Page 1

SPLANC

NUACHTLITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH SAMHRADH 2005

SPLANC SAMHRADH 2005

Blaiseadh dár nuacht! Fred

Ceolchoirm na Nollag

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO

Cispheil na mBuachaillí Comórtas An Irish Times Cathair Chorcaí

1

FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR ‘SPLANC’ SAMHRADH 2005


SPLANC

NUACHTLITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH SAMHRADH 2005

AN CHÁISC

Ceolchoirm na Nollag 2004

Elaine Bullock, ball d’fhoireann na hArdteistiméireachta a chuir Ceolchoirm na Nollag 2004 i láthair.

Luaithreach na Cásca á dháileadh ag daltaí an cúigiú bliain 2005. Ó chlé Ciara Ní Shúilleabháin, Seán Ó Dúnaín agus Clár Ní Chonalláin

Ceolchoirm na Nollag 2004

Laura Ní Laighin, ball d’fhoireann na hArdteistiméireachta a chuir Ceolchoirm na Nollag 2004 i láthair.

Craobh na hÉireann an Dara Bliain 2005

Comhghairdeas le foireann chispheile an dara bliain a ghlac páirt i gCraobh na hÉireann le déanaí. Níor thugadar an sway leo ar an lá ach dheineadar gaisce mar sin féin. Tar éis breis ama chailleadar le trí phointe. Ar chúl, ó chlé: Iníon Ní Leader, Marc Ó Caoimh, Seán Ó Fiacháin, Jason Mac Uilcín, Dónal Ó Ceocháín, Ciarán Ó Mathúna, Dara Ó Céilleachair, Seán Beecher. Chun tosaigh, ó chlé: Aindriú Ó Briain, Colm Ó Ceallacháin, Marc Ó Lionaird, Llyod Ó hÉigeartaigh, Micheál Ó Maoldomhnaigh, Aindí Mac Suibhne. As láthair as an ngrianghraf, bhí an traenálaí Morhigho Erutteh.

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO

2

FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR ‘SPLANC’ SAMHRADH 2005


SPLANC

NUACHTLITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH SAMHRADH 2005

Nóta an Eagarthóra Fáilte roimh gach duine go dtí ‘Splanc’, iris an tSamhraidh atá faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair. Anseo istigh tá blaiseadh de shaol na scoile le fáil agaibh. Comhghairdeas le gach duine a rinne aon éacht i rith na bliana, idir dhaltaí agus mhúinteoirí. Tá na scrúdaithe ag druidim linn agus guímid gach rath ar aon duine atá ag déanamh na scrúduithe. Bíonn sé deacair nuacht uile na scoile a thabhairt in iris mar seo ach tá a lán nuachta le léamh anseo istigh. Tá cuntas ar imeachtaí a bhí ar siúl sa scoil le tamall anuas. Os rud é gurb é seo an bhliain gur roghnaíodh Cathair Chorcaí mar Chathair an Chultúir d’iarramar ar an Máistir Ó Súilleabháin (Stair) alt a scríobh dúinn faoi stair na cathrach. Rinne sé amhlaidh, mar is dual dó. Go raibh míle maith agat a mháistir. Nuair a thuigimid ár gcúlra cabhraíonn se linn an saol a thuiscint níos fearr dár liom. Tá súil againn go mbeidh saoire deas ag gach duine. Bain taitneamh as an samhradh atá romhaibh agus brostaigí ar ais tar éis an tSamhraidh chun tús a chur le bliain scoile nua!! CISPHEIL

TEASTAS AITHEANTAIS I mí Deireadh Fómhair seo caite chuala mé faoi chomórtas ghrianghrafadóireachta a bhí eagraithe ag Sustainable Energy Ireland. An aidhm a bhí leis ná grianghraf a thógaint ag léiriú an tslí ina mbíonn fuinneamh á chur amú. An chéad duais ba ea 10,000.00 don scoil agus ceamara digiteach, an ceann is nuaí ar an margadh. Chuireas féin isteach ar an gcomórtas. Thógas grianghraf de lampa sráide a bhíonn lasta de shíor congarach don teach sa bhaile. Ní raibh aon duine ag déanamh faic faoi Edwina Ní Theimáfach. Ar an 20 Aibreán 2005 hnéain bhí bronnadh i mBaile Átha Cliath agus tugadh cuireadh dom dul ann. Bhí na buaiteoirí ar fad ann, mé féin san áireamh Edwina Ní Theimhneáin. Bronnadh Teastas Aitheantais orm mar thoradh ar mo shaothar.

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO

3

Foireann na Nuachtlitreach Mac Guidhir Cathal Mac Thomáis Ben Ní Argáin Lisa Ní Chaoimh Carol Ní Chárthaigh Deirdre Ní Chorcoráin Sinéad Ní Chrualaoch Avelina Ní Dheoráín Leah [Leas-eagarthóir] Ní Dhúnadhaigh Sinéad Ní Laighin Treo Laura Ní Mhathúna Elaine Ní Mhurchú Niamh Ní Theimhnéain Edwina [Eagarthóir] Ní Uaithne Emma Ní Urdail Síle Ó Céilleachair Siomón Ó Conaill Devin Ó Conaill Meirbhin Ó Machain Seán Ó Súilleabháín Brian Ó Súilleabháín Tadhg

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair. COLÁISTE AN PHIARSAIGH, GLEANN MAGHAIR, CORCAIGH. 2005 © Ríomhphost: nuachtscoile@ yahoo.co.uk

FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR ‘SPLANC’ SAMHRADH 2005


SPLANC

NUACHTLITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH SAMHRADH 2005

B

Cheshire Homes

híos i mbun mo thaithí oibre don idirbhliain i Lota i mbliana. Chuas ann gach maidin Dé Máirt idir 9.30r.n. agus 12.30 i.n. Chaith mé an dara agus an tríú téarma scoile ann. Is foras é do dhaoine le mí-chumas. Tá cúpla ionad mar seo timpeall na tíre. Freastalaítear ar Multiple Sclerosis, Cerebral Palsy, Galar Huntington agus Spina Bifida. Tá foireann oilte fostaithe chun déileáil leis na daoine úd. Tá stáisiúin altraí agus bainistíochta ann agus tugann oibrithe deonacha cúnamh dóibh. Tá idir óg agus aosta sásta cúnamh a thabhairt. Eagraíonn siad imeachtaí éagsúla do na Seo iad cuid de na cónaitheoirí agus sásamh á bhaint acu as béile cónaitheoirí ar nó 5 péintéireachta, obair ar ghloine, garraíodóireacht, bingo, obair le créafóg, cártaí agus turais go dtí an amharclann agus an phictiúrlann. Bíonn daoine fásta ann a thugann aire dóibh féin chomh maith. ‘Ethos’ a ghlaonn siad air seo. Tugann sé misneach dóibh agus spreagann siad iad nuair a thuigeann siad gur féidir leo a bheith neamhspleách ar dhaoine eile. I mbun mo chuid oibre dom ann bhíos ag glanadh ar feadh tamaillín agus ag imirt cártaí leo. Chaitheas tamall gach lá ag déanamh crosfhocail leo. Is féidir liom a rá go rabhas éadrom-chroíoch gach maidin agus mé ar mo bhealach go dtí m’obair shóisialta. Beidh uaigneas orm nuair a bheidh deireadh agam leis an obair seo.

FRED AR CUAIRT

rimse leat go raibh fáilte is fiche rompu. Thall sa halla a bhíomar go léir, gach rang sa scoil. Thosnaigh an ceol thart ar am sosa agus lean ‘Fred’ ag seinnt ar feadh uair an chloig nó mar sin. Bhain gach duine antaitneamh go deo as, de réir dealraimh. Mháigh a ghean gáire ar mhúinteoirí chomh maith le cách, an gcreidfeá? Sara raibh deireadh na ceolchoirme sroichte, áfach, chonacthas na gealgháirí, na draidgháirí, na scolgháirí, na baothgháirí agus na saobhgháirí go fairsing timpeall orainn.

D

’eagraigh Iníon Ní Dhonnchú (Drámaíochta) ócáid fhíorthaitneamhach do phobal na scoile roimh Cháisc, ar an 23 Márta 2005. Táimid ag tagairt gan amhras don chuairt a thug an banna ceoil ‘FRED’ ar an scoil. Sa ghrúpa tá Eibhlín, Jamie, Justin, Jamin agus Joseph. Seineann Eibhlín an piano agus an fheadóg. Bhí Jamie ar an ngiotár, Justin ar na drumaí agus Jamin ba ea an Bass le Joseph ar an ngiotár. Seinneann siad roc-cheol. Ba é an lá go rabhamar ag fáil laethanta saoire na Nollag a thánadar in ár measc agus dei-

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO

Cúis mhór leis an gcuireadh ná gur ball den ghrúpa é Justin Ó Mathúna, iar-dhalta na scoile. Dhein sé a scrúdú Ardteistiméireachta sa bhliain 1997. (leathanach 15) 4

FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR ‘SPLANC’ SAMHRADH 2005


SPLANC

NUACHTLITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH SAMHRADH 2005

Agallamh an mhúinteora

An-chuid saghasanna; claisiceach, coldplay. Is maith liom Lou Reed agus Snagcheol. Muna mbeifeá ag múineadh cad a bheadh ar siúl agat? Go hídealach comhairleoireacht nó siceolaíocht. Go réadúil; ríomhairí le gnó. Cad é an rud is náirí a tharla duit? Beidh a fhios ag mo rang cumarsáide. Cé hé an múinteoir is fearr leat? Is cairde sinn go léir. Cathain a fuair tú do chéad phóg? Tá sé chomh fada ó shin go ndeinim dearmad air. An bia is fearr leat? Bia na Fraince, an tslí go n-itheann siad é. Ar fáil nó i ngrá? Ar fáil (Chífimid, cad a tharlóidh).

An Maistir Ó Tuama (Gnó) Ainm? An Máistir Ó Tuama Baile? Baile Bhúirne Réalt? An Portán. An ceol is fearr leat seachas Westlife? Oasis. Muna mbeifeá ag múineadh cad a bheadh ar siúl agat? Bheinn i mo shíceolaí Cad é an rud is náirí a tharla duit? Tógadh mé go stáisiúin na ngardaí… trí bhotún agus… bhí an duine mí-cheart acu. An cé hé an múinteoir is fearr leat? Máistir Ó Céilleachair Cathain a fuair tú do chéad phóg? Nuair a rugadh mé. Ar fáil nó i ngrá? Go mór i ngrá.

Sadhb Ní Uallacháin ball d’fhoireann na hArdteistiméireachta a chuir Ceolchoirm na Nollag 2004 i láthair.

Iníon Ní Bhreathnach Baile? Cathair Chorcaí Réalt? An Leon An ceol is fearr leat?

Torthaí An Teastais Shóisearaigh 2003

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO

5

FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR ‘SPLANC’ SAMHRADH 2005


SPLANC

NUACHTLITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH SAMHRADH 2005

SEAL DÁ RABHAS Ó Chlé, (an ceathrú duine) chun tosaigh, Barra Ó Cofaigh, Iardhalta Choláiste an Phiarsaigh ar cuairt le Corn Peile Uile Éireann, Corn Sam Mac Uidhir 1989.

Thall, Sinéad Sheppard, iar-dhalta Choláiste an Phiarsaigh agus ball den ghrúpa ‘SIX’ ar cuairt chun feachtas bailithe airgid a thosnú don eagraíocht charthanachta ‘HOPE’

Ó chlé, Sorcha Nic Airt agus Róisín Ní Urdail a ghnóthaigh Scoláireacht Iontrála Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Ghnóthaigh Sorcha é i 1989 agus Róisín i 1996

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO

6

FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR ‘SPLANC’ SAMHRADH 2005


SPLANC

NUACHTLITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH SAMHRADH 2005

AN MÁISTIR Ó CATHÁIN

TEASTAS NA GAEILGE

Daltaí Rang Róisín: Ó chlé: Caitríona de Róiste, Elaine Ní Chonc hubhai r, Cait ríona Ní Dri sceoil (Cathaoirleach, Gaelachas Teoranta), Cian Ó Ruacháin, Micheál Ó Murchú, Tara Ní Chiaragáin agus Cliona Ní Laoghaire as láthair.

Bronnadh Teastas Aitheantais ar na daltaí seo a leanas i mbliana toisc gur dheineadar an-iarracht go deo an Ghaeilge a labhairt sa scoil. Daltaí na chéad bhliana a bhí i gceist agus léirigh siad a gcumas agus a ndíograis sa rang agus lasmuigh de i labhairt na Gaeilge. Ochtar déag ar fad a roghnaigh na múinteoirí ranga don bhronnadh úd. Léiríonn sé an spreagadh agus an moladh a thugann na múinteoirí uile agus bainistíocht na scoile d’iarracht na ndaltaí agus d’iarracht daltaí na chead bhliana ach go háirithe agus iad ag déanamh a ndíchill barr a gcumais a bhaint amach. Ba mhaith leis an scoil buíochas a ghabháil leis an ngrúpa ‘Meitheal’ a chabhraigh an ócáid seo a spreagadh agus a eagrú.

Aois? Naoi mbliana is fiche Airde? 6’1” Cár saolaíodh tú? Baile Nua Seandroma, Co. Chorcaí. Conas atá cursaí múinteoireachta? Is bréa liom é. Bhí mé ag múineadh i mBeál an Mhuirthéad agus i nDaingean Uí Chúise roimhe seo. Is breá liom Corcaigh mar tá sé an-mhaith de bharr an spóirt. Conas a chuir tú suim sa rugbaí? D’imir mé fadó le Rath Luirc agus leanaim foireann na Mumhan. Cé hé an t-imreoir rugbaí is fearr leat? Keith Wood Conas atá ag eirí leat sa traenáil? An bhfuil an fhoireann ag féachaint go maith? Níl an dul chun cinn ró-mhaith. Níl go leor suime ag na daltaí. Ní théann go leor acu ag traenáil. Ar thosaigh an Tae Kwon Do fós? Thosaigh sé le déanaí. Tá sé ar fheabhas, tá 30 duine ag dul go dtí na seisiúin. Bhí mé ag traenáil ar an bhfoireann Dornálaíocht Coise Éireannach agus Tae Kwon Do IUTF ar feadh 15 bliain. Cén cháilíocht atá agat? Bhuaigh mé trí chrios dhubha. Cén múinteoir is fearr leat? Bhuel ní féidir liom a rá anseo, tuigeann tú féin!!!

Turas scoile go dtí Cóbh

Rang Barra: Dónal Ó Dúbháin, Sorcha Nic an Ultaigh, Fionntán de Búrca, Stiofán Ó Dubhghaill agus Sinéad de Paor. Rang Cormac: Máiréad Ní Chathasaigh, Orna Ní Chondúin, Éadaoin Ní Drisceoil, Hayley Ní Mheachair, Aisling Ní Shúilleabháin, Maitiú Ó Ciaráín, Tomás Ó Coinn. Rang Fiona: Aláin de Barra, Megan Ní Cheallacháin, Niamh Ní Chrualaí, Cáit Ní Aoláín, Dónal Ó Ceocháín, Donncha Ó Síocháin. Ó chlé; Méabh Ní Chadhla, Amy De Barra, Victoria Ní Dhúgháin agus Fiona Nic an Ultaigh AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO

7

FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR ‘SPLANC’ SAMHRADH 2005


SPLANC

NUACHTLITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH SAMHRADH 2005

Comórtas ‘Mace’

MEASÚNÚ NA PUNAINNE

A

r an 16 Aibreán 2005 ghlac Máille Ní Bhrádaigh de Bháth, Rang Íde agus Lily Ní Eathairn, Rang Orla páirt sa cheád Comórtas Díospóireachta Mace. Comórtas is ea é seo a bhíonn eagraithe i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Bhí an comórtas úd oscailte do dhaltaí na chéad bhliana, an dara bliain agus an tríú bliain. Ghlac scoileanna ó chian agus ó chóngar páirt ann. Bhí Coláiste na mBráithre Críostaí, Scoil Mhuire, Scoil Naomh Albhaois, Scoil Ghraiméir, Droichead na Bandan, Coláiste na Toirbhirte, Méan Scoil na Trócaire agus Scoil Chríost an Rí (cailíní) ann. Reachtáladh an comórtas ar fad i lá amháin. Eagraíodh trí réamh bhabhta agus craobh ansin. Tugadh na rúin do na foirne cúig nóiméad déag roimh ré. Bhí cúig nóiméad déag acu chun óráid a mhair ceithre nóiméad a ullmhú dá reír. S’iad seo a leanas na rúin sna réamhbhabhtaí;

“That this house would cancel world debt” “That this house would shut down Sellafield” “That this house believes in the death penalty”

Maitiú Ó Coileáin, ag léiriú a thionscnaimh do mhúinteoirí a bhí ag déanamh measúnú ar ‘Phunann na hIdirbhliana’ 2005.

D’éirigh le beirt iomaitheoir Choláiste an Phiarsaigh an chraobh a shroicheadh mar fhoireann agus thug siad faoin rún:

CEOLCHOIRM NA NOLLAG 2005

“That this house believes in corporal punishment in schools”. Bhuadar an chraobh agus bhuaigh Máille an duais do chainteoir ab fhearr an lae. Comhghairdeas libh beirt.

Ó chlé: Máille Ní Bhrádaigh de Bhláth agus Lily Ní Eachteirn AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO

8

FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR ‘SPLANC’ SAMHRADH 2005


SPLANC

NUACHTLITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH SAMHRADH 2005

Siúlóid Staire I mbliana, 2005, tá ceiliúradh á dhéanamh i gCorcaigh. Is í Corcaigh Cathair an Chultúir san Eoraip. Bheartaíomar, i gColáiste an Phiarsaigh, ár gcion féin a dhéanamh chun cur leis an gceiliúradh. Tá Iníon Ní Dhonnchú agus múinteoirí eile tar éis sár-obair a dhéanamh le daltaí ó bhlianta éagsúla ag cur taispeántas suas ar ábhair chultúrtha ar leith. Ar an 6ú Bealtaine, d’imigh triúr múinteoirí agus ranganna chéad bhliana, Cormac agus Róisín isteach go Cathair Chorcaí chun siúl timpeall roinnt den c h a t h a i r . Roghnaíomar na sráideanna inar thosaigh an chathair. An uair úd bhí dhá Calafort sabhálta do longa gheata ag dul isteach sa chathair, Droichead an Gheata Theas agus Droichead an Gheata Thuaidh. Thosaíomar lasmuigh d’Ardeaglais Naomh Fionnbarra, a thaistil suas abhainn na Laoi ó Ghuagán Barra chun mainistir agus scoil a bhunú ann. D’éirigh go maith leis agus inniu tá Ollscoil Chorcaí lonnaithe cúpla céad méadar ón láthair sin agus is é mana na hOllscoile ná ‘ W h e r e F i n b a r r t a u g h t , l e t M u n s t e r l e a r n ’ . Tar éis breathnú ar an Ardeaglais, ar an aingeal órga agus ar ailtireacht iontach Burges, ghluaiseamar ar aghaidh agus suas linn céimeanna ‘Cnoc Keyser’, céimeanna a thug na Lochlannaigh síos go dtí an abhainn anallód. Ansin nuair a shroicheamar barr na gcéimeanna, bhí radharc againn ar an gcathair ó Dhún Éilíse. Nuair a scaip cogadh an Dá Rí i Sasana go hÉirinn sna blianta i ndiaidh 1688, cuireadh léigear ar siúl i gCorcaigh agus bhí canónacha á scaoileadh ó Dhún Éilíse anuas ar an gcathair. Trasna Droichead an Gheata Theas agus bhíomar sa Phríomhshráid Theas áit a bhfuarthas fianaise de lonnaíocht Lochlannach le blianta beaga anuas. Stopamar ansin ag Eaglais Chríost a scriosadh sa léigear sin sa bhliain 1690. Tá pointe eile ar fiú é a lua mar gheall air. In aimsir na bPéindlithe in Éirinn san ochtú haois déag, bhí rialacha maidir le talamh a dúirt go gcaithfeadh Caitliceach a chuid talún a roinnt idir baill an teaghlaigh. Ní raibh an ceangal sin ar Phrotastúnaigh. Deirtear gur phós tuismitheoirí an Fhuascailteora, Dónall Ó Conaill, sa séipéal Protastúnach seo chun teacht timpeall ar na Péindlithe. Dar ndóigh, phósadar i séipéal Caitliceach, chomh maith. Ní féidir gliocas an Chiarraígh a shárú riamh, deinim amach! Sin é a deirtear, ar aon nós. Isteach linn ansin go Páirc an Easpag Ó Luasa, a hosclaíodh sa bhliain 1985 chun comóradh a dhéanamh ar ‘Cork 800’. Is ansin a chonaiceamar píosa de shean-bhalla na cathrach an falla oirthearach. D’fhéachamar ansin ar an tsráid a bhí os ár gcomhair, Sráid an Chapaill Bhuí nó an ‘Grand Parade’ as Béarla agus smaoiníomar ar an stair a bhain leis an dá ainm sin. Dar ndóigh, da mbeimis anseo breis is dhá chéad bliain ó shin, bheadh bád uainn mar bhí an tsráid seo, Sráid Phádraig, An Meal Theas faoi uisce agus bheadh orainn bheith ag rámhaíocht linn timpeall. Deirtear gur tugadh Veinéis an Tuaiscirt ar Chorcaigh an tráth úd. Sos á thógaint ag daltaí na chéad bhliana D’fhéachamar ar an Leacht Náisiúnta ar Shráid an Chapaill Bhuí, a dheineann comóradh ar na hiarrachtaí a rinneadh in Éirinn ó 1798 anall chun saoirse a bhaint amach. Tá Tagairt de Wolfe Tone agus na hÉireannaigh Aontaithe i 1798 ann; de Roibeárd Emmett agus Éirí Amach 1803; d’Éirí Amach Éire Óg sa bhliain AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO

9

FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR ‘SPLANC’ SAMHRADH 2005


SPLANC

NUACHTLITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH SAMHRADH 2005

1848, bliain na réabhlóidí san Eoraip agus d’Éirí Amach na bhFiníní sa bhliain 1867. An mó duine againn a shiúl thar an leacht sin agus nár stop chun féachaint air? D’fhéachamar ar chuid den fhianaise ón ré úd, na céimeanna ag dul suas d’oifigí na ndlíodóirí ar an Meal Theas mar a gcleanglaídís a gcuid bád agus ansin suas na céimeanna leo isteach ina gcuid tithe. Inniu fágann daoine an gluaisteán lasmuigh den teach sa tslí chéanna. Tá plaic an-suimiúil ar fhalla sa Mheal Theas. Denny Lane atá luaite ann. Ball d’Éire Óg ab ea Denny Lane. Scríbhneoir ab ea é agus scríobh sé amhrán cáiliúil Chorcaí ‘Carrigdhoun’. Fear gnó an-rathúil ab ea é, leis, agus bhí grúdlann agus drioglann aige i bparóiste Ghleann Maghair. Suite ar Shráid an Chapaill Bhuí, tá Margadh na Sacsan agus dar ndóigh tá scéal taobh thiar den ainm sin a dhéanann idirdhealú idir é agus Margadh na nGael ar Ché an Ghuail cúpla céad méadar uaidh. Bhrostaíomar linn ar aghaidh agus chonaiceamar go raibh dhá chaisleán ann tráth, Caisleán na Banríona agus Caisleán an Rí ag faire ar na báid ag dul thar bráid. Inniu níl ach an t-ainm fágtha. Thrasnaíomar Sráid an Chaisleáin agus isteach linn go Sráid na Saoirse agus Sráid Sheares. Nascann Ceolchoirm na na hainmneacha seo sinn le ré stairiúil 1782 - 1800 nuair a bhí ParNollag 2004 laimint na hÉireann (Parlaimint Grattan) in ann reachtaíocht neamhspleách a rith den chéad uair ó 1494 nuair a chuir Dlí Poyning cosc le dlithe neamhspleácha. Leath-shlí suas Sráid Grattan chonaiceamar píosa eile den sean-bhalla - píosa den bhalla iartharach. Trasna go dtí an Phríomhshráid Thuaidh, chuamar trí Sráid Adelaide, sráid a raibh an-bhaint aige le Giúdaigh Chorcaí tráth agus chonaiceamar an t-aon cheangal atá fágtha inniu, Siopa Marcus. Aithneoidh daoine ainmneacha Louis Marcus, scannánaí cáiliúil a rinne scannán ‘Christy Ring’ tráth agus a dheartháir David Marcus, a thug caoi don ghnáth-scríbhneoir a shaothar a chur i gcló san ‘Irish Press’ tráth. Ar an bPríomhshráid Thuaidh, thugamar dhá rud faoi deara. Tá Lána Portney ann, sráid bheag chúng. Deirtear gur chaith Don Juan del Aguila oíche ann roimh chath Chionn tSáile sa bhliain 1601. Dar ndóigh, Spáinneach ab ea é agus cuireann sé i gcuimhne dhúinn gur athraigh stair na hÉireann go mór i ndiaidh Chath Chionn tSáile, gur cuireadh deireadh leis an náisiún ársa Gaelach agus go raibh cultúr Shasana sa treis ón am sin Micheál de Búrca ball anall. In airde ar cheann de na tithe níos faide suas tá plaic a deir d’fhoireann na hArdteistigur rugadh Traolach Mac Suibhne ann. Ard-Mhéara Chorcaí, ball méireachta a chuir Ceolchoirm de Shinn Féin agus d¹Óglaigh na hÉireann a fuair bás tar éis stailc na Nollag 2004 i láthair. ocrais a mhair 74 lá. Tharraing an íobairt sin aird an domhain ar chúis na hÉireann. Aithneoidh daltaí go bhfuil pictiúr de Thraolach crochta sa scoil. Bhí an-mheas aige ar an nGaeilge agus bheadh sé mórálach as an dul chun cinn atá déanta ag an nGaelscolaíocht le blianta beaga anuas. Tá an ceangal seo ag Traolach le Coláiste an Phiarsaigh. Bhí iníon amháin aige, Máire a mhaireann fós. Tá sí pósta le Ruairí Brugha, mac le Cathal Brugha, a fuair bás i gCogadh Cathartha na hÉireann. Chaith Ruairí roinnt blianta mar Chathaoirleach ar Ghaedhealachas Teoranta. Thosaigh Gaedhealachas Teoranta Scoil na nÓg sna caogaidí agus Coláiste an Phiarsaigh sna seachtóidí. Bhí sé beartaithe againn dul suas Sráid an tSeandúna chun Teampall Anna, Seandún agus Margadh an Ime a fheiscint. Faraor, bhí an t-am sleamhnaithe agus bhí orainn fillleadh ar an mbus. Is cinnte go bhféadfadh éinne laethanta a chaitheamh ag iniúchadh na cathrach. Tá stair fhada agus mórán scéalta ag baint leis. B’fhiú dúinn go léir bheith ag féachaint ar an stair atá timpeall orainn agus aithne a chur air agus ar na daoine a bhain leis thar na blianta. Tá tionchar ag an stair orainn go léir agus tosaíonn sé leis an stair áitiúil. Cuirimis go léir aithne ar na háiteanna agus ar na daoine a

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO

10

FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR ‘SPLANC’ SAMHRADH 2005


SPLANC

NUACHTLITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH SAMHRADH 2005

Sacar na gCailíní

A

r an 17 Bealtaine 2005 thosnaigh comórtas sacair na gca ilín í. Co mó rt as Sóisearach a bhí ann. I bpáirc Corinthians bhí cluiche againn i gcoinne Scoil Chríost na Rí (cailíní), Corcaigh. Ní raibh an t-ádh linn faraor. Bhíomar ag déanamh go breá go dtí gur aimsigh siad siúd an cúl. Thit an croí asainn agus thit an lug ar an lag as san amach. Cé gur chailleamar bhaineamar taitneamh as mar sin féin. Dhá lá ina dhiaidh bhí na sinsir ag imirt. Bhíodar breá misniúil agus iad ag tabhairt faoi. Ba iad Bun an Tábhairne an freasúra an uair seo, don dara huair i mbliana. Dheineamar cuíosach maith ag tús an chluiche ach diaidh ar ndiaidh bhíomar ag dul ar chúl. Faraor, chailleamar leis an scór cúig chúl in aghaidh cúl amháin. Dheineamar aniarracht caithfidh mé a rá agus bhuaigh Marissa Ní Cheallacháin duais iontach. B’shin é an tImreoir ab Fhearr’. Ba mhaith linn go léir ár mbuíochas a ghabháil leis an Máistir Ó Laighin.

CEOLCHOIRM NA NOLLAG 2005

Comórtas Drámaíochta

B

hí dhá ghrúpa ó Choláiste an Phiarsaigh páirteach sa chomórtas drámaíochta bliantúil i Deer par k i mbliana. D’éirigh go seoigh leo arís i mbliana mar is dual dár n -aisteoirí. Chuaigh Rang Méabh, an dara bliain, agus an Club Drámaíochta i dteRisteard Ó Fógartaigh agus annta Iníon Ní Loinsigh ar Rebekkah Ní Choimín Rang Méabh, sa dráma an tÉalú Mór an lá. Tar éis a lán feithimh leírithe ag Iníon Ní Loingsigh agus cleachtaidh glaodh (Béarla) orainn. D’éirigh go diail linn go léir. Bhaineamar amach cúpla duais, an script ab’fhearr san áireamh. Ní fhéadfaimis an beart a dhéanamh gan an t-uafás oibre a rinne Iníon Ní Loingsigh, (Béarla) linn. Táimid an-bhuíoch di. Cé gur tuirseach, traochta, tugtha agus caite amach tar éis na hócáide b’fhiú go mór é. Deirimse leat go rabhamar stiúgtha leis an ocras. Chuaigh Rang Méabh ar aghaidh go dtí An Fhéile Náisiúnta Drámaíochta i gContae na hIarmhí agus d’éirigh go hiontach leo ansin chomh maith céanna. Is léir dúinne go bhfuil bua na haisteoireachta sa scoil seo. Ná cuireadh sé ionadh dá laghad ort má fheiceann tú iar-dhalta na scoile taobh le Brad Pitt sna blianta atá romhainn. Beidh a fhios agat leis cár léigh tú faoi ar dtúis gan amhras, i nuachtlitir na scoile!!

AN LÁ SPÓIRT 2005

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO

11

FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR ‘SPLANC’ SAMHRADH 2005


SPLANC

NUACHTLITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH SAMHRADH 2005

Scrúduithe an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta!

Comórtas an Irish Times

D

’éirigh go diail ar fad le Coláiste an Phiarsaigh le déanaí nuair a cuireadh isteach ceithre iris déag ar chomórtas ‘School Mag’ an Irish Times. Comórtas náisiúnta a bhí Bronnadh duais anseo do mh eán s- indibhidiúil ar coileanna na tíre. Bhí ar Shinéad Mercier na daltaí irisí a chuir le toisc a fheabhas chéile agus a rogha ábhar agus a bhí a scileanna scríbhneacu ann. Bhain cúigear oireachta dalta an tríú bliain amach Duais na Cruthaitheachta leis an iris ‘Spiorad’. Bhain iris na chéad bhliana, ‘Newsflash’ duais éachta amach sa rannóg sóisearach agus bhain an iris ‘Cracked’ ainmniúchán amach d’Iris Scoile na Bliana. Seachtar dalta an dara bliain a bhí i mbun oibre ar seo. Ba é seo an chéad bhliain riamh go raibh a leithéid de chomórtas. Gan amhras bhí páirt nach beag ag na múinteoirí béarla leis an scéal agus i mí na Márta seo caite d’eagraigh siad ceardlann chuige seo ar fad agus nach iontach an toradh a bhí ar a saothar? Gura fada buan iad i mbun na hoibre. Comhghairdeas libh go léir.

B

eidh scrúduithe an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta ag tosnú go luath agus mar is eol díobh beidh go leor daoine neirbhíseach sna seachtainí atá romhainn amach. Ní fada ó shin go raibh mé féin sa triú bliain agus ag déanamh staidéir don Teastas Sóisearach ag an tráth seo bliana. Bhí mé neirbhíseach freisin ach chun na fírinne a rá ní raibh go leor staidéir déanta agam faoin am sin! Deireann na múinteoirí gach uile bliain gur chomhair an staidéar a thosnú ag tús na bliana agus gan é a fhágaint don chúpla seachtain deireanach, ach go háirithe i gcás na hArdteistiméireachta! Ach ná bí buartha mar tá a fhios againn go léir nach bhfuil gach éinne mar an gcéanna agus go bhfuil gach duine difriúil. Tá roinnt scrúduithe déanta cheanna, leithéidí na scrúduithe praicticiúla san eacnamaíocht bhaile agus sa cheol. Tá sé go maith iad sin a chur as an slí agus fáil réidh leo go luath. Don séú bhliain, is é seo an seans deireanach dóibh agus tá siad ag súil le dul ar aghaidh go dtí an Coláiste agus fáil réidh leis an scoil go deo. Do ranganna an Teastais Shóisearaigh, is iad seo na céad scrúduithe móra a bhíonn acu ach níl an méid céanna brú orthu is atá ar an séú bliain. Tuigimid conas a bhraitheann sibh toisc go raibh orainn a leithéid céanna a dhéanamh. Cinnte beidh brú ort ach má dheineann tú do dhícheall ní bheidh aon duine ag fáil locht ort. Mar sin bí ag obair leat. Níl ann ach an Teastas Sóisearach agus tá cúpla bliain eile fágtha agat ar scoil ar aon nós. Beidh daltaí, an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta, ag críochnú sa scoil laistigh de mhí eile agus ansin beidh na scrúduithe le déanamh acu. Tá súil ag gach duine go néireoidh go maith leo agus guímid gach ádh orthu sa todhchaí.

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO

AN LÁ SPÓIRT 2005

12

FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR ‘SPLANC’ SAMHRADH 2005


SPLANC

NUACHTLITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH SAMHRADH 2005

Concern:

FEIS MAITIÚ 2005

Cuairt ar Bhaile Átha Cliath

M

ar a tharla le blianta fada, bhí troscadh Concern ar siúl roimh Nollaig, 2004. Ghlac mórán daltaí páirt ann, go háirithe daltaí ó na bunranganna. Chuireadar an dua orthu féin an troscadh 24 uair a’chloig a dhéanamh agus, dar ndóigh, an chuid ba dheacra, chuadar amach chun urraíocht a lorg ó chomharsana agus ó ghaolta. D’imigh an 5ú Bliain isteach go dtí Cathair Chorcaí agus bhailíodar airgead ó shiopadóirí agus ó dhuine ar bith a bhí ag dul thar bráid. Nuair a bhí na suimeanna go léir déanta, bhí breis is 16,000.00 bailithe. Ag deireadh an Mhárta, tháinig scéal ó Concern á rá go raibh Coláiste an Phiarsaigh go hard ar liosta na scoileanna in Éirinn a bhailigh airgead do Throscadh na Nollag. Ba é an duais ná turas go hIonad Siopadóireachta Liffey Valley i mBaile Átha Cliath. Fiche dalta agus beirt mhúinteoirí a thaistil. D’fhágamar ar a leath uair tar éis a seacht ar maidin agus shroicheamar ceann scríbe ar a leathuair tar éis a haondéag. Ionad siopadóireachta ollmhór is ea Liffey Valley le pictiúrlann istigh ann. Tar éis roinnt siopadóireachta, chuamar isteach sa phictiúrlann. Bhí daltaí ann ó Thír Chonaill go Corcaigh. Tugadh bronntanas do gach dalta agus ghabh Julie Harris, ionadaí Concern, buíochas leo as a gcuid iarrachtaí. Dhein sé an-difríocht do dhaoine bochta an domhain. Nuair a bhí an chuid sin thart, taispeánadh scannán nua, ‘Man of the House’, le Tommy Lee Jones. Bhain gach éinne taitneamh as, fiú na múinteoirí. Ansin, tugadh teastas do gach scoil i láthair a dúirt gur shroich gach ceann díobh 15.00 do gach dalta. Bhí beirt dhiosc-mharcach ó 2FM i láthair. Ba iad san Rick O’Shea agus Ruth Scott agus thugadar spot-dhuaiseanna amach. Bhí grianghrafadóir oifigiúil i láthair agus glacadh pictiúr de dhaltaí agus de mhúinteoirí ó gach scoil. Ar ais linn ar an mbus chun tabhairt faoin mbóthar abhaile. Ar an slí, stopamar ag Josephine’s in Áth na nUrlann chun caifé no ceapaire a fháil. Shroicheamar Gleann Maghair ar a leathuair tar éis a seacht. Bhain gach éinne taitneamh as an lá, a thug aitheantas do na daltaí a rinne sár-iarracht chun cabhrú le muintir an 3ú Domhan.

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO

13

BHÉARSLABHAIRT Fé 14– 2ú háit: Laura Ní Dhiolúin 3ú háit: Kelly Áine Ní Mhurchú Fé 16– 2ú háit: Meabh Ní Chéilleachair 3ú háit: Aoife Ní Drisceoil/ Tríona Ní Mháthúna Ceathrú áit: Éabha Ní Laoghaire- Nic Giolla Phádraig CAINT PHOIBLÍ 2 háit: Laura Ní Dhiolún 3ú háit: Máille Ní Bhrádaigh de Báth 4ú háit: Tríona Ní Mhathúna

AOIFE

KELLY ÁINE

MEABH

FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR ‘SPLANC’ SAMHRADH 2005


SPLANC

NUACHTLITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH SAMHRADH 2005

Árachas do dhéagóirí

Potaireacht

a mhaith liom, mar dhuine óg, achainí a dhéanamh ar an rialtas gníomhú láithreach ar mhaithe le tiománaithe óga tar éis an scéal is deireanaí a chlos go bhfuil lucht árachais ag beartú ardú 20% a chur ar a gcuid rátaí. De réir tuarascáil nua ó Chomhairle Náisiúnta na nÓg, "The Plunder Years", léirítear go bhfuil árachas tiomána ar dhaoine óga mí-chóir agus nach féidir leo an costas ollmhór a sheasamh. Tá lucht árachais ag déanamh brabach as daoine óga agus ag déanamh leatrom orthu dá réir. Tá sampla léirithe sa tuarascáil go gcosnódh sé 2,213.00 ar thiománaí 24 bliain d’aois, le ceadúnas iomlán, atá gan éileamh, Fiat Punto 1998 a chur faoi árachas ar feadh bliana. Tá sé ráite freisin sa tuarascáil go bhfuil ar go leor daoine óga a gcuid árachais a íoc ina suimeanna rud a chiallaíonn costas breise 18.6% ús ag titim sa mhullach orthu. Tá gá le laghdú láithreach ar chostas árachais sa tír seo, atá dhá oiread níos daoire ná an mheán san Aontas Eorpach, agus atá ag cur daoine óga den bhóthar faoi láthair. Níl ach 6% de dhaoine óga ag tiomáint faoi láthair i gcomparáid le 14% i dtíortha an Chomhphobail. Tá sé seo ag cur isteach go damanta ar ógánaigh faoin dtuath maidir le cúrsaí fostaíochta, oideachais agus sóisialta.

An chéad leath den bhliain:

B

AN LÁ SPÓIRT BEALTAINE 2005

A

onaid de chuid na hidirbhliana is ea an potaireacht agus tá na daltaí idirbhliana i mbliana ag obair go dian san ábhar chun táirgí le dealramh a dhéanamh gach tráthnóna Dé Céadaoin. Don chéad leath den bhliain bhí an rang roinnte i dhá chomhlacht, Réalt agus Draíocht. Chaith siad a lán seachtainí ag obair ar na táirgí ionas go raibh siad ag an caighdeán ab airde le cabhair ó na múinteoirí ealaíona agus Iníon Ní Scollaí. Bhí cuairteoir ann gach seachtain chomh maith chun cabhrú leis an gclub ó thaobh gnó agus airgeadais de. Ar an 9ú lá de mhí na Nollag bhí siad réidh le haghaidh an aonaigh trádála i Máigh Ealla. Bhí siad chun cur isteach ar an gcomórtas chomh maith le hiarrachtaí a dhéanamh chun earraí a dhíol. Agus, do bhain siad na haidhmeanna go léir amach! Bhuaigh siad duais san aonad trádála agus rinne siad thart ar brabús 300.00 ina theannta. Ba é an duais a bhuadar ná ’An Tairge ab Fhearr’ ar an Aonach. Is iad na hearraí a rinne siad ná: Draíocht - Ainmhithe beaga, plataí, coiméadadáin naipciní agus babhlaí beaga. Réalt- coiméadáin coinneal, dealbha Nollaig. An dara leath den bhliain: Bhí na grúpaí sa leath seo ag obair andian go deo chomh maith agus táimid ag siúl le hearraí d’ard chaighdeán uathu chomh maith. Tá roinnt de na hearraí le feiceáil sa seomra ealaíona cosúil le cupáin le dearaí suimiúla agus caithfidh mé a rá go bhféachann siad ar fheabhas! Is léir go bhfuil a lán tallainne ag an ngrúpa potaireachta i mbliana

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO

14

FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR ‘SPLANC’ SAMHRADH 2005


SPLANC

NUACHTLITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH SAMHRADH 2005

‘FRED’ A

R C U A IR T

IN ST JU

Tháinig an grúpa le chéile i gCorcaigh agus ní raibh ach triúr sa ghrúpa i dtosach. Tar éis tamaill d’fhás sé nuair a tugadh cuireadh do bheirt eile a bheith sa ghrúpa.

ceoil agus bí ag faire amach toisc go mbeidh siad le feiceáil go luath a chloisimid ag ceolchoirmeacha mór le rá a bheidh á n-eagrú timpeall na tíre i rith an tSamhraidh.

Ag deireadh na ceolchoirme bhí dlúthdhioscaí sínithe ar díol ar 2.00 an ceann. Dhá ‘shingil’ a bhí le cloisteáil ar seo. Tá an talbum nua le ceannach in aon siopa maith

Pé scéal é táimid ag tnúth go mór leis an athchuairt. Níl nod as mhéid seo anois d’aon duine.

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO

15

FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR ‘SPLANC’ SAMHRADH 2005


SPLANC

NUACHTLITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH SAMHRADH 2005

CONCERN: AN TURAS GO DTÍ BAILE ÁTHA CLIATH 2005

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO

16

FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR ‘SPLANC’ SAMHRADH 2005

NUACHT SAMHRADH 2005  

NUACHT SAMHRADH 2005

Read more
Read more
Similar to
Popular now
Just for you