__MAIN_TEXT__

Page 1

iris ghaeilge don nua-aois

meán fómhair 2013 | eag. 37

laochra Lurgan Agallamh le muintir an choláiste shamhaidh is clúití sa tír

tayto vs tayto is fada an lá odaisé ar abhainn

Réiteach ar cheist mhór na mbrioscán prátaí

Radharc ón taobh istigh leis an gceoltóir trad Shane Mc Aleer

Gael faoi lán seoil ar an Amasóin Mhór

€4/£3.50


2 n贸s

*

Ceol

f谩ilte


*

fáilte

gan eagla Tá séasúr amháin ag teacht chun deiridh agus séasúr breá nua ar tí tosnú. Bhí samhradh maith againn ó thaobh na haimsire de ar an iomlán - is cinnte go mbeidh muid ag caint faoin tréimhse gréine sin go ceann fada - ach bhí samhradh iontach amach is amach ag cuid againn chomh maith. Dream amháin a thiteann isteach sa rannóg sin ná foireann agus daltaí Choláiste Lurgan in Indreabhán, Conamara, a lean leo lena bhfíseáin spleodracha ceoil agus a mheall aird an domhain mhóir dá bharr. Tá agallamh cuimsitheach le muintir an choláiste chruthaithigh istigh. 'Gaeilge gan eagla' ceann de mhanaí Lurgan agus níl aon amhras go léiríonn siad cad is féidir a dhéanamh nuair a roghnaíonn na Gaeil misneach, dóchas agus samhlaíocht. Tréithe a bheas de dhíth orainn go géar sna blianta amach romhainn. Dream eile a thaispéanann mianach ar leith i gcónaí - agus a thugann uchtach dá bharr - ná ár stáisiún teilifíse féin. Agus duileoga an fhómhair á nochtadh féin ar na crainn, tá TG4 réidh don séasúr nua le sceideal úr tarraingteach do na míonna atá le teacht. Breis eolais faoi na cláracha istigh. Ar leathanaigh láir na míosa seo tiocfaidh tú ar na grianghraif bhuacha ó chomórtas Electric Picnic agus tá duaiseanna eile le baint ar leathanach 52. Tá go leor seachas sin ar ndóigh - ó agallamh cróga an fhidléara Shane Mc Aleer agus moltaí imeachtaí le Banríon na Siamsaíochta go ceist mhór an dá chineál Tayto atá againn sa tír seo agus faisean le Siún Ní Dhúinn - mar sin ar aghaidh libh, gan eagla.

tomaí ó conghaile

nós 3


4 nós

an iris nós

Gaeliris chultúir agus stílbheatha a chlúdaíonn suimeanna coitianta an tsaoil chomhaimseartha. Ar fáil i gcló gach mí agus ar www.nosmag.com i gcónaí, tá sé de sprioc ag NÓS beocht fhuinniúil a chur i sochaí na hÉireann trí léargas muiníneach Gaelach a thabhairt ar an saol thart orainn agus trí phobal na teanga a spreagadh chun spraoi, chun smaoinimh agus chun gnímh. Is iris neamhbhrabúsach í.

faigh cóip Tá NÓS ar díol in Eason's agus siopaí áirithe eile ar fud na hÉireann. Dá mba mhian leat do chóip a chinntiú gach mí agus cabhrú leis an iris ag an am céanna, is féidir síntiús bliana a ghlacadh amach. Tuilleadh eolais ar leathanach 62.

eagarthóir

leas-eagarthóir

Tomaí Ó Conghaile

Méabh Ní Thuathaláin

rannpháirtithe Órla Nic Ruairí, Ben Ó Faoláin, Maitiú Ó Coimín, Sinéad Ní Uallacháin, Caitlín Nic Íomhair, Micheál Mac an Bheatha, Hugh Corcoran, Caoimhín Ó Fearáin, Siún Ní Dhuinn, Otza, Mariusz Kluzniak

TEAGMHÁIL Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bothár na Bhfál, An Cheathrú Ghaeltachta Béal Feirste, BT12 6AH (048) 9060 8176 wwww.nosmag.com eolas@nosmag.com ISSN (Cló) 2053-0986 | ISSN (Ar Líne) ISSN 2053-0994

buíochas


nós 5

Istigh Ceol

saol

Shane McAleer 6 Coláiste Lurgan 10 Léirmheasanna 18 Ar na hAerthonnta 21 Ag Teacht Aníos 22 Ó Riada, Ath-shamhlaithe 26

Dumbster Diving 38 Tayto vs Tayto 42 Bon profit! 44 Séamas ar Seachrán 46

Scéalta Gringo - An Amasóin 50 Comórtas Boojum 52

scáileán Léirmheasanna 28 An Fómhar ar TG4 30

DEARADH Ealaíontóir - Matt Lowry Fuinneamh úr faisin

an lár Grianghraif Chomórtas EP

taisteal

54 58

32

SÍNTIÚS Glac síntiús linn

62


*

6 nós

Ceol

Ceol

Is fada an lá.

​Labhraíonn Méabh Ní Thuathaláin leis an fhidléir iomráiteach Shane Mc Aleer, fear de chuid na hÓmaí a d'eisigh a chéad albam aonair ar na mallaibh.

B

headh iomrá cluinte ag cuid mhaith daoine ar Shane McAleer ón tréimhse a chaith sé leis an bhanna ceoil Dervish sna 90í. Mc Aleer atá le cloisteáil ar na luath-eisiúintí ar nós 'Harmony Hill' agus 'Playing with Fire', a bhain go leor gradam. Ach muna mbíonn tú ag na seisiúin cheoil fá chathair Bhéal Feirste, áit a bhfuil sé ag cur faoi le seacht mbliana anuas, is beag seans gur chuala

tú trácht air – rud a thuigeann sé féin agus is é sin a spreag teideal an albaim, 'Long time no see'. “Bhuail mé an dá scór i mbliana agus is dócha gur spreag sé sin mé. Bhí mé ag amharc siar ar na blianta agus is fada ónár thaifead mé rud ar bith. Bhí Eamon i ndiaidh trealamh nua a fháil chomh maith agus bhí sé ag iarraidh é a thriail,” arsa Mc Aleer le miongháire. Giotáraí atá in Eamon McElholm,


...

*

Ceol

n贸s 7


*

8 nós

Ceol

“Tá an ceol agus an t-ól fite fuaite lena chéile. Aithním go mbíonn ceoltóirí ag brath ar an ól chun an tseinm féin a eascú.. cé nár chuala mé mórán cainte faoi i measc cheoltóirí traidisiúnta.” seanchara le Shane as an Ómaigh a sheinn in éineacht leis agus a chuir an t-albam le chéile. Seans nach mbeadh aon albam ann ar chor ar bith murach é agus an trealamh nua. Níl sé de nós ag Mc Aleer é féin a chur chun tosaigh. Tá sé ar a shuaimhneas san áit a bhfuil sé ina shaol, ó thaobh an cheoil de cibé, agus tá sé sin le cloisteáil sa cheol a sheinneann sé. Rinneamh an t-albam i dteach samhraidh McElholm in Anagaire, ceantar iarghúlta in iarthuaisceart Dhún na nGall. “Chodail muid ann, rinne muid cócaireacht ann, bhí sé chomh ciúin agus suaimhneach sin. “Chuirfinn cúpla tiúin síos agus ansin rachainn amach ag siúl nó bhaileoinn roinnt móna isteach agus rachfadh Eamon siar ar na cordaí agus lean sé ar aghaidh mar sin,” arsa seisean. Tá Mc Aleer agus Eamon ag seinm le chéile ó bhí siad ar an bhunscoil.

Nuair a bhí siad ag tarraingt ar na déaga chuir siad banna ceoil le chéile darbh ainm 'Anam' a bhí dírithe ar cheol de chuid na Horslips. “Scar muid faraor mar go raibh beirt eile ag iarraidh leagan den 'Walk of Life' leis na Dire Straits a chur i láthair. “Ní thiocfadh liom dul chomh fada leis sin,” arsa Shane le gáire. Nuair a bhí Shane ag fás aníos, rinne a athair Micky Mc Aleer, fear mór damhsa seit, iarracht ceoltóirí áitiúla a chur in iúl dó. Bhíodh leithéidí Arty McGlynn agus Cathal Hayden ag seinm fán bhaile i ndiaidh dóibh bheith ar thuras ceoil agus ba ghnách leo teacht isteach chuig teach Mc Aleer fá choinne seisiúin nuair a dhruid an béar. “Chuaigh sé sin go mór i bhfeidhm orm - bheith ag éisteacht le scoth na gceoltóirí nuair nach raibh mé féin ach ag foghlaim.” Seachas corr gig lena dheartháir ar an Ómaigh, mhínigh Shane dom

gur spreagadh mór a bhí sna féiltí agus fleadhanna ceoil agus é ag fás aníos, mar gheall ar an chraic a bhain leo. “Ní raibh spéis agam ariamh sna comórtais, ghlac mé páirt iontu. Bhí sé de nós agam an tiúin a athrú díreach sula siúlfainn isteach ar an chomórtas mar gur thaitin tiúin amháin níos mó ná an tiúin eile liom,” arsa seisean. Dervish Cibé nós a bhí aige sna comórtais, d'oibrigh sé mar gur bhuaigh Mc Aleer an chéad áit sa chomórtas fidle 15 -18 ag Fleadh Cheoil na hÉireann i Sligeach sa bhliain 1991, agus é 17 bliain d'aois. An tráthnóna sin bhí sé ag seinm i seisiún ceoil le scaifte ón ghrúpa Dervish. Seachtain ina dhiaidh sin, iarradh air roinnt gigeanna a dhéanamh sa Danmhairg le Dervish agus lean sé leo ag seinm, ag giggeáil agus ag ól. “Bhí sé iontach cuairt a thabhairt


*

Ceol ar áiteanna éagsúla fán Eoraip. Nuair a bhí rudaí ag dul go maith bhí siad an-mhaith. Sna féilte agus sna pubaill mhóra a sheinn muid iontu, bhí daoine ansin ar chúis amháin, le sult a bhaint as an ghig agus le bheith ag léimnigh thart, ” arsa seisean. “Bhí muid uilig mór le chéile sa ghrúpa ach bhí sé crua chomh maith, go háirithe nuair a bhí an oiread alcóil i gceist. “Dá mbeadh rud éigin ráite an oíche roimh ré nó rud éigin déanta agam bheinn go minic gan aon chuimhne air an lá dár gcionn. Rinne sé sin rudaí níos measa arís. Bhí sé dian go leor dul ar bord an bhuis le póit mhilteannach agus ocht n-uair a chaitheamh in éineacht leis an chuid eile den bhanna” a dúirt sé. Thit daoine amach ach tháinig siad le chéile arís, comhartha gur bhanna maith a bhí agus atá ann, dar leis. San am sin, bhí Mc Aleer ag saothrú turastail le Dervish agus ag taisteal leis an cheol ar feadh roinnt míonna sa bhliain.

“Bhí achan duine ag gigeáil agus ag ól,” arsa seisean “ach ní thiocfadh liom smacht a choinneáil air.” Nuair a tháinig sé abhaile i ndiaidh bheith ar chamcuairt admhaíonn sé gur lean sé leis ag ól. “Nuair atá tú i d'fhear óg in Éirinn, níl mórán eile le déanamh agat ach d'am agus d'airgead a chaitheamh sa teach tábhairne. Ní raibh meas ar bith agam ar airgead. Níor smaoinigh mé ar chúrsaí airgid fiú.” Bhí sé seacht mbliana ag seinm le Dervish ach tháinig deireadh tobann le ré Mc Aleer sa bhanna sa bhliain 1998 i mBeanntraí, Corcaigh, le linn turais timpeall na tíre. “Bhí a fhios againn uilig go raibh an deireadh tagtha. Bhí mo sháith agam,” arsa seisean. Ionracas Cé go raibh a sháith aige den saol ar an bhóthar, choinnigh sé leis ag ól ar feadh

nós 9 roinnt blianta ina dhiaidh sin. Tá sé ionraic faoin taithí atá aige leis an ól. “Níl a fhios agam arbh é an t-ól a ba chúis leis an duairceas nó a mhalairt ach bhí an gnáthsaol ar strae ar fad ar fad agus bhí orm rudaí a athrú,” a dúirt sé. Tá sé aisteach ag Mc Aleer a bheith ag coimhéad ar shaol an cheoil anois 'ón taobh amuigh' mar a deir sé, agus an t-ól caite san aer aige. “Tá an ceol agus an t-ól fite fuaite lena chéile. Aithním go mbíonn ceoltóirí ag brath ar an ól chun an tseinm féin a eascú. “Níl le déanamh ach seal a chaitheamh ag téamh suas agus tiocfaidh an tsaoirse agus solúbthacht sin, sin cleas beag nár chuala mé mórán cainte faoi i measc cheoltóirí traidisiúnta,” arsa Shane. Tá aibíocht i gceist le ceol Mc Aleer, í le cloisteáil go smior san albam úr agus le brath fiú sa dóigh ar thug sé faoin albam a dhéanamh. Níor sheinn sé na rianta arís agus arís agus níor éist sé siar orthu mórán ach oiread, rud a chuirfeadh iontas ar go leor ceoltóirí. Deir sé gur chuma leis faoina bheith foirfe. “Níl mé buartha anois faoi cad é a shíleann daoine faoi mo chuid ceoil. Thiocfadh liom tiúin a sheinm fiche uair le linn taifeadta agus chan é bheith foirfe uair amháin, agus an lá dar gcionn an tiúin chéanna a sheinm níos fearr ná mar a sheinn mé a riamh é. Níl chaill orm air sin agus glacaim leis an iarracht a mbím ábalta dó ag an am.”

Beidh Shane McAleer ag seoladh a albaim nua 'Long Time No See' sa Cobblestone, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath, Déardaoin 26 Meán Fómhair. Is féidir 'Long Time No See' a íoslódáil ar cdbaby.com/cd/shanemcaleer Cuardaigh 'Shane Mc Aleer' ar Facebook le haghaidh eolais faoina chuid gigeanna.


gaeilge gan eagla


T​ éann Maitiú Ó Coimín chun cainte le Mícheál Ó Foighil agus lucht Choláiste Lurgan faoi mheon ceannródaíoch an choláiste, coláiste samhraidh atá ag spreagadh na Gaeilge ar fud na cruinne.

Grianghraif: Cian Ó Srutháin, Tree Light Pictures

Is beag Gaeilgeoir sa tír seo nach raibh baint aige le coláiste samhraidh i gcaitheamh na mblianta; mar dhalta, mar mhúinteoir nó fiú mar leaid óg Gaeltachta ag súil le theacht na gcailíní áille chuile bhliain. Bíonn fuinneamh ar leith le brath sna coláistí ar fud na tíre agus is amhlaidh i gcás Choláiste Lurgan ar an gCnoc in Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Tá an coláiste áirithe seo i ndiaidh aird an domhain mhóir a tharraingt ar an nGaeilge lena fhíseáin spreagúla le cúpla mí anuas. Ach téann traidisiún na bhfíseán, agus an choláiste féin, ar ais níos faide ná sin.


12 nós

*

Ceol Luathbhlianta an Choláiste Bunaíodh Lurgan ag tús na seascaidí, am nuair a bhí borradh mór faoi ghluaiseacht na gColáistí Samhraidh ar fud na tíre, agus bhí sé ar cheann de na chéad fhoirgnimh a tógadh go speisialta mar Choláiste Gaeilge. An ceannródaí Pól Ó Foighil a chuir tús leis an gcoláiste, “fear nár chloígh le múnla ar bith agus nach raibh tada ann nár mhaith leis a thriail” dar lena mhac Mícheál atá anois i bhfeighil, agus is tréith é sin atá le feiceáil go smior i Mícheáil féin chomh maith. Taobh thiar de na léiriúcháin mhóra atá i mbéal an phobail le tamall anuas, leanann na ranganna, na céilithe agus an Ghaeilge ar aghaidh inniu mar a bhí riamh. “Sin í an chloch is mó ar an bpaidrín, ní fhéadfá tada a dhéanamh gan na bunrudaí a bhaineann le sábháilteacht, compórd agus cúram na ndaltaí, sin ochtó nó nócha faoin gcéad den obair. Ach tá deiseanna ann cúpla rud nua a thriail,” a deir Mícheál. Tháinig go leor de na deiseanna seo aníos in imeacht na mblianta agus go fonnmhar a rug Mícheál orthu. Cé nár éirigh le gach uile cheann acu, d’éirigh le cuid mhaith. Mar a mhíníonn Mícheál, is í an bhun-aidhm atá ag na tograí seo ná spraoi a chothú agus deis a thabhairt do na gasúir Gaeilge a labhairt agus nasc a chruthú idir an sult agus an teanga. “An chuid is deise d’fhoghlaim teanga ná í a úsáid,” a deir sé, “bíonn misneach acu dá bharr”, agus sin é go baileach mana an choláiste: 'Gaeilge gan Eagla.' Cur chuige nua i dtaca le foghlaim na Gaeilge Is rud réasúnta nua é na físeáin cheoil atá á ndéanamh ag an gColáiste – agus is modh foghlamtha den scoth iad – ach ó osclaíodh na doirse ag tús na seascaidí tá bealaí ceannródacha in úsáid ag Coláiste Lurgan. I bhfad sular tháinig na físeáin bhí tograí eile ag dul ar aghaidh. Insítear scéalta go rialta faoi shamhraí a chuaigh thart nuair a bhuail smaoineamh Mícheál agus nuair a chaith sé a chorp is a anam isteach sa rud ar leas na ngasúr. Cuimhne a thagann chun cinn go minic ná samhradh na bliana 2010 nó 'Samhradh na gCaisleán Gainimh' a mar a chuimhníonn na múinteoirí air. Ó thús Mheithimh go deireadh Lúnasa, ní raibh ar intinn Mhíchíl ach caisleáin ollmhóra ghainimh a thógáil ar an trá agus an coincheap a bhí leis ná an fhoghlaim a thógáil amach as an seomra ranga agus deis a thabhairt do na scoláirí na focail a d’fhoghlaimeoidís sa rang a úsáid agus iad i mbun spraoi. “Sin an rud is tábhachtaí,” a deir sé, “ go dtaitneoidh sé le daoine.” “Tá bealaí foghlama difriúla ag gach duine ach is fearr i bhfad a bheith ag rá ‘rinne tú jab maith’ le duine eicínt in áit a bheith dhá cheartú.” Míníonn an meon seo go leor den méid a thiteann amach le linn na gceithre chúrsa gach samhradh; ón gclár leathan imeachtaí a chuireann stór mór focal ag obair - idir chadhacadóireacht agus ióga - chuig na tograí móra agus córas

na mbandaí; córas molta ina mbronntar banda ar dhaltaí atá ag úsáid na Gaeilge. “Cén chaoi a ngabhann duine ó fhoghlaimeoir Gaeilge go cainteoir Gaeilge, sin an t-aistriú atá muid ag iarraidh a chur i gcrích anseo. Ar nós Groundhog Day atá sé. Foghlaimítear lá i ndiaidh lae agus bliain i ndiaidh bliana na rudaí a oibríonn agus na rudaí nach n-oibríonn. Agus bheadh muid ag súil go dtiocfadh muid ag an bpointe bliain éicint as seo amach nuair a thuigfidh muid go baileach an bealach is fearr len é a dhéanamh. Níl muid ann go fóilleach.” Is minic go mbíonn meanma na ngasúr i leith na Gaeilge ardaithe le linn an chúrsa agus ar feadh tamaill ina dhiaidh ach ansin go laghdaítear é tar éis cúpla mí ar ais ar scoil. Cuireann modhanna múinte Lurgan fad leis an ngrá sin agus filltear ar Indreabhán bliain i ndiaidh bliana chun barr feabhais a chur ar scileanna teanga. “Tógann sé níos mó ná cúrsa amháin ach feiceann tú an feabhas mór a thagann ar na daoine a thagann ar ais,” arsa Mícheál. “Ní hé go bhfuil siad ag foghlaim níos mó ach tá siad ag úsáid an méid atá foghlamtha acu. Níl aon rud casta faoi, sin an bunchuspóir atá againn anseo - cuidiú le daoine a gcuid misnigh a ardú agus a laidriú agus go mbeadh taithí dhearfach acu. Sin an jab atá againn.” Abair Leat agus áiseanna ar líne Fear na smaointe is ea Mícheál Ó Foighil agus ní minic a fheictear dímhaoin é taobh istigh den gcoláiste nó lasmuigh. Tá sé ag obair le blianta anuas ar áiseanna ar líne a fhorbairt agus tá ‘Abair Leat’, gréasán sóisialta i nGaeilge, agus ‘Abair Leat Oide’, gréasán foghlama agus teanglann ar líne mar thoradh ar an obair sin. Cé go raibh Míchéal ag súil go mbeadh app ‘Abair Leat’ ann don ghreasán sóisialta faoin dtráth seo, mhínigh sé go bhfuil na forbairtí ar an ghréasán sóisialta tagtha chun deiridh. “Ligeadh síos go mór muid agus cailleadh deis mhór ar mhaithe leis an teanga dar liom féin,” ar seisean. “Rud amháin a d’fhoglaim muid ná go mbeidh muid neamhspleách ar chabhair ó aon cheann de na ranna stáit amach anseo. Cuirtear go leor leor am amú.” Is ar ‘Abair Leat Oide’ atá a chuid airde faoi láthair, suíomh a thugann gnáthchaint beo ar líne. Chomh maith leis sin beidh TG Lurgan ag léiriú gearrscannán dírithe ar fhoghalimeoirí fásta dar teideal ‘Aon Seans Ort Yvonne’... bí ag faire amach dó. Na Físeáin agus an Ceol Cuireadh tús leis na físeáin i gColáiste Lurgan i 2008 nuair a tháinig Eamon Mac Manúis, nó ‘Muzzie’ mar is fearr aithne air i measc mhuintir Lurgan, chuig an gcoláiste agus ceamara ina ghlaic aige. “Bhí múinteoirí go leor ann nuair a bhain mé an coláiste amach ach bhí ceamara liom. Dúirt mé le Mícheál go


*

Ceol

n贸s 13


14 nós

*

Ceol bhféadfainn físeáin a dhéanamh bunaithe ar a raibh ag titim amach sa gcoláiste... ‘Nuacht na Seachtaine’ a thug muid air. Sin tús na bhfiseán i Lurgan agus níor fhág mé ó shin,” arsa Muzzie. Tá ceangal ag Muzzie, Stiofán Ó Fearail agus go leor den dream atá ag obair ar na físeáin le Coláiste Lurgan le fada, dream a ‘tháinig tríd an gcórás’ mar a deir Muzzie. Bhí siad mar scoláirí, mar cheannairí agus mar chuntóirí agus iad ag fás aníos. Tháinig na tograí chun cinn go nádúrtha ar roinnt bealaí, a d’eascair ón taithí a bhí acu agus ón spreagadh a fuair siad tríd na blianta sa choláiste. “Bhí Mícheál tiomanta i dtaobh na Gaeilge agus an cheoil de ón gcéad lá,” arsa Stiofán. “Thug mé liom roinnt amhrán Gaeilge agus mé mar dhaltaí. Ansin nuair a bhí mé féin agus cara liom Daithí ag obair mar chuntóirí chuir muid amhrán le chéile a bhí sna cairteacha, ‘Ealú’ nó ‘Escape’ le Enrique Englesias an chéad cheann, ceapaim. Mhúin muid do na daltaí é agus rinne muid taifead air. Bhí an-chraic ag baint leis.” Gach bliain ina dhiaidh sin, bheadh dream cuntóirí ag díriú ar chúrsaí ceoil, ag aistriú amhrán


*

Ceol

Béarla a bhí sna cairteacha go Gaeilge, a dtaifeadadh agus ag múineadh na n-amhrán do na scoláirí. Céim i ndiaidh céime, tógadh ar obair na bliana roimhe. Spreag bás Micheal Jackson agus tréimshe trí seachtaine de bháisteach an chéad togra ‘Thriller’ - cur chuige praiticiúl a chuaigh i ngleic le fadhb na drochaimsire agus a choinnigh na daltaí ar a suaimhneas. “Ag an am bhí Thriller iontach, bhí muid an-tógtha leis. B’in tús na bhfíseán agus is dóigh gurb é ‘Abair Leat’ an chéad cheann mór eile, fiseán agus amhrán atá in úsáid go mór sna scoileanna go fóill,” a deir Stiofán. “Ag an tús, is cuimhin liom tar éis cúrsa áirithe bhain físeán a raibh 300 dalta páirteach ann 500 cnag amach agus shíl muid gur rud iontach a bhí ann go raibh 200 duine lasmuigh den choláiste i ndiaidh a bheith ag breathnú air,” a chuimhníonn Muzzie le gáire. Tá fás dochreidte tágtha air sin anois agus tá físeáin

nós 15

Lurgan ag dul i bhfeidhm ar dhaoine ar fud an domhain mhóir. “Bíonn muid i gcónaí ag iarraidh rud éigin níos suimiúla, níos spraíúla agus níos mó ná mar a rinne muid cheana.”Tá spraoi na ngasúr mar chuid lárnach de na físeáin ach anuas air sin is áiseanna den scoth iad na físeáin chun an Ghaeilge a thabhairt ar aghaidh agus a spreagadh. “Sin an sprioc atá againn agus ní bhogfaidh ó sin a riamh,” arsa Stiofán. “Tá muid anseo leis an Ghaeilge a bhrú chun tosaigh, tá na físeáin á gcur amach againn agus ar fáil do gach duine saor in aisce, ionas go bhféadfaidh le daoine iad a fhoghlaim agus a úsáid.” Go leantar leo. Coláiste Lurgan: lurgan.biz Abair Leat: oide.abairleat.com TG Lurgan Youtube: youtube.com/user/tglurgan


*

16 nós

Ceol

Dar le Muzzie go raibh sé measartha éasca an físeán féin a dhéanamh. “Má tá na daltaí ag baint suilt as, ní obair atá i gceist ach spraoi. Tá muid tagtha chuig an pointe sin anois sílim, go dtuigeann muid na rudaí a oibríonn go maith.” Agus ní gá a rá gur oibrigh an leagan Gaeilge de 'Wake Me Up' thar cionn. bit.ly/AviciiVsLurgan

Líricí Fáinne fí i gcoim na hoíche. (Níl) 'tada riamh nach mbíonn thart. Diabhail fhios a'm cá bhfuil deireadh mo scéil Ach táim ar an mbealach ceart.

Avicii as Gaeilge Níos mó ná milliún cnag faighte ar YouTube, craolta ag Nuacht Domhanda BBC, roinnte ag Avicci féin ar Facebook, cloiste i gclubanna oíche ar fud na cruinne agus seinnte ar staisiúin raidió timpeall na tíre. Stiofán Ó Fearail in éineacht le hos cionn 600 ceoltóirí agus amhránaithe, idir dhaltaí agus fhoireann ar Chúrsa C , a bhain an t-éacht sin amach lena leagan Gaeilge den amhrán iomráiteach ‘Wake Me Up’. Tharraing sé aird ó Avicii féin nuair a tweetáil an DJ Sualannach: “This one is so cool! I can't understand a word but I love it!” Dúirt Stiofán go ndeachaigh an teachtaireacht taobh thiar den amhrán i bhfeidhm air agus ar an dream uilig. “Éirigh as do thóin, téigh ag taisteal agus faigh blaiseamh den domhan.”

Seo Linn Ba i lár na bliana seo caite a d’fhógair an grúpa Gaelach ‘Seo Linn’ iad féin mar bhanna ceoil. Ó shin i leith, tá an seisear tar éis dul ó neart go neart agus níl aon chosúlacht ann go laghdófar an rath sin. Bhain siad aitheantas amach i saol na nGael le bliain anuas trína bheith ag casadh ag féilte ar nós Oireachtas na Gaeilge i Leitir Ceannain agus Lá Fhéile Pádraig i mBaile Átha Cliath. Ar ndóigh, le cúpla mí anuas tá siad tar éis briseadh amach ó shaol na Gaeilge agus dul i bhfeidhm ar an

Deir siad liom gan a dhul sa tseans, Nach dtagann ciall roimh aois. Bhuel 'sé m'aistear é, Ní léir cén fhad a mhairfidh sé, 'Sé togha ar aon chaoi. So Lig mé saor ón suan 'tá orm. (Tai)speáin 'om bóthar éasca cothrom. Bainfidh mé ceann scríbe amach, sí m'aidhm, Cíbe treo átá i ndán. (Tá) Mé ag iompar úalach mór an tsaoil Ach níl a'm ach péire lámh. Suile troma is an ghrian a dhul faoi Ach ní chodlaíonn mé go sámh. "Bris amach agus tú fós sach óg." Chinnigh mé le dul in aghaidh. Seo mo ré, Seasfaidh mé an fód, 'S leanfaidh mé ar aghaidh.

domhan mór tríd an obair atá déanta acu le Coláiste Lurgan. Is iar-scoláirí de chuid Lurgan uilig iad baill ‘Seo Linn’. Filleann siad ar Indreabhán gach samhradh le hobair a dhéanamh ar na tograí móra chomh maith lena bheith ag obair leis na daltaí ar suim leo a n-amhráin féin a aistriú go Gaeilge. “I ndiaidh do na físeáin teacht amach, tosaíodh ag fiafraí dínn ‘an bhfuil ceoltóirí Lurgan ag iarraidh gig a dhéanamh anseo is ansiúd?’ agus tar éis tamaill dúirt muid ‘déanfaimid banna ceoil as’. Is as sin a tháinig Seo Linn,” arsa Keith Ó Briain, ball den ghrúpa agus príomhamhránaí leagan ‘Pompelii de Bastille’.

“Bhí an t-amhrán BEO go mór i mbéal an phobail an t-am sin agus mar sin bheartaigh muid ainm a thógáil uaidh sin. “Bhí muid ag cuimhniú ar ‘D’aon Ghuth Amháin’ ach cheap muid go mbeadh sé sin ró-fhada so bheartaigh muid ‘Seo Linn’ a thabhairt orainn féin agus tá an líne eile cineál mar mhana ag an mbanna anois.” Tá todhchaí gheal amach roimh na ceoltóirí óga seo - le seachtainí anuas líonadh bosca r-phoist an bhanna le hiarratais ó eagarthóirí féilte ar nós Lá Fhéile Airt agus bhí siad sa Phuball Gaeilge ag an Phicnic Leictreach, chomh maith le cuirí faighte acu ó leithéidí An Late Late Show.


*

Ceol

n贸s 17


*

léirmheasanna ceoil

18 nós

Ceol

Crystal Stilts - Nature Noir sacred bones

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

Tar éis tagairtí go leor do cheol samhraidh ar leathanaigh NÓS le trí mhí anuas, seo albam atá go mór in oiriúint don athrú séasúir. 'Nature Noir' a bheadh uait ar na cluasáin agus é ag stealladh báistí anuas ort maidin Luain agus tú fanacht ar bhus nach stopann in aon chor duit ar deireadh. Ceol gruama nihilíoch a dhéanann nádúr éadaingean

éadairbheach an tsaoil seo (i dtuairim Crystal Stilts, pé scéal é) a cheiliúradh. Mar a chanann Bhrad Harget ar Sticks And Stones, "the truth of it is, all these beautiful kids, they are made to go astray". Nuair a eisíodh albam début Crystal Stilts Bhrooklyn, 'Alight Of Night', siar i 2009 ní raibh aon rud ag baint leo lena scaradh amach ón iliomaid grupaí indie eile. Tá faobhar curtha ar an bhfuaim acu ó shin; eilimintí garage rock, ceol sícidéilach, punk agus ceol tíre comhshamhlaithe ina gceol fíneálta iarphunc féin acu. Ceol a bhfuil macallaí de ghrupaí mar The Velvet Underground, Suicide, Galaxie 500 agus Bauhaus ann, is fíor, ach go bhfuil a mblas féin fós ar. Tá an 'Spirit In Front Of Me' mall iontach báite le glór an ghiotáir aisfhuaimnithe, nótaí nathracha aisiompaithe agus ciombail dhrithlíneacha ag eitilt tríd an réimse fuaime. Leagann 'Future Folklore' pianó na ngormacha anuas ar fhuinneamh agus bús Iggy & The Stooges, Harget

ag samhlú deis éalaithe aige féin agus a leannán ón ndomhain seo go Gáirdín Pharthais, agus peaca na sinsear glanta dóibh. Baineann 'Phases Forever' agus an 'Memory Room' lena churfá caointeach úsáid as cumhacht drámatúil na dtéaduirlisí gan ligint dóibh dul thar fóir. Is bun agus barr Crystal Stilts é amhránaíocht Harget, bíodh sé anchosúil le stíl Alan Vega ón ngrúpa prótapunc leictronach Suicide. Sa ré iar-phunc seo ní gá go mbeadh easpa cumais amhránaíochta ina bhac ar dhuine a mbeadh fonn orthu bheith ina rac-amhránaí, ach tá cur i láthair Harget i bhfad Éireann níos sásúla agus níos údarásaí anois go bhfuil sé tar éis glacadh le fírinne a raoin chúing ghutha. Tá raon a mhothúchán chomh cúng céanna, ag malartú idir anó agus géilliúlacht den chuid is mó. Más searbh a chuid macnaimh, nílid gan bhrí - mar a deir sé ar 'Memory Room', "save the shiney afterlife, let's enjoy who we are." Bainimís tairbhe as tochailtí Crystal Stilts i mianach saibhir an chrá.


*

Ceol

Peter King - Miliki Sound mr. bongo

*****

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

"Our philosophy was to play modern jazz with highlife as the basis ... Afrojazz is my musical direction and a mission" Peter King Nuair a chláraigh Peter King chun dul i mbun staidéir ag Trinity College of Music i Londain siar i 1962 bhí ceoltóir Nigéarach sárthréitheach eile, an Fela Kuti trodach, ann roimhe. N'fheadar ar casadh ar a chéile sa chaintín riamh iad, ach ag an am sin bhí an sprioc cheoil díreach céanna ag an bheirt acu: slite chun snagcheol nua-aimseartha a mheascadh le rithimí Afracacha a aimsiú agus a fhorbairt. Ón dtús-phointe úd d'imigh ceol King agus Kuti i ndá threo éagsúla. Spreagtha ag dírbheathaisnéis Malcolm X agus

díreach cén fáth.

Fabric 71 - Cassy fabric

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

gluaiseacht cearta sibhialta mhuintir ghorm SAM tar éis dó aghaidh a thabhairt ar LA i 1969, bhain Fela Kuti feidhm as a fhuaim afrobeat mar uirlis chogaidh pholaitiúil go lá a bháis i 1997. Ní raibh Peter King riamh ina ghríosóir sóisialta (agus, nach ait é, ach maireann sé fós). Agus King fós ina mhac léinn bhunaigh sé The African Messengers, buíon cheoltóirí a raibh cnag-singil acu i bhfoirm 'Highlife Piccadilly', agus a bhí ina bhanna taca ag Diana Ross, The Four Tops agus The Temptations is iad ar camchúairt sa Bhreatain. Ag filleadh ar an Nigéir dó i 1971 bhunaigh King grúpa nua, Shango, chun dul i mbun tochailte níos doimhne sa cheol afrojazz. Eisithe ar dtús i 1975 ar lipéad Orbitone Sonny Roberts, is léargas é 'Miliki Sound' ar scil dhamanta theanor-shacsafón Khing agus é in ard a réime. Bunaithe ar thraidisiún Sonny Rollins, Gene Ammons agus John Coltrane tá stíl shéidte Khing thar a bheith liriciúil, dinimiciúil. Cóirithe ar fad ag an bhfear é féin, tá luascadh do-shéanta ag baint leis na sé cinn seo de rianta fuinniúla afrojazz. Tá an comhcheangal druma agus doird ar phoirt mar 'Ijo Clomo' agus 'Jo Jolo' dochreidthe funcaí - is furasta bunús na stíle afrohouse ag DJ Gregory na Fraince agus a chomhghleacaithe sa tógra Africanism a aithint sa cheol seo. Ceol dea-aigeanta damhsa don ragairnealaí géarchúiseach!

***** "The last track's title means a lot to me: 'My Back Is Against The Wall'. This is how I often feel as a woman doing what I am doing. It's hard to be understood by one side and the other." Cassy

Cad é seo, go díreach? Tá cónaitheachtaí dioscmharcaíochta ag Catherine "Cassy" Britton ag roinnt de mhór-chlubanna techno na cruinne, ó Phanoramabar Bheirlín go Trouw Amsterdam, gan trácht ar Rex Club Pháras agus Output Nua-Eabhrac. Léiríonn an turas slachtmhar atá a dhéanamh anseo ó tech-house treibheach domhain leithéid Arrtu agus Kuumba Project go tréan-techno Marco Zenker agus Adam Marshall

An bhfuil aon mhaith ann? Níl aon piriteicnicí ag baint le Fabric 71, ach is léir go dtuigeann Cassy ceird an dioscmharcaigh techno go mion, agus déanann sí na rudaí bunúsacha go slachtmhar. Cruthaíonn sí teannas iontach sa tslí a gcuireann sí poirt shéiseacha mar 'Tell Me' le Norm Talley agus rianta amha rithimeacha mar '06 A' le Italo Johnson le hais a chéile. Tá idirghníomhú séiseach breá le sonrú sa tréimhse go bhfuil an port úd de chuid Norm Talley caite anuas ar 'Mare010' Livio Imrprota aici. Ó Diamondancer do do cheistiú leis na focail "are you tuned into this funk for life?" ag tús an mheascáin go 'We Bring Techno' le Affie Yusuf ag fogairt theacht an stuif crua tar éis leath ama, aimsíonn Cassy na ceirníní cuí chun a teachtaireacht a chur in iúl don éisteoir. Laigí? Níl, ach is dócha go mbeadh i bhfad níos mó céille ag baint le drannaire de phort techno mar 'Completely Gone' le Emptyset i gcomhthéacs an chlub ag 4 a chlog ar maidin. An breithiúnas? Mmm, blasta.

nós 19


*

20 nós

Ceol

Ras G - Back On The Planet brainfeeder

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

Tearmann de shaigheas é lipéad Brainfeeder Los Angeles do mhavairicléiritheoirí a mhaireann ar imeall an dord-cheoil leictreonaigh. Tá an lipéad tar éis sruth de scoth-bhuillí, idir hip hop teibí, dord-techno agus func leictreonach, ó leithéid Lorn, Daedelus, Martyn, Mr Oizo agus Thundercat a eisiúint le blianta beaga anuas. Sin gan trácht ar bhuillí iontacha sícidéalacha Flying Lotus, úinéir Brainfeeder. Gar-nia de chuid Alice Coltrane (bean chéile John Coltrane agus pianadóir snag-cheoil, nach maireann) é Flying Lotus. Taobh le Lotus féin is é Ras _G an léiritheor is mó a leíríonn ina chuid

cheoil ceangal anamúil Brainfeeder le hoidhreacht free jazz eitneach an 20ú aois - ceoltóirí mar Don Cherry, Pharoah Saunders, Alice Coltrane agus Sun Ra. Más ag tabhairt aghaidhe ar an spás atá Ras G is chun rithimí a shinsear Afracach a scaipeadh i measc na n-eachtardhomhandach atá sé á dhéanamh. Slí amháin chun éalú ón bpláinéad seo, gan dabht, é babhta meadhráin channabais féin-íocleasaithe, agus níl aon amhras ach gur chaith Ras G mórán raithní i ndéantús 'Back On The Planet'. Tá sé le clos sa tslí a dtagann críoch thobann gan chúis le haoibhneas 'All Is Well', agus i stobhach sonach 'Find Ya Self (ANU Wrld)'. Níl masla i gceist - tá 'Back On The Planet' ar nós ceol hip hop léirithe ag fear gan dídeán i stiúideo tógtha aige taobh istigh de scipe bruascair iompaithe bun-os-cionn. Shamhlófá go bhfuil na dord-

fhuaimeanna bunaithe ar thaifidí déanta ar a shamplóir aige don ghlór tráchta. Garbh, sea, ach is fíor-cheol ón chroí é 'Back To The Planet'. Tríréad iontach de bhuillí briste, dord murtallach agus bluirí gutha é 'OMMMMM...'/One 4 Kutmah'/'Culture Riddim'. Ceird ar leith í ceol leictreonach a léiriú i stíl chomh scaoilte díchuingeach. Shamhlófá Jay Z teitheadh ó chanablaigh i lár na hAmasóine le gach "woo-ha!" agus fuaim an bherimbau ar 'Been Cosmic' - is é an trua nach mbeirtear ar an mbastart! Filleann 'Injera, Lentils, And Kale' ar ghlór clasaiceach an mini-moog a bhí chomh gar do chroí Sun Ra (gan trácht ar Fred Wesley agus Terminator X Public Enemy). Agus an ráiteas "it ain't over, muthafuckers!" mar thús leis, is iontach mar chríoch an "Jus There' mall machnamhach fairsing. Saothar anordúil iontach.


*

Ceol

Ar na hAerthonnta Ag Scancáil sa Chathair – Raidió Fáilte Dé Céadaoin, 15.00

Is é Cormac ‘Buzz’ Ó Briain a chuireann scoth an cheoil reggae agus ska i láthair gach seachtain sa chlár seo a bhfuil lucht leanúna nach beag cruthaithe aige le tamall anuas. Tá clú agus cáil ar Chormac mar gheall ar na hoícheanta spraíúla a eagraíonn sé i gcathair Bhéal Feirste leis an Chóras Fuaime Rasta Rua / Red Rasta Sound System agus, le déanaí, leis an bhanna nua Boss Sound Manifesto. Bíonn an-ráchairt ar na himeachtaí seo le cuid mhór daoine ag bailiú isteach ar bhonn rialta leis an reggae is fearr a bhlaiseadh, go leor Gael ina measc. Ní aon iontas é mar sin go gcluintear réimse leathan den seánra sa seó bríomhar seo, ó ska, reggae na gcloigne maola luatha, rocksteady, fréamhacha dub agus dhá thon go dtí reggae an lae inniu. Clár leithleach é gan aon agó agus má chailleann tú é ar an Chéadaoin féin bíonn deis eile éisteacht leis – ar 107.1FM i mórcheantar Bhéal Feirste agus ar líne ag raidiofailte.com – Dé hAoine ar 6in, Dé Sathairn ar 5in agus Dé Luain ar 7in. Mar a deir Buzz féin, bígí ag scancáil!

nós 21


*

22 nós

Ceol

Ag teacht aníos

Caitheann Sinéad Ní Uallacháin, aka Banríon na Siamsaíochta ar an gclár Cormac@5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, súil chun tosaigh ar roinnt de na mórimeachtaí a bheas ag titim amach fud fad an oileáin le linn na míosa seo... Cóisir Gael Linn 60

Ceoláras Náisiúnta, Dé Domhnaigh 15 Meán Fómhair, 8in

Táim ag freastal ar ócáidí de chuid Ghael Linn le fada an lá. Bheinn gafa lena gcuid díospóireachtaí agus mé sa mheánscoil. Tá cuimhní cinn fós agam ar bheith ag taisteal timpeall na tíre ag plé réimse leathan rún, ag éisteacht go géar leis an bhfreasúra, ag iarraidh bréagnú a dhéanamh ar a gcuid pointí agus bheith beagáinín in ísle brí nuair a chuaigh m’fhoireann chomh fada leis an gcraobh, ach nár éirigh linn é a bhuachaint. Nuair a bhog mé go Baile Átha Cliath tar éis na scoile bhí fós tionchar ag an eagraíocht ar mo shaol – an taobh sóisialta an uair seo! Bíonn ceol, comhrá, bia, agus atmaisféar álainn fáilteach á sholáthar acu ag na hoícheanta ‘Bewleys ag a 6’, san ionad stairiúil ar Shráid Ghrafton, agus is ann a bhuailfeá, agus a

bhuaileas le pobal Gaelach na cathrach, cuid acu anois mar chairde agam. I mbliana bhí deis agam an chéad ghlúin eile de scoth na gceoltóirí a fheiscint agus iad i mbarr a réime sa Cheolárás Náisiúnta, ag Siansa 2013. Glac uaimse é – tá todhchaí cheol thraidisiúnta na tíre geal. Níl ansin ach blaiseadh d’obair na heagraíochta atá imithe i bhfeidhm orm le blianta anuas, gan fiú trácht déanta agam ar an gceol ar fad nach mbeadh cloiste ariamh agam, ná ag cuid mhaith daoibhse, geallaim leis, murach a lipéad ceoil. Bhí áthas orm a chlos mar sin go bhfuil ceiliúradh ceart beartaithe chun comóradh a dhéanamh ar bhreithlá na heagraíochta agus iad 60 bliain ar an bhfód. Is sa Cheoláras Náisiúnta a bheidh an ócáid cheoil ar siúl, paiste talún a bhfuil taithí mhaith ag lucht eagraithe Ghael Linn air, agus an comórtas bliantúil Siansa á reáchtáil ann le blianta beaga anuas.


*

Ceol

nós 23

Ban-ghrúpa agus grúpa d’fhearaibh a bheidh i bhfeighil ar an gceol ar an oíche. Sin iad ‘T with the Maggies’ agus ‘Téada’. Ceannródaithe an cheoil traidisiúnta iad baill ‘T with the Maggies’ agus iad ar an mbóthar le blianta fada le grúpaí éagsúla – Altan, Clannad, Skara Brae, Relativity, The Bothy Band, srl. Tháinig Máiréad agus Tríona Ní Dhómhnaill, Máiréad Ní Mhaonaigh agus Moya Brennan le chéile don gcéad uair do cheolchoirm ómóis do Mhícheál Ó Domhnaill, sa bhliain 2007, agus táid fós i mbun ceoil i dteannta a chéile, nuair nach mbíonn siad gafa lena gcuid tionscnamh aonarach. Mar a chéile leo, tá an-taithí ag Téada a bheith ag treabhadh ghort an cheoil. Cúigear acusan leis an grúpa le fada – Oisín Mac Diarmada, Paul Finn, Damien Stenson, Seán McElwain agus Tristan Rosenstock. Fógraíodh an samhradh seo go raibh an boscadóir ó Bhaile na bPoc i gCorca Dhuibhne, Séamus Begley, le bheith mar an séú ball den ghrúpa. I bhfochair a chéile a bheidh siad ar fad ar 15 Meán Fómhair, agus is féidir leatsa a bheith i láthair ar chostas €30, (nó ar lascaine €25, €20). Gurb fada buan Gael Linn! Tá gach eolas le fáil ó www.nch.ie

Oíche Chultúir 2013 Dé hAoine 20 Meán Fómhair, 5in-11in

Tá an oiread sin dánlanna, iarsmalanna, ionaid chultúrtha agus siamsaíochta scaipthe fud faid na tíre seo agus gan pingin le n-íoc chun a bhfuil iontu a fheiscint. Dearúdaim fúthu uaireanta, agus mé ag pleananna imeachtaí sóisialta. Táid ar leac an dorais, agus mar a déarfadh an Riordánach, iontaisí an tsaoil iontu. Ar Oíche Chultúir osclaítear doirse na n-ionad seo, óna cúig a chlog tráthnóna go dtína haon dhéag istoíche. Bíonn imeachtaí speisialta eagraithe don oíche speisialta seo,

atá á ceiliúradh gach aon bhliain ó 2006. Iontaobhas Cultúrtha Bharra an Teampaill an dream a chuir tús leis, an chéad lá riamh, ach bíonn áiteanna eile ar fud BÁC oscailte anois chomh maith, Uimhir 6 Shráid Fhearchair ina measc. Ní chiallaíonn sé sin gur oíche cheiliúrtha í seo do mhuintir na hardchathrach amháin áfach mar go nglacann ionaid chultúrtha i dtuairim is

30 bailte, contaetha, agus cathracha ar an oileán páirt sna himeachtaí - I mBéal Feirste beidh G-Spota speisialta ar siúl i dTí Mhadden. Coiméad súil ar www. culturenight.ie chun eolas a fháil faoi na himeachtaí sna ceantair is cóngaraí duitse, beifear ag foilsiú sonraí ar an suíomh de réir a chéile, as seo go dtí 20 Meán Fómhair.


*

24 nós

Ceol

Féile Oileán Dairbhe 13-15 Meán Fómhair 2013

Is ag trácht ar an bhféile Electric Picnic a bhíos an mhí seo caite. Ar éirigh leat dul ann? Bhuel, más ort atá na 'withdrawal symptoms' ina dhiaidh, mholfainn duit do thriail a bheith ar Oileán Dairbhre, d’fhéile a mbeidh an tóir chéanna air i gceann cúpla bliain is atá ar An Phicnic Leictreach anois, dar liom féin. Seo díreach an dara bliain don bhféile trí lá seo a bheith ar siúl. Orthu siúd a bheidh i mbun ceoil, tá: Pat Mahoney agus Nancy Whang (DFA/LCD Soundsystem), Dáithí, Bronagh Gallagher, David Holmes, R.S.A.G, Jape, Heathers – agus níl ansin ach blaiseadh. Anuas air sin beidh seastáin go leor ann, imeachtaí siamsaíochta, campáil ghalánta, más áil leat é, agus ticéid lae ar fáil, mura mian leat an deireadh seachtaine iomlán a chaitheamh ann.


*

Ceol

nós 25

Dublin Fringe Festival 5-22 Meán Fómhair, Baile Átha Cliath

Ní bheidh aon easpa drámaíochta ar Bhleá Cliathaigh an Fómhar seo, agus ní ag tagairt do chúrsaí CLG atáim, ach d’Fhéile Bhaile Átha Cliath ar an Imeall, nó an Fringe Festival. Dár ndóigh is drámaíocht de gach sórt a bhíonn le feiscint ag an bhféile seo – drámaíocht an cheoil, na healaíne, an rince, srl, srl. Tá an iomarca ar fad ar siúl le gach rud a lua, mar sin thugas dúshlán dom féin. Dá mbeadh orm ticéid a fháil chuig dhá sheó, agus díreach dhá sheó amháin, cad a roghnóinn? 1. ‘Mice Will Play’, Ionad Ealaíon an Project, 17-21 Meán Fómhair. Déanann an ceoltóir Caoimhín Ó Raghallaigh agus an rinceoir Nic Gareiss iniúchadh ar an tionchar atá ag lucha ar an gceol traidisiúnta, ar chúrsaí eolaíochta agus ar ár saol laethúil! 2. ‘Madonna’, Tigh Tábhairne an International, 9-14 Meán Fómhair. Seó aonair le Meadhbh Haicéid. Síleann Meadhbh gurb í Madonna a hanamchara – caithfidh gurb ea, tosaíonn ainmneacha na beirte leis an litir céanna ‘M’! Seo scéal atá tragóideach, ach fós féin greannmhar, faoi chúrsaí grá, inscne agus féiniúlachta.

Comhrá Gaeilge 24/7, Curiarracht Dhomanda, 29 Meán Fómhair – 6 Deireadh Fómhair

Beifear ag tabhairt faoin chomhrá leanúnach Gaeilge is faide ar domhain ag deireadh na míosa seo, agus iarracht ar churiarracht dhomhanda leis, trí shraith de chiorcail chomhrá Ghaeilge a nascadh le chéile ó áiteanna ar fud na cruinne. Is mar chuid de cheiliúradh 120 bliain ar athbheochan na Gaeilge, Bliain na Gaeilge 2013, atá seo á reáchtáil agus faoi láthair tá grúpaí á lorg le freagracht a ghlacadh as uair a chloig amháin (ar a laghad) a dhéanamh sa chomhrá mór. “Is éacht a bheidh ann má éiríonn linn comhrá Gaeilge gan stad a chur ar siúl ar feadh seachtaine ó 29 Meán Fómhair - 6 Deireadh Fómhair 2013, agus is spreagadh iontach é do dhaoine ar fud na cruinne le spéis sa teanga páirt a ghlacadh i gceiliúradh Bhliain na Gaeilge,” arsa Julian de Spáinn, Comheagraí Bhliain na Gaeilge 2013 Níor tharla Comhrá 24/7 Gaeilge riamh cheana, agus tá súil againn go spreagfaidh sé ciorcail comhrá nua mar thoradh air!” Más spéis leatsa nó le do ghrúpa áitiúil páirt a ghlacadh sa chomhrá leanúnach Gaeilge is faide ar domhan riamh, seol an dáta agus an uair / na huaireanta a oireann don ghrúpa go comhra@cnag.ie nó glaoigh ar +353 (0)1 4757401.


*

26 nós

Ceol

Ó Riada, ath-shamhlaithe Beidh deis ag muintir na cathrach cois cuain cluas úr a chur le ceol an Chorcaígh chlúitigh, Seán Ó Riada

D

éanfar ceiliúradh ar cheol Sheáin Uí Riada i mBéal Feirste go luath nuair a léiríonn An Droichead agus Cumann Ceoil Chomhaimseartha Lú (CCCL) Ó Riada Ath-shamhlaithe. Leagan úr nua d'Aifreann Uí Riada atá ann, cóirithe ag an gcumadór Dmitri Yanov-Yanovsky a shníomhann ceol traidisiúnta agus clasaiceach le

chéile, agus beidh aithne mhaith ag leantóirí seisiúin na cathrach ar cheoltóir nó beirt a bheas ag seinnt. Ceoladh Ó Riada Athshamhlaithe den gcéad uair anuraidh i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh ach seo an chéad deis éisteachta a bheas ag muintir an tuaiscirt, agus mholfaimis do chách an deis sin a thapú. “Tá lúcháir ar An Droichead

go bhfuil muid in ann an léiriúchán draíochtúil seo d’Aifreann Uí Riada a thabhairt go Béal Feirste agus é a bheith ar siúl anseo don chéad uair,” arsa Claire Kieran, Oifigeach Ealaíon leis an lárionad. “Tá páirtíocht speisiúil ag soláthar an imeachta seo – gabhann An Droichead agus CCCL buíochas le hIontaobhas Ultach agus Gael Linn as


*

Ceol ucht a gcuidithe – a bheas i gceann de na heaglaisí Preispitéireacha is sine dá bhfuil againn, agus sílimid go mbeifear ag caint fán cheann seo le fada an lá.” De réir Éamonn Quinn, ceannaire agus croí an CCCL, agus an té a rinne an píosa a choimisiúnú, tháinig an smaoineamh chuige nuair a bhí sé ag éisteacht leis an Aifreann ar dhlúthdhiosca. Mar a dúirt sé le NÓS: "Thugas dhá rud faoi deara - gur chór aoncheoil a bhí á chasadh agus, ach go háirithe, go raibh scór bhunleagan an Aifrinn féin iniata sa chlúdach! “Bhíos tar éis Dmitri a choimisiúnú i 2011 le haghaidh Sounds of the Silk Road, agus nuair a bhí sé in Éirinn, chuireas an scór faoina bhráid, féachaint an mbeadh suim aige tabhairt faoi chóiriú nua. “Dúirt sé nach raibh eolas ar bith aige ar cheol Éireannach, agus d'admhaíos nach raibh puinn agam féin ach an oiread! “Ach nuair an luígh cumadóir isteach air níor fhéad leis stopadh, agus séard atá déanta aige ar deireadh ná diamant garbh chroílár an bhunleagain a aistriú go seodra ardaitheach áille.” Chóirigh Yanov-Yanovsky líne aonair Uí Riada le haghaidh 16 guth (SATD), fidil, cláirseach, agus bodhrán. Tá sean-taithí aige ar ath-chóiriú cheol tíre na hÚisbéiceastáine, arb as dó, agus fé mar a dúirt Ciarán Ó Meachair, Cathaoirleach CCCL, linn: “Is féidir an taithí, an íogaireacht, agus an cheardaíocht sin uilig a chloisint anseo. Tá fíor-métier le sonrú. Tochlaíonn an cumadór íon-cheol an Riadaigh go lonraíonn sé i bhfoirmeacha nua é. “Bheinn i gcónaí amhrasach a dhóthain faoi dhul i ngleic le bunleagan chomh tábhachtach leis seo - tá sé thar a bheith éasca é a mhilleadh seachas cur leis. Ach chuirfeadh atá déanta ag Dimitri gliondar ar do chroí - é nuálaíoch ach traidisiúnta - gan trácht ar chaighdeán gleoite na gceoltóirí a bheas á léiriú.” Agus tá an caighdeán sin

dochreidte ard ceart go leor. Bhí YanovYanovsky féin ina chumadóir cónaithe ag Harvard agus Coláiste Dartmouth, agus coimisiúin fáighte aige ó leithéidí Yo-Yo Ma agus Ceolfhoireann Shiansach Chicago, Ceathairéad Kronos, agus Ensemble Hilliard. Tá aithne mhaith ag chuile Ghael ar na ceoltóirí traidisiúnta éachtacha Zoë Conway ar an bhfidil, Siobhán Armstrong ar an gcláirseach agus Gary Grant ar an mbodhrán. Cruthaíodh an cór nua EQ Singers ó bhaill de Chór Aireagail Náisiúnta na hÉireann agus scoth amhránaithe clasaiceacha na tíre. Agus beidh an rud uilig faoi stiúir shiúrálta Éamonn Dougan, a bhfuil ardmholadh ag dul dó, dar le Éamonn Quinn: “Tá cumas cumarsáide iontach aige - leis na ceoltóirí traidisiúnta, leis an gcór, agus leis an lucht éisteachta. Tá chuile dhuine i ngrá leis, agus is Éireannaigh a thuistí fosta!” Ceolfaidh Iarla Ó Lionáird iomainn bheannaithe roimh an léiriú córúil. Ní gá a rá go bhfuil sé thar a bheith fóirstineach go mbeidh Iarla ag glacadh páirte de bhrí go raibh an Riadach féin ina chomharsa aige i gCúil

nós 27

Aodha. Ba mhinic Ó Riada i dtig Uí Lionáird agus bhí Iarla féin ina bhall de chór Uí Riada ó bhí sé ina stócach go lár a fhicheidí. Is léir mar sin gur oíche cheoil den scoth atá i ndán dóibh siúd a bheas i láthair... fágfaimid an focal scoir ag Éamonn Quinn: “Is fíor ath-shamhlú de cheol Uí Riada atá sa phíosa nua seo, agus táim cinnte dá mbeadh sé linn fós go gcruthódh sé leagan SATD dá Aifreann. Is ábhar áthais dom é go rabhamar in ann é a chur i gcrích agus táim ag tnúth go mór lena chloisteáil in ionad breá Shráid Róismháire i mBéal Feirste.” Ó Riada Re-imagined Déardaoin 26 Mean Fómhair, 8in, Eaglais Phreispitéireach Shráid Róismháire, Béal Feirste Tá ticéidí ar fáil ó An Droichead ag www.androichead.com nó 028 90 288818. Tá dlúthdhiosca beo Ó Riada Re-imagined ó Tradfest Bharra an Teampaill ar fáil anois ó shuíomh CCCL ag www.louthcms.org.


*

28 nós

Ceol

Scáileán

Rush

Riddick

ron howard, 15a Léirmheas le Méabh Ní Thuathaláin

david twohy, 15A

*****

Tagann buaiteoir Ghradam an Acadaimh faoi dhó (A Beautiful Mind, Frost/Nixon), mar atá Howard, le chéile athuair le hainmnitheach na duaise céanna, Peter Morgan (Frost/Nixon, The Queen), chun 'Rush' a chur inár láthair. Tá an scannán féin ina athmhúnú mórscáileáin den iomaíocht fhiáin a bhí ann idir na tiománaithe rásaíochta F1 James Hunt agus Niki Lauda le linn na seachtóidí. Glacann Chris Hemsworth (The Avengers) ról an tSasanaigh charasmataigh James Hunt, in éineacht le Daniel Brühl (Inglourious Basterds) a chuireann an foirfeoir Ostarach Niki Lauda i láthair. Bhí an choimhlint idir an bheirt acu seo ar rásraon an Grand Prix ina comhartha den chodarsnacht a bhí ann idir na carachtair éachtacha seo; éagsúlacht a bhí go mór le sonrú ina saolta príobháideacha chomh maith. Tá gnéasúlacht agus galántacht ré órga na rásaíochta Formula 1 le feiceáil go beoga agus leantar na tiománaithe ar an rásraon agus taobh amuigh dó, agus iad ag bru chun tosaigh lena chéile a shárú. Agus iad beirt ag an bhrisphointe s'acu, níl aon bhealach furasta ann leis an bhua a bhaint, ná aon spás ann le haghaidh meancóg; is ionann botún agus bás. Chomh maith leis sin tá Olivia Wilde aisteoir a bhí le feiceáil sa scannán TRON: Legacy agus Alexandra Maria Lana ón scannán rathúil The Reader mar chuid den fhoireann aisteoirí. Tá bronntanas i ndán don lucht féachana nuair a eisítear Rush i bpictiúrlanna timpeall na tíre ó 13 Meán Fómhair.

Léirmheas le Méabh Ní Thuathaláin

*****

Is é seo an tríú scannán sa tsraith rathúil, a leanann The Chronicles of Riddick a seoladh sa bhliain 2004 agus ar cuireadh tús leis le Pitch Black siar i 2000. Glacann Vin Diesel ról an phríomhaisteora, agus é i gcomhpháirt arís leis an scríbhneoir agus stiúrthóir ildánach David Twohy. Tá Riddick fágtha ar phlainéad tréigthe ach ní mar a shíltear a bhítear agus gan mhoill is ag troid ar son a bheatha atá sé in aghaidh coimhthíoch fíochmhair. Níl aon rogha aige ach rabhchán solais a lasamh a tharraingneoidh aird na sealgairí atá ar a thriail cheana féin. Ar an chéad long le Riddick a aimsiú tá na hamhais is contúirtí ar chas Riddick orthu riamh agus ina measc tá captaen ar leith a raibh sé de sprioc aige le fada an lá an frithlaoch a chur chun báis. Ardaíonn stoirm láidir, a bhfuil de chumhacht aici gach rud a scrios, ina dtreoir ach níl na hamhnais sásta fágáil gan cloigeann Reddick a thabhairt leo ar mhaide. Cuireann Karl Urban an carachtar Vaako i láthair arís agus é in éineacht leis an choraí WWE Dave Bautista, a ghlacann páirt Diaz. Is í an t-aisteoir Katee Sackoff a bhain cáil amach mar Captain Kara ‘Starbuck’ in Battlestar Gallactica, a chuireann Dahl i láthair. Seans nach bhfuil an oiread sin úr faoin nasc is déanaí seo d'eachtraí Riddick ach beidh a lucht leanúna sásta go leor leis an aicsean, foiréigean, drochtheanga agus gnéas, a bheas le feiceáil i bpictiúrlanna agus amharclanna IMAX ó 6 Meán Fómhair ar aghaidh.


*

scáileán

Gael á chaochlú féin Is aisteoir óg Éireannach é Jack Reynor a bhfuil dul chun cinn nach beag déanta aige le déanaí. Rugadh i Nua-Eabhrac é ach d'aistrigh a theaghlach ar ais go Cill Mhantáin agus é in aois a trí bliana, áit ar fhoghlaim sé an Ghaeilge is léir mar gur tweetáil sé inár dteanga féin díreach tamall gairid ó shin: “Beigh a lán pointaí ól ag am Nollaig”, a scríobh sé chuig a chara. Bhí an leaid óg ... d'aois i roinnt léiriúchán go dtí seo ach tá an ról is mó ina shaol aisteoireachta aimsithe anois aige mar go mbeidh sé le feiceáil sa scannán nua Transformers. Tá sé féin agus an fhoireann i mbun scannánaíocht ar Transformers 4 faoi láthair agus seo é, ar clé, lena chomhghleacaithe Mark Wahlberg, atá i ról Cade; Casey Howard, John Kairis agus Lukasz Bielan, fir cheamara; agus an Stiúrthóir Michael Bay. Eiseofar Transformers 4 i samhradh 2014.

nós 29


*

30 nós

scáileán

an fómhar AR TG4

seoda go leor ag teacht chugainn Sheol TG4 sceideal nua an fhómhair le déanaí agus tá éagsúlacht tharraingteach arís in aschur an stáisiúin Ghaeilge. Cuimsíonn an sceideal nua scoth na faisnéise, - idir stair Stailc 1913 agus Seachtar Laoch Dearmadta 1916 anuas go mallacht an tsagairt ar pheileadóirí Mhaigh Eo i 1951, más fíor agus stair Pháirc Thuamhain i Luimneach, ionad imeartha a scanraíonn fir mhóra rugbaí as gach cearn den Eoraip. Cloisfear togha an cheoil agus John Spillane ag fánaíocht leis ó bhaile go baile ag cumadh amhrán ar nós Raiftearaí na linne seo. Beifear sa tóir ar phlúr na marcach óg rásaíochta agus ar thóir na ndamhsóirí is lúfaire agus is ealaíonta, beidh beochraoladh eisiach ar mhórchluichí iomána, peile agus rugbaí ar fáil agus beidh soláthar mealltach ábhair i nGaeilge ar fáil go laethúil do pháistí. Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Ardstiúrthóir TG4 Pól Ó Gallchóir go raibh an tseirbhís ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin agus na deiseanna éagsúla a eascrann as an margadh reatha. Luaigh sé dúshlán na n-acmhainní ach go háirithe agus an cainéal ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn i saol plódaithe na meán. “Tá an teilifís thraidisiúnta ag seasamh an fhóid go maith ó thaobh dílseacht an lucht féachana,” a dúirt sé. “Tá ábhar TG4 ar fáil anois, ní amháin ar an scáileán teilifíse ar fud na hÉireann ach ar an Seinnteoir ar fud an domhain agus ar ghoiris chliste fóin freisin.” Luaigh sé freisin dílseacht an lucht féachana do TG4 le bliain anuas, tráth ar fhéach ós cionn dhá chéad míle

duine ar an meán ar bheochraolta an chainéil ar na cluichí Gaelacha gach Domhnach san Earrach agus idir 75,000 agus 100,000 ar chláracha faisnéise, ceoil agus drámaíochta Gaeilge an chainéil. I measc na mbuaicphointí sa gClársceideal nua tá;

Cogar Séasúr nua de na cláracha faisnéise is fearr in Éirinn ina dtugtar léargas as an nua ar scéal dúchasach – ó dhúchas Déiseach an réalta scannán Tyrone Power, go hoidhreacht cheoil Frank Patterson agus féith chruthaitheach Sheáin Bháin Mhic Grianna as Rann na Feirste.

Guth Sraith 6 chlár a fhiosraíonn an tionchar a d’imir a n-oidhreacht Éireannach ar chuid de na réaltaí ceoil is mó san aois seo - Bing Crosby, Johnny Lydon, Morrissey and Marr, Dusty Springfield,

John Lennon, agus na deartháracha Gallaghers as Manchuin/Acaill.

Anamnocht Cláracha substaintiúla léirithe ar ardchaighdeán a thugann léargas taibhsiúil dúinn ar phearsain, ar ghluaiseachtaí nó ar áiteanna, ina measc, stair cheilte Stailc 1913, scéal na mná as Corca Dhuibhne a thug aistear achrannach abhaile agus leanbh ar a droim, scéalta na bhfear eile a cuireadh chun báis tar éis Éirí Amach 1916 agus an cath ag tús an Chogadh Chathardha a rinne carnán luaithrigh den taisce cáipéisí stairiúla ba mhó sa tír.

Jockey Eile Filleann duaiseoir IFTA na bliana anuraidh le sraith nua ina dtugtar an deis do 20 ógánach a gcumas mar mharcaigh a léiriú agus deis a fháil a bheith páirteach i rás ar chúrsa aitheanta Theach na Sí. Is iad Séan Bán Breathnach agus Joe Connolly atá


*

scáileán

i bhfeighil na hiomaíochta mar aon le comhairle (agus cáineadh freisin nuair is gá) a fháil ó mháistrí na ceirde Davy Russell agus Kevin Manning.

Pobal ag Guí Fiosróidh Catherine Foley an t-athrú as cuimse atá tagtha ar chúrsaí creidimh agus reiligiúin ar an oileán seo ó 1932, bliain na Comhairle Eocairistí.

Croí an Cheantair Súil siar ar shaol atá imithe uainn – grinnstaidéar ar 6 thionscal agus ar na bailte a bhí luaite leo. Thug leithéidí Ford, Ranks agus Comhlacht Siúcra Éireann stádas ar leith don bhaile ina raibh siad lonnaithe, fad a mhair a ré. Ach d’imigh sin agus tháinig seo.

I mBarr do Shláinte Eolas, comhairle agus moltaí ó shaineolaithe leighis ar na haicídí is coitianta agus is marfaí in Éirinn.

Imeall Séasúr nua den tsraith sheachtainiúil ar shaol na n-ealaíon agus an chultúir, léirmheasanna agus tuairscí agus ardán d’ealaíontóirí agus iad i mbun cruthaíochta idir fhís, fhocal agus eile i gcuideachta Tristan Rosenstock.

Nuacht TG4 Súil ar leith ar scéalta réigiúnacha, áitiúla agus daonna. Déantar clúdach

nós 31

ar leith ó chósta an iarthair, ar an nGaeltacht agus ar phobal na Gaeilge ar fud na tíre agus níos faide ó bhaile. Is í an duais-chraoltóir Eimear Ní Chonaola an t-ancaire.

Comhrá Daoine aitheanta agus neamhaitheanta ag nochtadh a gcroí agus scéal a mbeatha do Mháirtín Tom Sheáinín. Beidh iarAirí Rialtais, easpag, file agus go leor eile i measc an chomhluadair a bheidh aige an séasúr seo agus is mar an chéile do Mháirtín cén gradam atá acu.

Opry an Iúir Réaltaí móra an cheoil tíre in Éirinn i mbun ceolchoirme Susan Mc Cann, Jimmy Buckley, Robert Mizzel agus Mary Duff. Beidh an rí féin, Daniel O’Donnell ag cabhrú leo i mbliana.

GAA Beo Beochlúdach eisiach gach deireadh seachtaine ina mbeidh cluichí ceannais na hÉireann faoi 21 i gCraobh TG4 i bPeil na mBan, Rialacha Idirnáisiúnta, Cluichí Ceannais contae agus Craobh Club AIB.

Rugbaí Beochlúdach eisiach ar na cúigí uile agus iad ag imirt sa tsraith nua RaboDirect Pro 12 mar aon le iar-chraoladh agus buaicphointí ar na cluichí i gCorn Heineken.

Róisín Clár nua cainte agus plé le Róisín O’Hara agus a haíonna agus iad i mbun anailíse ar cheisteanna teaghlaigh, oideachais agus sláinte ó chian is ó chóngar.

Spillane an Fánaí An Corcaíoch ceolmhar John Spillane ar aistear cumadóireachta – cuirfidh sé faoi i mbaile beag ar feadh seachtaine, féachaint an dtig leis amhrán nua a cheapadh a dhéanfaidh ceiliúradh cuí ar chroí agus ar anam na háite.


*

32 nós

grianghraif

Nósanna taistil Iontrálacha grianghrafadóireachta ar chomórtas Electric Picnic Ar eagrán na míosa seo caite reáchtáil muid mórchomórtas corraitheach ina raibh ticéid deireadh seachtaine don fhéile cheoil Electric Picnic le buachan. Ba i gcomhpháirt leis An Puball Gaeilge a chuir muid na duaiseanna ar fáil agus bhí ar aon duine a raibh suim acu a lámha a chur ar thicéad grianghraf a ghlacadh díobh féin ag léamh NÓS in áit ar leith agus é a sheoladh isteach chugainn. Chuir go leor Nósadóirí isteach ar an chomórtas – bhí iontrálacha againn ón fharraige, ón spéir, ó shléibhte agus ó stiúideonna ealaíne in Éirinn, sa Ghailís, sa Spáinn, san Iodáil agus sa tSín, i measc áiteanna eile – agus bhí an-dúshlán ar fad roimh an mholtóir agus eagraí An Puball Gaeilge, Rossa Ó Snodaigh. Bhí ardchaighdeán agus samhlaíocht ag baint le cuid mhór de na híomhánna ach sa deireadh roghnaigh Rossa trí ghrianghraf a sheas amach dó ar chúiseanna éagsúla… agus anseo ar na leathanaigh láir tá an triúr ádhúil a bhuaigh na ticéidí leictreacha.

1

Daithí Ó Gordúin – Ag léim isteach san uisce ag Loch Garda i dtuaisceart na hIodáile. “Tá sé ar nós go bhfuil sé stoptha san aer. Lámh ar a smig agus é ag léamh na hirise. Seat den scoth.”


*

grianghraif

nós 33

2

Damian McCann – Ag baint taitnimh as an iris ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. “Teanga bhríomhar, chomhaimseartha, uirbeach í an Ghaeilge, agus tá sé sin le feiceáil sa ghrianghraf seo. A leithéid de chroiméal!”

3

Hannah Ní Bhaoil agus Sam Mag Uidhir – Faoin ghrian ar chósta Thír Chonaill. “Gruaig rua, lá breá gréine, tírdhreach álainn, an-iris agus an corn is iomráití sa saol Fódhlach.”

Comhghairdeas mór le Daithí, Damian agus Hannah agus míle buíochas le gach duine a rinne éacht grianghrafadóireachta agus a ghlac NÓS ar fud an domhain - tá rogha de na hiontrálacha iontach eile ar na leathanaigh amach romhat. Agus ná bí buartha munar bhuaigh tú an babhta seo mar go bhfuil deis eile ann duais a fháil i gcomórtas na míosa seo, a bhfuil breis eolais faoi ar leathanach 52.


34 n贸s

*

grianghraif


*

grianghraif

n贸s 35


36 n贸s

*

grianghraif


*

grianghraif

n贸s 37


38 n贸s

*

Ceol

saol

Go t贸in bruscair


*

saol

Cad é? Níl trácht cloiste agat ar 'dumpster diving' go fóill? Bhuel tá a cuid taighde déanta ag Caitlín Nic Íomhair faoin treocht seo agus roinneann sí an t-eolas linn anseo...

Is beag duine dínn a rachadh go tóin bhosca bruscair le béile na hoíche a sholáthar, ach tá an nós sin ag dul i dtreis i gcathracha móra na hEorpa le cúpla bliain anuas. Tugtar 'dumpster diving' air seo – ransú araidí i nGaeilge – agus shílfeá ar an chéad radharc gurb é réiteach gach faidhbe é. Ní chuirtear bia maith amú, ná an obair agus an fuinneamh a bhí de dhíth lena soláthar. Ní gá é a sheoladh chuig líonadh talún agus, ar ndóigh, margadh iontach atá ann don té atá sách díograiseach lena fháil. Tá cath ar siúil faoi láthair, áfach, idir na daoine a thógann an fuíoll gan chead agus na comhlachtaí nach bhfuil sásta scaoileadh leis in aisce. Ceist achrannach dlí í cé leis an bruscar, agus níltear d'aon tuairim an féidir dlí a chur ar dhuine de shiocair é a 'ghoid'. Tráth dá raibh, thugadh na hollmhargaí a bhfuíoll do charthanas áitiúla – Clann Síomóin agus a leithéid – ach tá an nós sin imithe le sruth, cuid mhaith, le blianta beaga anuas. Cibé rud nach ndíoltar anois, is iondúil go gcaitear amach é. Uaireanta déantar iarracht fiú an bia a mhilleadh trí smál a chur air le nach bhfaighidh dumpster diver éigin greim air. Ní ag caint ar an corr-phíosa toraidh imithe as dáta atá muid ach an oiread. Gnáthchleachtadh laethúil is ea é bia maith a chaitheamh amach toisc go bhfuil sé ag druidim leis an spriocdháta díola (nach ionann agus an dáta dulta ó mhaith), nó toisc go bhfuil smál ar an lipéid, nó nach bhfuil go leor spáis ar na seilfeanna dó. Chuirfeadh sé uafás ort an méid sin bia a fheiceáil ag dul amú. Bíonn cuma sách suarach ar na comhlachtaí a mhilleann a gcuid bia nuair a chuireann tú san áireamh go gcaithfidh siad íoc as a gcuid bruscar, agus nach bhfuil cumas dothuirsiúil ag an phláinéad chun bia a chur ar fáil. Aisteach go leor, is iad na comhlachtaí is galánta is túisce le togha stuif a chaitheamh amach. Coinníonn leithéidí ASDA greim docht ar a earraí agus is fearr leo rud a dhíol ar 10p ná é a chur sa bhruscar. Ní fheicfeá sin go rómhinic i siopaí níos costasaí, rud a chiallaíonn go mbíonn bia d'ardchaighdeán le fáil sna seomraí bruscair má éiríonn leat teacht orthu. Tá cuntaisí ar líne faoi 'haul' dochreidte, scórtha de mhangónna úra nó fiche bhosca fancyáilte seacláide a bhfuil

smál éigin ar an lipéid srl. So, tarraing ort do chuid wellies agus téimis ina bhun! Ó, níl tú cinnte fós? Tuigim duit. Ní bhíonn boladh róálainn i seomraí bruscair, agus baineann sé an snas den bhia is galánta nuair a fheictear é caite i measc fíorbhruscair. Tharla sé go raibh mé i gcomhluadar na ransaitheoirí raidhse seo tráth – i suíomh iomlán dleathach, ar ndóigh – agus d'iarr mé orthu cén fáth a mbacann siad nuair atá bia ar fáil go han-saor na laethanta seo? Luann cuid mhaith daoine an timpeallacht agus ardchaighdeán an bhia, ach tá cúiseanna níos leithlí ann fosta. Nárbh bhreá linn ar fad bia in aisce, go háirithe má tá an bia sin níos deise ná a mbeadh fáil agat air de ghnáth? Tá, fosta, cúiseanna polaitiúla leis. Tá daoine ann nach bhfuil sásta airgead a thabhairt d'ollmhargaí a chuireann an ruaig ar ghnóthaí áitiúla, nach dtugann margadh maith dá soláthraithe, nach n-íocann cáin agus atá luaite le 'union busting' fiú sa tír seo. Is beag rogha eile atá fágtha ag an siopadóir eiticiúil inniu, muna bhfuil slám mór airgid le caitheamh aige. Amharcann na daoine seo – tugann siad 'freegans' orthu féin – ar an fhuíoll mar aisíoc nó díoltas éigin as an dochar a dhéanann gnóthaí móra don phobal áitiúil agus don domhan mór. Tá daoine ann a aimsíonn an bia lena roinnt orthu siúd atá ina dhíth le téann uafáis go gcaithfí bia breá úr amach, agus ba dheacair é a thabhairt orthu. Ach, ní nach ionadh, níl gach dumpster diver ina Robin Hood, agus déanann an corr-dumpster diver dána gnó beag as a aimsíonn sé! Tá sé intuigthe nach maith leis na comhlachtaí an nós seo, mar sin. Ba mhaith le daoine áirid go gcaithfí le ransaitheoirí mar ghadaithe agus trespassers, ach bíonn tuairimí difriúla ag tíortha éagsúla agus leisce ag na péas dul i ngleic le 'coir' chomh suarach léi nach ngortaíonn éinne. Más maith leat tabhairt faoi, tá fáilte romhat san Iodáil, áit a bhfuil sé dleathach, ach bí ar d'airdeall sa Bheilg nó sa Ghearmáin, tíortha inar gcuireadh dlí ar dhaoine dá bharr. Is cosúil go bhfuil sé mídhleathach sa Bhreatain ach nach dtugtar mórán airde air, agus maidir le hÉirinn, níor éirigh liom teacht ar sheasamh ar bith ina thaobh.

nós 39


“Tharla sé go raibh mé i gcomhluadar na ransaitheoirí raidhse seo tráth agus d'iarr mé orthu cén fáth a mbacann siad nuair atá bia ar fáil go han-saor na laethanta seo? Bhí an iliomad cúiseanna acu, an timpeallacht agus an pholaitíocht ina measc.”


*

42 nós

saol

TAYTOV Níl aon cheist níos conspóidí i saol na hÉireann ná an cheist nach féidir linn teacht ar chomhaontú faoi - cé acu is fearr, Tayto an deiscirt nó Tayto an tuaiscirt? Fiosraíonn Mícheál Mac an Bheatha an scéal.

T

á difríochtaí beaga ann idir na Sé Chontae agus Poblacht na hÉireann, tá ceann acu faoi réimeas an Trokia, ceann acu faoi réimeas Bhanríon Shasana (nó mar a deir na meáin sa Phoblacht, 'An Bhanríon'), ach seans gurb é an difear is suntasaí eatarthu ar fad ná... brioscáin phrátaí! Sea a chairde Gael, an cheist atá ag scoilteadh dearthár ó dheartháir ó bhí na 1950í ann: cé acu is fearr, ‘Freestate Tayto’ nó ‘Nordie Tayto’? Tá an bheirt acu tábhachtach ó thuaidh is ó dheas, tá Tayto an deiscirt chomh tábhachtach sin go bhfuil an focal

‘Tayto’ á úsáid do gach cineál de bhrioscáin phrátaí i nGaeilge agus i mBéarla fiú. Stair an dá chomhlachta Ach cén fáth a bhfuil siad difriúil sa chéad dul síos? Aisteach go leor, níl aon nasc idir an dá chomhlacht seo inniu agus ba bheag an ceangal eatarthu riamh, d’ainneoin go n-úsáideann an bheirt acu ‘Mr Tayto’ mar fhear margaíochta. Ba iad Tayto sa deisceart an chéad dream acu ar an tsaol. Bhunaigh Joe ‘Spud’ Murphy an comhlacht i 1954 i ndá sheomra ar cíos ar Shráid an Mhúraigh i mBaile Átha Cliath. Thosaigh sé amach go beag bídeach, ní raibh ann ach Joe, ochtar d’fhostaithe agus veáin. Ní raibh de phraghas orthu ag am sin ach 4 pingin! Ba é Joe ‘Spud’ Murphy an fear a chruthaigh an blas ‘Cáis agus Oinniún’ a bhfuil clú agus cáil air go dtí an lá atá inniu ann, agus cé go bhfuil go leor blasanna eile ann, tá muid ag caint ar ‘Cháis agus Oinniún’ san alt seo gan dabht. Thosaigh Tayto sa tuaisceart dhá bhliana ina dhiaidh in 1956. Fear darbh ainm Thomas Hutchinson a bhunaigh an comhlacht agus shocraigh sé ainm ‘Tayto’ agus oidis Tayto an


*

saol

TAYTO VS deiscirt a úsáid ar ceadúnas – cé go maitear ar shuíomh Nordie Tayto gur smaoineamh s’aigesean a bhí ann! Sin an fáth a bhfuil an t-ainm céanna orthu go dtí an lá atá inniu ann. Tá baint nach beag idir Tayto an tuaiscirt agus seanuaisle na nGael, Clann Uí Annluain. Déantar brioscáin an tuaiscirt in ‘Tayto Castle’ taobh amuigh de Thóin Ré Gaoith i gContae Ard Mhacha, atá breis agus 500 bliain d’aois agus a bhí ina dhaingean ag Clann Uí Annluain go dtí gur goideadh uatha é in 1619. Blasanna éagsúla Ar ndóigh, cé go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil Tayto 'Cáis agus Oinniúin' an tuaiscirt bunaithe ar oideas an deiscirt, tá an dá bhlas go measartha difriúil óna chéile inniu. Ach cé acu is fearr? Bhal, tchítear domsa go mbraitheann sé sin ar cibé áit inár tógadh an blastóir féin! Tá sé de nós ag tuaisceartaigh 'Nordie Tayto' a roghnú thar 'Freestate Tayto' agus, ní nach ionadh, vice versa.Dar ndóigh, chuir Tayto an deiscirt amach brioscáin i nGaeilge do Sheachtain na Gaeilge i mbliana, rud a thaitin linn go léir mar Ghaeilgeoirí – ach ní ceart ligean do sin cur isteach ar ár

gcumas breithiúnais anseo – caithfidh muid a bheith eolaíoch! Fiosrúchán eolaíoch Dar liomsa, tá blas níos láidre ag Tayto an tuaiscirt, seans go mbeadh sé ró-láidir do roinnt daoine. Tá siad géar, garbh, trodach agus más maith leat, tuaisceartach! Tá rud éigin níos séimhe, níos suaimhní, níos fínealta faoi Tayto an deisceart, níl an blas chomh láidir céanna. Ní thugann siad an dúshlán céanna duit. Tá siad níos, bhal, deisceartaí! Ach ní drochrud é sin, seans go bhfuil siad níos deise mar bhrioscáin caithfidh mé a rá – mar bhrioscáin iontu féin, leo féin. Dá mbeadh orm paicéad brioscán a ithe leo féin – roghnóinn Freestate Tayto. Ach cad is fiú brioscáin a ithe iad féin? Is fearr liomsa brioscáin, agus go háirithe brioscáin 'cáis agus oinniún', a ithe i gceapaire, butaithe a dhéanamh astu mar a déarfá. Agus más butaí atá i gceist againn, ní aon rogha eile ann, tá blas láidir 'Nordie Tayto' de dhíth. Sin é mo scéal!

nós 43


*

44 nós

saol

bon profit! Is mian linn anseo ag NÓS go mbeadh ár léitheoirí ag triail eispéireas nua go minic mar sin d'iarr muid ar an chócaire Hugh Corcoran roinnt oideas nach mbíonn againn go traidisiúnta anseo in Éirinn a chur ar fáil dúinn. Is ón Chatalóin a thagann na miasa seo... bain sult! 'Bravas amb alli oli i salsa' • • • • • • • •

x3 Prátaí x1 Ubh x2 Trátaí x3 Ionga gairleoige x1/2 Líomóid Ola Salann Paprika

Gearr na prátaí isteach i gciúbanna agus déan iad a fhriocadh le hola, nó a róstadh san oigheann. Agus tú á dhéanamh sin, gearr na trátaí agus déan iad a chócaráil ar an sorn le salann, giota paprika (de do bhlás féin), salann agus an leath líomóid. Lig dó fuaradh giota agus déan sú amach as le cumascóir. Agus sin déanta, cuir ar an leataobh é agus déan an all i oli. Cuir ubh agus na trí ionga gairleoige isteach i gcupán le giota salainn. Le cumascóir láimhe, déan iad a chumasc agus, go mall, cuir isteach an ola go dtí go bhfuil sé ina uachtar. Nuair atá na prátaí réidh, cuir isteach i mbabhla iad agus cuir an all i oli agus salsa ar a bharr.

V e r m u t a m b s i fó Faigh buidéal fíon morónta nó 'vermouth' (Martini dearg mar shampla). Líon leath gloine leis, cuir oighear agus ológ isteach ann agus líon an chuid eile den ghloine le huisce sóide. Bí i do shuí faoin ghrian, ag streacáilt le póit agus bíodh cairde agus comhrá thart ort.

C o s t e l l e s d e p o r c a m b m e l i h e rb e s Nó 'easna mhuicfheola le mil agus luibheanna' i dteanga s'againn féin. Nuair a chonaic mé é seo ar an bhiachlár i Terra d'Escudella bialann Chatalónach i Sants, Barcelona - ní raibh rogha ar bith eile fá mo choinne... simplí ach blasta. • • • • •

Easna mhuicfheola Mil Herbes de provence Fíon, beoir nó uisce Cuir le chéile iad agus lig dóibh cócaráil san oighean ar feadh 3 uair ag 150C.


*

saol

Cargols • • • • • • • • • •

Anois an sú. x1 Oinniún x2 Duilleog bá x3 Ionga gairleoige x2 Tráta 150g Pancetta Blaisín beag fíon geal nó congac Spúnóg de puree trátaí Paprika Salann

Is seilidí atá i gceist anseo ach na bí buartha... mar a deir lucht Uí Chadhain 'Bíodh misneach agaibh!' Faigheann daoine iad seo mar bhlaisín beag ríomh bhéile mór. Agus tú ag ól vermut amb sifó tráthnóna Domhnaigh le póit ort, tá siad seo galánta... gheobhaidh tú pláta blasta dóibh i La Barraquette, Gracia, Barcelona. Fuair mé an t-oideas seo ón chef agus mé ann.

Is féidir seilidí a fháil sa gairdín anseo. Níl le déanamh agat acu roinnt acu a chur faoi bhuicéad glan, cuir leitís agus lus mín isteach leo – don bhlas – agus lig dóibh ar feadh seachtaine. Ansin, glan iad, cuir isteach i líon nó péire sean-riteoga iad (atá curtha in airde ón tallamh) agus fág ansin iad ar feadh trí lá eile, á nglanadh le huisce fuar don chéad dá lá. Cuir isteach in uisce galach iad ar feadh 5 bomaite agus bain amach iad arís. Déan na hoinniúní a fhriocadh leis an ghairleog. Nuair atá siad bog, cuir an pancetta isteach. Anois, cuir an paprika, salann agus duilleog bá isteach. Déan iad a chócaráil ar feadh 5 bomaite. Ansin cuir an puree trátaí leis agus lig dó meascadh. Anois na trátaí, go dtí go bhfuil siad bog agus te. Go deireanach, an fíon nó congac. Lig don alcól imeacht as agus maolaigh ar feadh 5 bomaite. Cuir an sú isteach i bpota terracotta leis na seilidí agus cuir isteach san oigheann iad ag 200C ar feadh 10 bomaite.

nós 45


46 nós

*

saol

SéamasarSeachrán

saol ar an imeall An mhí seo caite chuir sibh aithne ar Shéamas, cara beag cleasach dár gcuid anseo in oifigí NÓS, a bhí ar a laethanta saoire sa Mheánmhuir agus a sheol roinnt grianghrafanna chugainn óna thuras. D'fhág muid é ar an trá an uair dheireanach – cuma shoineanta air ag sugradh sa ghaineamh – ach is léir nach raibh deireadh lena shaoire ag an phointe sin. Dúirt muid libh go raibh diabhlaíocht ann agus má bhí fianaise ag teastáil uaibh tá sé agaibh i bhfoirm na ngrianghrafanna seo anois. Ar na caithimh aimsire is ansa le Séamas s'againne – nuair nach mbíonn sé ag scríobh filíochta ar ndóigh – ná stunts a dhéanamh, é féin a chur in áiteanna contúirteacha nach rachadh an gnáthdhuine. “Is maith liom mothú an adrenaline,” a deir sé linn. Bhuel bhí eagla orainn go ndéanfadh sé stunt nó dhó agus é thar sáile agus is amhlaidh a rinne. Dhreap sé suas píopa an-ard gan mórán spáis choise ann in aon chor... creideann muid gur léim sé ón bharr ach níor dhúirt sé tada linn.

Grianghraif: Otza


*

saol

nós 47

Ansin chuir sé é féin taobh thiar de bharraí iarainn ar fhuinneog tí – nach é a bhí sásta leis féin? - sular bhain sé barr fhráma dreapadóireachta amach mar a bheadh siúlóir trapize ann.


48 nós

*

saol

Tá an-dúil aige sa nádúr, mar is eol daoibh, mar sin níor chuir sé iontas ar bith orainn gur thug sé aghaidh ar na crainn. “Dá bhfeicfeá an radharc ar an fharraige ón chraobh sin,” a mhínigh sé ar an ghuthán. Ansin, mar a tharlaíonn le Séamas, cuireadh cor ina chinniúint níos moille an lá céanna. Bhí sé ar bís agus corraithe de bharr na n-éachtaí ar fad a rinne sé – bhí sé iontach bródúil as barr an chrainn a bhaint amach – go ndeachaigh sé ar an ól i mbéar faoi scáth na gcrann céanna.


*

saol Níor thug sé mórán eolais dúinn faoin méid a tharla ina dhiaidh sin ach tuigtear dúinn go raibh braon maith ar bord aige agus gur casadh air, eh cara nua, cailín de chuid na háite a chuir suim ina chuid scileanna dreapadóireachta. Is cosúil gur éirigh siad an-chairdiúil go deo mar ní amháin gur thug sí póigín do Shéamas s'againne ach tá an chuma ar an ghrianghraf deiridh a d'fhág sí bronntanas beag aige chomh maith. Tá muid ag fiosrú sonraí an scéil faoi láthair agus beidh tuilleadh óna chuid seachrán sa chéad eagrán eile.

nós 49


*

Ceol

taisteal

Scéalta Gringo - caoimhín ó fearáin i meiriceá theas

Odaisé Amasónach I gcoirnéal i bhfad ó bhaile in oirthuaisceart Pheiriú, timpeallaithe ag foraois bháistí agus gaolta Paddington Bear, tá baile darb ainm Iquitos. Ní ritheann aon bhóthar isteach ann agus ní féidir é a bhaint amach ach ar bhád nó ar eitleán. Ach is eispéireas saoil ag feitheamh romhat anseo, fáilte go fíor-thús na habhann is neartmhaire ar domhain – an Amasóin. Bhí mé cúpla lá in Iquitos sula raibh mé ábalta imeacht. Iontas na n-iontas ní bhíonn an aird chéanna in imchuach na hAmasóine ar sceidil nó ar amchláir... am éigin Déardaoin a bhí ann, a duradh liom, b’fhéidir. Ach bhí mé breá sásta fanacht ann óir, in ainneoin a iargúltachta, is baile iltíreach é. Ach ab iad na tuk-tuks agus an ceannbhrat de crainn tiubha, tá Iquitos mar a bheadh gnáthbhaile de chuid Mheiriceá Theas ann.

An Bhoihéim i measc na gcrann Ta spraoi beoga forbartha ag an daonra áitiúil, atmaisféar Boihéamach a shíníonn ó thábhacht na háite mar phort trádála. Tá eachtrannaigh ag teacht anseo le fada an lá, sna 1880í mheall borradh rubair na linne na hEorpaigh ba shaibhre chuig an bhaile. Ina measc sin bhí Gustave Eiffel a thóg áras galánta ann i stíl Eorpach, Bharóc. Níos déanaí, baineadh úsáid as an mhargadh eicléictiúil Mercado Belen i gceann de scannáin Harry Potter. Sráid ar shiúl ón chearnóg lárnach agus na foirgnimh mhaorga thart timpeall air, ritheann esplanade sultmhar bríomhar le neart bialann, beáranna is áiteanna suí. Uaidh sin is feidir amharc ar an ghabhal a dhéanann an dá abhainn a thagann le chéile chun an Amasóin cheart a mhúnlú.


*

taisteal De réir a chéile bhí na sráidbhailte ag iarraidh gann, bhí daoine á malartú le nádúr, treibheanna ag glacadh áit na 'sibhialtachta' agus bhí an rómánsachas sin a bhí i mo cheann roimh ré á ath-fhostú ionam. Dathanna anseo is ansiúd ar bhruach na habhann, i measc na gcrann is i lár na faiche, thug mé faoi deara na botháin is curacháin adhmaid agus choimhead fir is mná leath-ghléasta ag maireachtáil go macánta nádúrtha i measc an dúlra. Tearmann, saoirse agus suaimhneas cinnte, ach léiríodh dúshláin an hiargultachta domh chomh maith nuair a tugadh fear ar bord, a chos briste aige, é faoi mhíchumas agus na mílte ó aon chóir leighis.

Ón phointe seo sruthlaíonn an Rio Amazonas breis agus 6,000 ciliméadar trasna na Brasaíle chuig Belem agus isteach ar an Aigéan Atlantach. Ní raibh ar intinn agamsa ach leath de sin a sheoladh ach ghlacfadh sé suas le deich lá orm! Ag seoladh amach Ag an chaladh, a bhí tionsclaíoch agus labánach, ach nach raibh ann ach píosa de bhruach abhann le fírinne, d’aimsigh me captaen báid i measc an mhearbhaill agus d’iarr pasáiste chun na Brasaíle air. Bhí íomhá rómánsach agam de bhád caol adhmaid, inneall transaim ar a chúl, ach ní amhlaidh a bhí. Long ollmhór chruach ghránna a bhí san ‘N/M Pachito’, bád iompair earraí tógála le spás leapacha luascáin aici idir na maide iarainn ar a uas-deiceanna leathana folmha. Ní raibh mé iomlán ar mo shuaimhneas uirthi ón tús le fírinne, b'eol dom bagairt na gadaíochta ar na báid ach nochtadh baol an fhoréigin dom fosta nuair a bhris troid throm amach agus muid fós ar ancaire. Ní miste liom a rá go raibh mé beagnach ar cipíní agus mé i m’aonar agus thosaigh á rá liom féin, “What have I got myself into?!” Tar éis tamall fada chuir muid chun farraige. Faoi dheireadh bhí muid ar ár mbealach agus biseach ag teacht orm ar na huiscí donna. Ó am go ham stop muid ag sráidbhailte áirithe ag taobh na habhann agus tugadh an chéad leargas dom ar na comhphobail Amasónacha. Ag trasnú na teorann Faoi cheann cúpla lá bhain muid an teorainn amach agus ghlac mé bád teacsaí trasna chuig taobh na Brasaíle, ag stopadh san Cholóim ar an bhealach. Bhí níthe i bhfad níos eagraithe anseo i Tabatinga... bhí ‘críochfort paisinéirí’ ann fiu, le deasc ticéad, duga cóir agus clár ama iontaofa. Agus i dtaca leis an bhád de, bhuel, bhí sé mar a bheinn ag fanacht san Ritz i gcomparáid lena chuaigh roimhe. Bhí an ‘Voyager IV’ glan, úr agus peinteálite, ach an rud is fearr ná go raibh sé leath chomh mór le go dtiocfadh luas agus rithim na habhann a mhothú.

Suaimhneas coimhthíoch Bhí me breá sásta agus compordach ag síneadh seal uaire ag léamh is ag luascadh i m'ámóg ag tabhairt isteach radharcanna coimhthíocha mo thimpeallachta. Chonaic muid deilfeanna bándearga aisteacha agus chualamar gach saghas fuaime. Sna hoícheanta bhí gealach ollmhór dhearg dár dtreorú agus sna maidineacha spéartha dathúla éirí na gréine dár bhfáiltiú. Ar Lá Neamhspleáchais na Brasaíle d’imir mé cluiche biongó le lucht na loinge, an captaen mar MC, agus bhí giota fuadair againn fosta nuair a tháinig na Policía Federal ruathar drugaí ar bord agus beirt bhan gafa, málaí móra cócaoin i bhfolach acu. D’imigh an t-am isteach agus tháinig ar Manaus, cathair 1.7 milliún i gcroílár na hAmasóine, agus leisce orm imeacht ón bhád agus dul i dtír. A leithéid d'eispéireas i gceann de na háiteanna is iargúlta dá dtiocfadh bheith ann, agus a leithéid de scéal.

nós 51


*

52 nós

comórtas

Comórtas na Míosa Fonn Burrito ort?

Tá nós na mbialann Meicsiceach ag fás anseo in Éirinn le tamall de bhlianta anuas agus is iomaí prionnteach fud fad na tíre anois a sholáthraíonn burritónna, fajitacha agus bia eile ón taobh eile den Atlantach Mór. Ceann de na bialanna sin a mbíonn greim gasta den scoth acu ná Boojum, a bhfuil láithreacht acu i mBaile Átha Cliath, Gaillimh agus Béal Feirste. An mhí seo tá muidne anseo ag NÓS ag tariscint roinnt dearbhán do shiopaí Boojum agus má tá fonn Burrito ort níl le déanamh agat acu tweet glic a scríobh chuig @nosmag roimh 24 Meán Fómhair agus #boojum a chlibeáil sa mhéid a scríobhann tú... éasca péasca! Roghnófar na buaiteoirí ó na tweetannaí is fearr... Beir Bua-jum! :-)

Irisí? Tá na milliúin againn, saor in aisce. An iris seo ina measc.


NÍ THAGANN TADA GAN IARRACHT MUISE, NÍ RAIBH AN TÉ A DÚIRT SIN AG MAGADH


54 nós

*

dearadh

dearadh

Ealaíontóir sa Spotsolas:

Matt Lowry Is ealaíontóir féin-teagasctha é Matt, fear óg de bhunadh Mhanchain ó dhúchas ach atá ag cur faoi agus i mbun cruthaíochta i gCathair na Gaillimhe le tamall anois. Uisce-dhathanna agus aicrilic an dá mheán is mó atá aige ach bíonn sé in amanna ag obair le craiceann chomh maith. Tá beocht ag baint lena chuid píosaí ealaíne, na dathanna ag teacht chun beatha ar an chanbhás agus ag cruthú mhothúcháin na healaíne sráide. Is fear é a bhfuil suim sa ghraifíti aige fosta, ach go háirithe sa réimse liath dlí ina suíonn an ealaín uirbeach, agus tá sé seo le feiceáil ina línte troma agus ina dhathanna a bhuaileann lena chéile go láidir. Chun teacht ar a thuilleadh píosaí ealaíne le Matt, nó le níos mó eolais a fháil mar gheall air, buail isteach chuig a leathanach Facebook faoina ainm féin, Matt Lowry.


*

dearadh

n贸s 55


56 n贸s

*

dearadh


*

dearadh

n贸s 57


*

dearadh


*

dearadh

Fuil agus fuinneamh úr Léiríonn Siún Ní Dhuinn dúinn an fáth a bhfuil eagarthóirí idirnáisiúnta faisin ag díriú ar Éirinn... Deirtear go gcruthaíonn an pobal na meáin chumarsáide agus ní a mhalairt. Má ghlactar leis an teoiric sin, is dóigh liom go bhfuil i bhfad an iomarca cumhachta á bronnadh againn ar lucht na gairme seo. Cé nach féidir an ceangal idir na meáin agus cúrsaí faisin a shéanadh, agus ní dhéanfar é a bhriseadh go deo na ndeor, d’fhéadfaí an nasc láidir sin a lúbadh go bóthar atá níos bisiúla. Dá nglacfaí leis an bhfaisean mar chuid de chultúr na healaíne, ag cur leis an gcultúr saibhir atá saothraithe agus cothaithe sa tír seo cheana, níor ghá go mbeadh éadaí úsáidte mar uirlis a thugann breithiúnas ar dhaoine ach mar phíosaí ealaíne, bealaí chun tú féin a chur in iúl. Ag féachaint trí pheirspeictíocht na healaíne ar dhearthóirí úra na hÉireann, is cosúil go bhfuil athbheochan dár gcuid féin spreagtha i lár cúinsí dúshlánacha eacnamaíochta. Is iad Simone Rocha agus J W Anderson a bhéas faoi sholas agam anseo – d’fhéadfaí iris iomlán a scríobh ar dhaoine eile nach iad atá ag feidhmiú sna ciorcail chéanna. Tá Simone Rocha le feiceáil go minic ar leathanaigh Vogue agus Elle agus í ag tarraingt an clú is mó ar dhearadh na hÉireann faoi láthair. Cé go bhfuil faisean ina fuil agus a hathair John Rocha ar dhuine de na dearthóirí Éireannacha is mó cáil, tá a gort féin á treabhadh ag Simone. Bhain sí duais-sparántacht Elle-Cointreau i mbliana, tá a cuid bailiúchán ar fad sna siopaí idirnáisiúnta is clúití agus tá Lady GaGa gléasta aici, rud a léiríonn an rath atá uirthi.

nós 59


60 nós

*

dearadh

Ina bailiúchán is déanaí, dar teideal Respect Your Elders, ba iad a seanmháithreacha ar an dá thaobh, seanmháthair amháin Éireannach agus seanmháthair eile Shíneach, a spreag chun cruthaitheachta í. Léiríonn sí omós don bheirt bhan ag baint úsáide as ábhair neamhghnácha agus dathanna a chuireann aimsir na seascaidí i gcuimhne. Cé gur éadaí haute couture iad seo, d’fhéadfaí iad a chaitheamh láithreach, agus ní scanrófaí éinne – ní minic gur féidir é sin a rá faoi haute-couture. Ní shamhlaítear Machaire Fíolta, Co. Dhoire, mar ardchathair stíle na tíre seo, ach tá Jonathon William Anderson ag athchruthú na háite i gcomhthéacs an fhaisin. Anuraidh, dhear Anderson bailiúchán speisialta do

Topshop agus ba é an bailiúchán ba mhó díol a bhí ag Topshop ariamh. Tá stíl ar leith ag J W Anderson, stíl íostach agus andraigíneach a thaitníonn go mór le banríon stíl Londain, Alexa Chung agus a cairde Pixi Geldof agus Rita Ora. Murab ionann agus Simone Rocha, tá éadaí d’fhir agus do mhná á ndearadh ag Anderson agus an-tóir ar chruthanna clasaiceacha an fhir óig ón dá inscne. Más eiseamláirí iad Simone agus Jonathon ar cheird an fhaisin Éireannaigh, ní nach ionadh gur roghnaigh Vogue Éire mar shuíomh grianghafadóireachta d’eagrán mhí Mheán an Fhómhair, an t-eagrán is clúití agus is mó díol chuile bhliain. Tá súile géara eagarthóirí faisin ag féachaint inár dtreo, bímís ar an airdeall!


glac sĂ­ntiĂşs linn...


put nós in your hands + FAIGH gach eagrán sa phost gach mí. + CABHRAIGH le togra comhaimseartha uaillmhianach Gaelach. + BÍ ar an eolas faoi bhuntáistí agus imeachtaí speisialta NÓS. + ÍOC anois ar líne le cárta creidmheasa trí PAYPAL ag www.nosmag.com nó le seic/ordú poist do NÓS leis an bhfoirm seo thíos. NÓS Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bóthar na bhFál Béal Feirste BT12 6AH

Ainm / Name: Seoladh / Address: Rphost / Email: Fón / Phone:

ROGHNAIGH SÍNTIÚS: Éire €50 / £40 Sasana, Alba, Cymru £50 An Eoraip €80 Cuid eile den Domhan €90


*

Profile for NÓS.

NÓS 37 - MF 2013  

Laochra Choláiste Lurgan; Ó Riada ath-shamhlaithe; Dumbster Diving; Tayto vs Tayto; Scéalta Gringo ón Amasóin...

NÓS 37 - MF 2013  

Laochra Choláiste Lurgan; Ó Riada ath-shamhlaithe; Dumbster Diving; Tayto vs Tayto; Scéalta Gringo ón Amasóin...

Profile for nosmag
Advertisement