Issuu on Google+

iMúscraí

Litir ó Dhaidí na Nollag chuig páistí Mhúscraí L8

Nuachtlitir Chomharchumann Forbartha Mhúscraí

Eagrán #3, Dé hAoine 2 Nollaig 2011

http://www.imuscrai.com

SAOR IN AISCE

Suairceas snó!

Múscraí mórtasach ag an Oireachtas

Seo Liam Ó Cróinín ó Bhéal Átha’n Ghaorthaidh a rug leis Corn Chuimhneacháin Amhránaithe Mhúscraí ag an Oireachtas i gCill Airne ag tús na míosa seo caite. Bhí go leor ó Mhúscraí páirteach sna comórtais is buadh go leor duaiseanna. Maith sinn!

Diarmuidín Ó Súilleabháin, a cailleadh um an dtaca seo i 1991. Maireann a chuimhne san Éigse

Plean teanga - an chéad chéim eile

Cuireadh d’ionadaithe bheith ar mheitheal teanga

Tá meitheal anois bunaithe chun tabhairt faoi feoil a chur le plean teanga Mhúscraí - ach tá fáilte roimh bhaill nua i gcónaí. Ag cruinniú a reáchtáil an Comharchumann le déanaí, bunaíodh an meitheal a bheidh anois ag teacht le chéile go rialta chun tabhairt faoi réimsí éagsúla de phlean teanga Mhúscraí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. B’í Marie Ní Chríodáin, MA sa Phleanáil Teanga, an príomh chainteoir ag an gcruinniú a reáchtáladh i gCúil Aodha ar an 11ú

Samhain. As Cluain Droichead do Marie ach tá an t-iarscoláire de chuid Coláiste Ghobnatan díreach cáilithe le Máistreacht sa Phleanáil Teanga ó Acadamh na hOllscolaíochta Ghaeilge sa Ghaillimh. Dar le Marie, a rinne a tráchtas ar phleanáil teanga i Múscraí, tá obair ar phlean teanga fite fuaite le forbairt phobail. I measc na gcúraimí a bheidh ar an meitheal ní mór spriocghrúpaí éagsúla a aithint agus na riachtanais ar leith atá ag gach grúpa chun níos mó Gaeilge a úsáid ina saoil

laethúla a aithint. Tá gá le tuilleadh daoine ar an meitheal seo. Beidh an chéad chruinniú eile ann ar a 8in ar an Déardaoin, 18ú Eanáir, i gCuan Barra i mBéal Atha’n Ghaorthaidh. Beidh fáilte roimh ionadaithe ó choistí, eagrais, clubanna agus ón saol gnó bheith i láthair agus páirteach ar an oíche. Beimíd ag iarraidh orthu bheith páirteach sa mheitheal oibre seo. Tuilleadh eolais ó Choncubhar Ó Liatháin, Bainisteoir an Chomharchumainn.

A meitheal to further develop Múscraí’s language plan was formed at a recent meeting in Cúil Aodha. Further members are welcome to join in the work. The next meeting will be in Cuan Barra, Béal Atha’n Ghaorthaidh on 18 January. Further info from Concubhar Ó Liatháin, the Comharchumann manager.

Nollaig Shona ó Chomharchumann Forbartha Mhúscraí

Beidh amhránaithe óga ó Mhúscraí agus ó Ghaeltachtaí eile na hÉireann is na hAlban ag canadh i dteannta a chéile anocht (Dé hAoine, 2ú Nollaig) agus ‘snó’ á sheoladh in Áras Éamonn Mac Suibhne i gCúil Aodha. Cuid den cheiliúradh é seo ar Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin - féile i gcuimhne ar an amhránaí shean nóis agus an Múscraíoch agus féile atá 20 bliain ag fás i mbliana. Is é seo an dara uair don Éigse agus Aisling Gheal ‘snó’ a eagrú. Bhí sé ar siúl don chéad uair i 2001. Tá tacaíocht ag an mbeart ó Ealaín na Gaeltachta agus Comharchumann Forbartha Mhúscraí. Beidh nasc ann le hamhránaithe óga ó Alba - agus beidh An Poc Ar Buile á chanadh acu mar chuid den imeacht. Beidh sé seo ar fad ar fáil ar www.eigse.ie, suíomh idirlín na hÉigse.

Oifig Sheirbhísí Teanga Mhúscraí Ionad Óige Dónal Ó Liatháin Cúil Aodha Co. Chorcaí. Teil: 026 65781 085 8130777 http://www.imuscrai.com


2

Suirbhé

iMúscraí

Dé hAoine, 2 Nollaig 2011

Ceisteanna againn oraibh...

Tá go dtí 12 Eanáir agaibh an suirbhé a líonadh. Tá go leor freagraí faighte go dtí seo, go háirithe ó Chill na Martra, ach tá gá le tuilleadh chun léargas ionadaíoch a thabhairt ar na riachtanaisí ar fuaid Mhúscraí ar fad. Seol chuig: Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Cúil Aodha iad. Beidh boscaí i siopaí áitiúla freisin. Ainm:

Treoir

Name: Ceantar: Area: Guthán: Phone: R-phost: Email:

Ciseán d’earraí ó Mhúscraí atá le buachaint

An bhfuil aon áis spóirt go mbainfeá úsáid as ach nach bhfuil ar fáil i do cheantar? Is there any sports facility you would use that is not currently available in your area?

An mó duine i do chlann? How many in your family? 0-12bl/yr 12-18bl/yr 18b/yr+

An bhfuil aon seirbhís/áis go mbainfeá úsáid as ach nach bhfuil sé ar fáíl i do cheantar? Is there any service/facility which you would use but isn’t available in your area?

An bhfuil aon seirbhis ar cheart don Chomharchumann cur ar fáíl? Is there any service you would like the Comharchumann to make available?

Cad é an sprioc ar cheart bheith ag an gComharchumann do 2012? (marcáil 1,2..in órd tosaíochta) What main aim should the Comharchumann have in 2012? (Please mark 1,2 in order of preference.)

Cur chun cinn na Gaeilge Promotion of Irish language Forbairt turasóireacht chultúrtha Cultural tourism development Forbairt áiseanna/seirbhísí phobail Developing community facilities/ services Tacú le coistí pobail/áitiúla Supporting local/commuity groups Sprioc eile? Another aim?

X X

X

Cad é an teanga an tí? What is the language of the household? Gaeilge/Irish Béarla/English Gaeilge agus Béarla Eile/other Más eile, cén teanga? If other, specify? An mbeadh suim agat freastal ar ranganna Gaeilge? Would you be interested in attend ing Irish classes Bun Libhéal/beginner Meán libhéal/Improver Ard Rang Gaoluinn Mhúscraí

X

X

X

X

An mbeadh suim agat togra turasóireachta chultúrtha a bhunú?Would you be interested in establishing a cultural tourism initiative?

Sa léaráid thíos tugtar léargas ar na seirbhísí/na h-áiseanna atá ar fáil This is a snapshot of the available facilities and services in i ngach ceantar. Sa chás go n-úsáideann tú áis go seachtainiúil, cuir x i Múscraí. Please indicate if you’re a weekly user by marking ‘x’ in mbosca #1. Cuir x i mbosca #2 más úsáideoir laethúil tú. box #1. If you’re a weekly user, mark ‘x’ in box #2. Cúil Aodha

Halla pobail/Ionad Chultúrtha Community hall/Cultural centre Oifig an Phoist Post Office Naíonra Nursery Scoil Náisiúnta National School Staisiún na nGardaí Garda Station Meánscoil Secondary school Ionad Óige Youth Centre Club Óige Youth Club Páirc súgartha Playground Ionad Seirbhísí Teanga Language Services Centre Ionad Sláinte Health centre Ionad lae d’aosaigh Day centre for elderly citizens Ionad Athchúrsála Recycling facility Margadh feirme/pobail Farmers/community market Páirc Spóirt Sports field Ionad/Seirbhís Iar Scoile After School Centre/Service

X

#1 #2

Baile Mhúirne/Baile Mhic Íre

X

#1 #2

Cill na Martra Reidh na nDoirí

X

#1 #2

X

X X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X X

#1 #2

Béal Átha’n Ghaorthaidh

X X X X

X X X X X

X X X

X

X X X

X X

X X

#1 #2

Más sea, tabhair sonraí If yes, give details. An bhfuil aon moladh agat chun feabhas a chur ar an nuachtlitir seo? Do you have any suggestions to improve this newsletter?

X

X

Go raibh maith agat/Thanks


Dé hAoine 2 Nollaig, 2011

Nuacht

iMúscraí

Ealaíon Mhúscraí san Ionad

Cúpla focal

Anois teacht na hÉigse - agus tá sé in am do thaispeántas bliantúil Ealaíontóirí Mhúscraí san Ionad Chultúrtha i mBaile Mhúirne. Osclaíodh an taispeantas ar an Déardaoin, 1 Nollaig, agus tá sé ag dul ar aghaidh go dtí 19ú Nollaig. Is cinnte go mbeidh ana shuim ann nó tá saothar ar thaispeáint ann ó phéintéirí, dealbhóirí, ealaíontóirí cheirmigh is gloine. Ina measc tá Bernadette Ní Choitir, Helen Ní Chuill, Pauline Dodds, Marie Foley, Gearóid Ó Duinnín, Meredith Flandreau, Máire Ní Shuilleabháin, Suzanne O’Sullivan, Maura Whelan agus Helene Willems Bogel.

Saothar de chuid Helene Willems Bogel a bheidh le feiscint san Ionad Chultúrtha.

Pobail faoi bhagairt

Stáisiún na nGardaí i mBéal Átha i mbaol dúnta Tá crios na géarchéime ag teannadh orainn go léir agus is léiriú í an mbuairt atá ann go mbeidh staisiúin na nGardaí in iarthar Chorcaí á ndúnadh ag an Aire Dlí agus Cirt laistigh de chúpla seachtain. Bhí slua breá i láthair i mBéal Átha’n Ghaorthaidh le déanaí chun a gcuid imní faoin gcinneadh seo a chur in iúl. Tá sé beartaithe ag an gcoiste a cuireadh ar bun ag an gcruinniú cruinnithe a lorg leis na ceannfoirt éagsúla de chuid na nGardaí- an Ceannfort i Maigh Chromtha agus an Phríomh-Cheannfort i nDroichead na Banndan. Cé go bhfuil tuairimíocht láidir ann go bhfuil staisiúin na nGardaí le dúnadh ar fud iarthair Chorcaí, tá imní breise i mBéal Átha’n Ghaorthaidh i bhfianaise cinneadh An Post an Oifig a’Phoist a dhúnadh sa sraidbhaile Gaeltachta um an dtaca seo anuraidh. Tá cosaint bhreise ag Béal Átha’n Ghaorthaidh agus ag staisiúin na Gardaí eile sa Ghaeltacht mar gheall ar na gealltanais atá tugtha ag An Garda Síochána de réir na Scéime Teanga atá aontaithe acu leis an Aire Gaeltachta de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ní raibh aon scéim aontaithe ag An Post anuraidh - cé go raibh sé

3

An slua ag an gcruinniú phoiblí i mBéal A large crowd attended a recent meeting in Ballingeary to express concern over the possibility the local Garda Station may be closed due to Garda cutbacks. Action is being taken by a local committee and those concerned should sign the petition locally and fill the survey in this newsletter. aontaithe acu go mbeadh sé ullamh roimh mí Lúnasa 2009! Gan amhras ní fios an bhfuil an toil pholaitiúil ann beartú de réir na reachtaíochta seo. An bhuairt a léiríodh ag an gcruinniú i mBéal Átha’n Ghaorthaidh go mbeadh sé ina chuireadh oscailte do

Faigheann Comharchumann Forbartha Mhúscraí tacaíocht ó:

choirpigh a gcuid saothar mídhleathach a dhíriú ar na ceantair tuaithe dá ndúnfaí staisiúin na nGardaí faoi mar atá á thuar. Tá sé tábhachtach bhúr dtacaíocht don staisiún Gardaí áitiúil a chur in iúl trí mheán an achainí sna siopaí a shíniú agus an suirbhé in iMúscraí a chomhlánú

I Múscraí níl comhartha níos cinnte go bhfuil an Nollaig ag teannadh linn ná tús le hÉigse Dhiarmuid Uí Shuilleabháin. Cothrom an ama seo scór bliain ó shin a cailleadh an sár amhránaí, an sár iriseoir agus an sár Mhúscraíoch, i dtimpist bhóthair. Tá a mhuintir agus coiste na hÉigse ag cur go mór leis an oidhreacht shaibhir de cheol a d’fhag sé faoinár gcúram. Tá moladh ach go háirithe ag dul do Choiste na hÉigse as ucht an scéim sean nóis don aos óg, snó2, atá á reáchtáil acu in éineacht le hAisling Gheal agus le tacaíocht ó Ealaíon na Gaeltachta agus le cabhair theicniúil ón gComharchumann. Scéimeanna ar nós snó2 agus obair leanúnach Aisling Gheal i bhforbairt ár n-amhránaithe óga an bealach is cinnte chun an traidisiún ársa ina raibh Diarmuidín chomh maistriúil ann a thabhairt slán go dtí an chéad ghlúin eile. Tugaimís tacaíocht don obair seo trí freastal ar imeachtaí na hÉigse agus tacú leis an Amhránathon a bheidh ar siúl an deireadh seachtaine seo. Guímíd Nollaig Shona ar ár léitheoirí go léir.


4

Muintir Mhúscraí ag an Oireachtas

iMúscraí

Dé hAoine 2 Nollaig 2011

Is as Cum Sheola láimh le Beanntraí do Sheán Ó Sé - ach tá ceangal laidir aige le Múscraí le fada an lá. Díreach roimh bhronnadh Chorn Uí Riada ag an Oireachtas, deineadh bronnadh speisialta ar Sheán mar aitheantas don mhéid atá déanta aige don Chultúr Gaaelach i gcaitheamh na mblianta.

Nell Ní Chróinín, a ghlac páirt i gCorn Uí Riada agus a bhfuair athghlaoch ann, le linn an chomórtais.

Cór Ban Chúil Aodha faoi stiúir Pheadair Uí Riada ag Oíche Mhúscraí ag an Oireachtas. An-oíche a bhí ann agus seoladh dhá chlár teilifíse ann - Litir ód Mhac, clár faisnéise faoi Sheán Ó Riada, agus Diarmuidín, clár faoin amhránaí sean nóis, Diarmuid Ó Súilleabháin, a cailleadh i Nollaig 1991.

Cuirfear fáilte roimh phictiúir ó ocáid atá á reáchtáil agat in iMúscraí. Táimíd ana bhuíoch as na pictiúir ach ní féidir linn táillí a íoc ar a son. Seol iad chuig concubhar.oliathain@gmail.com

Seosamh Ó Críodáin, Siobhán Ní Mhuimhneacháin agus a hathair, Seán, tar éis doibh Corn Eibhlín Ní Chathalriabhaigh don Sceitse is Fearr a bhuachaint ag an Oireachtas.

Bhuaigh Máire Ní Chéilleachair an dara háít i gCorn Uí Riada. Tá greim aici ar an gCorn anseo in éineacht leis an mbuaiteoir, Jimí Ó Ceannabháin, agus le buaiteoir an 3ú áit, Eilís Ní Chonghaile. Sa phictiúir freisin tá Úna Uí Lachtnáin, Uachtarán an Oireachtais, is Patricia Ní Chonghaile, Gaelscéal.

Eibhlís Uí Thuama ó Bhéal Átha’n Ghaorthaidh a bhuaigh an dara háit sa chomórtas d’Amhránaíocht Sean Nóis na mBan in éineacht le Stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha.

Cuid den dream a ghlac páirt i gComórtas Scrabble an Oireachtais, a bhí á reáchtáil ag an gComharchumann, in éineacht le Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóír an Oireachtais.

Colm agus Diarmuid Ó Meachair, buaiteoirí an Chomórtais Agallaimh Beirte Faoi 15, ag Oireachtas na Gaeilge in éineacht le Mícheál Ó Muirchéartaigh agus Mícheál Ó Glíosáin, Méara Chill Airne.


Dé hAoine, 2 Nollaig, 2011

iMúscraí

Muintir Mhúscraí ag an Oireachtas/eile

Dá mbeadh áit agam san Aras. Lúibín breá meidhreach ó Sheán Ó Mhuimhneacháin agus Seosamh Ó Críodáin ag Oíche Mhúscraí ag an Oireachtas.

5

Deineadh bronnadh speisialta ar Pheadar Ó Riada ag an Oireachtas le linn Oíche Mhúscraí as ucht an méid atá déanta aige ar son an chultúir Ghaelaigh. Sa phictiúr freisin tá Úna Uí Lachtnain, Uachtarán an Oireachtais, agus Liam Ó Maoladha, Stiúrthóir na h-eagraíochta. Damhnait Uí hArgáin ó Bhéal Átha’n Ghaorthaidh ag baint triail as ceann de na hataí gleoite a bhí ar thaispeáint ag an oíche ‘Pink Pamper’ a bhí ar bun i gcomhair Action Breast Cancer le déanaí. Griangraf le Nóirín Uí Thuama

Nollaig Shona agus Athbhliain Faoi Mhaise do leitheoirí iMúscraí go léir. Beidh an chéad eagrán eile ar fáil ar 12 Eanáir. Má tá grianghraif agat ó ocáidí atá ar bun i rith na Nollag, seol chuig concubhar. oliathain@gmail.com iad. Síle Uí Chróinín agus a hinion, Julia May Uí Chríodáin ag an oiche ‘Pink Pamper’ i gcomhair Action Breast Cancer le déanaí. Griangraf le Nóirín Uí Thuama

Bhí go leor suime sa phéinteáil aghaidhe a bhí ar bun ag an Bazaar i gCill na Martra Dé Domhnaigh.

Áine & Siobháin Ní Thuama ag an oiche ‘Pink Pamper” ag Mná Aille i mBéal Átha’n Ghaorthaidh le déanaí. Grianghraf le Nóirín Uí Thuama

Airgead á dháileadh ar na gcearrbhaigh óga ag an mbórd Roulette a bhí á reáchtáil ag an Bazaar i gCill na Martra Dé Domhnaigh.

Aisling de Búrca ó Mná Áille ag chur “nail varnish” ar Julie Uí Laoire Grianghraf le Nóirín Uí Thuama


6

Nuacht an Chomharchumainn ‘Scrap an tSathairn’ i gCúil Aodha

Tá sé i gceist go mbeadh bailiúchán de shean earraí miotail, copair is alúmanaim ag an Linn Snámha i gCúil Aodha ar 17 Nollaig. Go dtí seo tá €2250 íoctha leis an gComhaltas Cosanta i gCúil Aodha mar gheall ar earraí ar bailíodh is a tugadh ar láimh do cheannaitheoir sean mhiotail. Is íontach an deis é seo bruscar atá i do chlós nó i do gharáiste a chur ag obair ar fónamh don phobal áitiúil. Tá sé i gceist an t-airgead a bhaileofar a úsáid le haghaidh plean athfhorbartha na linne snámha.

Aonach na Nollag 11-12-11

Beidh Aonach Nollaig i gCúil Aodha ar an 11 Nollaig tar éis Aifrinn. D’éirigh go h-íontach leis an Aonach Pobail a bhí in Aras Éamonn Mac Suibhne agus bhí bord ‘Cístí Mílse Chúil Aodha’ díolta amach laistigh de chúpla nóiméad. Mar sin bí luath! Tá súil againn tuilleadh díoltóirí a fheiscint ag an margadh um Nollaig. Beidh fáilte romhaibh ach glaoch ar 026 65781 roimh ré.

Cabhair ó Freastal d’iMúscraí Tá Freastal, seirbhís aistriucháin agus comhairliúcháin teanga faoi choimirce Bárd na nGleann i mBéal Átha’n Ghaorthaidh, ag déanamh profála ar iMúscraí. Táimid ana bhuíoch as an dtacaíocht fhial seo. Beidh tuilleadh faoi sheirbhisí Freastal in eagrán na míosa seo chugainn.

Amchlár an bhainisteora

Bíonn Concubhar Ó Liatháin, Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Mhúscraí, i láthair ag oifig na heagraíochta san Ionad Óige i gCúil Aodha óna 9-5in Dé Luain, Déardaoin agus Dé hAoine de ghnáth. Ar an Máirt, bionn sé i gCúil Aodha go dtí 1in agus ansan i gCois Cille i gCill na Martra óna 2in go dtí 4in. Ar an gCéadaoin bíonn sé i gCúil Aodha go dtí 1in agus i gCuan Barra i mBéal Átha’n Ghaorthaidh idir 2in-4in. Fáilte roimh gach éinne teacht chun cainte leis agus is féidir teacht air ag an uimhir fóin: 026 65781 nó ar an bhfón póca:085 8130777.

Straitéis Rialtais don Ghaeilge iMúscraí

Alt mínithe le Rachel Ní Riada, Feidhmeannach Cultúr agus Teanga, Údarás na Gaeltachta

I mí na Samhna 2010 d’fhoilsigh an Rialtas Plean Stráitéiseach 20 bliain don Ghaoluinn. Is iad na príomhchuspóirí atá leis an straitéis ná : * Líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den gcóras oideachais sa tír a mhéadú ó 83,000 dtí 250,000 faoin mbliain 2030. * An líon daoine a labhraionn Gaeilge sa Ghaeltacht gach lá a ardú 25% * An líon daoine a úsáideann seirbhísí Stáit trí Ghaeilge agus atá in ann tairbhe a bhaint as an teilifís, an raidió agus na meáin chlóite tríd an dteanga a ardú. Beidh Bille Gaeltachta nua á chur ós comhair an Rialtais le linn 2012 ina mbeidh na coinníollacha atá le comhlíonadh ag ceantair nó pobail go dteastaíonn uatha stádus Ghaeltachta a choimeád, nó stádas Ghaeltachta a bhaint amach. Beidh ar gach ceantar Gaeltachta Plean Teanga a chur le chéile a dhéanfaidh cur síos ar na

nithe atá le déanamh chun líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a mhéadú agus chun a chinntiú go bhfuil réimse leathan seirbhísí agus áiseanna ar fáil trí Ghaeilge do phobail na Gaeltachta. De réir Daonáirimh 2006 tá Gaeilge ag 78% de phobal Mhúscraí. Labhraíonn timpeall 21% des na daoine sin Gaeilge go laethúil, lasmuigh den chóras oideachais. Dúshlán romhainn mar sin, ach is féidir é a dhéanamh ! Cuimhnigh go bhfuil roinnt Gaeilge ag gach dara duine a mbuaileann tú leo agus go bhfuil seans maith ann gur mhaith leo úsáid a bhaint aisti! Seo leat agus bain triall as agus ní fada go mbeidh na céatadáin ag dul in airde. Beidh an stráiteis á feidhmhiú sa Ghaeltacht ag Údarás na Gaeltachta. Is féidir cóip den stráiteas nú breis eolais faoi fheidhmiú na straitéise a fháil ar www.pobail.ie

Tháínig grúpa ó UCC go Múscraí le déanaí ar chuairt lae ar an nGaeltacht is giorra d’Ollscoil Chorcaí. Bhíodar ann ón nGearmáin, ó Stáit Aontaithe Mheirceá, ón tSín agus ón Indinéis agus bhain siad ana thaithneamh as an réimse imeachtaí a eagraíodh ar a son. Comharchumann Forbartha Mhúscraí a d’eagraigh an lá i gcomhar le hIonad na Gaeilge Labhartha i UCC. Thosnaigh an lá le cuairt ar Óstán Ghobnatan le haghaidh cupáin tae agus scóna agus bhogamar ón áit sin suas go Reilig Ghobnatan, áit a raibh Eibhlín Ní Lionáird i mbun cúramaí mar threoraí timpeall ‘Valhalla na nGael’. Ina dhiaidh san tháinig siad go dtí Cúil Aodha áit a raibh Bainisteoir an Chomharchumainn, Concubhar Ó Liatháin, ann chun cur i láthair a thabhairt faoi Mhúscraí, an stair, an litriocht, an ceol agus taispeánadh cúpla físthaifead

Youtube ag léiriú ceol is saíocht na háite do na cuairteoirí. Tugadh cuairt ansan ar dhealbh Sheáin Uí Riada atá i gclós an tséipéil i gCúil Aodha. Is anseo a tógadh an grianghraf. As sin go dtí an Muileann, áit a raibh lón blasta ag feitheamh. Bhi seisiún amhránaíochta ansan i gcomhluadar Liam Ó Cróinín, buaiteoir Chorn Chuimhneacháin Amhránaithe Mhúscraí, agus bhain gach éinne taithneamh as sin. An chéad mhír eile ar an gclár, Fear a’tí, Dónal Mac Suibhne, agus a athair, Diarmuid i mbun an bhosca ceoil. Chuir siad na scoláírí ag rínce. Chríochnaigh sé sin na himeachtaí go sásúil agus chuaigh an slua abhaile go Corcaigh ansan agus an chuma ar an scéal gur bhain siad an taithneamh as an lá i Múscraí.

Cuairteoirí ón gCianoirthear go Múscraí

Dá mba mhaith leatsa cuairt ar Mhúscraí a eagrú ar son grúpa, bí i dteagmháil liom ag

In November 2010 the Government published the first ever 20 year strategic plan for the Irish Language. The main aims of the strategy are to: - Increase the number of people who speak Irish on a daily basis outside the education system from 83,000 to 250,000 - Increase the number who speak Irish on a daily basis in the Gaeltacht by 25% - Increase the number of people who use State services through Irish and who can access television, radio and the print media through the language. A new Gaeltacht Bill is being drafted at present and will be put before the Dáil in 2012. This bill will set out the criteria which qualifies an area to maintain or achieve Gaeltacht status. Each Gaeltacht area will be required to design a language plan which will assist them to increase

Dé hAoine, 2 Nollaig, 2011

Cuid den meitheal a bhí i láthair ag an gcruinniú phleanáil teanga

the number of daily Irish speakers and ensure that there is a wide range of services and facilities available through Irish in the Gaeltacht over a number of years. According to the 2006 census 78% of the population of Múscraí are Irish speakers. Around 21% of those Irish speakers use Irish on a daily basis outside of the education system. We are facing a challenge – but one that is do-able!! Bear in mind that every second person you meet has some Irish and may welcome the opportunity to use it. Go on – take the first step, and the percentages will be on the up and up! The implementation of the strategy will be aided by Údarás na Gaeltachta in the Gaeltacht regions. More information on the strategy can be found on www.pobail. ie

Na cuairteoirí is déanaí go Múscraí ó UCC Conraitheoir glantóireachta ag teastáil chun roinnt glantacháin a dhéanamh dhá uaire sa tseachtain in oifigí i mBaile Mhic Íre. Ní mór don chonraitheoir bheith cláraithe le Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim i gcóir cáin chorparáideach nó i gcóir féin-mheasúnú cánach ag brath an comhlacht teoranta nó gnó atá i gceist. Más mian leat tairiscint a sheoladh isteach don obair seo téir i dteagmháil linn ag an uimhir / ríomhphost thíos chun mionsonraí a fháil. Ní ghlacfar le tairiscintí tar éis an spriocdháta 14/12/11 T:- F:- R:-

066 91 50100 066 91 50101 cmg@udaras.ie


Dé hAoine, 2 Nollaig, 2011

Gaoluinn Mhúscraí

iMúscraí

7

Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn Le Betsy Ní Shuibhne

Beidh an Dáimhscoil ar siúl aris ar 4 Eanáir in Óstán Ghobnatan i mBaile Mhúirne. Seo cur síos ar an dtionól bliantúil ar leith seo ó Bhetsy Ní Shuibhne,Leas Uachtarán na Dáimhscoile agus iníon dhuine de na bunaitheoirí. Pádraig Mac Suibhne ‘An Suibhneach Meann’.

Cuairt an chathaoirligh

Beidh duine de na ceannródaithe is aitheanta i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta ag teacht go Múscraí an mhí seo chun labhairt ar an obair éachtach atá déanta aige ina cheantar dúchais i nGleann Cholmcille, Tír Chonaill. Cathaoirleach ar bhord Údarás na Gaeltachta é Liam Ó Cuinneagáin le roinnt blian anois. Ach is ar an obair a rinne sé le cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta a fhorbairt a bheidh sé ag caint ag ocáid ar leith atá á reáchtáil ag an gComharchumann ar 12ú Nollag ag an Muilleann i mBaile Mhúirne ag 8om. Tá fáilte roimh mhuintir Mhúscraí chun na hocáide seo, go háirithe iad siúd atá suim acu i gcúrsaí turasóireachta nó i gcúrsaí teanga. A warm welcome is extended to all who are interested in cultural tourism and the Irish language to a presentation by Liam Ó Cuinneagáin at the Mills Inn at 8pm on 12 December. Mr Ó Cuinneagáin founded the Oideas Gael project which is the leading provider of Irish language holidays in Ireland. In thea past it has played host to the likes of Mary McAleese, the former President, and many thousands of other Irish language learners who have sought to combine the pleasure of learning Irish with other holiday activities such as walking, art and cycling. The event of 12 December, 2012, is aimed at sharing some of the secrets of the success of Oideas Gael with a view to getting off the ground locally a project aimed at providing holidays for families combining Irish classes with other activities such as walking, art, swimming and heritage trails. Anybody interested in this project or interested in the promotion of Irish or cultural tourism in general is welcome to attend the event on 8pm on Monday, 12 December.

Bunaíodh Dáimhscoil Mhúscraí Ui Fhloinn Domhnach Cincíse 1925. Tá éacht déanta an Chúirt seo a bheith ar siúl gan teip ó 1925 go dtí an lá inniu. Bhíodh cúirteanna filíochta in Éirinn roimh theacht Chríost. Daoine tábhachtacha léannta ba ea na filí, iad ardoilte le hard mheas orthu agus éileamh mór orthu. Chuaigh na cúirteanna filíochta i léig in Éirinn timpeall 1700. Bhíodh ceann i dTig na Cille i mBaile Mhúirne go dtí timpeall 1710 agus d’fhreastail Aodhán Ó Rathaille ar an gceann deireannach ann. Is chun traidisiún na gcúirteanna sin a athbheochan a bhunaigh An Suibhneach Meann (Pádraig Mac Suibhne, m’athair féin), Dónal Ó Ceocháin, Gael na nGael (Pádraig Ó Crualaoi) an chéad Dáimhscoil. Bhíodh Scoil Filíochta i dTig na Suibhneach i gCrois Chúil Aodha agus Pádraig Mac Suibhne ina bhun. B’é Gael na nGael – Pádraig Ó Crualaoi – an chéad uachtarán agus toghadh Dónal Ó Ceocháin mar chléireach nó reachtaire. Nuair a cailleadh ‘Gael na nGael’ toghadh an Suibhneach Meann ina Uachtarán agus bhí sé sé siúd ann ó 1948 go dtí 1976. Ina dhiaidh tháinig ‘An Gabha Gaelach’, Mícheál Ó Murchú agus ina dhiaidh san bhí Dónal Ó Ceocháin agus fé láthair is é an Monsíneoir Pádraig Ó Fiannachta atá sa phost. Nuair a cailleadh Dónal Ó Ceocháin timpeall 1957 toghadh Peadar Ó Liatháin ina chléireach agus tá sé sa phost sin ó shin. Scríonn an tUachtarán an Cuireadh gach bliain le teachtaireacht dos na filí bheith ullamh don ocáíd. Cuireann an Cléireach ceist chun na filí bunaithe ar eachtraí is fadhbanna an tsaoil agus tugtar freagraí ar an gceist. Ardán é d’fhilí agus do bháird a gcuid filíochta agus amhrán a chur ós comhair an phobail agus misneach a thabhairt dóibh leanúint leo ag scríobh agus feabhas a chur ar a gcuid oibre. Ní bhíonn moltóireacht ná iomaíocht ná níl duaiseanna le fáil ach bíonn fáilte roimh óg agus aosta agus faigheann siad tacaíocht ón lucht éisteachta a bpíosaí a léamh. Is mó iomathóir ón

I mBeithil Thoir I mBeithil Thoir fadó Do rugadh Mac an Óighe Nior rogha leis maoin Ná só an tsaoil Ach dealús docht a chró Ba bhocht a theacht gan gó Idir asal agus bó Gan smól ná grios Ach gaotha fiar Trí iomad scoilt sa chró Ach thoigh sé sin d’aon ghnó Mar sochar mór don tsló Dia ‘gus Rí is duine fíor Ag cleachtadh an umhlaíocht choir Ba gheal é ghnúis na hÓighe Is Ioseph caomhnóir coir An dís do bhí ag móradh an Naoi Bhí críonna I ndiadhacht is óg

Ba chlós lasmuigh an cór Is canadh caoin na nÓrd Móradh do Dhia Is glóire síor Is síochán díbhse ar fhód Is canaimís sin leo Céad Bhuí le Dia go deo Siocháin an Naoi Do phór an tSaoil Ar theacht don Nollaig romhainn An Suibhneach Meann Cúil Aodha

nDáimhscoil a bhuaidh duaiseanna Oireachtais len’a gcuid iarratas– msh ‘An Peidhleacán’ (An Suibhneach Meann), “Táímse agus Máire” (Seán Eoghain Ó Súilleabháin) agus ‘An Poc Ar Buille’ (Dónal Ó Mulláin). Timpeall na Nollag a thagann lucht na Dáimhe le chéile gach bliain. Leanann caidreamh agus bíonn filíocht idir na daoine i rith na bliana agus is minic a bhíonn línte filíochta sa ghnath chomhrá, nós atá tagtha chugainn ó ghlúin go glúin. Níl a leithéid de theacht le chéile in aon áit eile in Éirinn. Tionól fíor Ghaelach ná bíonn focal Béarla le clos ann. Imíonn daoine, tagann daoine ach, buíochas le Dia, bíonn an lucht éisteachta agus na filí go flúirseach gach bliain. An Cheist Fear óg dár dtír ag leanúint Críost Aspal ár n-aoise féinig Bhí sa Chéinia cúpla mí Ach ba mhaith leis a shaol a chaitheamh ann Ní bhfuair se ach mar mheas sé grá Ach na blianta thall anois caite aige – cé spreag an ráfla grana Cé phioc suas é – RTÉ Shéan an sagart é – thug sé gach seans Cad é an cruthú – ní éistfeadh RTÉ Chraoladh an scéal – bhí RTÉ cinnte Bhí ar an sagart glanadh leis as a pharóiste dúchais Ach bhí dlíodóir amháin a sheasfadh leis San Ard Chúirt d’órdaigh an Príomh Breitheamh Chuadar chun cúirte, mar Ó Conaill fadó, Is bhí an aturnae chomh maith leis aon lá Thug an Breitheamh de Valera a bhreith ar an gcás Agus bhí RTÉ sa dock aige in achar gear Mo ghraidhn sibh a Athar, a Aturnae is a cháirde An Cléireach Samhain 2011

Comórtas na míosa

Tugadh le fios dúinn go tapaidh tar éis ar foilsíodh an eagráin dheireannaigh de iMúscraí go raibh dhá fhreagra ar ár gceist - cad é an scoil idir Baile Mhúirne agus Maigh Chromtha inar mhúin Seán Ó Muimhneacháin. Gan amhras bhí Seán ina mhúinteoir i Scoil Náisiúnta Chúl a’Bhuacaigh agus, ina dhiaidh sin, i Scoil Náisiúnta Naomh Lachtaín i gCill na Martra. B’í Deirdre Ní Dhrísceoil an t-ainm ar tarraingíodh as an hata agus beidh an leabhar, Gleanntán an Aoibhnis, á bhronnadh uirthi gan mhoill.

Comórtas #3 iMúscraí Ceist: Cén amhránaí ó Mhúscraí atá á chomóradh ag an Éigse a bhíonn ar bun i gCúil Aodha agus i mBaile Mhúirne ag tús mhí na Nollag gach bliain ó 1992. Duais: Bailiúchán nua de dhánta Sheáin Uí Riordáin atá le foilsiú an mhí seo i gCorcaigh. Freagraí chuig: concubhar. oliathain@gmail.com


8

Nuacht

iMúscraí

Dé hAoine, 2 Nollaig 2011

I gcuimhne ar Mhichíl

Leabhar foilsithe de shaothar an ‘Wordsmith of Tuirín Dubh’

Dónal Mac Carthaigh a sheol an leabhar, Tadhg Ó Duinnín, agus Barra Ó Laoire agus Diarmuid Ó Seán Ó Súilleabháin, eagarthóirí an chnuasaigh, ag seoladh ‘The Duinnín ag an seoladh. Wordsmith of Túirín Dubh” in Áras CLG Bheal Átha’n Ghaorthaidh

Tadhg Ó hUrdail le Bill agus Siobhán Ó Scannláin ag seoladh ‘The Wordsmith of Túirin Dubh’.

Conchúr Ó Liatháin agus Séamus Ó Laoire ag an seoladh.

Comórtas

Is féidir cóip den leabhar seo a bhuachaint ach freagra a thabhairt ar an gceist seo. Cárbh as do Mhícheál Ó Duinnín, an file a bhfuil a shaothai caomhnaithe i ‘The Wordsmith of Túirín Dubh” Seol freagra na ceiste chuig An Comharchumann, Cúil Aodha, roimh 31 Nollaig. Beidh togha an cheoil ag an Éigse an deireadh seachtaine seo. Má tá imeacht le fógairt agat dod’ chlub, eagras nó cumann, is féidir leat é sin a dhéanamh ach teagmháil le hOifig an Chomharchumainn: Teil: 026 65781 concubhar.oliathain@ gmail.com. Beidh treoir na dturasóirí ar ais an mhí seo

Imeachtaí mhí na Nollag i Múscraí Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin - Cúil Aodha/Baile Mhúirne, 2-4 Nollaig. Tuilleadh eolais ó www.eigse.ie. info@eigse.ie 026 45366 Amhránathon - Marathon Singing Session involving local singers of all ages to raise funds for Aisling Gheal, local song project, 4 December 2-7pm, Mills Inn Ceolchoirm/Concert, Mairtín Ó Connor, Cathal Haydn, Séamie O’Dowd, 8.30pm, 9 December, Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne. Oíche Chartaí, Scoil Náisiúnta Chúil Aodha/Barr D’Inse, 9 Nollag, 9pm. Aonach na Nollag, Áras Éamonn Mac Suibhne Cúil Aodha, 11am-1pm, 11-12-11 Oíche “Scrabble” as Gaeilge. Ionad Óige Chúil Aodha, 8-9.30pm. 16-12-11 Ceadal na Nollag ag daltaí Ailín Flanagan - 7-9.30pm, 17 Nollaig. 3-5pm 18 Nollaig. Coirmcheol: Daltaí an Ionaid. Halla Chúil Aodha. 8pm. 20ú Nollaig. Dip na Nollag, Linn Snámha Chúil Aodha, tar éis Aifrinn, Lá Nollag.

Ag ocáid ag an deireadh seachtaine seo caite i mBéal Átha’n Ghaorthaidh, foilsíodh bailiúchán de shaothar filíochta is véarsaíochta Mhichíl Uí Dhuinnín ó Thúirín Dubh. Cailleadh Mícheál go tragóideach i dtimpist oibre i mí Feabhra na bliana seo caite. Fiú is é óg bhí go leor scríofa aige agus bhí iomrá nach beag air mar gheall ar a chumas véarsaíochta i nGaeilge agus i mBéarla. Le tamall anois tá a dhearthair Tadhg agus cara mór leis, Seán Ó Súilleabháin, ag bailiú saothar Mhichíl agus tá leabhar breá anois curtha in eagar agus foilsithe acu, The Wordsmith of Tuirín Dubh. Tá idir amhráin, filíocht agus véarsaí greannmhara sa leabhar atá foilsithe agus atá ar fáil i siopaí go h-áitiúil i Múscraí ar chostas €12.50 agus ó leesidebooks@ gmail.com.Seo i leanas sampla de shaothar Mhichíl atá ar fáil sa leabhar nua. An Sean Feirmeoir Scamaill mar scriobhnóireacht sa spéir Feirmeoir ag obair i móinéar Fainleoga ag éitilt ina thimpeall É ina dhícheall ó mhaidin go hoíche Ar sluasaid ar phíce An tEarrach an Samhradh an Geimhreadh an Fómhar Saol crua, saol an tsean fheirmeora Laethannta fada ar speal

Ciúnas an domhain os a chómhair amach Ach an speal ag baint an fhéir Doirinín i dhá dhorn Ag cur allais faoi an spéir ghorm. An portach nó an gort, ar sleán nó grafán Ag piocadh prátaí nó ag déanamh púcán I bhfad ón dinnéar buidéal báinne is arán Ag iompar ciseán nó ag casadh an tsúgáin An tEarrach an Samhradh an Geimhreadh an Fómhar Saol crua, saol an tsean fheirmeora Ag tógáil claí le clocha troma Ag crú na mbó nó ag tarraingt gamhain Lámha laidre crochta le guaillí leathanta Cosa traochta i ndiaidh capaill is céachta Beach ag cealg a droim Na mílte corramhíol timpeall a chinn. An tEarracha, an Samhradh, an Geimhreadh, an Fómhar Saol Crua, saol an tsean fheirmeora. Fir righin, fir laidre, fir lae inné, sínte Anois curtha faoin chré. Mícheál Ó Duinnín Túirín Dubh Béal Átha’n Ghaorthaidh

Litir ó Dhaidí na Nollag chuig páistí Mhúscraí A chairde óga, Táim ag scríobh chugaibh ón Mol Thuaidh agus tá sé an fhuar anseo faoi láthair. Tá sneachta ag titim go trom. Ach táimíd an ghnóthach ag ullmhú na réinfhianna agus na mbronntanas don oíche mhór, Oíche Nollag. Cinnte beidh mé i Múscraí an oíche sin uair éigin - bíodh sibh in bhúr gcodladh go luath agus beidh na bronntanais ann daobh ar maidin nuair a eiríonn sibh. Ar son Dé bígí go maith idir seo agus sin - ní maith liom bheith ag baint den liosta maith agus ag cur leis an liosta dána! Ba mhaith liom cuireadh a thabhairt díbh litir a scríobh chugam i nGaoluinn blasta Mhúscraí agus geallaim díbh go ndéanfaidh mé mo dhícheall scríobh ar ais chugaibh. Tá cairde agam i gComhluadar i mBaile Átha Cliath atá ag cabhrú liom sa ghnó seo. Más maith libh litir uaim i nGaeilge, seol bhúr nótaí chugam roimh 9 Nollaig ag an seoladh seo. Daidí na Nollag, f/ch Comhluadar, 6 Sraid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Slán go fóill agus Nollaig Shona! Le grá Daidí na Nollag


iMúscraí - Nollaig 11