Page 1

nós* iris ghaeilge don nua-aois

eag. 4

SORcAS POLAITIÚIL SAM

Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe

AN PHICNIC AIBHLÉISEACH An raibh tú ann i mbliana?

AN CUMA FAOIN TOISE?

Ceist mhór, nó bheag, na collaíochta

BLAS BARÇA

Cuairt ar an gCatalóin agus go leor eile istigh!


*


fáilte Is obair idir lámha í an iris seo agus tá dul chun cinn á dhéanamh de réir a chéile. Má tá fonn ort cabhrú linn agus síntiús a cheannach anois díreach, téigh go leathanach 5 le haghaidh tuilleadh eolais. Má tá tú ag iarraidh fáil amach cad atá le rá ag eagarfhocal na míosa seo, léigh ar aghaidh, ansin téigh go leathanach 5! ;-) San eagrán is déanaí tá an gnáth-instealladh de cheol (íomhánna ón Phicnic Aibhléiseach san áireamh), scannáin (níos tanaí ná de ghnáth ach beidh ábhar breise againn sa chéad cheann eile), teicneolaíocht (ar an chuisle arís eile), stíl bheatha (na cluichí sin sa tSín), taisteal (alt ionraic ó scríbhneoir siúlach), dearadh (tallann úrnua), faisean (brógaí oiriúnacha), collaíocht (gheobhaidh sibh amach!), léargas (píosa an-ghrinn) agus eile. Tá sin ar fad le léamh agus le feiceáil sna leathanaigh amach romhat mar sin, ach cad faoi na míonna amach romhat...? Bhuel beidh eagrán 5 ag teacht amach i gceann dhá mhí agus beidh sé i gcló chomh maith. Chun do chóip a fháil, agus chun todhchaí nós* a chinntiú, glac síntiúis amach. Go on...

foireann (dhóchasach) nós*

* ***** ***** **


n贸s* i gcl贸! t


Tá a fhios ag an saol Gaelach faoin am seo go bhfuil síntiúis anois ar díol don leagan clóite den iris seo, rud nach gcosnaíonn ach ¤40/£32 má tá cónaí ort in Éirinn! Tá gá lena thuilleadh go fóill - agus beidh fáilte mhór rompu! - ach leis an gcorraíl ar fad faoin fhorbairt uaillmhianach seo, mheas muid anseo ag nós* nár cheart díomá a chur ar ár léitheoirí agus gur chóir eagrán samplach a chur i gcló gan mhoill. Mar sin, beidh eagrán 5 de nós* ar fáil i bhfoirm chlóite dár síntiúsóirí agus ag ár seastán le linn Oireachtas na Gaeilge i gCorcaigh i mbliana. Tá súil againn go meallfar an t-iontas deas seo breis síntiús isteach sa tréimhse amach romhainn agus ansin go gcuirfear tús leis an gcló míosúil sa bhliain úr. Tá a fhios agat mar sin cad atá le déanamh chun do lámha a chur ar leathanaigh na hirise ag deireadh Dheireadh Fómhair! Muna bhfuil síntiús agat cheana, ceannaigh ceann anois go sábháilte ar líne ag www.nosmag.com nó seol seic/ordú poist (íoctha le ‘nós’), mar aon le d’ainm, seoladh rphoist agus seoladh baile, chuig: nós* PO BOX 188 An tIúr / Newry Éire BT35 5BA

tapaigh an deis, cur nós* i do lámha!


istigh 22 TEICNEOLAÍOCHT Samsung Tocco agus teic-nuacht

ceol 9 Pics ón bPicnic Leictreach agus Gaelach 11 Téada 13 Albaim Cinn Éireannacha agus eile

scáileán

t t

19 Léirmheasanna Star Wars - Cogaí na gClón, RocknRolla, Forbidden Kingdom

44 ar taispeáint Laura de Búrca

stíl bheatha

t

27 Cá mhéad? 28 Ìle na hAlban Cuairt ar oileán Gaelach 30 Beatha Béising Súil siar ar na Cluichí Oilimpeacha

taisteal 39 Barcelona 42 An bhfaca tú an Pótaire? An scéal is déanaí faoin rógaire

t

FAISEAN 7 scéimh 36 Buataisí, buataisí

collaíocht 48 An Cailín sa Chathair An cuma sa tsioc faoin toise?

LÉARGAS 52 Sobaldráma SAM Léamh grinn ar thoghcháin na Stát Aontaithe

t t t


* ceol

t


ceol


B’fhéidir nach raibh an aimsir chomh hiontach sin ag an Phicnic Aibhléiseach i mbliana, ach nach cuma? Trí lá den scoth a bhí ann i gcontae Laoise arís le daoine tagtha as gach cearn den tír chun leithéidí Franz Ferdinand, Duffy, Sex Pistols, Sigur Rós, Tinariwen, Kíla, Goldfrapp agus eile a chloisteáil. Sin gan trácht a dhéanamh ar an bpuball Gaeilge a bhí ag an bPicnic den chéad uair riamh - i bhfocal amháin, cool.

picnic


Cuid den spraoi ó Electric Picnic, a bhí ar siúl ar an Sráidbhaile, Laois, ar an deireadh seachtaine deiridh de Lúnasa.


GIG PIC TÉADA An Chultúrlann, Béal Feirste

Tá iomrá mór anois ar ghigeanna Téada agus níor loic siad ar an slua a bhailigh le chéile i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, le déanaí. Seo Óisín Mac Diarmada agus Damien Stenson ón bhanna bríomhar. GRIANGHRAF: KIRITIA IMAGES


t a g a l ceo

?

lann - nó atá in ann ceol - as Gaeilge

Tá nós* ag iarraidh cloisteáil ó bhannaí 7 ceoltóirí a cheo

l a chruthaíonn tú, má tá sé maith agus má Pop, rac, hip hop, gormacha, snagcheol nó trad - is cuma cén sórt ceoi tá Gaeilge agat, déan teagmháil linn anois ar eolas@nosmag.com ach beidh na traiceanna is fearr le Ní hamháin go dtabharfar ardán do bhannaí agus ceoltóirí anseo ar nós* mháil! cloisteáil ar na haerthonnta chomh maith! Bígí ag ceol, bígí i dteag


FOCAIl félim borland

albam agat? Ná déan dearmad go bhfuil nós* ag iarraidh cloisteáil ó bhannaí 7 ceoltóirí a cheolann - nó atá in ann ceol - as Gaeilge. Má tá amhrán nó albam curtha le chéile agat nó ag do ghrúpa, déan teagmháil linn anois chun do cheol nua a phoibliú! Bígí ag ceol, bígí i dteagmháil!

eolas@ nosmag .com

T

á neart daoine tar éis cur síos a dhéanamh ar The Script mar an chéad ghrúpa mór eile: tá an chéad albam seo ag uimhir a haon sa Phoblacht le trí seachtaine anuas agus tá a n-amhrán is déanaí, The Man Who Can’t Be Moved, á sheinm go rialta ag na DJanna ar na stáisiúin raidió i láthair na huaire. Fiú chroch HMV póstaer ollmhór ar aghaidh a siopa ar Shráid Ghrafton san ardchathair chun seoladh an albaim a phoibliú. An fíor don áibhéil fúthu, más áibhéil atá ann? Tá an-aird tarraingthe orthu toisc go meallann a gceol cuid mhór éisteoirí. Tá sé an-éasca éisteacht leis an albam síos tríd agus tá na hamhráin an-oiriúnach do na DJanna mar cheol raidió. Is iad Maroon 5 an grúpa is cosúla leo go ginearálta: popcheol

THE SCRIPT

Eva Cassidy

The Script

Somewhere

hhhhh

hhhhh

milis leis an gcineál liricí céanna nach mór le gach grúpa pop eile. Ní albam iontach é in aon chor, tá siad i ndán ábhar níos fearr a dhéanamh. Cén fáth a bhfuil ag éirí chomh maith sin leo mar sin? Ní sheoltar mórán ceoil nua i rith an tsamhraidh toisc go mbíonn daoine óga as baile, agus is san fholús seo atá albam measartha dá leithéid tar éis fanacht ag barr na gcairteacha. Is fiú éisteacht le We Cry, a gcéad singil – is léiriú maith é ar chóir a bheith gach amhrán eile ar an albam. Ag éisteacht leis an gceol agus leis an gcanadh, shílfeá go mbeifeá ag éisteacht le Backstreet Boys i ndáiríre, ach le bheith cothrom, tá tallann cheoil níos fearr acu nach mbaintear amach ar an albam seo. Ní an ceol is measa ar domhan é, ach is beag cosúlacht go mbeidh an grúpa thart i gceann cúig bliana má leanann siad ar aghaidh ag eisiúint ábhar measartha cosúil leis seo.

M

ar a bheadh splanc ann do leantóirí na mná spreagúla seo a tháinig an t-albam nua Somewhere. Cnuasach de 12 amhrán iomlán nua atá ann, rud a chuirfidh lúcháir ar na milliúin leantóirí atá cothaithe ag Eva Cassidy ó fuair sí bás in 1996. Níl na hamhráin ar ísealchaighdeán ar chor ar bith, mar a tharlaíonn go minic le halbaim nua le ceoltóirí ar shlí na fírinne, ach a mhalairt atá i gceist anseo. Tá éagsúlacht fhíor-leathan réimsí ceoil le sonrú ar an albam, idir na gormacha, cheol anama, agus cheol tíre. Den chuid is mó is a leagan féin ar amhráin Aretha Franklin, Dolly Parton, agus Patsy Cline i measc daoine eile atá ar an albam. Amhráin láidre is ea iad Ain’t Doin’ Too Bad, Chain of Fools agus Won’t Be Long, iad i stíl na ngormacha.

Idir na hamhráin sin agus Walkin’ After Midnight, tá sé deacair duine, óg nó sean, a aimsiú nach dtaitneodh siad leo. Buaicphointí an albaim atá iontu. Den chéad uair tá dhá amhrán dá cuid féin air chomh maith, Somewhere agus Early One Morning. Amhráin áille, shéimhe is ea iad ar ghnáth-stíl Cassidy, an giotár simplí agus guth binn. Sa bhád céanna leo ó thaobh stíle de tá Coat of Many Colours; My Love Is Like A Red, Red Rose; A Bold Young Farmer agus If I Give My Heart. Is fiú go mór éisteacht lena leagan féin de Summertime (George Gershwin) chomh maith. Albam riachtanach do lucht leanúna duine de na hamhránaithe, na ceoltóirí agus na guthanna is tarraingtí ar domhan is ea an t-albam seo agus is beag locht ar féidir a fháil air. Is cinnte go raibh i bhfad níos mó rathúlachta i ndán di, ach luíonn cuid dá háilleacht leis an easpa tionchair a d’imir na lipéid cheoil ar a saothar.


CEOLTÓIRÍ ÉAGSÚLA Indiecator Vol. 2

hhhhh

T

á an coincheap simplí - tóg cuid de na bannaí neamhspleácha is fearr dá bhfuil ann, cuir amhrán amháin ó gach grúpa ar chnuasach digiteach agus díol é ar phraghas maith ar líne. Cur chuige uaillmhianach gan amhras ach an n-oibríonn sé? Bhuel, tá an chuma air go n-oibríonn. Is togra de chuid an bhlagálaí Éireannaigh mp3hugger é indiecater - a bhfuil an dara bailiúchán sa tsraith i ndiaidh theacht amach - agus ar na gnéithe is tarraingtí faoi ar fad ná go dtéann sciar den airgead (níl air ach ¤4.50 ag deireadh an lae) a dhéantar ar na halbaim ar ais chuig na ceoltóirí féin. Thuill an chéad eisiúint moladh go leor ar líne agus i gcló agus ní chuirfidh an ceann is déanaí díomá ar mhórán ach an oiread, lucht indie ach go háirithe. Ar na grúpaí Éireannacha a cuireadh san áireamh an iarraidh seo ta The

Spook Of The Thirteenth Lock as an ardchathair agus Mumblin’ Deaf Ro, a léiríonn a bpríomhamhránaí mianach maith cé nach bhfuil a n-amhrán mealltach What’s To Be Done With El Salvador ró-olc ach an oiread. Cruthaíonn an ceoltóir Ceanadach Montag fuaim atmaisféarach le Going Places agus is deas réamhbhlaiseadh a fháil ar The Ruby Suns as Aotearoa a bheas anseo in Éirinn ag tús mhí na Samhna, ach is iad na grúpaí de chuid na Stát a sholáthraíonn buaiceanna an bhailiúcháin. Ina measc sin tá Eagle Seagull as Nebraska lena macallaí de David Bowie agus liricí greannmhara in I’m Sorry But I’m Beginning To Hate Your Face - is é, is féidir a léamh ón teideal cén saghas traic atá i gceist. Amhrán mór é The Status Quo ó The Van Allen Belt, a bhfuil gliceas nach beag ann chomh maith, agus déanann The Very Most as Boise Idaho (cá háit? eag.) tiúin áthasach chomh cumasach le dream ar bith atá le cloisteáil ar an raidió faoi láthair. Tá an ceol maith ann féin mar sin ach gnóthaíonn an cnuasach seo pointí breise as dul in iomaíocht chruthaíoch leis na lipéidí móra. www.indiecater.com

NÁ DÉAN DEARMAD gur féidir cliceáil ar na naisc sa LEAGAN PDF DEn iris...

...AGUS BEIFEAR IN ANN AN RUD CÉANNA A DHÉANAMH AR ISSUU GAN MHOILL!


an g spota CLUB GAEILGE BHÉAL FEIRSTE

G COOLCHEOL, DJANNA, SÉISIÚIN, DEOCHANNA & BIA AR REIC

AG TEACHT AR AIS GAN MHOILL... www.bebo.com/angspota

Oireachtas na Samhna CORCAIGH 2008 NA COMÓRTAIS Amhránaíocht ar an Sean-Nós Rince Aonair ar an Sean-Nós Lúibíní Agallamh Beirte Scéalaíocht Dreas Cainte Scoraíocht (Daoine Fásta) Seó Ardáin (Daoine Óga) Amhráin Nua-Chumtha

27 Deireadh Fómhair - 2 Samhain 2008

SPRIOCDHÁTA IONTÁLA 15 Meán Fómhair 2008 GACH EOLAS Oifig an Oireachtais, 6 Sráid Fheachair, Baile Átha Cliath 2, Éire Fón: +353 1 4753857 Facs: +353 1 475 876 Ríomhphost: eolas@antoireachtas.ie Idirlíon: www.antoireachtas.ie


*

(advertise anseo) Chun fógra a chur anseo, gabh chuig nosmag.com/fograiocht nó seol rphost chuig fogra@nosmag.com

folúntas

Lionbridge Internet Assessor Type: Part-time / Freelance Duration: On-going Lionbridge Technologies, Inc. (Nasdaq: LIOX) is a leading provider of globalization and testing services. Based in Waltham, Mass., Lionbridge now maintains more than 50 solution centers in 25 countries and provides services under the Lionbridge and VeriTest brands. To learn more, visit www.lionbridge.com The team at Lionbridge Technologies with solution centres in 25 countries worldwide is recruiting part-time self-employed workers who are fluent speakers in Irish and English who are based in Ireland to join its team of Internet Assessors. Requirements: • Good working knowledge of English is essential • Fluency in Irish • We are seeking people who have access to the internet, and confident in using the Internet. • Background in IT is helpful but not essential • For cultural and historical awareness purposes you must be resident in Ireland for 5 consecutive years. The main aim of the work is to improve a search engine’s results for all web users worldwide. The work involves evaluating results of a web search, for their appropriateness to the search query input. You will be required to provide feedback i.e. your opinion of the result displayed. The hours are flexible to fit around your family and home life, so ideal for someone looking for a work-life balance (10-20 hours per week). Please apply to: ie.raters.bal@lionbridge.com with a copy of your CV in ENGLISH ONLY and a cover letter detailing your relevant skill set, hobbies, interests and experiences as well as your nationality and country of residence.


*


scรกileรกn agus ardรกn


FOCAIl tomaí ó conghaile

STAR WARS, CLONE WARS Dave Filoni, PG

hhhhh

Mar is léir ón teideal, tá an bheochan seo suite le linn Chogaí na gClón agus díríonn sé ar iarrachtaí na Jedi an réaltra a shábháil ó scarúnaithe na hImpireachta, mar a bheas ag deireadh na coimhlinte. Tá sé deas ár seanchairde Obi-Wan, Yoda, Jabba An Hutt, C-3PO srl. a fheiceáil ar an scáileán arís, agus is dócha go bhfuil sé sultmhar go leor mar scannán beochana, ach más duine den ghlúin sin tú a d’fhás aníos le Star Wars, agus a chuir aithne ar an trí eipeasóid a tháinig amach sna 80í, beidh díomá ort go cinnte. Ar bhealach is radharc mór fada troda an scannán ar fad, sin in ainneoin nach bhfaigheann aon cheann de na príomhcharachtair bás sa deireadh, na daoine dona san áireamh. Fiú muna mbaineann tú taitneamh ach as na héifeachtaí mórthaibhseacha, taitneoidh Cogaí na gClón go mór le páistí agus sa chiall sin baineann sé a gcuspóirí amach. Bí ag súil le sraith úrnua bréagán gan mhoill.

ROCKnrolla Guy Ritche, 15A

hhhhh

Tá an stiúrthóir Sasanach Guy Ritchie ar ais i mbéal an phobail leis an scannán bithiúnach seo a bhfuil macallaí láidre óna shaothair eile - Lock, Stock and Two Smoking Barrels agus Snatch - le mothú ann. Leanann an t-aicsean Lenny Cole (Tom Wilkinson) - a bhfuil na péas, na húdaráis chúirte agus eile ina phóca aige - agus é ag beartú margadh eastáit réadaigh a dhéanamh le Rúiseach sleamhain sáibhir. Cuireann femme fatale Thandie Newton isteach ar an mhargadh áfach agus is iomaí coirpeach ó fhodhomhan Londan, Gerald Butler aka OneTwo ina measc, atá ag iarraidh a lámha féin a fháil ar chuid den airgead salach. Seans go gceapfaidh roinnt breathnóirí go n-éiríonn an t-aicsean casta ina dhiaidh sin ach tá go leor sa scannán chun tú a choinneáil i do shuíochán. Níl an oiread céanna grinn ann is a bhí i léiriúcháin eile Ritchie ach b’fhéidir go mbeidh amach anseo nó tá sé ráite aige gur tús tríolóige é an ceann seo!

THE FORBIDDEN KINGDOM Rob Minkoff, 12A

hhhhh

Buaileann an tOirthear leis an Iarthar sa saothar Kung Fu seo ina bhfuil beirt de laochra aicsin na linne - Jackie Chan agus Jet Li – le feiceáil ann. Bunaithe ar an leabhar Síneach, Turas Chun an Iarthair, baineann an scannán measartha sultmhar seo le leaid óg as Boston SAM (Michael Angarano) a bhfuil an-dúil sa Kung Fu aige agus ní fada go mbrúitear siar go dtí an tSín ársa é mar gheall ar mhaide órga. Faigheann sé amach gur gá dó an maide a thabhairt ar ais don Rí Moncaí (Li) atá i ngéibheann ag tiarna olc agus cuidíonn an Manach Ciúin (Li) agus Lu Yan (Chan) leis sa phróiseas. Agus is í Liu Yifei cailín álainn an scéil agus carachtar a bhfuil a gcúiseanna féin aici chun cur in éadan an tiarna. Neart aicsin agus píosa grinn ó thús deireadh, is é taispeántais Li agus Chan a chuireann beocht sa scannán, cé go dtéann siad thar fóir ó am go chéile. Le fáil ar DVD go luath.


I bPRIONTA RANNÓG NUA LITRÍOCHTA AG TEACHT GO LUATH


* teicneolaĂ­ocht

t


teicneolaĂ­ocht


samsung tocco Gúthán Gluaisteach Ó ¤39 ar chonradh ó O2, Vodafone nó Meteor

B

a bhreá liom uaireanta dá mbeadh an scór deiridh a thugaim i léirmheas faoi rún go dtí go mbíonn an léirmheas iomlán léite. Sa tslí sin, ní fhéadaidís a dtuairim a bhunú ar an scór sin amháin. Deirim sin mar tá i bhfad níos mó sa Tocco ná fón a ghnóthaigh 4/5 ó iriseoir éigin. Léiríonn sé an t-athrú ollmhór atá tagtha ar mheon an phobail i leith na Gaeilge. Dár ndóigh, ní rud mór é do Samsung fón a chur ar fáil as Gaeilge - tá na dosaein teanga éagsúla acu cheana féin. Ach léiríonn an fón seo go bhfuil suim ag daoine sa Ghaeilge taobh amuigh de thithe thabhairne Chonamara agus Ghaoth Dobhair, agus is sin a chuireann iontas agus áthas ar phobal na Gaeilge. An fiú é a cheannach mar sin? Bhuel, in ainneoin go bhfuil an iPhone i ndiaidh a suíomh sa mhargadh a thuilleadh trí bheith an-mhaith ar fad, is fiú go mór siúl a chaitheamh ar an Tocco. Ní hamháin go bhfuil sé níos saoire le ceannach, ach tá an conradh a ghabhann leis níos saoire chomh maith, agus tá sé ar fáil go héasca ar phlean réamhíocaíochta, más mian leat. Fón é an Tocco a sheasann amach ón iomaíocht ar mhórán slite. Ní hamháin

an scáileán tadhail - atá an-mhaith ar fad - ach an pacáiste ar an iomlán. Beagán níos mó ná cárta creidmheasa, agus díreach os cionn cm ar tiubhas, tá an Tocco méid mór níos lú

Tá an comhéadan úsáideora, agus an córas giuirléidí, iontach snasta freisin agus tá an seinteoir ceoil chomh maith le beagnach aon rud ar an margadh - iPhone san áireamh. ná an iPhone. Ó thaobh úsáide de, tá mórán cosúlactaí idir an dá fhón. An taon áit ina bhfuil an iPhone go soiléir chun tosaigh ná ina bhrabhsálaí, ach fiú ansin níl an Tocco lag, go díreach.

hhhhh

Tá an oiread sin maith a fhéadfá rá faoin Tocco gur deacair cinneadh cad le fágáil amach. Cinnte is fiú an ceamara 5 meigeaphicteilín a lua - tá sé thar cinn. Freisin an tuarthéacs as Gailege - mar aon le chuile rud eile as Gaeilge - atá ar fheabhas. Tá an comhéadan úsáideora, agus an córas giuirléidí, iontach snasta freisin, agus tá an seinteoir ceoil chomh maith le beagnach aon rud ar an margadh iPhone san áireamh. Chun díriú ar lochtanna an Tocco ar feadh soicind, áfach, ní hamháin go bhfuil sé gan Wi-Fi, ach freisin gan GPS, dhá rud atá ag an iPhone. Freisin tá sé gan ach 240MB spás stórála móide pé cárta mSD atá agat. I gcodarsnacht, tagann an iPhone le 8GB nó 16GB. In ainneoin a chuid lochtanna, seasannn iarracht Samsung amach ó fhormhór an slua atá ann faoi láthair. Is fút féin an bhfuil sé níos fearr ná an iPhone, ach tá neart aige chun dul in iomaíocht le fón mór Apple. Agus murach go bhfuil wi-fi agus GPS in easnamh, bheadh 5/5 aige, agus mo mholadh thar an iPhone.

FOCAIl diarmuid ó muirgheasa eagarthóir teicneolaíochta


TEIC-nuacht

* windows 7

* MAÍOMH APPLE In ainneoin an dul chun cinn do-chredite atá déanta ag an iPhone go dtí seo, níl chuile rud ag dul treo Apple. Le déanaí, chinn an ASA (Advertsing Standards Agency) i Sasana go raibh fógraí Apple don iPhone míthreorach, ó gur mhaíomh siad “...all parts of the internet are on the iPhone”. Gan tacaíocht do Flash nó Java, is léir nach bhfuil sé seo iomlán fíor, agus rinne baill den phobal gearán faoi. Pé slí é, bua don tomhaltóir, agus cic mór sa tóin d’Apple.

D’fhoilsigh Microsoft beagán níos mó eolais faoi Windows 7, an OS atá le teacht i ndiaidh Vista. Níl an oiread sin sonraí nua ann, ach ar a laghad tá siad i ndiaidh fáil ré le “Windows Se7en” mar shlí chun é a scríobh.

Beidh córas tadhail lárnach san OS nua smaoinigh an iPhone ar scáileán mór - agus tá an-bhrú ar Microsoft é seo a fháil i gceart i ndiaidh na ngearán ar fad faoi Vista. Deirtear gur cheart bheith ag faire amach dó timpeall Eanáir 2010.

* ÍOC LE DO GHUTHÁN! Tá an todhchaí anseo - nó ar a laghad tá sé sa tSeapáin, agus má éiríonn le rialatas na Seapáine a bplean a chur chun cinn, beidh sé anseo go luath freisin. Wallet phones atá i gceist, a ligfidh duit d’fhón a úsáid mar chárta creidmheasa. Go luath amach anseo, gach seans go bhfeicimid an teicnolaíocht chéanna, FeliCa, in úsáid mar eochracha don teach, mar thicéidí don traen nó bus, nó in iliomad áiteanna eile. Mar a dúirt an té a dúirt, “We live in interesting times...”.


* DEUS EX MACHINA

Is dócha go bhfuil tú ag smaoineamh gur íomhá ó iris sci-fi í seo ach i ndáiríre is gluaisfheithicil nua í atá deartha ag an mac léinn Jake Loniak. Deus Ex Machina is ainm don ghluaisrothar seo ar féidir leat á

chaitheamh, agus tá Yamaha tar éis tacú leis an gcoincheap. Níl aon cheann acu réidh go fóill ach meastar go rachaidh sé ó 0 go 60 i dtrí shoicind agus gurb é 75msu an luas is airde a dhéanfaidh sé.

Tá clogad mar chuid den fheithicil féin agus tá an mótar - a úsáideann teicneolaíocht hibride - sa roth lárnach. Ní fios fós an mbeidh tú in ann síob a thabhairt do do chairde áfach...


stĂ­l bheatha


?

cá mhéad

47.4cm

Fad an éisc órga is mó ariamh

4

Líon na gcartún a bhí faoi chaibidil againn san eagrán deireannach. Ná déan dearmad go bhfuil muid ag iarraidh moltaí do níos mó!

moltaí agat do chartúin ar bith eile? abair linn! eolas@nosmag.com

5

An líon is mó riamh de Ferrero Rocher a itheadh i nóiméad amháin

19

Líon na ndaoine as Lucsamburg a thug cuairt ar shuíomh nós* go dtí seo!


Ìle, ar leac an dorais T

á a fhios ag an té a bhfuil cur amach aige ar stair na hÉireann agus na hAlban go bhfuil ceangal cultúrtha idir an dá thír ag dul siar ar a laghad go dtí an séú haois nuair a thrasnaigh Gaeil na hÉireann Sruth na Maoile agus a bhunaigh Dál Riada. Ó shin i léith, tá nasc láidir teangeolaíochta agus staire idir muintir na hÉireann agus muintir na hAlban agus le blianta beaga anuas táthar ag déanamh tréan iarrachtaí an dá thír a thabhairt le chéile ó thaobh cúrsaí cultúrtha de. Mar léiriú ar an obair atá á déanamh leis seo a thabhairt i dtír, tá dhá ionad

oideachais atá lonnaithe in iarthar na hAlban, Sabhal Mòr Ostaig (Oileán Sgitheanach - www.smo.uhi.ac.uk) agus Ionad Chaluim Chille (Íle - www.ile.ac.uk) ag reáchtáil cúrsaí teanga agus cultúir le Gaeil ar dhá thaobh an tsrutha a thabhairt le chéile. Agus, leis seo a dhéanamh níos fusa ar phócaí na rannpháirtithe, cuireann an eagraíocht Colmcille (www.colmcille.net) sparánachtaí ar fáil a chlúdaíonn formhór a gcuid costas.

CÚRSA IÚIL Ag deireadh mhí Iúil, chuaigh mé féin

go hÌle le freastal ar an chúrsa ‘Gàidhlig na hAlban do dhaoine le Gaeilge na hÉireann acu’. Ba é seo an darna huair domh a leithéid de chúrsa a dhéanamh ná d’fhreastail mé ar chúrsa den chineál céanna in Sabhal Mòr Ostaig trí bliana ó shin ach bhí an eispéireas iontach difriúil an iarraidh seo. Bhí tuairim is 15 cloigeann againn as Éirinn ag freastal ar an chúrsa i gcuideachta deichniúr eile de lucht Ghaeilge na hAlban a bhí ansin le Gaeilge na hÉireann a fhoghlaim. D’fhág dosaen againn Baile an Chaistil ar luasbhád tráthnóna Dé Domhnaigh. Lá breá

anoir aduaidh FOCAIl CÓILÍN Ó FLOINN

gréine a bhí ann agus leoga, char stad muid ag ceol gur bhain muid Port Ilein amach in Ìle. Bhí muintir an choláiste (Lorraine, Sine agus Anndra – Go raibh céad maith agaibh!) ag fuireacht linn ag an ché le muid a thabhairt go dtí ár lóistín. Bhí mise ag stopadh in óstán an Lochside (www. lochsidehotel.co.uk) atá suite i gcroí lár baile Bogh Mòr agus b’ansin a bhíodh an chraic achan oíche ar feadh na gcúig lá a chaith muid san oileán. Tá Ìle ar an oileán is deise d’Éirinn amach ó chósta na hAlban agus dá bharr sin tá ceangal stairiúil idir tuaisceart na tíre,

o

GALÁNTA AGUS GAELACH: Port na h-Abhainne

GRIANGHRAF: www.islayinfo.com


Co. Aontroma go háirid, agus Ìle. Níor ghlac sé i bhfad orainn mar chuairteoirí cruthúnas a fháil ar an cheangal seo. D’fhreastail muid ar rang teanga gach lá ó 10:00 r.n. – 4:30 i.n. agus cé go raibh sé dian go leor bhí craic ar dóigh ann. Bhí an t-ádh orainn go raibh cainteoir dúchais as Eilean Leodhais, Beathag Mhoireasdan, againn mar mhúinteoir. Bean í Beathag a bhfuil urraim aici dá teanga dhúchais agus a thuigeann go maith an ceangal atá idir an dá chanúint ná tá scoith Ghaeilge na Éireann aici fosta.

TURAIS LAE Le linn na seachtaine, eagraíodh dhá thuras leathlae dúinn; turas go Finlaggan nó Port an Eilein mar a bheireann lucht na Gaeilge air, an áit a raibh tiarnas na n-oileán lonnaithe ar feadh na gcéadta bliain, agus turas eile go Sanaig

Mòr, an áit a bhfuil leac tógtha i gcuimhne na loinge The Exmouth a chuaigh go tóin poill amach ó chósta Ìle agus 241 Éireannach ar bord uirthi. Dhá thuras a léirigh stair ársa Ìle agus an ceangal atá aici le hÉirinn.

UISCE BEATHA GO LEOR: Ceann den iliomad drioglann atá le fáil ar Ìle

Bhí muintir na ranganna uilig géarchúiseach go maith ina gcuid staidéir agus ní raibh leisc nó cotadh orthu canúint na háite a labhairt le muintir an oileáin nó eatarthu féin. Bhí idir ghlantosaitheoirí agus dhaoine a raibh gráinnín de Ghaeilge na hAlban acu cheana féin ag freastal ar na ranganna agus bhí siad ar fad breá sásta cuidiú lena chéile. Bhí sé de bhuntáiste againn fosta go raibh oiread ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí sa ghrúpa agus a choinníodh ag dul go maidin muid!

*

gluaisghaelach stair turas cultúrtha ársa eagraíocht costas iontach ar dóigh

eachdraidh sgrìob cultarach àrsaidh eagrachadh cosgais glè sgoinneil

lóistín rang dúchas oileán buntáiste fosta leisc maidin

àite-fuirich clas dùthchasach eilean buannachd cuideachd leisg madainn GRIANGHRAF: www.islayinfo.com


Thart, go ceann 4 bliana eile. Breathnaíonn Cillian de Búrca siar ar Cluichí Oilimpeacha ‘08

beatha g n i s i e b


G

ach ceithre bliana tagann thart faoi 200 tír le chéile ar an ardán idirnáisiúnta chun páirt a ghlacadh sa chomórtas spóirt is mó ar an domhan - na Cluichí Oilimpeacha. Tá an traidisiún seo ag dul ar aghaidh ó 1859 nuair a cuireadh na cluichí nua-aimseartha ar bun agus, i mbliana, tháinig breis agus 10,000 lúthchleasaí go Béising na Síne agus iad ar fad san iomaíocht do bhoinn óir, airgid agus chré-umha. Agus is scéal cinnte é nach ndéanfar dearmad ar na cluichí seo go ceann i bhfad. Ar dtús, bhí an Meiriceánach, Michael Phelps, ag briseadh curiarrachta ina dhiaidh curiarrachta sa linn snámha. Ina saol spóirt go dtí seo tá 14 bonn óir bainte ag ‘The Baltimore Bullet’, rud nach ndearna fear spóirt ar bith eile i stair na gcluichí agus tá go leor ag tabhairt “an tOilimpeach is fearr ariamh” air cheana féin. Ansin bhí an reathaí Iamácach, Usain Bolt, a d’fhág an iomaíocht ina dhiaidh gan stró sa rás 100m, ag críochnú in 9.69 soicind, agus ag baint amach curiarracht úr dhomhanda ag an am céanna. Ní raibh dabht ar bith go raibh Iamáice i gceannas sa reathaíocht i mbliana nó chuaigh siad chun an bhaile le 11 bonn san iomlán, iad uilig buaite ar an raon.

“Ní raibh Éire gan bhua ach an oiread agus ba í buaic an chomórtais don oileán seo nuair a phioc an dornálaí Kenny Egan bonn airgid suas ar lá deireanach na gCluichí. Ní raibh an bua gan chonspóid áfach...” Ar ndóigh, ní raibh Éire gan bhua ach an oiread agus ba í buaic an chomórtais don oileán seo nuair a phioc an dornálaí Kenny Egan bonn airgid suas ar lá deireanach na gCluichí. Ní raibh an bua gan chonspóid, áfach, agus d’éiligh traenálaí Egan gur chaill na moltóirí cuid mhaith pointí ar ghnóthaigh sé, agus nach raibh an cluiche cothrom. “Is cinnte go bhfuair Kenny trí nó ceithre urchar ach ní dheachaigh an

scór suas”, arsa Billy Walsh. “Níl na réiteoirí is fearr againn mar go bhfuil muid ag iarraidh gach mórroinn a shásamh.” Bhain Paddy Barnes agus Darren Sutherland dhá bhonn cré-umha ar son na tíre chomh maith, rud a thabharfaidh uchtach nach beag do dhornálaíocht na hÉireann don tréimhse amach romhainn. Cé nach bhfuil Barnes ach 21 bliain d’aois, tá go leor déanta ag an Fheirsteach óg cheana féin, é ag baint Chraobh na hÉireann in ‘07 agus ‘08. Moltar duit súil a choinneáil amach don ghasúr seo nó seans maith go mbeidh a ainm i mbéal an phobail arís ag Cluichí Londan 2012. Anois, ní thiocfadh labhairt ar na Cluichí i mbliana gan tagairt a dhéanamh don oscailt oifigiúil sa staidiam galánta, An Nead Éin. D’amharc breis agus 6 billiún ar fud an domhain ar na mílte tinte ealaíne agus na taispeántais ollmhóra daonna. Críochnaíodh an seó ar fad le loirg ollmhóra choise déanta de thinte ealaíne ‘ag siúl’ ó Chearnóg Tiananmen fríd an chathair go dtí an Nead féin. Mar an gcéanna le cúpla rud eile áfach is cosúil nach go raibh na lorig seo go hiomlán fíor nó baineadh úsáid as éifeachtaí speisialta le cuid de na tinte a dhéanamh!

o


Ar ndóigh, is cluichí iad seo nach bhfuil go hiomlán gan smál - rinne roinnt tíortha baghcat orthu in ‘76, ‘80 agus ‘84 – agus maítear go minic go mbíonn iomaitheoirí go fóill faoi aois, sin gan trácht ar fhadhb na ndrugaí go ginearálta. Ach cé a chreidfeá go mbeadh an chonspóid ann agus a bhí againn i mbliana? Sular thosaigh na Cluichí féin fiú bhí agóidí ar fud na cruinne in éadan rialtas na Síne agus a mhíchliú maidir le cearta daonna. In áiteanna áirithe, bhí foireann slándála de dhíth mar ar thaistil an Tóirse Oilimpeach ar a thuras traidisiúnta domhanda - rinne duine amháin iarracht é a ghoid ó Konnie Huq de chuid Blue Peter i Londain go fiú. Ba é “Domhan Amháin, Brionglóid Amháin” mana na gCluichí i mbliana ach tá an chuma ar an scéal nach gcreideann gach

aon duine go fóill go bhfuil An tSín sásta athrú agus fáilte mar is ceart a chur roimh an saol nua-aoiseach. Agus níor stop an dráma ansin. Le linn na gCluichí, leis an chomórtas Taekwondo ag teacht chun deiridh agus cinneadh conspóideach déanta, cad é a rinne an trodaí Cúbach ach an réiteoir a chiceáil sa chloigeann! Níor bheag an racán a lean ina dhiaidh, agus cuireadh cosc saoil ar Angel Valodia Matos gan mhoill. Ón chéad dul síos - nuair ar vótáladh breis agus 7 bliain ó shin go raibh na Cluichí ag dul go Béising - bhí a fhios ag gach duine go mbeadh siad speisialta. Agus níor chuir an náisiún is mó ar domhan díomá orainn ar chor ar bith. Bhí Béising 2008 ar cheann de na Cluichí ba mhó agus ba dhathannaí ariamh. Má thug an oscailt oifigiúil léargas dúinn

“Le linn na gCluichí, leis an chomórtas Taekwondo ag teacht chun deiridh agus cinneadh conspóideach déanta, cad é a rinne an trodaí Cúbach ach an réiteoir a chiceáil sa chloigeann!”

ar stair na Síne, d’fhág an ceiliúradh deiridh gan focal muid, ag taispeáint taobh eile nua-aimseartha den tír chumannach. Chríochnaigh na Cluichí leis an óstach, An tSín, ar bharr bhord na mbonn le 51 bonn óir agus 100 bonn ar an iomlán. Lean SAM agus An Rúis sa darna agus tríú háit. Agus díreach mar a bhí na Cluichí seo ag druidim, bhí caint ar an chéad ócáid eile ag toiseacht cheana: Londain i gceann 4 bliana. Ghlac an méara úr, Boris Johnson, an brat Oilimpeach ar an oíche dheireanach sa Nead Éin mar shiombail go bhfuil an ‘comhaireamh síos’ tosaithe. An mbeidh gach rud réidh in am? An bhféadfadh siad bheith choíche níos fearr na Béising 2008? Cá bhfios...

*


*

(advertise anseo) Chun f贸gra a chur anseo, gabh chuig nosmag.com/ fograiocht n贸 seol rphost chuig fogra@nosmag.com


*


FAISEAN agus SCÉIMH


Buataisí, Buataisí Agus an fómhar ar an mbealach seo sampla de na buataisí is úire ón suíomh wellieboots.com Bí ullamh, mar a deir siad!

Beidh SINÉAD NÍ CHURNÁIN ar ais in eagrán 5


i nGaeilge na r ar fe is n รกi hr m ha na de a nu รกn hr Leab acht go luath! hร‰ireann 7 na hAlban ariamh... ag te


taisteal


a n o l e c r a b s a bl


I

s í Barcelona príomhchathair na Catalóine agus is í an dara cathair is mó i stát na Spáinne. Tá níos mó ná milliún go leith duine ag cur futhu sa chathair féin agus níos mó na trí mhilliún ina gcónaí sa cheantar uirbeach maguaird. Anois, cé gur cathair ársa í, níl mórán den stair sin le feiceáil anois mar is áit nuaaimseartha í seo amach is amach.

“Is é an rud is iontaí faoin Sagrada Família nach bhfuil sé ar dhóigh ar bith críochnaithe, cé gur thosaigh siad á thógáil in 1882.”

ANTONI GAudÍ Is dócha gurb é an tsiombail is mó den nuaaoiseachas seo ná an t-ailitire clúiteach Antoni Gaudí (1852-26) atá freagrach as cuid mhór d’ailtireacht agus de stíl a cathrach dúchais féin. Is é teach an phobail Sagrada Família saothar mór s’aige. Chan áibhéil ar bith a rá nach bhfuil léamh ná scríobh ar an fhoirgneamh seo, mar sin de, ní dhéanfaidh mé aon iarracht anseo. Ba chóir do gach duine a fheiceáil. Fiú muna bhfuil spéis agat an eaglais a fheiceáil, is sampla é den dóigh ar féidir leis an chine daonna airgead a chur amu! Tá sé dochreidte. Is é an rud is iontaí faoi áfach ná nach bhfuil sé ar dhóigh ar bith críochnaithe, cé gur thosaigh siad á thógáil in 1882 agus táthar ag obair air ó shin a bheag nó a mhór. Tá an obair ag dul ar aghaidh de réir a chéile le hairgead ón gheata agus ó fhoinsí eile. Táthar ag súil go gcríochnófar é tuairim

ar 2026 - anois ní saineolaí mé ach tá mé in amhrás faoi sin. Dá bhfeicfeadh sibh é thuigfeadh sibh cad chuige. Tá sé ráite gur dúradh le Gaudi, “Ach ca huair arbh fhéidir é a chríochnú?” agus gur fhreagair sé, “níl deifir ar bith ar chliant s’agamsa”.

LA rAVAL Dar le gach leabhar taistil a léigh mé gan dul chuig La Raval gan chúis mhaith agus má tá ort dul le linn na hoíche, glac tacsaí - agus muise tá na tacsaithe glé mhaith i mBarcelona. Anois, ní eisceacht ar bith an ait seo. ná bac leis. Tá sé lofa agus dubh le gadaithe - bhí mé féin ansin ar feadh tríocha soicind agus chonaic mé na smugacháin seo i mbun oibre, shíl mé go raibh sé de dhualgas orm cuidiú leis an turasóir bocht a bhí ag cailleadh a chuid

FOCAIL CIAráN duNBAr stuif ar fad ach, buíochas le Dia, d’éirigh leis an ghasún óg a mhála fháil ar ais. Seo focailín i bhur gcluasaibh a chairde, coinnígí greim agus súil ar bhur gcuid earraí i gcónaí i mBarcelona, ná glac leat ach a bhfuil de dhíth ort, má tá duine éigin níos cairdiúla leat ná mar a bheifeá ag súil leis, ná bac leis nó léi. Agus ná bac le cearrbhachas sráide, níl ann ach gadaíocht. Cosúil le go leor áiteanna mar sin, má tá tú ar an airdeall beidh chuile rud i gceart ach má tá tú bómánta ar chor ar bith, goidfear bhur gcuid stuif - muna bhfuil tú sásta mar sin bheith ar an airdeall agus tú ann, ní Barça an áit saoire dhuitse.

LAs rAmBLAs Tá clú agus cáil ar Las Ramblas agus is fiú go mór dul ann, ar feadh tamaillín ar scór ar bith – níl aon amhras go bhfuil beocht ar leith sa tsráid mhór fhada seo. Tá rudaí ar díol ann, rudaí le feiceáil ann, ard-spraoi ann agus, i gcónaí, neart daoine ag iarraidh do chuid airgid a ghlacadh uait chomh maith! Tá neart tithe tábhairne iontacha ann ar Las Ramblas fosta, agus sna ceantair maguaird, ach bíodh a fhios agaibh go bhfuil na praghasanna ar Las Ramblas níos airde ná áit ar bith eile sa chathair. Sin ráite, más ar laethanta saoire atá tú, seo an áit mhór spóirt dhuit agus ní bheifeá chomh buartha sin is dócha.

o


Is í Barceloneta an áit is fearr liom sa chathair, cé nach bhfuil sé fada ar shiúl ó Las Ramblas tá sé i bhfad Catalóine níos deise agus níos suaimhní ná é. Tá neart bialanna maithe ann agus ní bhíonn an méid sin daoine ann is a bhíonn in áiteanna eile. Chomh maith leis sin, tá sí suite cois farraige agus tá trá deas go leor ann, cé go mbíonn sé plodaithe le linn an lae. Anois agus bialann luaite agam, is é bia mara an bia is flúirsí i mBarcelona,

sliogiasc ach go háirithe. Go ginearálta, tá an caighdeán bidh iontach ard ar fad. Dar ndóigh tá tapas ar fáil gach áit fosta. ní miste liom féin tapas ach is féidir leo bheith ró-dhaor - is oth liom e50 a chaitheamh ar an méid sin bia, ach tá mise santach is dócha! Cosúil le gach áit turasóireacht ar an saol seo, b’fhearr dul chuig na háiteanna a bhfuil muintir na háite ag dul chucu, bheidh na praghasanna i bhfad níos lú.

Bus TurÍsTIC Is seirbhís de scoth é an Bus Turístic, molaim go mór é. Is féidir cúpla lá a chaitheamh ag dul thart orthu - foife do thurasóirí! Téann na busanna thart ar thrí thuras i dtólamh, timpeall na n-áiteanna is suimiúla atá le feiceáil sa chathair agus is féidir léim amach in áit ar bith agus ar ais arís áit ar bith eile. Tá sé slán sábháilte agus is féidir gach rud tábhachtach sa chathair a fheiceáil leis. Is dócha go gcaithfidh mé an pháirc mór a lua! Do lucht na Cicpheile tá an Camp nou ann, baile FC Barcelona, sea, Camp nou a deirim chan nou Camp mar atá acu in Albainis uladh! Ciallaíonn Camp nou díreach ‘Páirc nua’ in Català. níor bhac mé leis caithim a admháil!

AN CHATALóINIs Agus ag caint ar an teanga áitiúil, tá an Chatalóinis chuile áit - gach rud

dátheangach nó i gCatalóinis amháin, fiú i ngnólachtaí príobháideacha. Ar an láimh eile, áfach, níor chuala mé mórán di i bhfírinne, bhí sí báite ag na mílte teanga eile atá á labhairt ann. Chan ionann sin is a rá nárbh fhiú cúpla frása Catalá a fhoghlaim, fiú má tá Castellano agat, ná bíodh aon dabht ann, beidh daoine níos cairdiúla leat mar gheall air. Ba bheag nach bhfuair mé bualadh bos nuair a dúirt mé ‘si us plau’ – go raibh maith agat - i mbialann mar shampla! Ar an iomlán, chaith muidne - bhí dís againn ann - seachtain i mBarcelona ach sílim go déanfadh trí nó ceithre lá cúis, agus is barúil í sin a bheadh ag cuid mhór cuairteoirí eile ar labhair mé leo. Is oth liom cur síos measartha a dhéanamh ar an Chatalón ach is meascán é. Is cinnte gur áit riachtanach don taisteálaí é ach chan ionann iad siúd agus daoine a bheadh ag iarraidh package holiday. níl mé cinnte an mbeadh sé fóirsteanach do pháistí ach an oiread. Is cathair í Barcelona do Ghaeil óga a bhfuil fonn taistil agus spraoi agus eachtraí orthu agus atá sásta saoire chultúrtha bheith acu seachas seachtain ar an drabhlás go díreach. Go n-éirí libh!

*

Ar CLé: Túr Agbar THuAs: Las Ramblas ón aer

{FOCAL AR FHOCAL}

BArCELONETA

hola haigh Adéu siau (adieu saú) Slán go fóill Si us plau (soíos plaú) Go raibh maith agat no ho entenc (noh an-tainc) ní thuigim on és el lavabo? (on es el la-vabo) Cá bhfuil an leithreas? Salut Sláinte

Que parla anglès? (cé parla ain-gléas?) An bhfuil Béarla agat?


an pótaire ceart BHÍ ÁR gcara an pótaire ag staonadh den ól le tamall anuas. ansin d’ól sé pionta. ansin ceann eile. agus ceann eile. you get the drift. agus blas pórtair ar a theanga arís, ní raibh sé in ann stad. fuair muid glaoch go raibh sé i maigh eo, glaoch eile go raibh sé ag ceiliúradh i bport láirge. cá bhfios? NÍL A FHIOS AGAINN FAIC SEACHAS GO DTÓGFAIDH SÉ SOS CHUN ALT A SCRÍOBH AR CHLUB CHONRADH NA GAEILGE, BÁC, SA CHÉAD EAGRÁN EILE. BHUEL, TÁ SÚIL AGAINN.


* ar taispeรกint

t


ar taispeรกint


LAurA dE BúrCA - EALAÍNTEOIr Bunaithe i mBáC, d’fhreastal Laura ar nCAD, áit ar bhain sí céim amach in 2004. ó shin tá dhá leabhair do pháistí i gcló atá maisithe aici, mar atá ‘Cleití órga’ agus ‘Puisín’ - www. litríocht.com Tá ealaín le haghaidh clúdaí albaim déanta aici le déanaí, ina measc sin bailiúchán do www. indiecater.com atá faoi léirmhéas againn ar CeoL an mhí seo. Tá sraith de phriontaí ar shíoda aici le feiceáil ar www.flickr.com/photos/lauradeb Seo roinnt samplaí dá cuid saothar.


Ar an leathanach roimhe Windmill, agus thíos Jardín Wallpaper

Thuas Puisín ina coladh, agus an chéad leathanach eile Apple Oíche


collaĂ­ocht


Foras feasa an tseomra leapa A

n dea-scéal d’fhir atá buartha mar gheall ar chúrsaí toise ná gur cuma linne, na mná, don chuid is mó. Deir na fir i leith cíocha gur cur amú níos mó ná dornán (no bolgam, fiú) agus is fíor sin i leith na boid chomh maith. Cinnte tá mná ann a bhfuil dúil thar cuimse acu i mboid mhóra, ar an dóigh chéanna go bhfuil fir ann freisin nach dtugann aon aird ar mhná cosúil liomsa, na A-cups. An rud is tábhachtaí (nó an rud is mó, más maith leat...) ná go léiríonn tú muinín ionat féin agus do bhata, agus go bhfoghlaimíonn tú conas an chuid is mó a dhéanamh de pé maoin atá agat. Buartha nach mbeidh dóthain agat len í a shásamh? Bí umhal, agus beidh tú ábalta, obair go toiliúil agus tiocfaidh sí. Bíonn deacrachtaí ag mórchuid na mban súnás a bhaint amach gan mhéirínteacht agus béal-spreagadh ar aon nós, mar sin is fiú go mór duit na fotha a chur fuithi sula dtugann tú

“Bíodh misneach agaibh mar sin, lads, mar ciallaíonn sé go bhfuil dúil againn ionaibh as bhur bpearsantachtaí seachas bhur bpéinis...” blúire di. Tá go leor piseoga ann maidir le conas fear le bod mór a aithint, ach i mo thaithí níl aon cheann acu fíor. Srón mhór, cosa agus lámha móra... seafóid. Baineadh stangadh asam uair nuair a thug me stumpa breá d’fhear abhaile liom; bhain mé na size 12s dó, ansin na jeans, ag súil go mbeadh rud éigint

Babhta #5: An cuma sa tsioc faoin toise?

cailín sa

toirtiúl ag fanacht orm ina fhobhrístí. Ní raibh! (i gceart dó, ba chuma mar bhí cártaí cúil eile aige le himirt orm). Ach sin í an fhadhb, ní bhíonn a fhios agat ariamh go dtí mbaineann tú na brístí dó, agus ag an bpointe sin caithfidh tú an méid is fearr a dhéanamh de pé fearas fireann atá romhat. Bíodh misneach agaibh mar sin, lads, mar ciallaíonn sé go bhfuil dúil againn ionaibh as bhur bpearsantachtaí seachas bhur bpéinis... Ar ndóigh, tagann mná i dtoiseanna éagsúla chomh maith, cé go gcuirfear an bhéim ar fad ar thoisí na bhfear de ghnáth. Cé go dtuigeann daoine go dtagann méadú ar an bhfaighin tar eis do bhean leanbh bheith aici, glacann siad leis go bhfuil chuile cheann mar a chéile seachas sin. Ní amhlaidh atá, ar ndóigh! Bíonn fad agus leithead, doimhneacht agus cuair i gceist leo

o

m chathair

spanishexposition.blogspot.com


oiread céanna is a mbíonn leis na boid. Agus oiread le lámha agus cosa móra na bhfear, ní haon leid an chuma atá ar an mbean - ramhar nó tanaí, ard nó íseal - ní féidir tomhais a dhéanamh faoi thoise na pite bunaithe ar na rudaí seo. Tugtar aitheantas do na héagsúlachtaí seo i mbíobla na collaíochta, an Kama Sutra. Déantar rangú ar na fir agus na mná bunaithe ar mhéid a mboid (an lingam) nó doimhneacht a bpiteanna (an yoni) - sasa (giorria), vrisha (tarbh) agus asva (capall) do na fir, agus mrigi (eilit), badava (bó) agus hastini (eilifint) do na mná. An smaoineamh a chuirtear chun cinn sa leabhar ná go bhfuil daoine éagsúla níos oiriúnaí mar lánúin dá chéile ná mar a bheadh daoine eile... ach go bhfuil bealaí thart ar na rudaí seo i gcónaí. Agus tá - bréagáin agus bealadh! Rud amáin, áfach - ní mholfainn duit bó nó eilifint a thabhairt ar do bhean ariamh... Tá an tuiscint ann go coitianta gur fearr pit bheag bheith ag bean, mar sin tá chuile seans go mbeadh sí maslaithe nó go gceapfadh sí go bhfuil tú ag déanamh tagairt dhímheasúil dá meáchan (mar arís, tá an tuiscint ann go bhfuil tanaí níos tarraingtí ná corp cuarach). Agus cuma cad eile a dhéanann tú sa seomra leapa, ná déan dearmad ar riail #1: Mol an cailín, agus tiocfaidh sí. Maidir leis na boid, glacfar leis go coitianta gur is mó is fearr ach ní gá go mbeadh sé amhlaidh. Ní gan fadhbanna a bhíonn na boid mhóra... brú craicinn agus cistíteas ina measc. Is féidir leis bheith thar a bheith taitneamhach nuair a bhuaileann a bhod in aghaidh muineál d’fhaighne, ach b’fhearr duit a bheith olaithe go maith - mar is féidir leis a bheith thar a bheith míchompórdach nó pianmhar fiú muna bhfuil tú réidh lena aghaidh.

“Dar leis an Kama Sutra go bhfuil daoine éagsúla níos oiriúnaí mar lánúin dá chéile ná mar a bheadh daoine eile... ach go bhfuil bealaí thart ar na rudaí seo i gcónaí. ” Agus ós rud é go mbíonn ar a laghad 5 orlach ann de ghnáth idir liopaí na faighne agus an muineál, ní i gcónaí a tharlaíonn sé. Bíonn go leor bealaidh ag teastáil agus ghlacfadh bean a bheith sách cróga le tabhairt faoi ghnéas tóna le bod ollmhór cuma, cá mhéad bealaidh a bheadh in úsáid aici. An deá-scéal d’fhir nach bhfuil 5 orlach le sparáil acu ná nach bhfuil an G spota ach 2 orlach ó liopaí na faighne, agus scéal níos fearr fós ná nach gá duit dul ag tóraíocht fiú leis an mbrillín a aimsiú. Tabhair dóthain aire di siúd agus beigh tú togha. Chomh maith leis sin tá suímh áirithe a oireann níos fearr do bhoid níos lú - bain taitneamh as babhtaí trialacha go dtí go n-aimsíonn sibh ceann a thugann sásamh daoibh beirt. Ag deireadh an lae, tá tábhacht leis an toise sa chiall go mbíonn comhoiriúnacht áirithe ag teastáil don chomhriachtain, ach ní hé deireadh an domhain é mar go bhfuil go leor cleasanna collaíochta eile gur féidir a úsáid agus sibh ag baint sásaimh as a chéile. Is leor bod, don eolach.

*


* lĂŠargas

t


lĂŠargas


Sobal SAM ar an Breatnaíonn Concubhar Ó Liatháin idh scéinséir polaitiúil i Meiriceá Thua


N

íl ach ocht seachtain ramhra le dul go dtí an lá cinniúnach – 4 Samhain – nuair a bheidh an toghchán is mó cainte agus tuairimíochta le cuimhne na ndaoine á reáchtáil i Stáit Aontaithe Mheirceá. Sa chúinne gorm, an dath a luaitear leis an bPáirtí Daonlathach, tá fear gorm tanaí le hainm aisteach, Barack Obama, agus a leathbhádóir, Joe Biden, seanadóir sna seascaidí ó Pennsylvania Agus sa chúinne dearg, tá an t-iarchime cogaidh ó aimsir Vítneam, John McCain, agus a rogha don LeasUachtarántacht, Sarah Palin, gobharnóir Alaska, máthair hacaí (cothrom Alaska do mhathair CLG!) agus, an gá é a rá, bean óg dhathúil a bhuaigh an gradam Miss Wasalia (cothrom Wasalia do Rós Thrá Lí) roinnt blianta ó shin. Cibé rud eile a deirfí faoi thoghchán Uachtarántachta Mheirceá, níl sé leadránach. Le bheith beacht, is é an sorcas

polaitiúil is mó agus is tarraingtí ar domhan agus tá an ceol, an rasmatás agus an gleo a bhaineann le seó sorcais de chuid Barnam agus Bailey nó Duffys ag gabhail leis.

BLIAIN SA tSIÚL Sin in ainneoin gur cuireadh tús leis an aicsean beagnach bliain go leith ó shin nuair a d’fhógair Barack Obama go raibh sé chun tabhairt faoin bhfeachtas Uachtarántachta taobh amuigh de Theach Pharlaiminte Illinois, an chéad oireachtas ar toghadh é chuige. Beag duine a shamhlaigh, fiú Obama féin b’fhéidir, go mbeadh sé á ainmniú mar iarrthóir ag Hillary Clinton ag an gComhdháil in Denver mar a tharla. Radharc é nach bhféadfaí a shamhlú ag scríobhnóir an tsobaldráma pholaitiúil The West Wing – an clár a spreagann ár suim sa toghchán seo go mbeadh rogha

na n-údar don Uachtarántacht i 2008 – gan bacadh le hainmniúchán na nDaonlathach, ag moladh ó urlár na Comhdhála go dtoghfaí an t-ollamh le dlí seo leis an ainm aisteach d’aon ghuth mar iarrthóir an pháirtí. An deacracht le Hillary le linn fheachtas na dtoghchán tosaigh gur chreid sí a bolscaireacht féin, agus rugadh uirthí mar a rugadh ar Chiarraí i gCluiche Ceannais na Mumhan.    B’fhéidir gur aici a bheidh an gáire deireannach áfach - mar a bhí ag na Ciarraígh - nó má chailleann Barack Obama i mí na Samhna, beidh Hillary ar bharr an liosta don ainmniúchán in 2012 agus má bhíonn sí ceithre bliana níos sine an uair sin féin, beidh sí óg i gcomparáid le John McCain, a bheidh 76 nuair a chríochnaíonn sé a chéad téarma sa Teach Bán. Ach sin scéal le haghaidh lá níos faide anonn, ceithre bliana ón lá seo.

o


Is minic é ráite go bhfuil cuma thoghcháin Uachtarántachta Mheirceá ag teacht ar thoghcháin sa tír seo agus ar an dtaobh seo den Atlantach i gcoitinne.   Deirtear é sin mar go bhfuil an dealramh ar an scéal i Meirceá go bhfuil béim níos mó ar phearsantachtaí na n-iarrthóírí nó polasaithe na bpáirtithe. Seachnaíonn sin an bhun-fhírinne – bíonn gach toghchán mar gheall ar phearsantachtaí agus cé go ndeirtear go bhfuil tábhacht le polasaithe, níl ann ach cur i gcéill.

“...creideann 12% den toghlach gur Moslamach é Barak Obama mar gheall ar a ainm neamhghnách.” Nuair a bhuaigh George W Bush ar John Kerry in 2004, ba í an cheist ba mhó a bhí ar bharr gach teanga, is cosúil, gurbh fhearr le vótálaithe Mheirceá dul amach le haghaidh dí le George W ná le John Kerry. Sin in ainneoin gur alcólaí é George Bush atá ag staonadh ón deoch le blianta fada! Tá sé mar gheall ar phearsantacht – agus is é an tréith is tábhachtaí sa phearsantacht don toghchán ná an cumas atá acu airgead

a bhailiú.   Ceaptar go mbeidh $1bn an duine caite ag Obama agus McCain roimh dheireadh an fheachtais, an cuid is mó de sin caite ar fhógraí sna meáin chumarsáide.  Tá buntáiste ag Obama sa rás seo nó tá seisean tar éis na céadta mílte deontas a fháil ó bhaill dá lucht tacaíochta, $10 anseo, €50 ansiúd.  Ciallaíonn sé sin go mbeidh ar a gcumas sin leanúint orthu ag tabhairt airgid go dtí an deireadh gan aon bhaol go sáróidh siad an teorainn phearsanta de $2,300.  Tobar airgid é seo nach ndeachaigh iarrthóirí sa tóir air roimhe – agus tá sé ar a laghad chomh lán leis an tobar corparáideach a bheidh McCain, ar miliúnaí é féin ar aon nós, ag brath air.

CEIST AN CHREIDIMH In éineacht leis an mbéim seo ar airgead, tá béim freisin á cur ar sheasamh reiligiúnach na n-iarrthóirí.  Tá pobalbhreitheanna i Meirceá ag tabhairt le fios go gcreideann sciar súntasach den toghlach, 12%,  gur Moslamach é Barack Obama de bharr a ainm neamhghnách (Obama, cosúil le Osama, an dtuigeann sibh?). Phléasc conspóid níos luaithe i mbliana de bharr an méid a bhí le rá ag an Urramach Jeremiah Wright - an séipléineach ag an eaglais a thaithigh teaghlach Obama in Chicago - ina chuid searmóintí ina raibh cáineadh géar ar sheasamh SAM i leith an chine ghoirm, i leith na nArabaigh agus eile. Bhí ar Obama tuairimí neamhbhalbha a sheancharad – cé nár léir gur aontaigh sé

o

John McCain


riamh leo – a shéanadh de bharr an méid brú a cuireadh air ón eite dheis, go háirithe leithéidí Fox News. Tar éis do Obama Wright a shéanadh, tá brú á chur air anois maidir le ráiteas a rinne a bhean chéile, Michelle, a dúirt nach raibh sí bródúil as Meirceá go dtí gur ainmníodh a fear mar iarrthóir don Uachtarántacht. Dá mhéad deacrachtaí a chothaigh an tUrramach Wright dó, beidh sé níos deacra air máthair a pháistí a chur ó dhoras! Níl aon diospóireacht tosaithe go fóíll idir an bheirt iarrthóír – ach cuireadh faoi agallamh iad ag an Tréadaí Rick Warren, soiscéalaí teilifíse de chuid na heite deise Críostaí i SAM.   Ceistíodh iad faoin dearcadh a bhí acu i dtaobh ginmhilleadh – an cheist mhór mhorálta sa toghchán seo ós rud é go bhfuil cead ginmhillte ag mná i Meiriceá mar gheall ar an gcinneadh a ghlac an Chúirt Uachtarach sa tír sa chás clúiteach Roe vs Wade. Thug Obama freagra seachantach is fadalach ach dúirt McCain go lom díreach go raibh sé ar son na beatha ó uair na giniúna.  An fáth a bhfuil an cheist sin tábhachtach, thar cheisteanna eile, ná go gcreidtear go bhfuil níos mó fonn ar vótálaithe atá in éadan ginmhilte vóta a chaitheamh.

Creideann siad gur ceist beatha is bás í agus go bhféadfadh a vóta beatha linbh a shábháil.

TINREAMH NA VÓTÓIRÍ Is ceist thábhachtach í tinreamh na vótóirí i mí na Samhna.  In 2004, fuair John Kerry 8m níos mó vóta ná mar a fuair Al Gore in 2000.  Is cuimhin linn gur chaill Al Gore an toghchán sin, ar éigean, de bharr na ‘hanging chads’ in Florida. Chaill John Kerry mar gur éirigh le George W Bush 12m vóta a chur lena thacaíocht, éacht polaitiúil gan sárú i stair thoghcháin Mheiriceá. 

“...ceithre bliana níos déanaí agus is é George W Bush an míbhuntáiste is mó atá ag John McCain.” An uair sin ba í an cheist a spreag na Críostaithe chun taisteal ina sluaite go dtí na botháin vótála ná ceist an aitheantais do phóstaí lánúnacha aonghnéis, agus ba chinniúnach an cheist í is cosúil. Ceithre bliana níos déanaí agus is é George W Bush an míbhuntáiste is

mó ag John McCain. Níl Uachtarán i stair na bpobalbhreitheanna le níos lú measa ná é i measc an phobail – níl ach tuairim is 20% a chreideann go bhfuil ag éirí leis. Is í an teachtaireacht is láidre atá ag Obama nach féidir cur suas le ceithre mhí eile gan bacadh le ceithre bliana eile den chineál mírialtais a bhí ann faoi George W, agus gurb eisean an tUachtarán a chuirfidh claochló iomlán i gcrích.  Deireadh le duairceas George W Bush – agus tús le ré úr. ‘Happy Days are here again’ mar a bhí san amhrán toghcháin ag Franklin Delano Roosevelt, an Daonlathach a bheartaigh an ‘New Deal’ agus a chur deireadh leis an gcosc ar ólachán i SAM sna 1930í. Go fóill, áfach, tá John McCain ag iarraidh é féin a chur i láthair mar an Poblachtanach nach ionann agus George W. Bush. An éireoidh leis? Nó an é an fear gorm leis an ainm aisteach atá ag iarraidh fís Martin Luther King a fhíorú a bhéarfaidh an lá leis? Sin ceisteanna nach bhfreagrófar go dtí 4 Samhain. Is cinnte go bhfuil casadh nó trí le teacht sa scéinséir polaitiúil idir seo agus sin.

*

Sarah Palin


liosta imeachtaí UA TR

CEOLN CEOLNUA STUIFFTRAD SCANNÁIN EILE

Tá tús á chur anseo le liosta nua imeachtaí de na hócáidí is fearr atá ar siúl sa saol Gaelach in Éirinn agus thar lear. Cur d’imeacht féin sa liosta! Seol rphost chuig liosta@nosmag.com

CEOL NUA Rasta Ruaidh Córas Fuaime Rasta Ruaidh Reggae Gaelach ar an chéad Satharn de gach mí, Club Ghort na Móna, Béal Feirste Club Daon-Phoblacht Club Gaeilge Chorcaí, The Roundy, Sráid an Chaisleáin, Cathair Chorcaí, 3 Meán Fómhair, 8.30in. €3

STUIFF TRAD Club Chronáin Ranganna Seite 7 Sean-Nós Gach Aoine, 8.00in-10in Ceol, Rince & Amhránaíocht Gach Aoine, 9.30in Cead Isteach: €4 eolas@araschronain.com 01-4574847 Glór na Móna Oíche Ghaelach le ceol traidisiúnta, amhráin Ghaeilge agus tráth na gceist Cumann Ghort na Móna, gach dara Déardaoin sa mhí

Gaeil Óga Oirialla Oíche Ghaelach le craic agus ceol sa The Real McCoy, An Mullach Bán, Ard Mhacha Theas Aoine dheireannach den mhí

EILE IMRAM - Féile Litríochta Gaeilge Imeachtaí litríochta, Ionaid éagsúla, Baile Átha Cliath 16-30 Meán Fómhair www.poetryireland.ie/ whats-on/imram.html Oireachtas na Samhna Mór-imeacht bliantúil na Gaeilge, Corcaigh 28 Deireadh Fómhair - 2 Samhain www.antoireachtas.ie Na Cnocadóirí Siúlóidí rialta Gaeilge i sléibhte Bhaile Átha Cliath 7 Chill Mhantáin Fáilte roimh bhaill nua i gcónaí www.cnocadoiri.com


nós

EAGráN 5 Ar FáIL LE hÍOsLódáIL AGus I gCLó: sAmHAIN

BEIdH AN CHéAd EAGráN EILE I gCLó BÍ CINNTE GO mBÍONN sé AGAT... GLAC sÍNTIús BLIANA ANOIs! Má tá aon mholadh agat do nós*, nó dá mba mhaith leat cur leis an iris, seol rphost chuig eolas@nosmag.com


nós* - eagrán 4  

Electric Picnic; Cuairt ar Barcelona; Indiecater; Cluichí Bhéising; Toghcháin SAM; RocknRolla; Samsung Tocco agus Laura De Búrca.

Read more
Read more
Similar to
Popular now
Just for you