Issuu on Google+

iMúscraí

Tús an tSamhraidh, tús na craoibhe Tá foirne Mhúscraí fós sa reicneáil. Lch 5

Nuachtlitir Chomharchumann Forbartha Mhúscraí http://www.imuscrai.com

Dé Luain 4 Meitheamh 2012

SAOR IN AISCE

Is féidir linn...

Tá na sluaite ag freastal ar ranganna Tae Kwon Do i mBaile Mhúirne le ‘Master Dan’ le fada an lá. Idir óg agus níos óige bíonn siad i Halla Bhaile Mhúirne gach trathnóna Aoine óna 6.30in ar aghaidh, iad ag cleachtadh a gcuid ‘patrún’ agus ag spairníocht. Is iad ‘Cuirtéis, Féin Smacht, Spiorad Dochloíte, Diongbháilteacht agus Ionracas’ cúig bhunphrionsaball an Tae Kwon Do, ealaín chomhraic a tháinig chugainn on gCoiré. Sara dtosnaíonn gach rang, bíonn ar na rannpháirtithe na prionsabail seo a aithris ós ard. Tá go leor curadh uile Éireann i measc dhaltaí an Mháistir Dan Dalton. Go deimhin d’éirigh go h-an mhaith le Diarmuid Mac Suibhne ó Bhaile Mhuirne sna craobhacha domhanda. Annika Roberts agus Rachel Wynroe ag tabhairt taispeantais dá gcomhdhaltaí Tae Kwon Do Tuilleadh grianghraf istigh: Lch 7

Cuireadh chuig an gCruinniú Cinn Bliana Beidh cruinniú cinn bhliana an Chomharchumainn á reáchtáil go luath - agus tá cuireadh ag eagrais ar fud Mhúscraí ionadaithe a chur ann. Ar an 13ú Meitheamh a thionólfar an Cruinniú Cinn Bhliana agus beidh sé ar bun in Óstán Ghobnatan i mBaile Mhúirne. Má tá baint agat le heagras atá ag obair i measc an phobail i Múscraí, tar i dteagmháil linn. Is féidir le heagras ar bith bheith ina bhall den Chomharchumann. Mar bhall is feidir leis an eagras ionadaí a ainmniú le bheith tofa ar an gcoiste, beartais a mholadh do phlean oibre an Chomharchumainn agus moltaí a dhéanamh faoi phleananna an Chomharchumainn sa todhchaí. Faoi láthair is iad seo a leanas na hoifigigh atá ar Choiste an

Chomharchumainn: Cathaoirleach: Derry Ó Duinnín, Rúnaí: Gearóid Ó hÉalaithe, Cisteoir: Mícheál Ó Ceallaigh agus tá ionadaithe eile ar an gcoiste ó Bhéal Átha’n Ghaorthaidh, Cill na Martra, Baile Mhúirne, Baile Mhic Íre, Réidh na nDoirí agus Cúil Aodha. Is é Concubhar Ó Liatháin Bainisteoir an Chomharchumainn. I measc na bpríomhchúramaí ar an gComharchumann tá pleanáil teanga, cur chun cinn na turasóireachta cultúrtha, forbairt áitiúil, cuidiú le heagrais áitiúla agus beartais éagsúla na n-eagras sin. Tá ag éirí go maith leis an iris seo, iMuscraí, agus d’fhreastail slua mór ar Champa Samhraidh Mhúscraí a reáchtáil an Comharchumann i mí Lúnasa seo caite. Le déanaí bhí ranganna rince ar an sean

nós ar bun ag an gComharchumann i gCúil Aodha agus bíonn ranganna Gaeilge ar siúl againn chomh maith. Táimíd ag obair le coistí éagsúla cbun cabhrú leo lena bpleananna féin agus tá suim ar leith againn in iarrachtaí ar son mbailte slachtmhara. Faoi láthair tá an Comharchumann ag stiúradh sraith de cruinnithe faoi phleanáil teanga ina bhfuil ionadaithe ó cheantair uile Mhúscraí páirteach ann. Tá ullmhuithe ar bun chomh maith le haghaidh campaí samhraidh, cúrsaí Gaeilge do theaghlaigh agus féile dheireadh seachtaine in ómós do Sheán Ó Riordáin. Beidh sé seo ar siúl idir 17-19 Lúnasa. Má tá tuilleadh eolais uait faoin gComharchumann, is féidir é a fháil ar www.imuscrai.com nó glaoch orainn ag 026 65781.

Comharchumann Forbartha Mhúscraí

All clubs and organisations working in the community, cultural and sports sectors in Múscraí are invited to send representatives to the AGM of the Comharchumann. The AGM will be held in the Abbey Hotel in Baile Mhúirne on 13 June at 8pm. There will be an opportunity to elect new members to the committee of the Comharchumann and also to propose new plans and projects to be undertaken in the coming year. The Comharchumann has a range of activities already in the pipeline but always appreciates new ideas from the community. Further information from Concubhar Ó Liatháin, 65781.

Tomás ag obair ar son an phobail

Is é Tomás Ó hAodha atá ceaptha le bheith ina Oifigeach ar son Chomhpháirtíocht Forbartha Iarthar Chorcaí i Múscraí. Beidh aithne ag go leor ar Thomás mar thionscnóir ‘Imbolc’ agus duine acu san a raibh páirteach anuraidh in eagrú ‘Féile na Laoch’. Tá Comhpháirtíocht Forbartha Iarthar Chorcaí i mbun LDCP i Múscraí anois ó chlis Meitheal Forbartha na Gaeltachta anuraidh. Tá súil le fógra go luath go mbeidh an Chomháirtíocht freagrach as cúrsaí LEADER sa cheantar chomh maith. Eolas breise: Lch 6

Oifig Sheirbhísí Teanga Mhúscraí Ionad Óige Dónal Ó Liatháin Cúil Aodha Co. Chorcaí. Teil: 026 65781 085 8130777 http://www.imuscrai.com


2

Nuacht

iMúscraí

Dé Luain 4 Meitheamh 2012

Linn Snámha ag oscailt go luath Córas teasa nua agus athfhorbairt ar sheomraí feistis beartaithe

Bhí Coiste Linn Snámha Chúil Aodha thar bheith gnóthach le linn na bliana agus an linn ar oscailt don Samhradh ón deireadh seachtaine seo cáite. Tá córas nua á chur in áit anois a fheabhsóidh cúrsaí teasa na linne agus a laghdóidh go mór an costas agus an fuinneamh a úsáidtear ann. A bhuíochas le Airtricity, tá deontas faighte chun an obair seo a dhéanamh. Is amhlaidh go n0insealbhófar caidéal teasa chun an t-uisce a théamh. Feidhmíonn sé seo trí teas a bhaint ón aer lasmuigh agus é a aistriú go dtí an t-uisce. Ní bheidh gá le hola a úsáid níos mó. Beimíd níos éifeachtaí ó thaobh úsáid fuinnimh agus laghdóidh sé an lorg carbóin atá againn. Tá cead pleanála faighte freisin chun na seomraí feistis a fheabhsú agus ceannbhrat a chur in áit timpeall na linne. During the year the committee has remained busy with plans to improve the facility and make it more energy effecient and also more cost effective. Our application to Airtricity for grant aid to make modifications to our heating system has been successful and currently work is underway to have a heat pump installed as a means of heating the pool water. It works by extracting energy from the air outside and will thus eliminate the use of oil, be more energy effecient and reduce our carbon footprint. Planning permission has been granted for to upgrade our changing facilities and to erect a canopy around the pool. We hope to

complete this work when funding becomes available however at this stage it wont be this season. Tá sé i gceist go mbeidh an Linn Snámha ag oscailt ar an Aoine, 1 Meitheamh. The Swimming Pool is open since 1 June and will remain so until early September. Amanna oscailte agus táillí/ Opening times & entry costs: Samhradh 2012 Luan go hAoine: 5.00 – 6.00 i.n. & 6.00 – 7.00 i.n. (gach éinne). 7.00 – 8.00 i.n. (daoine fásta (+16) ) Satharn, Domhnach & Saoire Bainc 2.00 – 3.00 i.n. Táillí (in aghaidh an tseisiún) €3 an duine (faoi 16 agus daltaí) Beidh Gala ann arís ag deireadh an tséasúir. Bí ag faire ar iMúscraí le haghaidh gach eolas. €5 an duine (os cionn 16) €10 do thicéad don tseachtain agus €25 do thicéad clainne don Comhairle Sabháilteachta do Snámhaithe/Safety Advice for Swimmers tseachtain. 1. Ná gabh ag snámh id’ aonar. a úsáid roimh trial a bhaint 14. Learn basic life support. Ranganna Snámha agus 2. Ná gabh ag snámh tar éis as 14. Foghlaim garchabhair Tarrthála an IWS(Swimming & béile. shimplí. Ar an trá Water Safety Classes) 3. Ná gabh ag snámh agus tú 1. Don’t swim alone. BRAT DEARG & BUÍ – Tá 16-21 Iúil/13-18 Lúnasa. Ní tuirseach nó te. 2. Don’t swim just after eating. tarrthálaí i láthair & tá se bheidh aon athrú ar phraghasan- 4. Ná gabh ag snámh in áite3. Don’t swim when hot or tired. sábháilte dul ag snámh (idir na na i mbliana. Prices will remain anna strainséartha. 4. Don’t swim in strange places. mbrátacha) the same as last year. 5. Ná gabh ag snámh i ndiaidh 5. Don’t swim out after anything BRAT DEARG: Tá tarrthálaí i Ar mbuíochas le gach éinne a ghlac páirt i Dip na Nollag - na snámhaithe, na cúntóirí agus na hurraithe. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach éinne a ghlac páirt freisin sa Bhailiúchán Miotail. Thanks to all those who took part in Dip na Nollag: the dippers, helpers and everybody who sponsored. We also wish to thank those who contributed to the scrap metal collection. Coiste na Linne

aon ní atá ag seoladh leis. 6. Ná fan ró-fhada san uisce. 7. Ná gabh ag snámh amach chun farraige. 8. Fan comhthreomhar agus gar don trá. 9. Glac comhairle an gharda sábhála. 10. Ná húsáid tocht aeir go brách. 11. Tabhair aird ar chomharthaí atá ar an trá. 12. Ná bí in do bhullaí. 13. Foghlaim conas trealamh

drifting. 6. Don’t stay in the water too long. 7. Don’t swim out to sea. 8. Swim parallel and close to the shore. 9. Do what the lifeguard tells you. 10. Never use air mattresses. 11. Pay attention to signs on the beach. 12. Don’t be a bully. 13. Learn to use equipment before trying it out.

Corn nua an Oireachtais do Lúibíní

Cé gur fada uainn anois é, ní fada go mbeidh Oireachtas na Gaeilge ag teannadh linn. Agus tá cúis breise ag lucht Lúibíní Mhúscraí tús a chur lena gcuid ullmhúcháin gan ró mhoill. I mbliana, don chéad uair, bronnfar Corn Chuimhneacháin Dónal Ó Liatháin ar bhuaiteoirí an Chomórtais Lúibíní 12-15 bliain d’aois. Chinn lucht eagraithe an Oireachtais an onóir seo a bhronnadh ar Dhónal, a raibh baint fada aige le comórtas na lúibíní agus na n-agallamh beirte. Ghlac sé páirt sna comórtais é féin agus d’éirigh go geal leis féin agus a leathbhádóir, Cathal Ó Riada, mar gur bhuaigh siad an dá chomórtas

níos mó ná uair amháin. Ach d’imir sé tionchar ar leith ar an aos óg nó ba mhó luibín is agallamh a scríobh sé le go mbeadh deis acu bheith páirteach sa chomórtas. Beidh Oireachtas na Gaeilge ar siúl i Leitir Ceanainn i mbliana tar éis dó dhá bhliain a chaitheamh i gCill Airne. Tá cúpla corn cheana féin ainmnithe in ómós do phearsaí ó Mhúscraí - Corn Sheáin Eoghain Uí Shuilleabháin don Amhrán Nua Chumtha agus Corn Amhránaithe Mhúscraí a bhronntar i gcomórtas sean nós na mban faoi 35 bliain d’aois. Beidh súil ag go leor gur ainmneacha ó Mhúscraí na céad Dónal Ó Liatháin in éineacht lena iníon, Bríd, ag an ainmneacha a ghreanntar ar an Oireachtas gcorn nua.

láthair ach níl sé sábháilte dul ag snámh NIL AON BRAT: Níl tarrthálaí i láthair agus níl sé sábháilte dul ag snámh RED& YELLOW FLAG means that there is a lifeguard on duty and its safe to swim between the flags RED FLAG means lifeguard on duty but not safe to swim, NO FLAG = No Lifeguard therefore not safe to swim.

Fógraí Pearsanta classified ads Beidh fógraí pearsanta/classified ads in iMúscraí as seo amach. Costas €5 an fógra a bheidh ar an bhfógra. We will be publishing classified ads in the pages of iMúscraí. Each ad will cost €5. If you want to buy or sell an item, rent a property or are looking for work, make iMúscraí your first port of call. Wanted: Person to share house: Large and spacious, great views, broadband, polytunnel, workshop. €180 per month. Tel: 085 7273389


Dé Luain 4 Meitheamh 2012

Nuacht

iMúscraí

3

Ag ullmhú don Oirniú

Seo é Damien Ó Loingsigh, Cúil Aodha, tar éis gur oirníodh é don Dhiagánacht níos luaithe i mbliana i Má Nuad. Ní fada anois go mbeidh sé á oirniú ina shagart i Séipéal Abán i mBaile Mhúirne ar 22 Iúil. An lá dar gcionn ceiliúrfaidh sé a Chéad Aifreann i Séipéal Ghobnatan i gCúil Aodha. Ina dhiaidh sin beidh ceiliúradh pobail in Aras Éamon Mac Suibhne, Cúil Aodha. Tá coiste fé chathaoirleacht Mhairtín Ó Riordáin agus meitheal coistí éagsúla ag obair i bpáirt leis bunaithe chun an ócáid stáiriúil seo a reáchtáil. Beidh gach eolas ar iMúscraí faoi na socruithe sa chéad eagrán eile agus beidh eolas freisin ar shuíomh speisialta facebook, http:// www.facebook.com/CeadAifreannAntAthDamien

Bás nó beatha don Ghaeltacht Stádas oifigiúil le brath ar theanga ní ar thíreolaíocht Is iomaí uair atá sé ráite go bhfuil an Ghaeltacht tagtha go huair na cinniúna agus gur rogha ‘bás nó beatha’ atá roimpi. De réir an fhorográ is déanaí ó Roinn na Gaeltachta, is cosúil nach fada uainn an lá go mbeidh stádas oifigiúil Gaeltachta á athrú ó bhonn. Dá réir seo, as seo amach is úsáid na Gaeilge ag pobal ar leith seachas suíomh i gceantar tíreolaíochta an príomhchritéar faoina mbronnfar - nó séanfar stádas Ghaeltachta ar cheantar. “Is cur chuige nua atá sa Chlár Tacaíochta Teaghlaigh agus sa phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht a dhéanfaidh difríocht shuntasach ar an talamh maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain,” a dúirt an tAire Stáit, Donnchadh Mac Fhionnlaíoch TD, ag an seoladh san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh (An Crann Taca) in Indreabhán i gCo. na Gaillimhe.

Clár Tacaíochta Teaghlaigh Tá sé mar aidhm ag an gClár Tacaíochta Teaghlaigh de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an Ghaeilge a threisiú mar theanga teaghlaigh agus pobail sa Ghaeltacht i gcomhréir leis an Straitéis 20 Bliain. Faoin gClár seo, tá sé beartaithe ag an Roinn 12 beart ar leith a thógáil chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a gclann a thógáil le Gaeilge. • Cuirfear le Scéim na gCampaí Samhraidh de chuid na Roinne chun díriú ar pháistí 3 go 6 bliana d’aois agus 7 go 14 bliana

d’aois (seachas 4 go 7 mbliana d’aois, mar atá faoi láthair); • Cuirfear cúrsaí oiliúna faoi leith ar bun do dhéagóirí ón nGaeltacht idir 15 agus 17 mbliana d’aois a bhfuil Gaeilge líofa acu ionas go mbeidh siad in ann dul ag obair mar chúntóirí sna coláistí Gaeilge; • Tabharfar cuidiú do choistí/ eagraíochtaí pobalbhunaithe Gaeltachta chun níos mó ócáidí agus imeachtaí feiliúnacha a chur ar bun, e.g. grúpaí tuismitheoirí agus mamailínigh/ páistí; • Déanfar forbairt ar Scéim na gCúntóirí Teanga de chuid na Roinne chun freastal níos fearr a dhéanamh ar pháistí i scoileanna Gaeltachta chun a gcuid Gaeilge a shaibhriú nó a shealbhú; agus • Déanfar suíomh tairsí don Ghaeilge a fhorbairt le go mbeidh teacht níos éasca ag an bpobal ar gach ábhar agus acmhainn a bhaineann leis an nGaeilge. Mar chuid den suíomh tairsí seo, déanfar ábhar a fhorbairt ar líne a bheidh ina áis do thuismitheoirí atá ag tógáil páistí le Gaeilge.

Faoin bpróiseas pleanála teanga, tá sé i gceist go mbeidh an Ghaeltacht roinnte i 19 ceantar pleanála teanga faoi leith. Beidh plean teanga le réiteach ag gach ceann de na ceantair seo in imeacht ama. Sa chaoi is gur féidir próiseas pleanála teanga cuimsitheach agus córasach a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht, d’fhógair an tAire Stáit go raibh cuireadh tugtha do 6 cheantar pleanála teanga tosú láithreach

An tAire Stáit, Donnchadh Mac Fhionnlaíoch TD ar an bpróiseas seo.“Ní mór a bheith soiléir nach bhfuil anseo ach an chéad chéim sa phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht. De réir a chéile, tabharfar aghaidh ar na ceantair phleanála teanga go léir,” a dúirt an tAire Stáit. Faoi láthair, tá Údarás na Gaeltachta ag maoiniú eagraíochtaí pobalbhunaithe éagsúla sa Ghaeltacht. Tá sé aontaithe go mbeidh príomheagraíocht cinnireachta amháin ann i ngach ceantar pleanála teanga chun an próiseas a stiúradh ar an talamh le cúnamh ón Údarás. Tá sé beartaithe go mbeidh na heagraíochtaí eile sa cheantar pleanála te-

anga céanna ag feidhmiú faoin bpríomheagraíocht sin mar a bhaineann sé leis an bpleanáil teanga. Is faoin Údarás a bheidh sé na céimeanna cuí a thógáil i gcomhar leis na heagraíochtaí éagsúla chun an cur chuige seo a fheidhmiú. Dúirt an tAire Stáit: “Is deis atá sa phróiseas pleanála teanga do phobal na Gaeltachta. Tá mé ag súil go mbeidh an Roinn, an tÚdarás agus na heagraíochtaí pobalbhunaithe ag obair as lámha a chéile chun an próiseas seo a chur i gcrích.” Tá sé i gceist go gcuirfear oiliúint phraiticiúil ar fáil do na heagraíochtaí pobalbhunaithe chun cabhrú leo dul i ngleic

Faigheann Comharchumann Forbartha Mhúscraí tacaíocht ó:

leis an bpróiseas pleanála teanga i gcomhar leis an bpobal. Chomh maith leis sin, cuirfear múnla pleanála teanga ar fáil do na heagraíochtaí, bunaithe ar na moltaí sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, chun cabhrú leo na pleananna teanga a réiteach. De réir an roinnt seo ar an nGaeltacht i naoi gceantar pleanála teanga déag, tá Múscraí le bheith ceangailte le hOileán Cléire. Níor chuaigh an Roinn i gcomhairle leis an gComharchumann faoin gcinneadh seo sara bhfograíodh é. Tá soiléiriú lorgtha ag an gComharchumann ar an gcomhnascadh seo le hOileán Cléire agus i leith gnéithe eile den phroiséas pleanála teanga de réir mar atá sé fógartha ag an Aire Stáit. Faoi láthair tá meitheal ionadaíoch ar phobail Mhúscraí ag teacht le chéile go rialta chun cúrsaí pleanála teanga a phlé agus an bealach is fearr chun tosaigh a aimsiú le go mbeidh plean teanga cuimsitheach ag Múscraí, chun sástachta na Roinne agus chun leasa labhairt na Gaeilge i Múscraí anois agus sa todhchaí.


4

Pobal Mhúscraí

Ceoltóirí Scoil Chúil Aodha ag an ocáid cháirdis

Amhránaithe na Briotáine ag Scoil Chúil Aodha

iMúscraí

Dé Luain 4 Meitheamh 2012

Cairdeas is ceol i gCúil Aodha Bhí ócáid ana dheas i Scoil Náisiúnta Chúil Aodha/Barr D’Ínse le deanai nuair a tháinig cuairteoirí ann ón mBriotáin chun páirt a ghlacadh sa cheiliúradh a bhí ar bun ann ar an Seachtain Chairdis. Ó cheantar Peumerit Quintin sa Bhriotáin, atá ceangailte le Cúil Aodha, a tháinig na páistí Briotánacha, faoi chúram a múinteoir, Yann Pierre. Chan siad cúpla amhrán, ceann acu i mBriotáinis. Bhí freagra ceolmhar ag páistí Chúil Aodha agus bhí idir amhráin agus poirt á chanadh agus á sheinnt ann. Go fada buan an cáirdeas Ceilteach seo!

Amhránaithe Scoil Chúil Aodha

Bhí slua breá i láthair le déanaí nuair a bhronn muintir Uí Dhuinnín geansaithe peile nua ar fhoirne Faoi 14 agus Idirmheánach Bhéal Átha’n Ghaorthaidh.

Donagh Seartan (Captaen Faoi 14), Frank Ó Duinnín (Siopa Centra), Seán Ó Tuama (Cathaoirleach an CLG) agus Leonard Ó Conchúir (Captaen Idirmheánach) ag bronnadh na ngeansaithe nua le déanaí. Griangraf le Nóirín Uí Thuama

Dónal Ó Laoire (Cisteoir an CLG), Shane Ó Duinnín, Darren ó Duinnín, Leonard Ó Conchúir (Captaen Idirmheánach), Frank Ó Duinnín, Caoimhe Ní Dhuinnín, Damien Ó Longaigh (Roghnóir Idirmheánach) agus Seán Ó Tuama (Cathaoirleach an CLG).


Dé Luain 4 Meitheamh 2012

Pobal Mhúscraí

iMúscraí

Rang a 4, 5 agus 6 ó Scoil Abán Naofa i mBaile Mhúirne ag freastal ar Fhéile Chultúir Chiarraí i dTeach Muchrois le déanaí.

Foireann Scoil Abán Naofa i mBaile Mhúirne a ghlac páirt i bhFéile Ghael Linn i nGallarus le déanaí.

Daltaí ó Scoil Lachtaín Naofa, Cill na Martra a bhuaigh duaiseanna don Chomhrá Gaeilge ag Fleadh Cheoil Chorcaí le déanaí. I láthair tá Caitríona Ní Chonaill, Nóra De Búrca, Eoin Ó Conaill, Kira Ní Chonaill, Meabh Ní Chonaill agus Ellen De Búrca.

Coiste Glas Scoil Lachtaín Naofa leis an múinteoir Eivlin Breathnach agus an brat glas tugtha abhaile acu ó Ostán an Silver Springs.

Daltaí Scoil Lachtaín Naofa a ghlac páirt i Lá Spóirt na Cathrach ar an 18/05/12. Thugadar 16 duais abhaile leo.

Comórtas

Eoin Ó Conaill Claon Rath, Trevor Ó hÉalaithe agus Jack Ó hÉalaithe Lios Buí Mór a ghlac páirt i bhFleadh Cheoil Chorcaí 12/05/12 i Maigh Chromtha sna comórtáis amhránaíochta. As láthair tá Tadhg Ó Corcora agus Molly Ní Chorcora a bhuaigh duaiseanna chomh maith.

B’é Gearóid Mac Suibhne buaiteoir an chomórtais ón eagrán deireannach agus is é seo é ag glacadh lena dhuais, cóip de “Seán Ó Riordáin -Na Dánta”. Tá an duais céanna á thairiscint do chomórtas na míosa seo. Cén reathaí le dúchas Múscraíoch a bheidh páirteach sa Chraobh 1500m ag na Cluichí Oilimpeacha i mbliana? Freagraí chuig: concubhar.oliathain@gmail.com roimh 30/6/12

rogha na leabhar, togha na bpraghasanna Ar fáil ar

www.litríocht.com

5


Nuacht

Tomás, fear nua LDCP, i mbun oibre i Múscraí 6

iMúscraí

Le déanaí, ghlac Comhpháirtíocht Forbartha Iarthar Chorcaí le tairiscint ón rialtas an Clár um Fhorbairt Pobail Áitiúil a riaradh i nGaeltacht Mhúscraí, agus ceapadh mise, Tomás Ó hAodha, mar Oifigeach Forbartha leis an gclár céanna. Ach cad is brí leis an abairt fhada chasta sin? Mar aon le haon duine eile, tá gráin agam ar an mbéarlagair agus na hacrainmneacha gan chúis, agus déanfaidh mé iarracht anseo cur síos díreach a dhéanamh ar cad atá ar siúl. An t-eagras ar dtús - Comhpháirtíocht Forbartha Iarthar Chorcaí, nó b’fhéidir mar ab fhearr aithne aige, West Cork Development Partnership. Is comhlacht í a bhfuil na príomhoifigí lonnaithe i mBeanntraí agus Cloch na Coillte, agus ar ndóigh tá ionadaí nua anois aici anseo in Ionad Áise Réidh na nDoirí. Tá sé mar chúram ar an gcomhlacht seo scéimeanna

éagsúla, atá leagtha amach ag an rialtas, a chur i gcrích in Iarthar Chorcaí. Ní inniu ná inné a thosaigh siad leis an obair sin, ach is le fíor-dhéanaí a thosaigh siad ag feidhmiú istigh sa Ghaeltacht, tar éis iarratas faighte acu ón rialtas an Clár um Fhorbairt Pobail Áitiúil a chur i bhfeidhm sa cheantar. Cad é go sonrach an clár sin? As Béarla tugtar an “Local Community Development Programme” air, agus mar sin is minic a chloistear an t-acrainm LCDP agus é á phlé. Tá spriocghrúpa agus aidhmeanna faoi leith ag an gclár, agus díríonn sé isteach ar dhaoine imeallaithe ar chúis amháin nó éigin ach go háirithe. Ní bochtaineacht airgid amháin atá i gceist anseo, ach san áireamh leis tá daoine nach bhfuil fáil acu ar áiseanna traenála, fostaíochta, oideachais, agus a leithéid. I bhfocail eile, na háiseanna a mbeifeá ag súil leo chun a bheith páirteach i bpobal bríomhar

The West Cork Development Partnership recently agreed to administer the Local Community Development Programme in the Múscraí Gaeltacht, and I (Tomás Ó hAodha) was brought on as a Development Officer to help with the task. But what does that long sentence actually mean? I have as little time for jargon and acronyms as the next person, and so here I will try to give a more straightforward explanation. Firstly the organisation – West Cork Development Partnership is a company with offices in Bantry and Clonakilty, and of course a new presence here in the Ionad Áise in

Réidh na nDoirí. They administer various programmes for the state throughout West Cork, and while very experienced in this area this is the first time they are active in the Gaeltacht, after being asked to run the Local Community Development Programme. So what exactly is this programme? Because “Local Community Development Programme” is a bit of a mouthful it is more often referred to simply as the LCDP. It has specific groups that it targets, those being people who for one reason or another are excluded, or are in danger of being excluded, from the rest of the community.

Tomás Ó hAodha, Oifigeach Chomhpháirtíocht Iarthar Chorcaí

sláintiúil mar ba mhaith linn é. Agus an spriocghrúpa sin ar intinn againn, tá ceithre aidhm i gceist leis an scéim: 1. Daoine a chur ar an eolas faoi na seirbhísí atá ar fáil - idir seirbhísí pobail, deonacha, agus reachtúla. 2. Cuir leis na deiseanna atá ann páirt a ghlacadh in imeachtaí oideachasúla, caitheamh aimsire, agus cultúrtha.

3. Cabhrú le daoine ullmhú le haghaidh oibre. 4. Cabhrú le daoine páirt a ghlacadh sa chóras pobail chun go mbeadh tionchar acu ar na cinntí a dhéantar a théann i gcion ar a saol féin. Mar Oifigeach Forbartha leis an gclár seo is é an dualgas atá orm ná obair as lámh a chéile le daoine agus grúpaí áitiúla chun na haidhmeanna sin a chur i

This exclusion can be for any number of reasons, both simple and complex, for example lack of access to training facilities, employment, or education – in other words the type of resources that you would expect to find in a lively healthy community. The programme has the following four goals to try and address the issue: 1. Promote awareness, knowledge and uptake of a wide range of statutory, voluntary and community services. 2. Increase access to formal and informal educational, recreational and cultural activities and resources.

3. Increase people’s work readiness and employment prospects. 4. Promote active engagement with policy, practice and decision making processes on matters affecting local communities. As Development Officer with this scheme it is my role to work with local groups and people to try to implement these goals. Obviously there was and is a lot of respect in the community for the people here in the Ionad that ran the scheme before West Cork Development Partnership, and I hope to use their work as a foundation for my own, and hopefully build on it as I

Dé Luain 4 Meitheamh 2012

gcrích. Is léir go bhfuil ardmheas anseo ar na daoine a bhí ag obair ar an scéim chéanna anseo romham, agus tá súil agam gur féidir liom seasamh ar an mbunchloch sin agus cur leis de réir a chéile. Ag an am céanna tá sé tábhacht a rá go raibh i bhfad níos mó ar siúl cheana anseo ná an scéim LCDP amháin, agus mar sin ní féidir le Comhpháirtíocht Forbartha Iarthar Chorcaí an dea-obair ar fad a ath-thosnú – ach tús maith leath na hoibre mar a déarfá. Ina theannta sin is léir go bhfuil grúpaí pobail iontacha gníomhacha i Múscraí a bhfuil aidhmeanna acu a théann go nádúrtha leis na cinn luaite thuas, agus tá súil agam go mbeimid in ann obair le chéile ina dtreo. Tá súil agam go mbeidh scéalta is nuacht go rialta anseo uaim ar leathanaigh iMúscraí, agus is féidir le haon duine dul i dteagmháil liom ag tomas@ wcdp.ie.

Tomás takes the reins of LCDP project in Múscraí

Ar scáth a chéile

Tá lucht ealaíne Mhúscraí gnóthach i gcónaí agus bhí siad i láthair - in éineacht le slua mór de phobal na háite - nuair a sheol Cathal Ó Riada an taispeántas is déanaí uatha san Ionad Cultúrtha i mBaile Mhúirne le déanaí. Bernadette Ní Choitir an múinteoir agus leanfaidh an taispeántas go dtí 31 Bealtaine. Pic: Tadhg Ó Ceilleachair

Dul fé láimh Easbaig i mBéal Átha’n Ghaorthaidh

Cathal Ó Riada in éineacht le Bríd Cranitch ag an seoladh

go. Having said that it is important to emphasise that much more than just the LCDP scheme was being run here, and so West Cork Development Partnership will not yet be able to take up everything where it was left off. Múscraí also has a very active community network, with many other groups working on goals similar to the ones outlined above, and I hope we can work together to implement them. I hope to include news and reports regularly in iMúscraí, and anyone can contact me at tomas@ wcdp.ie. Suggestions, ideas, and feedback are welcome!

Paddy Finnegan, Hannah Corkery agus Bernadette Ní Choitir


Dé Luain 4 Meitheamh 2012

Cúrsaí Spóirt

iMúscraí

Foirne Mhúscraí ag tiomáint chun cinn

Tá foirne Mhúscraí ag déanamh ana dhul chun cinn ar pháirceanna imeartha na laethannta seo. Cé go bhfuil sé luath sa tséasúr tá cuma na maitheasa ar Bhéal Átha’n Ghaorthaidh is Naomh Abán go fóill sa chraobh. Bhí an mí-adh ar Chill na Martra casadh le Baile Uí Dheasúna agus Donncha Ó Conchúir ag imirt go maith - ach beidh lá eile acu sa chraobh. Tá moladh ar leith ag dul do bhuachaillí Choláiste Ghobnatan. Bhuaigh siad Craobh Faoi 16 na Mumhan! Béal Átha’n Ghaorthaidh 0-19 Baile na mBocht 3-8 Ghlac sé am breise sula d’éirigh le Béal Átha’n Ghaorthaidh teacht in uachtar ar Bhaile na mBocht i gcluiche teann sa chéad bhabhta de Chraobh Idirmheánach an chontae i gCill Mhuire. A bhuiochas le ceannaireacht Liam Shorten - d’aimsigh sé 0-13, 0-9 ón imirt,- bhí na Múscraígh ábalta an ceann is fearr a fháil ar fhoireann na cathrach. Cinnte beidh Béal Átha’n Ghaorthaidh buartha gur éirigh lena gcéilí comhraic trí chúl a bhá san eangach. Sin scéal tharainn fán am seo áfach agus beidh fuíollach ama acu breis téagair a chur sa chosaint as seo go dtí an chéad bhabhta eile a bheidh á imirt i Mí Lúnasa is dócha. Naomh Abán 1-12 Baile Nóra 0-9 B’é seo an dara cluiche ar an oíche chéanna i gCill Mhuire agus sula caitheadh an liathróid isteach bhí noiméad ciúinis ann in omós do Pheadar Ó Liatháin, Leasuachtarán Naomh Abán, a cailleadh le déanaí. Cé go raibh go leor le spáráil ag Naomh Abán ag deireadh na h-imeartha, ní raibh an lámh in uachtar acu ar feadh an chéad leath ná baol air. Bhí Naomh Abán ar an gcúl chos le linn na

Coláiste Ghobnatan, curaidh na Mumhan, Faoi 16.

tréimhse seo agus ach amháin go raibh Seanachán Ó hUidhir ar bharr a mhaitheas sa chúl agus Baile Nóra míchruinn ós comhair an chúil, bheadh buntaiste níos mó acu ag leath am. Sa dara leath, áfach, bhí fuadar faoi Naomh Abán agus d’aimsigh Mícheál Ó Cróinín trí chúilín go tapaidh sula fuair Donnchadh Ó Ceocháin cúl den scoth. Ní raibh baol ar Naomh Abán ón bpointe sin ar aghaidh - cé gur thug Baile Nóra ruathar nó dhó síos na páirce. Cill na Martra 0-8 Baile Uí Dheasúna 1-12 Má tá naoscaire ar nós Donncha O’Connor ar d’fhoireann, tá Naomh Abán roimh an chluiche in aghaidh Bhaile Nóra sé deacair d’aon fhoireann dul i ngleic leis sin. B’é O’Connor an difríocht ba mhó idir Bhaile Uí Dheasúna agus Cill na Martra i nDroim Tairbh sa chluiche chéad babhta seo. Faoi leatham bhí fir Dhúiche Ealla 1-7/0-4. Tháinig an cúl ó Niall Fleming tar éis dó pas a fháil ó Dhonncha.Thug Nollaig Ó Laoire, laoch Chorcaí, spreagadh do Chill na Martra sa dara leath - agus fuair Caoimhín Ó Suilleabháin agus Caoimhín ÓhUidhir cúilíní. Ba dhobair ná gur aimsigh Ó Laoire cúl i dtreo an dheiridh ach shábháil cúl báire Bhaile Uí Dheasúna an liathróid.

Foireann Bhéal Átha’n Ghaorthaidh a d’imir in aghaidh Baile na mBocht

Daltaí Tae Kwon Do faoi oiliúint i mBaile Mhúirne

Na Ranganna ar fad atá á múineadh ag an Máistir Dan Dalton

Mól an Óige: An Máistir Dan in éineacht le Rang na gCriosanna Bána

7


8

Míreanna Mhúscraí

iMúscraí

Dé Luain 4 Meitheamh 2012

Campaí Samhraidh á mbeartú i Múscraí

Lámha suas, cé atá ag baint taithnimh as an gCampa Samhraidh seo? An slua a ghlac páirt i gCampa Samhraidh Mhúscraí i gCill na Martra anuraidh.

Anois teacht an tSamhraidh, agus tá an lá imithe chun síneadh. Mar sin, is é seo an t-am den bhliain a bhíonn páistí agus tuismitheoirí ag smaoineamh ar champaí samhraidh. Tá sé i gceist ag an gComharchumann dhá champa samhraidh a reáchtáil i mbliana, tar éis gur éirigh chomh maith leis an gcampa a tionóladh i gCill na Martra i mí Lúnasa anuraidh. Tá iarratais seolta againn chuig an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta do thacaíocht do na campaí seo agus beidh scéal cinnte againn fúthu san go luath. S’éard atá i gceist, ag brath ar

thoradh na n-iarratas, go mbeadh campa i gCill na Martra idir 13-17 Lúnasa agus i mBaile Mhúirne idir 20-24 Lúnasa. Beidh éagsúlacht imeachtaí ag na campaí agus béim láidir ar spórt. Is í an Ghaeilge teanga na gcampaí. Beidh foirmeacha iarratais ar fáil go luath sna scoileanna agus, lena chois sin, ó oifig an Chomharchumainn. Is féidir teagmháil linn ag 026 65781 nó ag concubhar.oliathain@gmail.com Deinfear iarracht costas na gcampaí a bheith chomh íseal agus is féidir agus beidh lascainí do theaghlaigh.

Oíche tacaíochta do Bharr a’Chuma

Beidh oíche tacaíochta i Halla Chúil Aodha an tseachtain seo chun deis a thabhairt do mhuintir Mhúscraí tacú le hiarracht teacht i gcabhair ar Mhuintir Uí Chríodáin tar éis gur loisceadh tábhairne stairiúil Bharr a’ Chuma le déanaí. Baineadh geit as phobal an cheantair tar éis gur scrios an dóiteán an tabhairne agus tigh cónaithe Mhuintir Uí Chríodáin ar an Luan, 21ú Bealtaine. Tá go leor tairiscintí cabhrach faighte ag an teaghlach,

idir éadaí is eile. A bhuiochas le cáirde sa cheantar, tá oíche ‘45’ á reáchtáil sa halla i gCúil Aodha Dé Céadaoin, 6 Meitheamh. Chomh maith leis sin tá crannchur á eagrú agus tá ticéid ar díol sna siopaí máguaird. A 45 Drive for the Creedon family following the blaze which destroyed their home and the Top of Coom pub is being held in Coolea Hall on Wednesday, 6/6/12, at 8pm. Raffle tickets are also available in local shops.

Loisc an dóiteán an tabhairne ach mairfidh na cuimhní cinn

Céad Chomaoine i gCúil Aodha. Seo iad an dream a fuair a gcéad chomaoine i gCúil Aodha le déanaí. Sa phictiúr leo tá Cathal Ó Riada, Príomhoide, Anne Uí Loingsigh, an múinteoir ranga, agus an Sagart Paróiste, an tAth Dónall Ó Briain. Grianghraf thuas ar dheis: Patról brúscair na naíonán in éineacht lena múinteoir ranga, Nuala de Gordún. Grianghraf trasna ar dheis: Patról brúscair na ranganna eile ó Scoil Chúil Aodha in éineacht lena múinteoirí, Cathal ó Riada, Príomhoide, agus Anne Uí Loingsigh, múinteoir ranga.

roimh phictiúir agus fógraí Céad eagrán eile: 3 Lúnasa Fáilte concubhar.oliathain@gmail.com Pictures, stories or event details welcome Next edition 3 August concubhar.oliathain@gmail.com


iMúscraí