchán an Údaráis Deir Cathal Seoighe, ball neamhspleách de Bhord an Údaráis, gur údar imní dó go mbeidh Gaeltachtaí beaga fágtha as an áireamh agus líon na mball boird laghdaithe ó 20 ball go 10-12 ball. Is é an tAire a ainmneoidh na baill den bhord feasta agus beidh ról ag comhairleoirí sna ceantair Ghaeltachta daoine a ainmniú. Agus ní bheidh méadú ar bith ar bhuiséad an Údaráis go dtí go dtiocfaidh biseach ar chúrsaí airgid an stáit dar leis an Aire.

Ceist ama sula sroicheann cás E.coli Éire Máire Ní Dhuinn “Ón fheirm go dtí an forc. Táimid ag mionscrúdú gach uile orlach den aistear sin nó beidh impleachtaí móra ann don Eoraip ar fad mura bhfaighfimid amach cad a spreag an truailliú E.coli seo.” Sin a dúirt Denis Coulombier, an fear atá i gceannas ar an Lárionad Eorpach um Smachtú Galair. Dar leis gur bhain scála na truaillithe siar de.

“Ní fhaca muid rud mar seo riamh roimhe san Eoraip ná sa domhan,” ar seisean. “Is é is tábhachtaí ná teacht ar thuiscint ar cad a spreag seo agus ansin é a smachtú. Ach táimid ag plé le rud nua agus beidh orainn a bheith iontach cúramach agus muid ag iarraidh an truailliú seo a smachtú.” Deir an Dr. Eleanor McNamara ón Fheidhmeannas Seirbhísí Sláinte, nach bhfuil ach ceist ama go bhfeicfimid

cásanna den ghalar in Éirinn. Ní féidir le frithbheathaí baint den aicíd, rud atá ag cur imní mór ar lucht leighis. Agus tá buairt ar lucht glasraí na hÉireann go mbeidh siad thíos go mór leis an doicheall roimh ghlasraí ar fud na hEorpa. Cuireadh lasta mór glasraí, ar luach €4m, chuig an Rúis an tseachtain seo caite, díreach roimh scéal na Gearmáine teacht chun cinn.

réalta na bliana: Eimear Ní Chonaola, láithreoir nuachta TG4, a bhuaigh an gradam Gala Gael Star ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana. Tuilleadh eolais agus griangraf ar leathanaigh 4-7.


2 

www.nuacht24.com

eagarfhocal

Réabhlóid an phobail uainn I gCearnóg Tahrir thosaigh réabhlóid pobail nach bhfuil anois ach ina thús. Chuir pobal na Tuinéise tús leis ach is iad pobal na hÉigipte a chuir ar ár súile dúinn go bhfuil bealach síochánta aontaithe misniúil chun an deachtóir is measa acu a bhriseadh thar oíche. Dar le go leor nach bhfuil aon rud le foghlaim againn in Éirinn ón mhilliún duine a phlódaigh isteach i gCearnóg Tahrir. Ach ba é Éirí Amach na nÉigipiteach a spreag ógánaigh na Spáinne le teacht amach ina scórtha mílte agus seilbh a thógáil ar chearnógaí ó Puerta del Sol Maidrid go Placa Catalyuna i mBarcelona. Rinne ógánaigh na Greige aithris ar na Spáinnigh agus más fíor tá go leor ógánach

sa tír seo ag machnamh ar a leithéid a dhéanamh in Éirinn go luath amach anseo. Is éigean cur chuige nua, radacach, gníomhach. In ré seo an náire, nuair nach acmhainn do rialtas, stát ná cúirt, na daoine a bhris an stát a thabhairt i láthair na gcúirteanna is éigean cur chuige radacach. Agus is éigean do phobal na Gaeilge foghlaim ó Chearnóg Tahrir agus ó lucht agóide i dtíortha eile. Seachas a bheith ag ‘stocaireacht’ nó ag scriobh e-phostanna b’fhéarr i bhfad do phobal na Gaeilge tabhairt faoi agóidí ar shlí nach ndearnadh roimhe. In 1966 rinne baill Misneach i mBéal Feirste stailc ocrais roinnt laethanta taobh amuigh de Chumann Chluain Ard.

I mBaile Átha Cliath rinne siad troscadh taobh amuigh d’Ard Oifig an Phoist. I mBéal Feirste in 1984 reáchtáil Gearóid Ó Cairealláin céilí taobh amuigh d’oifigí an BBC cionn is nach raibh siad sásta cláir Ghaeilge a chraoladh. Ba dheacair ag an Beeb cur i gcoinne na gcailíní rince agus níorbh fhada gur ghéill siad. 20 bliain níos moille mheall Gearóid na céadta duine go suíomh Bheairic Bhaile Andarsain do ‘Céilí ag an Chroisbhealach’ a rinne ceiliúradh ar dhruidim bheairic an RUC. Sna 1970í dhreap Gaeilgeoirí in airde ar chrainn cumhachta i gceannáras RTÉ. Amanna eile cheangal siad iad féin le slabhra le geataí RTÉ nó dhumpáil

seanteilifíseáin ar an deasc fáilte mar agóid faoina laghad Gaeilge a bhí ar an chainéal. Bhunaigh muintir Chonamara Saor Raidió a thug Raidió na Gaeltachta chun beatha agus ar ball teilifís bhradach as ar saolaíodh TG4. Feadh na mblianta fada bhain Gaeil na tíre seo úsáid as slite cliste siamsúla cruthaitheacha chun agóid a dhéanamh ar son a gcearta. Tá sé thar am ag an ghlúin óg inniu tabhairt faoina macasamhail céanna. Nó i ndeireadh na dála ní féidir a bheith ag brath ar an stát, thuaidh ná theas, lenár gceart a bhronnadh orainn. Tá an ceart ar fad ag Rónán Mac Aodha Bhuí, go maire spiorad Saor Raidió Chonamara go deo!

Ní dhearna Mary Mc Ardle aon rud nach bhfuil déanta ag na mílte daoine óga sa tuaisceart le linn na dTrioblóidí. D’iompair sí gunnaí. Níor tharraing sí truigear, níor scaoil sí duine ar bith. Ach sa chás seo bhí sí lárnach i ndúnmharú mná óige eile, Mary Travers. Tá an tuaisceart lomlán de dhaoine i bpostanna sinsearacha agus údarásacha a rinne a mhacasamhail. Bhí an LeasChéad-Aire páirteach i bhforneart polaitiúil, bhí an t-iarAire Gerry Kelly páirteach, bhí Carál Ní Chuilinn, an tAire Cultúir, páirteach. Ar ndóigh d’iompair polaiteoirí

Aontachtacha áirithe an gunna ar son na Banríona agus rinne seal san UDR nó san RUC. Dhá fhórsa a bhí freagrach as marú is sleacht lena linn. Agus b’éigean do ghaolta na ndaoine sin ar mharaigh arm na Breataine iad, breathnú ar an stát ag bronnadh gradaim is boinn ar na marfóirí. Ní féidir cosc ar na daoine seo ó cib é taobh den choimhlint, a bheith ag glacadh páirte sa saol poiblí ó thuaidh. Caithfear aird a thabhairt ar ghaolta agus ar a mothúcháin. Sa chás seo is léir nach féidir comhréiteach a aimsiú.

Ach nuair a imíonn cás Mary Travers ó na ceannlínte ba cheart do gach taobh tabhairt arís eile faoi aimsiú slí atá cothrom, mothúlach, agus ionraic chun plé le cás na marbh agus le pian na ngaolta. Nó tarlóidh cásanna mar seo arís is arís eile. Agus aird againn ar chás Mary Mc Ardle cailleadh radharc ar ghné eile de scéal na gcomhairleoirí ag Stormont. Tá 19 comhairleoir speisialta fostaithe ag Stormont. I bhfad níos airde ná an líon atá ann ó dheas, in Albain, sa Bhreatain Bheag, ag cur san áireamh an daonra ansin. Dá bhfostódh rialtas na Breataine

comhairleoirí de réir critéir Fheidhmeannas an Tuaiscirt bheadh 2,400 comhairleoir speisialta acu seachas an 60 atá ann. Cé hiad na comhairleoirí seo sa tuaisceart? Cad é an tuarastal a bhfaigheann siad? Cad iad na cáilíochtaí atá acu a fhágann nach féidir le státseirbhíseach nó le daoine eile obair s’acu a dhéanamh? B’fhiú na ceisteanna sin a chíoradh go poiblí nó seachas a bheith ag cur chun tosaigh rialtas atá oscailte agus trédhearcach is deacra ag an ghnáthdhuine ná riamh a fheiceáil cén dóigh a bhfuil a gcánacha á gcaitheamh ag polaiteoirí agus ag páirtithe polaitiúla.

Ceist Mary McArdle agus oibrithe eile Stormont

Is féidir le Shevy an teanga a thabhairt leis Comhfhreagaí Nuacht24 Is cruthúnas beo é Edward (Shevy) Shevlin (50) ar an nath iomráiteach sin ‘Is féidir linn.’ Nó tá an fear bruscair ó Nua Eabhrac i ndiaidh scoláireacht Fulbright a bhaint le dul ag staidéar na Gaeilge in Éirinn an samhradh seo. Agus is é atá sásta faoi mar a chuir sé in iúl in agallamh leis an New York Daily News. D’éirigh Edward as an ollscoil roimh chríochnú an chúrsa ach in aois 30 bliain shaothraigh sé comhmhacasamhail céime agus chuaigh ag obair sna seirbhísí stáit. Tá 18 mbliain caite aige ag tiomáint leoraithe bruscair agus ag iompar bruscair ach i rith an ama lean sé lena hoideachas ar shlí neamhthraidisiúnta. Ar a chuid imeachtaí, reáchtáil sé teach tábhairne, ghlac sé páirt i gcomórtais rugbaí , chuaigh ag seinm san DSNY Emearld Society Pipe Band agus rinne a

Harley Davidson a thiomáint fud fad na Stát Aontaithe chun airgead a bhailiú do chumainn charthanachta. Is i ndiaidh dó Gearóid Mc Adam a chloisteáil ag caint i nGaeilge i Nua Eabhrac a shocraigh Shevlin an Ghaeilge a fhoghlaim. Ar seisean, ‘Mheabhraigh mé go dtiocfadh liomsa an teanga a fhoghlaim agus ó tharla go mbeidh mise ar an aon fhear bruscair le Gaeilge nach ligfear i dearmad mé!’ As Corcaigh dá mháthair agus de shliocht Alban a athair agus tá corradh is dosaen cuairt tugtha aige ar Éirinn. In 2009 d’fhreastal sé ar chúrsa samhraidh in Ollscoil na Gaillimhe. Ar fhilleadh dó, thosaigh sé ar chúrsa an Léann Éireannaigh i gColáiste Lehman i mBostún. Dar leis gurb é Thomas Ihde, cathaoirleach ar Scoil na dTeangacha i gColáiste Lehman, a chuir ar bhealach na Gaeilge i gceart é. I rith an ama tá sé tosaithe ar chéim

Ó SAM gO GAILLIMH: Shevy ar an Cheathrú Rua san Empire State College agus rún aige Teangacha agus Stair a theagasc nuair a éireoidh sé as an Roinn Sanitation. Tá an Fulbright Commission for Summer Language Study chun íoc as a chuid táillí

don dianchúrsa Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe an samhradh seo. Beidh sé ag freastal ar ranganna uair a chloig sa lá, sé lá sa tseachtain. Agus beidh sé ag stopadh le teaghlach de chainteoirí dúchais, clann Seoighe. Is léir a dhúil sa teanga óna chuid tatúnna ‘Saoirse’ agus an Bradán Feasa. Agus is léir dó féin an tógáil chroí a fuair a chlann is a chairde ón scéal go bhfuil sé ag dul a bheith ina mhac léinn Fulbright. Bhí a mháthair is a athair meallta nuair nár lean sé don ollscoil ach tá siad iontach sásta faoin treo a bhfuil sé ag dul anois. Arsa Tom Doyle, Uachtarán ar an DSNY Emerald Society, ‘Táimid thar a bheith sásta. Seo fear a bhfuil croí mór maith aige agus a dhéanann obair go dúthrachtach ar son oiread sin daoine eile. Is maith an rud go bhfuil sé ag dul go tréan don chultúr agus don Ghaeilge anois. Go n-éirí an bóthar leis!’


www.nuacht24.com

3

An Ghréig inniu, Éire amárach Máire Ní Dhuinn

glór na mbán: Mná as an Bhoisnia ar caileadh mac nó fear céile leo sa sléacht a tharla in Srebrenica in 1995 agus iad ag ullmhú fianaise a chuirfear i láthair na cúirte sa Háig atá ag éisteacht le cás Ratko Mladic, a bhfuil cinedhíothú curtha ina leith mar gheall ar an ár. Dhliútaigh Mladic pléadáil ciontach ná neamhchiontach san chéad éisteacht den chás Dé hAoine. Beidh an chéad éisteacht eile ar siúl ar 4 Iúil.

An Ghreig inniu, Éire amárach. Teachtaireacht a bhí soiléir Déardaoin, ní amháin sa dóigh ar chaith an tAontas Eorpach / IMF leis an Ghreig ach sa teachtaireacht a chuir Jean Claude Trichet chuig rialtas na hÉireann. Dar le ceannasaí an Bhainc Cheannais Eorpaigh go mbeidh Frankfurt ag glacadh ceannais ar chúrsaí baincéireachta i dtír ar bith a fhaigheann an dara hiasacht ón AE/IMF. Agus is maith a thuigeann an tAire Mícheál Ó Nuanáin, thuas ar dheis, sin. Cé nach bhfuil aon rud ráite go poiblí ag Micheál Ó Nuanáin tá an tAire ag iarraidh a smachtú aon chaint ó Airí rialtais faoin dara hiasacht a lorg ón AE/ IMF, go háirithe i bhfianaise an mhíshuaimhnis a chruthaigh caint Leo Varadkar an lá faoi dheireadh. Déardaoin tugadh le fios go bhfuil an IMF/AE chun iasacht €12 billiún breise a cheadú don Ghreig ar acht go gcuirtear i gcrích ciorruithe ar scála agus de shaghas nár luadh go dtí seo.

Leagadh síos critéir thar a bheith dian don Ghreig agus beidh an IMF/AE ag cinntiú de go ndéantar gach ceann acu sin a chur i gcrích. Tá páirtí an PhríomhAire, George Papandreou, ag diúltú tacú leis agus é ag bagairt na gciorruithe atá á n-éileamh ag an IMF/AE a chur i gcrích. Is maith a thuigeann an tAire Airgeadais Micheál Ó Nuanáin go bhfuil cás na hÉireann chomh deacair anois is a bhí riamh. An tseachtain seo léiríodh go bhfuil an tógáil ó cháin ar chúl na spriocanna a leagadh síos don chéad sé mhí den bhliain - €70m gann – agus go bhfuil an stát €10 mbilliún sa dearg, go mór mór mar gheall ar airgeadú breise do Anglo-Irish agus Banc Irish Nationwide i mí Mhárta.

Éireannaigh sa chabhlach le léigear Gaza a bhriseadh Máire Ní Dhuinn Tuigtear go mbeidh long Éireannach orthu sin a bheidh ag triall ar Gaza sa tríú seachtain de mhí an Mheithimh agus iad ag cur i gcoinne léigear Iosrael ar Gaza. Beidh suas le 15 long is bád ag imeacht ó chuanta ar fud na hEorpa, Marseilles san áireamh. Tá bád Eilbhéiseach-Gearmánach ar an bhád is déanaí a bheith curtha san áireamh. Cé go bhfuil an Éigipt i ndiaidh maolú ar an bhac a bhí acu ar an teorainn le Gaza níl an Éigipt ag ligean ach do roinnt céadta duine teacht agus imeacht gach lá. Tá go leor Éireannach le bheith páirteach sa chabhlach a bheidh ag dul go Gaza agus tá ullmhúchán á déanamh leis na húdaráis anseo le go mbeadh siad ar an eolas faoina

dturas ar eagla go ndéanfaí ionsaí orthu nó go ngabhfaí iad. Thart faoin am seo anuraidh maraíodh naonúr, Meiriceánach de shliocht na Tuirce san áireamh, nuair a scaoil saighdiúirí Iosrael ar long a ghabh siad i bhfarraigí idirnáisiúnta. Tá Iosrael le roinnt míonna anuas i ndiaidh a bheith i dteagmháil le rialtas na hÉireann agus le rialtais eile san Eoraip ag iarraidh orthu a gcuid saoránach a stopadh de bheith páirteach sa chabhlach go Gaza. Dar leo go bhfuil bealaí eile chun earraí foirthinte a fháil a fhad le Gaza agus thug siad sceimhlitheoirí ar lucht foirthinte a bhí páirteach i gcabhlach na bliana seo caite. In ainneoin na cainte atá á déanamh go poiblí acu faoi chomhmhargáil a dhéanamh leis

COMHARTHA cogaidh: Tanc scriosta

an Talaban le teacht ar bhealach chun imeacht ón Afganastáin, dar le hoifigeach sinsearach in arm Mheiriceá nach é sin an bealach chun cinn.

Agus é ag caint leis an BBC le déanaí dúirt an t-oifigeach sinsearach go bhfuil an Talaban scoilte ar bhonn reigiúnda tríd an Afganastáin agus go fiú dá mbeadh

fonn ar cheannasaíocht an Talaban síocháin a aontú leis an Iarthar ní labhrann siad ach ar son scair beag den Talaban. Chuimhnigh sé lena chois nár mhaith le Comhghuaillaíocht an Tuaiscirt, an dream atá ag tacú leis an Iarthar ó d’ionraigh siad an Afganastáin, nár mhaith leo sin go n-imeodh an tIarthar nó go ndéanfaí síocháin leis an Talaban. Seachas a bheith ag iarraidh síocháin a bhaint amach trí dul i mbun cainte leis an Talaban deir sé go mba fhearr don Iarthar leanuint leo ag neartú fórsaí rialtas na hAfganastáine chun go mbeadh siad sin in ann an Talaban a shrianú. Cibé polasaí a leanann Meiriceá is léir nach mbeidh siadsan ná tíortha eile an iarthair ag imeacht ón Afganastáin go luath.


4 

www.nuacht24.com

gradaim chumarsáide an oireachtais

Caint agus craic ar oíche mhór na meán Gaeilge Eoghan Ó Néill Iriseoir na Bliana 2011 Gach bliain a shíl mé go raibh mé sa reicneáil do Ghradam Oireachtais, go ndearna mé réidh óráid bheag, go ndearna mé iarracht cuma neamhneirbhéiseach a chur orm féin agus mé ag fanacht le go gcloisfinn m’ainm, an ceol, an bualadh bos... níor tharla sé. Níl aon mhallacht is measa ar iarrthóir Ghradam Oireachtais ná muinín. Ná bíodh muinín agat. Dia idir tú agus muinín. Dá mhímhuiníní thú is amhlaidh is mó seans agat. Mar sin De hAoine seo caite agus Maura Derrane ó TV3 (ó TG4 trath den saol) ag cur in iúl don saol an mórthionchar a d’imir BanPhrionsa Diana na Breataine uirthi, agus an tAire Dinny McGinley ag caint faoi chomh iontach is a bheadh sé do na daoine sin a bhainfeadh i gcomórtas na Luibíní (an raibh sé ag léamh ón script ceart?) bhí mise ag rá liom féin nár mheancóg é gan óraid a bheith déanta reidh agam. Ní bheadh sé uaim. Bhí mé ar nós cuma liom nuair a thosaigh foireann

‘Anam agus Corp’ ar aitheasc bhreá agus iad ag gabháil buíochais le gach duine a bhí ceangailte riamh le rath na sraithe. Chuir Eimear Ní Chonaola tríd a chéile mé nuair a ghlac sise lena duais agus gan ach cúpla focal a rá. Is beag a thuig mé go mbeadh sí ag filleadh dhá uair eile agus í foclach go maith an t-am sin. Bhí Diarmuid de Faoite maith i mbun a chéirde agus mar is dual d’aisteoir iontach bhí sé tomhaiste ina chaint, rithim iontach lena fhocail. Pictiúirí á dtarraingt aige dúinn, meafair á gcur aige romhainn. Agus chríochnaigh sé le ‘Up the Banner County.’ Bhí mé ag éirí buartha. Ar theacht Rónán Mac Aodha Bhuí bhí na deoraí allais liom. Bhí Rónán corraithe. Bhí sé spreagúil. Bhí sé béal líofa. Dar leis nár aontaigh sé leis an chomhbhá seo a mhothaigh go leor Éireannach, más fíor, le Banríon Eilís na Breataine. A sciathán clé sínte san aer aige, i modh a chuimhneodh duit Black Panthers na 1960í , rinne

sé a Ghadram a thíolacadh le spiorad Saor Raidió Chonamara. Bhí an bualadh bos is mó den oíche dó. Déan sin a shárú! Agus rinne Eibhlín Ní Chonaola é a shárú. Ar mhná áille na hoíche sin ba í Eibhlín is áillí agus gúna aici le bróidnéireacht Cheilteach ar a thosach a bhí chomh tarraingteach léi féin. Bhí sí chomh corraithe sin is gur thug sí cuireadh don chuid eile d’fhoireann s’aici ó Raidió na Gaeltachta teacht ar stáitse léi agus bhí craic iontach ar fad ann. Faoin am a bhí Iriseoir na Bliana le fógairt bhí mé ag guí Dé go mbainfeadh Orla Bradshaw, Treasa Bhreathnach, Conall Ó Móráin nó Roibéard Mac Maoileoin. Duine ar bith seachas mé féin. Ach ní mar a shíltear a bítear. Bhí mé i mo shuí, gan cóta agam orm féin, ag tógáil grianghrafanna agus ag déanamh reidh chun glacadh le comhbhrón fhoireann Ghaelscéal nuair a d’fhógair Maura Derrane gur Eoghan Ó Néill a bhain gradam Iriseoir na Bliana 2011. Buíochas do Dhia gur

thóg sé fiche soicind orm an cóta a chur orm féin, fiche soicind eile chun an Gradam a ghlacadh, fiche soicind eile chun go dtógfaí grianghrafanna oifigiúla. Agus ansin gan choinne agus gan dréim leis scaoil mé amach mo chúpla abairt. Luaigh mé go raibh an t-ádh orm riamh a bheith ceangailte le fiontair iontacha ar nós Ghaelscéal is Lá is Nuacht24. Go raibh mé go mór faoi chomaoin Ghearóid Uí Chairealláin nó níorbh fhéidir oiread is ceann amháin de na fiontair sin teacht ar an saol gan é. Gur mhór liom Gradam a fháil ón Oireachtas nó os mo chomhair amach chonaic me leithéidí Sheáin is Bhlathnáid Ó Bradaigh, Pádraig is Mairéad Mac Donncha agus oiread sin eile de na fíréin a chuir

bonn faoin teanga agus faoin athbheochan. Agus d’fhág mé aige sin é. Bhí fonn orm níos mó a rá ach mar a dúirt fiche iriseoir liom feadh mo shaoil, ‘ná labhair mura bhfuil barúil agat cad atá tú chun a rá!’ Rinne Micheál Ó Muircheartaigh cúiteamh dom ar ball beag le hóráid a mhair 10 mbomaite. Ach óráid arbh fhiú éisteacht uaire leis. Bhí sé ar fheabhas. É ag guí go dtiocfadh an lá nuair a bheadh sé 100 bliain d’aois agus in ann tráchtaireacht a dhéanamh ar chluiche ceannais! Bhí maistireacht ag Alan Titley ar an chaint díreach chomh maith is a bhíonn aige ar an scríobh agus dar leis nach raibh ina ghlacadh le corn oíche Aoine ach

réamhchleachtadh faoi choinne Chorcaí ar ball! Thagair sé go sonrach don tsaoirse a thugann an Irish Times dó tuairimí a nochtadh nach mbíonn ag teacht le tuairimí go leor dá gcolúnaithe eile agus ghabh buíochas lena bhean agus lena chlann as a gcuidiú buan. Agus ar a imeacht d’fhill Eimear Ní Conaola chun glacadh le Gradam Gala as Gael Réalt na Bliana agus arís eile chun glacadh le Gradam Speisialta as an jab iontach a rinne sí de chlár dhíospóireacht na gceannairí polaitiúla am toghcháin. Faoi mar a rinne sí leis na polaiteoirí d’aimsigh sí focail bhreise as áit éigin gan í féin a thuirsiú ná muidne. Críoch dheas ar oíche dheas i measc na nGael.


www.nuacht24.com

5

Óstán meyrick, gaillimh, 27.05.11

deiseal ÓN CHLÉ: Mícheál Ó Muircheartaigh agus a Ghradam Saoil san aer aige; Darach Mac Con Iomaire a scríobh Corp agus Anam, Sraith Teilifíse na Bliana; Orla Bradshaw, Foinse, agus Meadhbh Ní Eadhra, Gaelscéal; agus bhí a theanga á gobadh amach ag Rónán ‘Beo@3’ Mac Aodha Bhuí agus é ag glacadh leis an duais don Chlár Raidió is Fearr.

Dul chun cinn na meán agus na nGradam Cumarsáide Tomaí Ó Conghaile Deirtear fúinn mar Ghaeil go bhfuil muid in ann cóisir mhaith a reáchtáil agus b’amhlaidh a thit amach in Óstán Meyrick ar an Fhaiche Mhór i nGaillimh, Dé hAoine seo caite, nuair a bhailigh pobal na meán Gaeilge le chéile le haghaidh Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2011. Is annamh a bhíonn

deis acu sin a oibríonn ar thograí raidió agus teilifíse Gaeilge, ar shuíomhanna idirlín, ar fhoilseacháin agus eile theacht le chéile mar sin is ócáid ar leith é bronnadh na nGradam, ní amháin chun ceiliúradh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach go dtí seo ach chun plé a dhéanamh ar na féidearthachtaí amach romhainn. Agus mar gheall air sin amháin b’fhiú go mór ardáin

eile a chur ar fáil do dhaoine ó gach earnáil sna meáin Ghaeilge bualadh le chéile níos minice le linn na bliana. De réir mar atá feabhas agus méadú ag teacht ar na meáin féin, tá na Gradaim Chumarsáide ag méadú leo i gcónaí chomh maith. Tá próifíl níos airde ag an oíche anois agus feictear aghaidheanna aitheanta na hearnála ann mar aon leis na foirne ar fad a choinníonn na cláir teilifíse

agus raidió ar an aer agus na suíomhanna, nuachtáin agus irisí á bhfoilsiú. Mar chuid den fhorbairt leanúnach seo is dócha gur chóir smaoineamh ar ghradam nó dhó sa bhreis a thabhairt isteach sa chomórtas sna blianta atá le teacht. Tá rannóga ann don tsraith teilifíse agus don chlár raidió is fearr, cad é faoi ghradam le haghaidh an fhoilseacháin is fearr

chun spreagadh breise a thabhairt d’fhoirne na nuachtán agus n-irisí uile? Is iad iriseoirí agus láithreoirí óga an lae inniu a bheas ag croí thodhchaí na meán Gaeilge amach anseo mar sin seans gur cheart dúinn an ghlúin óg a spreagadh chomh maith le gradaim dírithe orthu sin, díreach mar a bhíonn i gComórtais Liteartha an Oireachtais. D’fhéadfaí cúpla ceann

eile a chaitheamh isteach ach amharc ar réimse na meán Gaeilge ar fad. Idir an dá linn, tá comhghairdeas mór tuillte ag gach buaiteoir i mbliana. Ní amháin go gcuireann a saothar ardchaighdeáin le seasmhacht agus meanma na meán Gaeilge ach le seasmhacht, feiceálacht agus beocht phobal na teanga trí chéile. Agus ní beag an méid é sin.


6 

www.nuacht24.com

gradaim chumarsáide an oireachtais

GRADAM BUAITE: Colúnaí na Bliana, Alan Titley, ar an ardán leis an Aire Dinny McGinley.

Ag bro Dónall Mac Giolla Chóill Agus Gradaim Chumarsáide an Oireachtais fógartha, ní mór dom tréaslú le mo sheanchara (cód i saol na hiriseoireachta do namhaid glan), Alan Titley, as Colúnaí na Bliana a bhuachan arís. An uair dheireanach a bhuail mé le hAlan, bhí an bheirt again in Óstán Harvey’s Point i mBaile Dhún na nGall, oíche Aoine, 28 Márta 2008. Bhí an bua aige an bhliain sin fosta agus mise, don tríú huair as a chéile, mar also-ran. Anois, níl mé searbh, agus cuirfidh mé an dlí ar dhuine ar bith a chuirfeadh searbhas i mo leith. Níl mé tógtha faoi ghradaim; is cuma liom ann nó as dóibh; níl


www.nuacht24.com

7

Óstán meyrick, gaillimh, 27.05.11

deiseal ÓN CHLÉ: Eimear Ní Chonaola, ar éirigh léi trí ghradam a bhaint ar an oíche; Peigí Ní Thuathail agus Marion Ní Shúilleabháin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta; Foireann Gaelscéal, Ciarán Dunbar, Treasa Bhreathnach agus Meadhbh Ní Eadhra mar aon le Tomaí Ó Conghaile, Nuacht24 agus nós*, ag baint suilt as an ócáid; An t-aisteoir Diarmuid de Faoite ag glacadh lena dhuais; Liam Ó Maolaodha, Oireachtas na Gaeilge agus Gary Desmond, Gala, ag bronnadh a ghradaim ar Eoghan Ó Néill; agus Pearsa Raidió na Bliana, Eibhlín Ní Chonghaile, ag cur fáilte roimh an fhoireann ar fad theacht aníos ar an ardán.

onnadh gradaim ar na Gradaim tábhacht ag baint leo ag deireadh an lae. An aitheantas ar fheabhas saothair gradam? Tá go leor amuigh ansin ag saothrú leo, lá i ndiaidh lae, agus gan oiread is buíochas á fháil acu ar son a gcuid oibre. (An mothaíonn tú an searbhas go fóill, a léitheoir dhil? Tá an colún seo faoi láthair i maos ann agus i mbaol a bháite dá bharr.) Cinnte, tá sé deas aitheantas a fháil, mar a admhóidh aon ghníomhaí pobail nó aon pholaiteoir nuair a thoghann a mhuintir é, ach sin an pointe: tá an rogha ag an phobal mór amuigh ansin. Tá na milliúin punt á gcaitheamh in aghaidh na mbliana, ar chomórtais tallann cheoil agus uile agus daoine ag glaoch isteach

le vóta a chaitheamh ar son an ghrúpa is ansa leo, ar nós Jedward. Tá comórtas na hEoraifíse féin truaillithe anois mar gheall ar an nós seo ag tíortha vótáil ar bhonn na tíreolaíochta agus na comhstaire, seachas ar bhonn fheabhas na n-amhrán. Ach ar ais liom chuig gradaim ar leithmar atá, cuid an Oireachtais. Is cinnte go bhfuil múnla ar leith leagtha síos ag na comórtais eile fhadbhunaithe, is iad sin na cinn ardáin, ná comórtais seannóis. Tá siad sin curtha i láthair ar dhóigh ar leith, agus próiseas athbhreithnithe piaraí (peer review process) i bhfeidhm. Leis an phróiseas sin, bíonn iomaíocht ann agus diaidh ar ndiaidh, tríd an chomórtas seo,

éiríonn an t-uachtar go dtí an barr agus aithnítear an chuid is fearr den chuid is fearr ina rannóg féin. Tá próiseas ansin atá trédhearcach go leor, tá saothar i gceist. Anois, níl a fhios agam an fíor sin i gcás na nGradam Cumarsáide. Na trí bliana inar ainmníodh mé, 2006, 2007 agus 2007, is ar bhonn ainmniúcháin agus ansin gearrliosta a rinneadh an cinneadh. Bhí vóta ag gach eagraíocht a aithníodh mar eagraíocht chumarsáide, i gcás s’againne, Lá Nua, agus ansin vóta amháin le caitheamh i ngach rannóg, raidió, teilifís, stáitse, na meáin chlóite agus mar sin de. Daonlathach go leor, dar leat, ach braitheann sé sin ar dháileadh na vótaí i measc grúpa teoranta

daoine, cuid acu in iomaíocht le chéile, cuid acu ag obair as lámh a chéile, cuid acu ag vótáil ar bhonn logánta, paróisteach, in uaireanta, à la Eurovision. Sna blianta sin, ní raibh aon chomórtas ann go fios dom, níor ghá do shaothar a chur roimh phainéal athbhreithnithe, bhraith sé go huile agus go hiomlán ar cé acu a d’éist / a d’amharc daoine ar do chlár raidió/teilifíse, ar do dhráma nó a léigh siad do chuid stuif. Anois, bealach eile a bheadh ann a thabharfadh ‘gradam’ do na gradaim dá mbeadh painéal ann a bheadh i mbun gearrliostú agus ansin dá mbeadh bord leathan daoine ar fud na tíre agus ar fud na cruinne a bheadh cláraithe le vóta a chaitheamh. Níl mé ag rá gur chóir dó

bheith cosúil leis na hOscars (cé gur minic iad curtha i gcomparáid lena chéile) nó na comórtais idirnáisiúnta litríochta, ach bheadh bealach eile ann leis an chinneadh a dhéanamh. Mar fhocal scoir, nuair a dúradh liom an chéad uair riamh go raibh mé ainmnithe agus ar an ghearrliosta do Cholúnaí na Bliana, rith an smaoineamh céanna liom is a rith le Yeats sa bhliain 1923 nuair a chuir Bertie Smiley in iúl dó go raibh an Duais Liteartha Nobel bainte aige. Agus Smiley ag bolmántacht leis faoi seo agus é ag rá “..To the glory of Ireland has been added poetic luster and…”, arsa Yeates leis,“Pull yourself together, Smiley. How much is it worth?”


8 

www.nuacht24.com

Ré nua i ndán don Chult Gráinne Nic Fhearraigh Beidh sé ar na dualgais dheireanacha aici mar Uachtarán. Ar 19 Meán Fómhair, fillfidh Máire Mhic Ghiolla Íosa ar Bhéal Feirste chun an Chultúrlann athchóirithe a oscailt. ‘An Chultúrlann Nua’ a thiocfadh leat a thabhairt uirthi, is dócha, nó faoin am sin, beidh athfhorbairt ar luach €1.9 milliún déanta ar an fhoirgneamh agus é athraithe as cuimse ón áras a osclaíodh cothrom an ama seo 20 bliain ó shin. Tá féile cheart beartaithe don athoscailt. Cuirfear taispeántas ar siúl de shaothar Gerald Dillon – i nDánlann Gerald Dillon. Mar aon le 15 píosa ealaíne bunaidh a fuarthas ar iasacht ó bhailitheoirí, beidh roinnt cóipeanna ardchaighdeáin ann agus léargas iontach ar shaol

an ealaíontóra a rugadh leathmhíle ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich. Beidh dhá dhánlann sa Chultúrlann nuachóirithe, ceann do shaothair áitiúla agus ceann eile do thaispeántais ardphróifíle. Agus mé ar cuairt san fhoirgneamh, an lá faoi dheireadh, dhiúltaigh mé don chuireadh ó na hoibrithe mé a chur suas ar an ardaitheoir go barr an chrainn tógála le breathnú síos ar an chathair. Ní ligfeadh an meadhrán s’agamsa dom aon sult a bhaint as a leithéid. Ach bhí siúlóid tríd an áit chomh léargasach is a bheadh radharc ón nead san aer. Bhí mé istigh i gcreatlach na dánlainne nua. Is iontach an spás atá anois ann agus balla gloine aige le Sráid Nansen a lonraíonn an seomra le neart solais nádúrtha. Chuirfeadh sé gliondar

“Ar an chéad urlár nua-choirithe beidh scaileáin mhóra ann agus áiseanna idirghníomhacha a ligeann do dhuine méar a chur ar an scaileán agus eolas a fháil i bhfoirm dhigiteach faoin Ghaeilge.”

croí ar Gerald Dillon dá mbeadh sé ina bheatha. Ach beidh nia leis ann don oscailt agus beidh go leor d’andúiligh Dillon ann lena chois. Tá 80,000 duine ar a laghad ag tabhairt cuairte ar an Chultúrlann gach uile bhliain agus rachaidh a líon sin in airde go mór anois go mbeidh áiseanna ar leith dírithe ar thurasóirí ann. Ar an chéad urlár nuachóirithe, beidh scáileáin mhóra ann agus áiseanna idirghníomhacha a ligfidh do dhuine méar a chur ar an scáileán agus eolas a fháil, i bhfoirm dhigiteach, faoin Ghaeilge, faoi stair na Gaeilge, mar aon le cúpla bunabairt a chloisteáil agus a fhoghlaim. Beidh roinnt de na scáileáin seo dírithe ar an turasóir / chuairteoir atá ag lorg eolais agus roinnt eile dírithe ar an Ghael atá eolach ach atá ag iarraidh tuilleadh eolais faoin


www.nuacht24.com

9

An teanga á tachtadh ag ganntanas foclóirí Dónall Mac Murchaidh

túrlann Ghaeilge i mBéal Feirste. Beidh scáileáin eile dírithe ar pháistí scoile. ‘Is iontach na háiseanna ilghníomhacha seo bheith againn,’ arsa Frainc Mac Cionnaith, eagraí imeachtaí na Cultúrlainne. ‘Tá an líon cuairteoirí ag méadú as cuimse i rith an ama agus go dtí seo, monuar, ní raibh oiread áiseanna is go dtiocfadh linn taithí chuimsitheach a sholáthar dóibh. Anois, sa taispeántas léiriúcháin seo, gheobhaidh siad cur síos taitneamhach cuimsitheach ar an Ghaeilge i mBéal Feirste. Beidh faill acu abairtí áirithe a fhoghlaim agus, ar ndóigh, na habairtí sin a chleachtadh sa chaifélann agus sa siopa leabhar thíos staighre. ‘Beidh sé de rogha acu dul chuig dráma san amharclann anseo nó chuig ceilí, nó chuig seisiún ceoil. ‘Taithí iomlán atá

á tairiscint anois ag an Chultúrlann agus is iontach an dul chun tosaigh é.’ Ach mar aon le bheith ina háit siamsa, is saotharlann í an Chultúrlann chomh maith. Nuair a bheidh an t-athchóiriú déanta, beidh ar a laghad sé sheomra nua ar bharr an tí, cruth iontach orthu, agus iad ar fáil do ghnónna beaga Gaelacha. Rith sé liom focal a chur ar cheann, ach ní go fóill beag. Caithfidh mé gnó a bhunú ar dtús. Ar gach bealach, tá an tseaneaglais Phreispitéireach ar Bhóthar na bhFál a bhí cuidsúlach riamh anall, níos tarraingtí anois ná riamh roimhe. Comhartha d’athbheochan agus d’athnuachan Bhéal Feirste na n-iarThríoblóidí. Agus siombail d’athnuachan phobal na Gaeilge i bpríomhchathair na hathbheochana.

Is iad na hOllscoileanna an eochar le fadhb Focloirí na Gaeilge a réiteach Rud bunúsach a mbeifeá ag súil leis i dteanga ar bith nuaaimseartha ná go mbeadh foclóir maith ar fáil a chuireann síos ar an chiall agus an bhrí atá leis na focail éagsúla sa teanga sin. Foclóirí maithe iad Foclóir De Bhaldraithe agus Foclóir Uí Dhónaill ach is foclóirí iad atá dírithe ar fhoghlaimeoirí agus aistritheoirí agus níl uasdátú déanta ar cheachtar den dá fhoclóir ó tháinig siad amach in 1959 agus 1977 faoi seach. Ar líne, tá a leithéidí www.focal.ie ag cur seirbhís mhaith ar fáil ach is ar shainfocail amháin atá sé seo dírithe agus is minic bearnaí móra ann ó thaobh an réimse foclóireachta agus réimsí éagsúla cainte de. Is státseibhísigh atá taobh thiar de agus tá meon 9 go dtí a cúig na státseirbhíse le sonrú go mór ann. Téarmaí rialtais agus dlí formhór na dtéarmaí ar focal.ie, mar shampla, de réir dealraimh ní dhéantar é a uasdatú ar bhun rialta. Más dúil dúinn athbheochan na Gaeilge a chur i gcrích in Éirinn ní mór dúinn foclóir cuimsitheach Gaeilge-Gaeilge bheith againn a chothóidh bunsmaointeoireacht sa Ghaeilge gan an gá bheith ann iompú ar an Bhéarla nuair nach dtuigeann tú focal. Tá céimeanna tógtha sa treo seo cheana féin ar líne i bhfoirm An Foclóir Beag – áis iontach a nach n-úsáidtear a leath chomh minic agus ba chóir ag scríbhneoirí agus mic léinn na Gaeilge. Is foclóir

Gaeilge-Gaeilge é a chuir an Roinn Ríomhaireachta in Ollscoil Luimnigh ar fáil ar líne a bhfuil foirmeacha éagsúla na mbriathra, na n-ainmfhocal agus na n-aidiachtaí le fáil ann ní foclóir cuimsitheach é. I Sasana agus go deimhin i Meiriceá thuaidh is ar na hollscoileanna a thiteann an dualgas foclóirí a chur ar fáil. Tá an Oxford English Dictionary a chuireann an Oxford University Press ar na foclóirí Béarla is cuimsithí ar domhan. Ach cad chuige nach bhfuil a leithéid de rud ann agus Foclóir Gaeilge Ollscoil na hÉireann Gaillimh ar fáil nó Foclóir Gaeilge Ollscoil

na Banríona? Is sna hollscoileanna a bhfuil an saineolas, na hachmhainní leabhar agus taighde, an fhoireann, agus modhanna ar eolas acu chun tabhairt faoin chineál seo oibre agus foclóir cuimsitheach Gaeilge-Gaeilge atá dírithe ar an Ghaeilge chomhaimseartha a chur ar fáil. Dar ndóigh bheadh na hollscoileanna agus na hinstitiúidí éagsúla ag argóint gur sin an rud atá ar bun acu cheana féin. Tá an Dr. Pádraig Ó Mianáin i gcomhar le hOllscoil Uladh agus Foras na Gaeilge ag obair ar comharba Fhoclóir De

Bhaldraithe faoi láthair agus táthar ag dúil go mbeadh seo foilsithe ar an bhliain atá ag teacht. Cuireadh tús le Foclóir Stairiúil na Gaeilge sa bhliain 1980 de réir dealraimh ní bheidh sé réidh go dtí an bhliain 2037. An féidir linn fanacht an fad seo le go mbeadh foclóir ceart Gaeilge-Gaeilge ann? Dar liom nach féidir, a thábhachtaí agus atá sé Foclóir Stairiúil na Gaeilge agus Foclóir Béarla-Gaeilge bheith ann is tábhachtaí fós go mbeadh muid ábalta cur síos ar theanga s’againn i dteanga s’againn féin mar a labhraítear inniu í.


10 

www.nuacht24.com

fógraí

nuacht24 físeáin • scéalta • plé • gach lá • www.nuacht24.com


www.nuacht24.com

11

Comórtas Peile na Gaeilge, ’sea. Comórtas an Chailín Ghaelaigh, ní hea.

Tomaí Ó Conghaile An mhí seo caite ar an nuachtán seachtainiúil Gaelscéal foilsíodh torthaí Cheist na Seachtaine a bhain leis an dearcadh atá ag daoine ar Chomórtas an Chailín Ghaelaigh. Mar is eol do mhórchuid phobal na Gaeilge bíonn an comórtas seo á reáchtáil gach bliain mar pháirt de Chomórtas Peile na Gaeltachta agus tá sé aitheanta anois mar dhlúthchuid den mhórchomórtas féin. Is é a tharlaíonn ann ná go roghnaítear cailíní áirithe le hionadaíocht a dhéanamh ar son a gcumainn agus go dtéann siad in iomaíocht le chéile thar dheireadh seachtaine an Chomórtais Peile, gach duine acu ag iarraidh a léiriú gur iad is fearr ó thaobh úsáid na Gaeilge nó cur chun cinn an chultúir Ghaelaigh de.

Agus ar ndóigh ní mór do na cailíní bheith gléasta go deas fosta nuair a chuirtear ar an ardán iad os comhair an phobail ar oíche dheiridh an chomórtais. Ba é an rud ar chuir mé suntas ann faoi thorthaí shuirbhé na seachtaine seo caite ná go raibh tromlach na ndaoine a léirigh a ndearcadh den tuairim gur cheart deireadh a chur le Comórtas an Chailín Ghaelaigh nó é a athrú ón bhun aníos. Agus aontaím leo. Anois déarfaidh daoine nach bhfuil ann ach píosa spraoi agus nach bhfuil aon duine ag cur brú ar na cailíní páirt a ghlacadh ann, agus is fíor dóibh. Go deimhin is cara de mo chuid í an Cailín Gaelach reatha agus tá a fhios agam go maith an bród a bhain leis an bhua agus an sult mór a baineadh as an teideal a thabhairt ar ais go Ceathrú Ghaeltachta

Bhéal Feirste don dara bliain as a chéile. Agus an mhí seo caite d’eagraigh cumann peile Gaeilge Bhaile Átha Cliath, Na Gaeil Óga, ócáid speisialta le cailín na hardchathrach a roghnú le haghaidh chomórtas na bliana seo i gCloch Cheann Fhaola, ócáid a mheall slua mór isteach chuig Club an Chonartha ar Shráid Fhearchair. Ach cé go bhfuil craic áirithe i gceist leis, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil coincheap an chomórtais ceart. Baineann Comórtas Peile na Gaeltachta le cuid de na luachanna is fearr atá againn mar phobal. Tá cultúr ann, tá cuideachta ann, tá iomaíocht shláintiúil agus spiorad foirne ann. Muintir na nGaeltachtaí agus na Gaeilge ag teacht le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar cé muid féin agus chun pobal níos neartmhaire a thógáil do na

glúinte amach romhainn. Baineann Comórtas an Chailín Ghaelaigh áfach le meon seanaimseartha nach gcothaíonn cothromas sa saol, nach dtugann a n-áit cheart do mhná sa tsochaí agus nach gcuireann na luachanna is fearr atá againn mar phobal chun cinn. Ar bhealach, is leagan eile é de na comórtas áilleachta sin a dhéanann a bheag den ról atá ag mná i sochaí an lae inniu agus a chuireann ar stáitse iad mar mhaisiúcháin seachas mar dhaoine atá in ann cur leis an saol thart orthu ar bhealach fiúntach bríoch. Sa lá atá inniu ann, agus iarrachtaí á ndéanamh le tír níos forásaí, níos ionadaí agus níos cothroime a chruthú, nach bhfuil bealach níos fearr ann chun ceiliúradh a dhéanamh ar phlúr agus ar thallann na nGael, bíodh siad ina gcailíní, buachaillí nó

pinsinéirí? Ní dócha go bhfeicfidh muid, mar a mhol roinnt acu sin a d’fhreagair an suirbhé, Comórtas an Bhuachalla Ghaelaigh aon am go luath – cé gur cinnte go bhfuil siad ann a ghlacfadh páirt fhonnmhar ann! – ach níl aon amhras ann go bhfuil roghanna eile ar fáil dúinn, roghanna a bheadh lán chomh spraoiúil, agus go bhfuil deis againn mar Ghaeil dea-shampla a thabhairt faoin chineál sochaí ba mhaith linn a bhaint amach ar an oileán seo. Ina dhiaidh sin uile, gné den chomórtas atá dearfach agus atá le moladh ná go mbíonn scoth na Gaeilge ag na Cailíní Gaelacha agus iad breá sásta í a labhairt i rith an ama, rud nach féidir a rá faoi gach foireann ná imreoir a théann chun páirce le linn an chomórtais. Tuigeann muid go mbaineann sé sin

le teorainneacha na nGaeltachtaí oifigiúla agus go mbíonn foirne as ceantair ina bhfuil an Ghaeilge an-lag go fóill ag glacadh páirte, ach is dócha go mbeidh níos mó airde ag daoine ar an cheist seo amach anseo go háirithe le foirne lánGhaeilge as taobh amuigh den Ghaeltacht anois ag imirt sa chomórtas. Príomhroinn agus an duais is mó do na foirne Gaeilge agus ísliú do na foirne nach ndéanann iarracht an teanga a úsáid, aon duine? Is ceist í sin do lá eile… Idir an dá linn, bainígí taitneamh as Comórtas Peile na bliana seo agus cuirimis an bhéim is mó ar na buachaillí agus na cailíní Gaelacha sin atá ag déanamh ionadaíochta ar son a gclubanna ar pháirc na himeartha. Foilsíodh leagan den alt seo cheana ar Gaelscéal.


12 

www.nuacht24.com

Na Gaeil Óga: Foireann nua Ghaelach na príomhchathrach

Craic na Cincíse chugainn! Eoghan Ó Néill Iriseoir na Bliana 2011 Fir na hÉireann amháin a chaoinfidh uisce a gcinn ar léamh dóibh tuar na haimsire. Beidh an ghrian ag scoilteadh na gcloch, an deireadh seachtaine seo, más fíor do Met Éireann, agus beidh na scórtha fear breá lúfar ag barcadh allais agus iad ag reáchtáil thart ar pháirc imeartha i gCloch Cheann Fhaola. Agus go leor ban breá lúfar fosta. Ná luaigh na míoltóga a mhúsclófar as a suan le teacht na gcos mór Gaelach seo agus a rachaidh ag baint díoltais as gach géag dá bhfeiceann siad. Deireadh seachtaine na Cincíse agus tráth Chomórtas Peile na Gaeltachta is ea é! Bíodh sé brothallach, meirbh, rósamhach nó cibé, beidh na sluaite ag triall ar Chloch Cheann Fhaola, idir iad siúd a bheidh ag imirt ar an pháirc agus iad sin a bheidh ag súgradh san ollphuball i ndiaidh dóibh breathnú ar chluichí. Den chéad uair, beidh foireann as Baile Átha Cliath, Na Gaeil Óga, páirteach sa chomórtas. Agus Móin Dearg, foireann

as Londain, mar aon le Laochra Loch Lao as Béal Feirste. Beidh na Laochra ag iarraidh tógáil ar thaispeántas na bliana seo caite, nuair a chaill siad cath eipiciúil i gcoinne na nDúnaibh. Beidh aird go háirithe ar fhoirne áirithe, mar shampla, An Ghaeltacht, An Rinn, Cloch Cheann Fhaola agus Béal an Mhuirthead. Ach d’fhéadfadh foireann ar bith éacht a dhéanamh ar an lá agus ba leisce leis an scríbhneoir seo geall a chur ar aon fhoireann ar leith. Mar aon leis na fir, beidh na mná ag imirt agus beidh suim ar leith sa chluiche idir mná Laochra Loch Lao agus mná An Tearmainn. Tá cuid de thacaithe Laochra Loch Lao chomh díograiseach sin is go bhfuil siad chun rothaíocht a fhad le Leitir Ceanainn, oíche Aoine, agus ar aghaidh chuig an Fhál Carrach, Dé Sathairn! Beidh na cluichí agus na scéalta is úire ón imeacht á gcraoladh ar Raidió na Gaeltachta, Dé Sathairn @ 11.02rn, 1.30in, 6.15in; Dé Domhnaigh @ 1.30in, 6.00in; Dé Luain @ 1.30in. Ach ní peil amháin a bheidh i gceist ag na céadta a dhéanfaidh a mbealach a fhad le Dún na nGall.

deiseal: Imreoirí na Laochra i mbun aicsin; Gráinne Holland, an Cailín Gaelach reatha; agus an clár scór sa chéad bhabhta anuraidh.

Beidh ceol, damhsa agus blas de chultúr áitiúil Thír Chonaill le fáil mar aon le faill ag Gaeil chun aithne a chur ar a chéile díreach mar a tharlaíonn ag an Oireachtas. Agus ar ndóigh, beidh comórtas an Chailín Ghaelaigh ann. Ba as Béal Feirste buaiteoir an chomórtais le dhá bhliain anuas, mar a bhí, Roisé Nic Corraidh agus Gráinne Holland. An féidir go dtabharfaidh bean de chuid Aontroma an chraobh léi arís, don tríú bliain as a chéile? Gach seans go dtiocfadh cúpla euro a bhaint ón gheallghlacadóir ach an duine cliste 20 euro a chur ar bhua eile ag na Feirstigh nó is í spéirbhean Bhéal Feirste, duine de spéirmhná Raidió Fáilte, tráth, Caoimhe Ní Chathail, a bheidh ag iompar na brataí do Bhéal Feirste i mbliana. Agus cad faoi Thomaí Ó Conghaile, ó Nuacht24? Beidh sé ag coinneáil a chloiginn síos, déarfainn. Cén fháilte a chuirfidh mná Chomórtas an Chailín Ghaelaigh roimh Thomaí i ndiaidh dó moladh go gcuirfí deireadh lena mhacasamhail de chomórtas in aois seo na mban saor? Coinnigh cluas leis an nuacht raidió!


Nuacht24 - 03.06.11